An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Toghdais, Togh-Choras, agus Claru.) Ar Aghaidh (CUID IV. Ilghneitheach.)

30 1937

ACHT TOGHACHÁIN AN tSEANAID (BAILL PHRÍOMH-SCOILE), 1937

CUID III.

Toghachain do Stiuradh.

Lactheanta agus tráthanna d'olltoghacháin Seanaid do cheapadh.

12. —(1) Roimh gach ollthoghachán Seanaid, ceapfaidh an tAire le hordú, chun crícheanna an toghacháin sin—

(a) an lá (dá ngairmtear san Acht so an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh) is lá deiridh ar a nglacfaidh an ceann comhrimh ainmniúcháin iarrthóirí i dtoghdais ollscoile;

(b) an lá (dá ngairmtear san Acht so an lá chun páipéirí ballóide do thabhairt amach) a bhéarfar amach agus a postálfar na páipéirí ballóide chun toghthóirí i dtoghdais ollscoile;

(c) an lá agus an uair (dá ngairmtear san Acht so críochnú na vótaíochta) a críochnófar an vótaíocht i dtoghdais ollscoile.

(2) I gcás an chéad olltoghacháin Seanaid, déanfar an t-ordú fén alt so chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis tosach feidhme an Achta so agus, i gcás gach olltoghacháin Seanaid ina dhiaidh sin, déanfar an t-ordú fén alt so laistigh de sheacht lá tar éis an scurtha de Dháil Éireann gurb é fé ndeár an t-olltoghachán san.

(3) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

Orduithe toghacháin chorra Seanaid.

13. —(1) Pé uair a chuirfidh Cléireach Sheanad Éireann, le hordú Sheanad Éireann, in úil don Aire gur thárla folúntas i gcomhaltas Sheanad Éireann de bhíthin comhalta dhe do thoigh toghdas ollscoile d'éag, d'eirghe as no do theacht fé dhícháilíocht, déanfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú toghacháin chorra Seanaid san Acht so), chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin agus, in aon chás, fé cheann sé mhí ar a mhéid tar éis an eolais sin d'fháil, a ordú toghachán corra do chomóradh sa toghdas san chun an fholúntais sin do líonadh agus ceapfa sé leis an ordú san, chun crícheanna an toghacháin chorra san, an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh, an lá chun páipéirí ballóide do thabhairt amach, agus an lá agus an uair chun na vótaíochta do chríochnú.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú toghacháin chorra Seanaid, comórfar an toghachán corra a hordófar leis an ordú san do réir an orduithe sin agus an Achta so.

Cinn chomhrimh.

14. —(1) I ngach toghachán i dtoghdas Ollscoil na hÉireann isé bheidh ina cheann chomhrimh ná Leas-Seansailéir Ollscoil na hÉireann.

(2) I ngach toghachán i dtoghdas Ollscoil Bhaile Atha Cliath isé bheidh ina cheann chomhrimh ná Profast Choláiste na Tríonóide. Baile Atha Cliath.

(3) Más rud é, le linn toghacháin i dtoghdas ollscoile, go mbeidh an oifig folamh a luaidhtear san alt so mar oifig a dheineann ceann comhrimh don toghdas san dá sealbhóir, no ná beidh ar chumas sealbhóra na hoifige sin, de dheascaibh droch-shláinte no aon chúise eile, gníomhú mar cheann chomhrimh sa toghachán san, ceapfaidh cólucht rialuithe na hollscoile gurb í an toghdas san í oifigeach éigin eile den ollscoil sin chun bheith ina cheann chomhrimh don toghdas san sa toghachán san.

E bheith de dhualgas ar an gceann comhrimh togacháin do stiúradh.

15. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an gceann coimhrimh do thoghdas ollscoile gach toghachán a comórfar sa toghdas san do stiúradh, na vótanna do bhéarfar ann do chomhreamh, agus a thoradh d'fháil amach agus do dhearbhú do réir an Achta so agus na rialacha atá sa Dara Sceideal agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus pé nithe agus rudaí eile do dhéanamh maidir leis an toghachán san a ceangailtear air leis an Acht so no leis na rialacha san do dhéanamh.

