An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Ilghneitheach.) Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Toghachain do Stiuradh.)

30 1937

ACHT TOGHACHÁIN AN tSEANAID (BAILL PHRÍOMH-SCOILE), 1937

CEAD SCEIDEAL.

Rialacha Clarathachta.

Míniú.

1. Sa Sceideal so—

cialluíonn an abairt “oifigeach clárathachta” an t-oifigeach clárathachta do thoghdas ollscoile.

Liost de thoghthóirí d'fhoillsiú.

2. An 29adh lá d'Eanar gach bliain, foillseoidh gach oifigeach clárathachta liost (dá ngairmtear an liost de thoghthóirí sna rialacha so) sa bhfuirm orduithe de sna daoine uile chífear dó bheith i dteideal iad do chlárú sa chlár de thoghthóirí dá thoghdas.

Ceart chun éilimh do chur isteach.

3. Einne ná beidh iontrálta i liost de thoghthóirí do thoghdas ollscoile agus adeir go bhfuil sé i dteideal é chlárú mar thoghthóir sa toghdas ollscoile sin, féadfaidh, ar an 26adh lá no roimh an 26adh lá d'Fheabhra tar éis an liosta san de thoghthóirí d'fhoillsiú, éileamh sa bhfuirm orduithe, á éileamh é chlárú amhlaidh, do chur chun an oifigigh chlárathachta don toghdas san.

Lánas fuirme orduithe éilimh.

4. An fhuirm orduithe éilimh dá dtagartar sa riail deiridh sin roimhe seo beidh sí de shaghas a chuirfidh ar chumas an té bheidh á líonadh na nithe seo leanas a luadh inti—

(a) na mion-innste sin (ar a n-áirmhítear dáta a bheireatais) is gá chun a thaisbeáint é bheith i dteideal bheith ina thoghthóir sa toghdas le n-a mbainfidh an t-éileamh san, agus

(b) an seoladh ag á raibh sé ina ghnáth-chomhnaí an 15adh lá de Mhí na Samhna díreach roimhe sin, agus

(c) más mian leis é, seoladh eile mar sheoladh gur chuige a cuirfear a pháipéirí ballóide.

Liost d'éilimh d'fhoillsiú.

5. Ar dháta nach déanaí ná an 12adh lá de Mhárta gach bliain ullamhóidh agus foillseoidh gach oifigeach clárathachta liost d'éilimh sa bhfuirm orduithe agus cuirfidh sa liost san ainm gach duine a chuir fuirm orduithe éilimh chuige, an 26adh lá d'Fheabhra no roimhe sin, agus í líonta go ceart agus go dóthanach.

An t-am agus an tslí ina ndéanfar agóidí.

6. Einne bheidh cláruithe ar an rolla de thoghthóirí do thoghdas ollscoile, féadfaidh cur i gcoinnibh duine ar bith go mbeidh a ainm i liost de thoghthóirí no i liost d'éilimh alos an toghdais sin do chlárú ar an rolla san; déanfar gach agóid den tsórt san tré fhógra agóide sa bhfuirm orduithe do chur chun an oifigigh chlárathachta ar dháta nach déanaí ná an 26adh lá de Mhárta díreach tar éis an liosta de thoghthóirí no an liosta d'éilimh (pe'ca aca é) le n-a mbainfidh an agóid sin d'fhoillsiú.

E bheith d'oblagáid fógra do thabhairt don té go gcuirfear ina choinnibh.

7. Ní breithneofar agóid fén riail deiridh sin roimhe seo mara ndeinidh an t-agóideach, laistigh den am atá leagtha amach chun an fhógra agóide do chur isteach, cóip den fhógra agóide cuireadh chun an oifigigh chlárathachta do chur tríd an bpost chláruithe roimh-íoctha chun an duine go mbeifear ag cur i gcoinnibh a chláruithe ag á sheoladh mar a bheidh san luaidhte sa liost de thoghthóirí no sa liost d'éilimh, pe'ca aca é.

Liost d'agóidí d'fhoillsiú.

8. Chó luath agus is féidir é tar éis an 26adh lá de Mhárta gach bliain, ullamhóidh agus foillseoidh gach oifigeach clárathachta liost de sna daoine bheidh ainmnithe sa liost de thoghthóirí no sa liost d'éilimh agus go mbeidh fógra agóide i gcoinnibh a gcláruithe faighte ag an oifigeach clárathachta san an 26adh lá san de Mhárta no roimhe sin.

Agóidí do bhreithniú agus breith do thabhairt ortha.

9. Déanfaidh gach oifigeach clárathachta, chó luath agus is féidir é, na hagóidí uile gur tugadh fógra dhó ina dtaobh do réir na rialacha so do bhreithniú agus breith do thabhairt ortha agus, chun na críche sin, déanfaidh, alos gach agóide den tsórt san, fógra cúig lá glan ar a laighead, i dtaobh an ama agus na háite ina mbreithneoidh sé an agóid sin agus ina dtabharfa sé breith uirthi, do thabhairt don agóideach agus don duine go mbeifear ag cur i gcoinnibh a chláruithe leis an agóid sin.