(2) Ullamhóidh an tAire Airgid scála d'éilithe maximum do chinn chomhrimh i dtoghdais ollscoile, agus íocfaidh an tAire sin le gach ceann comhrimh den tsórt san, amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis, a chuid éilithe réasúnta alos a sheirbhísí agus a chostaisí maidir le gach toghachán sa toghdas ollscoile ina mbeidh sé ina cheann chomhrimh, ach gan iad a bheith níos mó in aon chás ná na héilithe maximum a bheidh luaidhte sa scála san d'éilithe maximum a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire

Iarrthóirí d'ainmniú.

16. —(1) Déanfar gach iarrthóir i dtoghachán i dtoghdar ollscoile d'ainmniú i scríbhinn ar pháipéar ainmniúcháin ar n-a shighniú ag dhá thoghthóir chláruithe den toghdas mar thairgtheoir agus mar chuiditheoir fé seach agus ag ocht dtoghthóirí cláruithe eile den toghdas mar dhaoine a thoilíonn leis an ainmniúchán.

(2) Einne bheidh de thurus na huaire dí-cháilithe chun a thoghtha no neamh-iontoghtha mar chomhalta de Dháil Éireann ní bheidh sé ina iarrthóir i dtoghachán i dtoghdas ollscoile.

(3) Féadfaidh toghthóir an oiread páipéar ainmniúcháin do shighniú (pe'ca mar thairgtheoir, mar chuiditheoir no mar thoghthóir toilitheach é) agus a bheidh d'fholúntaisí le líonadh agus ní níos mó ná san.

(4) Déanfar gach iarrthóir do thuairisciú sa pháipéar ainmniúcháin do réir a ainme, a sheolta agus a thuairisce i slí is leor, dar leis an gceann comhrimh, chun an iarrthóra san d'aithint.

(5) Beidh gach páipéar ainmniúcháin sa bhfuirm orduithe agus bhéarfaidh an ceann comhrimh d'aon toghthóir cláruithe den toghdas an méid sin d'fhuirmeacha páipéar ainmniúcháin a theastóidh uaidh do réir réasúin.

Fógra i dtaobh tráthanna agus áiteanna d'fhoillsiú.

17. —(1) I ngach toghachán i dtoghdas ollscoile déanfaidh an ceann comhrimh sa toghdas san fógra puiblí do thabhairt uaidh, na tráthanna luaidhtear sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so agus i pé slí is dóich leis is ceart, i dtaobh na nithe so leanas, sé sin le rá:—

(a) na tráthanna agus na háiteanna inar féidir páipéirí ainmniúcháin d'fháil uaidh;

(b) an lá bheidh ceaptha fén Acht so chun bheith ina lá dheiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh;

(c) an áit ina mbeidh sé i láthair chun ainmniúcháin do ghlacadh an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh;

(d) an lá bheidh ceaptha fén Acht so chun bheith ina lá chun páipéirí ballóide do thabhairt amach agus an tráth agus an áit ina dtabharfaidh páipéirí ballóide amach an lá san;

(e) an lá agus an uair a bheidh ceaptha fén Acht so chun na vótaíochta do chríochnú.

(2) An fógra is gá do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so don cheann chomhrimh a thabhairt uaidh bhéarfar é, i gcás olltoghacháin Seanaid, ar dháta nach déanaí ná trí lá tar éis dáta an orduithe ón Aire ag ceapadh an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh sa toghachán san agus, i gcás toghacháin chorra Seanaid, bhéarfar é ar dháta nach déanaí ná trí lá tar éis dáta an orduithe toghacháin chorra Seanaid alos an toghacháin sin.

An ceann comhrimh do ghlacadh páipéar ainmniúcháin.

18. —(1) Isé an t-iarrthóir a bheidh ainmnithe i bpáipéar ainmniúcháin no an duine bheidh luaidhte ann mar thairgtheoir no mar chuiditheoir a sheachadfaidh an páipéar ainmniúcháin sin don cheann chomhrimh agus is tar éis foillsithe an fhógra foillseofar do réir an ailt deiridh sin roimhe seo den Acht so agus roimh a dó-dhéag a chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh a seachadfar amhlaidh é agus, má seachadtar amhlaidh é roimh a deich a chlog maidin an lae sin, coimeádfaidh an ceann comhrimh é go dtí an uair sin is déanaí luaidhtear.

(2) An lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh beidh an ceann comhrimh i láthair, san áit a luadhfar chuige sin sa bhfógra san a foillseofar do réir an ailt deiridh sin roimhe seo den Acht so, ar feadh iomlán na tréimhse o n-a deich a chlog ar maidin go dtí n-a dó-dhéag a chlog meán lae chun ainmniúcháin do ghlacadh agus déanfaidh, i dtosach na tréimhse sin, gach páipéar ainmniúcháin a bheidh faighte aige roimhe sin do thaisbeáint agus déanfaidh, ar feadh na coda eile den tréimhse sin, aon pháipéirí ainmniúcháin eile tairgfear dó do ghlacadh.

(3) Déanfar gach agóid i gcoinnibh páipéir ainmniúcháin chun an chinn chomhrimh san áit sin agus i rith na tréimhse sin chun ainmniúcháin do ghlacadh agus breithneoidh an ceann comhrimh í agus bhéarfaidh breith uirthi i rith na tréimhse sin no chó luath ina dhiaidh sin agus a bheidh caoi ann chuige sin ach ní níos déanaí ná a haon a chlog tráthnóna an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh.

(4) Más rud é, ar a haon a chlog tráthnóna an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh, ná beidh níos mó iarrthóirí ainmnithe ná mar a bheidh d'fholúntaisí le líonadh, dearbhóidh an ceann comhrimh láithreach na hiarrthóirí bheidh ainmnithe amhlaidh do bheith toghtha agus tuairisceoidh a n-ainmneacha de Chléireach Dháil Éireann agus (ach amháin i gcás an chéad olltoghacháin Seanaid) do Chléireach Sheanad Éireann.

(5) I gcás an chéad olltoghacháin Seanaid cuirfidh an ceann comhrimh go dtí Cléireach Sheanad Éireann, chó luath agus is féidir é tar éis an Chléirigh sin do cheapadh, cóip den tuairisceán is gá, do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, do chur go dtí Cléireach Dháil Éireann.

(6) Más rud é, ar a haon a chlog tráthnóna an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh, go mbeidh níos mó iarrthóirí ainmnithe ná mar a bheidh d'fholúntaisí le líonadh, cuirfidh an ceann comhrimh an toghachán ar athló agus déanfaidh vótaíocht do réir an Achta so.

(7) An bhreith do bhéarfaidh an ceann comhrimh ar agóid i gcoinnibh páipéir ainmniúcháin no ar aon cheist eile eireoidh maidir leis na hiarrthóirí d'ainmniú, beidh sí ina breith dheiridh agus ní bheidh sí in-athbhreithnithe ag aon Chúirt.

(8) Beidh gach iarrthóir a bheidh ainmnithe i bpáipéar ainmniúcháin agus a thairgtheoir agus a chuiditheoir agus duine amháin eile ainmneoidh sé agus ní bheidh aon daoine eile (seachas congantóirí bheidh ar fostú ag an gceann comhrimh) i dteideal bheith i láthair ag na himeachta le linn na bpáipéar ainmniúcháin do ghlacadh agus breith do thabhairt ortha.

Iarrthóirí do tharrac siar.

19. —(1) Féadfaidh iarrthóir, roimh a haon a chlog tráthnóna an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh, ach ní níos déanaí ná san, tarrac siar o bheith ina iarrthóir tré fhógra sa chéill sin, fé n-a láimh, do thabhairt don cheann chomhrimh.

(2) Má hainmnítear iarrthóir le linn é bheith as láthair o Éirinn, féadfaidh a thairgtheoir agus a chuiditheoir, roimh a haon a chlog an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh, ach ní níos déanaí ná san, an t-iarrthóir sin do tharrac siar tré fhógra i scríbhinn sa chéill sin, fé n-a lámha, do thabhairt don cheann chomhrimh maraon le dearbhú i scríbhinn á rá go bhfuil an t-iarrthóir sin as láthair o Éirinn.

(3) Más rud é, tar éis don cheann chomhrimh toghachán do chur ar athló chun vótaíocht do dhéanamh, go bhfaighidh duine de sna hiarrthóirí bheidh ainmnithe bás roimh an lá chun páipéirí ballóide do thabhairt amach, déanfaidh an ceann comhrimh, ar bheith deimhnitheach dó go bhfuair an duine sin bás, an vótaíocht d'fhreasordú agus, leis sin, tosnófar as an nua na himeachta uile bhaineann leis an toghachán agus, chun na críche sin, ceapfaidh an tAire, le hordú, laetheanta nua chun ainmniúcháin do ghlacadh agus chun páipéirí ballóide do thabhairt amach agus lá agus uair nua chun na vótaíochta do chríochnú, ach sa toghachán nua san ní gá aon ainmniúchán nua maidir le haon iarrthóir a bhí ainmnithe le linn na vótaíochta d'fhreas-ordú.

Páipéirí ballóide.

20. —(1) I ngach toghachán i dtoghdas ollscoile isé bheidh mar bhallóid ag gach vótálaí fé leith ná páipéar (dá ngairmtear páipéar ballóide san Acht so) ar a mbeidh liost de sna hiarrthóirí ina mbeidh a n-ainmneacha, a seolta, agus na mion-innste ina dtaobh fé mar a bheid luaidhte ar a bpáipéirí ainmniúcháin fé seach agus na hiarrthóirí in eagar aibítre do réir ord a sloinnte agus, i gcás có-ionannas sloinnte, do réir ord a n-ainmneacha eile.

(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh na páipéirí ballóide agus beidh uimhir clóbhuailte ar chúl gach páipéir bhallóide agus beidh có-dhuille, agus an uimhir chéanna clóbhuailte ar a aghaidh. ceangailte dhe agus le linn a thabhartha amach marcálfar gach páipéar ballóide ar a dhá thaobh le marc oifigiúil a stampálfar air no a pollfar tríd.

(3) Clóbhuailfear sloinne gach iarrthóra fé leith i leitreacha móra ar na páipéirí ballóide agus clóbhuailfear a ainm eile agus a sheoladh agus a thuairisc i leitreacha beaga ach pé uair is ionann sloinne do dhá iarrthóir no níos mó clóbhuailfear i leitreacha móra (i dteanta a sloinnte) ainmneacha eile na n-iarrthóirí sin agus oiread de sheoladh no de thuairisc no de sheoladh agus de thuairisc gach iarrthóra acu san agus a chuirfidh in úil go soiléir, dar leis an gceann comhrimh, cé hé an t-iarrthóir sin.

Páipéirí ballóide do thabhairt amach.

21. —(1) An lá a bheidh ceaptha chun páipéirí ballóide i dtoghachán i dtoghdas ollscoile do thabhairt amach déanfaidh an ceann comhrimh sa toghachán san páipéar ballóide maraon le fuirm dhearbhuithe céannachta do chur tríd an bpost chun gach duine go mbeidh a ainm ar an gclár de thoghthóirí don toghdas san.

(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach dearbhú céannachta.

(3) Nuair a bheidh an ceann comhrimh i dtoghachán i dtoghdas ollscoile ag cur amach agus ag fáil na bpáipéirí ballóide sa toghachán san agus ag deighleáil leo ar shlí eile, déanfaidh do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhnn leis an Acht so.

An modh vótála.

22. —(1) Gach duine bheidh i dteideal vótála i dtoghachán i dtoghdas ollscoile beidh sé i dteideal vótála sa toghachán san sa tslí seo leanas agus ní hin aon tslí eile, sé sin le rá, tré pháipéar bhallóide cuirfear chuige fén Acht so do mharcáil agus do chur thar n-ais go dtí an ceann comhrimh sa toghachán san tríd an bpost maraon leis an bhfuirm dhearbhuithe céannachta cuirfear chuige amhlaidh i dteanta an pháipéar bhálloide sin agus an dearbhú san déanta agus críochnuithe go cuibhe aige.

(2) Caithfidh toghthóir agus é ag tabhairt a vóta i dtoghachán i dtoghdas ollscoile, an figiúir 1 do chur ar a pháipéar ballóide os coinne ainm an iarrthóra le n-a mbeidh sé ag vótáil agus féadfaidh ina theanta san na figiúirí 2 agus 3, no 2. 3, agus 4 agus mar sin de do chur ar a pháipéar ballóide os coinne ainmneacha iarrthóirí eile in ord a rogha.

(3) Aon pháipéar ballóide—

(a) ná beidh an marc oifigiúil air, no

(b) ná beidh an figiúir 1 ina aonar curtha air in aon chor no ná beidh sé curtha air i slí go dtaisbeánfaidh céad-rogha d'iarrthóir éigin, no

(c) ar a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taisbeáint céadrogha, curtha os coinne ainme níos mó ná aon iarrthóra amháin, no

(d) ar a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taisbeáint céadrogha, maraon le huimhir éigin eile curtha os coinne ainme an aon iarrthóra amháin, no

(e) ar a mbeidh éinní, ach an uimhir ar an gcúl, scríobhtha no marcálta tré n-ar féidir an vótálaí d'aithint,

beidh sé gan bhrí agus ní comhreofar é.

Toradh an toghacháin do dhéanamh amach agus do dhearbhú.

23. —(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis na vótaíochta i dtoghachán i dtoghdas ollscoile do bheith críochnuithe, déanfaidh an ceann comhrimh sa toghachán san toradh an toghacháin amach, i bhfianaise na n-iarrthóirí sin agus a ngníomhairí fé seach a bheidh i láthair, do réir an Achta so agus go sonnrách do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus dearbhóidh sé na hiarrthóirí do bheith toghtha a déanfar amach amhlaidh do bheith toghtha.

(2) An bhreith do bhéarfaidh an ceann comhrimh ar aon cheist eireoidh i dtoghachán i dtoghdas ollscoile i dtaobh na bpáipéirí ballóide, na ndearbhuithe céannachta no na gclúdach ina mbeid no ar éinní eile eireoidh i dtaobh na vótanna do thabhairt amach, d'fháil no do chomhreamh, beidh sí ina breith dheiridh, ach féadfaidh Cúirt a thrialfaidh achuinge thoghacháin i dtaobh an toghacháin sin claochló do dhéanamh uirthi.

Rún do choimeád ar an vótáil.

24. —(1) Déanfaidh an ceann comhrimh agus gach duine dá chongantóirí go mbeidh baint acu le páipéirí ballóide do thabhairt amach, d'fháil no do chomhreamh i dtoghachán i dtoghdas ollscoile agus gach iarrthóir agus gníomhaire bheidh i láthair agus na páipéirí sin á dtabhairt amach, á bhfáil, no á gcomhreamh, rún do choimeád agus cabhrú chun rún do choimeád ar an vótáil sa toghachán san agus ní thabharfaid uatha roimh chríochnú an toghacháin, ach amháin chun críche éigin le n-a mbeidh údarás dlí, aon eolas i dtaobh ce'ca vótáil aon toghthóir áirithe sa toghachán san no nár vótáil, ná i dtaobh an mhaire oifigiúil, agus ní thabharfaid d'éinne uair ar bith aon eolas, do gheobhfar le linn no i gcúrsa na tabhartha amach, na fála, no an chomhrimh sin, i dtaobh cé hé an t-iarrthóir gur vótáil no nár vótáil aon toghthóir áirithe leis ná i dtaobh na huimhreach ar chúl an pháipéir bhallóide do cuireadh chun aon toghthóra áirithe.

(2) Ní dhéanfaidh éinne cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar aon toghthóir i dtoghachán i dtoghdas ollscoile d'fháil no do mharcáil a pháipéir bhallóide no do chur an pháipéir sin thar n-ais.

(3) Ní dhéanfaidh éinne go díreach ná go nea-dhíreach a thabhairt ar aon toghthóir i toghachán i dtoghdas ollscoile a pháipéar ballóide do thaisbeáint, tar éis é dá mharcáil, i slí go nochtfaí don duine sin no d'éinne eile ainm aon iarrthóra 'nar mharcáil sé a vóta leis ar an bpáipéar ballóide sin.

(4) Gach éinne ghníomhóidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí do chur air.

Droch-bhearta toghacháin do chosc.

25. —(1) Beidh feidhm ag Coda I, II, III, IV, agus VIII den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923) , maidir le toghacháin i dtoghdais ollscoile, agus chun na críche sin—

(a) déanfar an focal “Dáil-toghachán” do léiriú agus beidh éifeacht aige, i ngach áit ina bhfuil sé sna Coda san den Acht san, mar fhocal a fholuíonn toghachán i dtoghdas ollscoile;

(b) déanfar an focal “Dáil-toghthóir” do léiriú agus beidh éifeacht aige, i ngach áit ina bhfuil sé sna Coda san den Acht san, mar fhocal a fholuíonn toghthóir i dtoghachán i dtoghdas ollscoile;

(c) déanfar an focal “toghachán” do léiriú agus beidh éifeacht aige, i ngach áit ina bhfuil sé gan choinníoll sna Coda san den Acht san, mar fhocal a fholuíonn toghachán i dtoghdas ollscoile.

(2) I dteanta forálacha an fho-ailt sin roimhe seo den alt so agus gan dochar dóibh, beidh feidhm ag gach foráil reachtúil a bhaineann le breabaireacht, le pearsanáil, no le cleachtanna cuirpthe ag toghacháin chun comhaltaí de Dháil Éireann do thogha, beidh feidhm acu maidir le toghacháin i dtoghdais ollscoile fé is dá mba toghacháin chun comhaltaí de Dháil Éireann do thogha na toghacháin sin.

Achuingeacha toghacháin i dtaobh togachán i dtoghdais ollscoile.

26. —(1) Na hachtacháin a bhaineann le tíolacadh agus le triail achuingeacha toghacháin i dtaobh toghachán chun comhaltaí de Dháil Éireann do thogha beidh feidhm acu maidir le toghacháin i dtoghdais ollscoile ach san gus na hatharuithe is gá ortha.

(2) Ní déanfar, in aon imeachta dlí chun toghadh no tuairisciú aon iarrthóra i dtoghachán i dtoghdas ollscoile do dhíospóid, a cheangal ar dhuine ar bith a vótáil sa toghachán san a rá cé leis gur vótáil sé.

Rialacha d'fhágaint gan cólíonadh.

27. —Ní dearbhófar aon toghadh iarrthóra i dtoghachán i dtoghdas ollscoile do bheith gan bhrí de bhíthin na rialacha atá sa Dara Sceideal no sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'fhágaint gan cólíonadh ná de bhíthin aon dearmhaid in úsáid na bhfuirmeacha bheidh orduithe fén Acht so agus dá bhíthin sin amháin, má chítear don bhínse 'na mbeidh an cheist os a chóir gur stiúradh an toghachán do réir na bpríonsiobal atá leagtha amach i gcorp an Achta so, agus ná dearna an nea-chólíonadh no an dearmhad san deifir do thoradh an toghacháin.

Seirbhísí puist in aisce.

28. —Na seirbhísí puist go léir (ar a n-áirmhítear seirbhísí clárathachta) a déanfar ar fad laistigh d'Éirinn maidir le páipéirí ballóide i dtoghachán i dtoghdas ollscoile do thabhairt amach agus do chur thar n-ais, déanfaidh an tAire Puist agus Telegrafa iad gan na héilithe ar a son do roimh-íoc leis agus tuigfear gur cuid de chostaisí an chinn chomhrimh sa toghachán san gach éileamh den tsórt san agus íocfar iad dá réir sin.