Eilimh do bhreithniú agus breith do thabhairt ortha.

10. Déanfaidh gach oifigeach clárathachta freisin, chó luath agus is féidir é, gach éileamh a bheidh luaidhte sa liost d'éilimh, agus nár tugadh aon fhógra agóide ina thaobh do réir na rialacha so, do bhreithniú agus,

(a) más dóich leis gur féidir an t-éileamh san do lomháil gan a thuilleadh fiosruithe, lomhálfa sé an t-éileamh san agus bhéarfaidh fógra ina thaobh san don éilitheoir, no

(b) maran deimhin leis gur féidir an t-éileamh san do lomháil gan a thuilleadh fiosruithe, bhéarfaidh fógra cúig lá glan ar a laighead don éilitheoir i dtaobh an ama agus na háite ina mbreithneoidh sé an t-éileamh san agus ina dtabharfaidh breith air.

An t-oifigeach clárathachta do dhéanamh agóidí.

11. Féadfaidh oifigeach clárathachta pé fiosruithe eile is dóich leis is gá do dhéanamh alos aon éilimh a bheidh luaidhte i liost d'éilimh agus má chítear dó, tar éis an fhiosruithe sin do dhéanamh, ná fuil an t-éilitheoir i dteideal é chlárú, féadfaidh an t-oifigeach clárathachta féin, aon tráth, cur i gcoinnibh an éilimh sin tré fhógra agóide ina luadhfaidh foras na hagóide do chur chun an éilitheora.

Gach agóid a dhéanfaidh oifigeach clárathachta fén riail seo breithneoidh sé í agus bhéarfaidh breith uirthi, agus chun na críche sin bhéarfaidh fógra cúig lá glan ar a laighead don éilitheoir i dtaobh an ama agus na háite ina mbreithneoidh sé an t-éileamh san agus ina dtabharfa sé breith air amhlaidh.

Eilimh chun iontrála ar rolla do cheartú.

12. Einne bheidh cláruithe mar thoghthóir ar rolla de thoghthóirí agus adéarfaidh go bhfuil sé iontrálta i slí nea-chruinn ar an rolla san no go bhfuil mion-innste nea-chruinne curtha síos ann ina thaobh, féadfaidh, an 26adh lá d'Fheabra no roimhe sin, fógra sa bhfuirm orduithe do chur chun an oifigigh chlárathachta á rá go bhfuil sé iontrálta go nea-chruinn amhlaidh agus ag luadh na n-atharuithe adeir sé is gá chun an rolla san do dhéanamh cruinn maidir leis-sean agus á éileamh go n-atharófaí an rolla dá réir sin.

Ní cuirfear aon éileamh a déanfar fén riail seo sa liost d'éilimh.

Eilimh ar cheartúcháin do bhreithniú agus breith do thabhairt ortha.

13. Breithneoidh gach oifigeach clárathachta, chó luath agus is féidir é, gach éileamh a déanfar fén riail deiridh sin roimhe seo agus,

(a) más dóich leis gur féidir an t-éileamh san do lomháil gan a thuilleadh fiosruithe, lomhálfa sé an t-éileamh san agus bhéarfaidh fógra ina thaobh san don éilitheoir, no

(b) maran deimhin leis gur féidir an t-éileamh san do lomháil gan a thuilleadh fiosruithe, bhéarfaidh fógra cúig lá glan ar a laighead don éilitheoir i dtaobh an ama agus na háite ina mbreithneoidh sé an t-éileamh san agus ina dtabharfaidh breith air.

An rolla d'athscrúdú.

14. Déanfaidh gach oifigeach clárathachta, ar dháta nach déanaí ná an 31adh lá de Bhealtaine gach bliain, an rolla de thoghthóirí dá thoghdas d'athscrúdú tré sna nithe seo leanas do dhéanamh maidir leis an rolla san, sé sin le rá:—

(a) ainmneacha agus seolta na ndaoine uile bhí iontrálta sa liost de thoghthóirí do foillsíodh an 29adh lá den Eanar roimhe sin agus ná dearnadh agóid gur eirigh léi i gcoinnibh a gclárathachta do chur ar an rolla san, maraon le hainmneacha agus seolta na ndaoine uile adubhairt go rabhdar i dteideal iad do chlárú ar an rolla san agus gur lomháil an t-oifigeach clárathachta san a n-éileamh chun iad do chlárú amhlaidh, agus

(b) gach ceartúchán, den tsórt san is gá chun éifeacht do thabhairt do gach éileamh ar cheartúcháin do lomháil an t-oifigeach clárathachta san, do dhéanamh ar an rolla san, agus

(c) ainmneacha na ndaoine uile do fágadh ar lár sa liost san de thoghthóirí toisc iad do bheith marbh do bhaint den rolla san.

An rolla athscrúduithe d'fhoillsiú.

15. Nuair a bheidh an t-athscrúdú ar an rolla de thoghthóirí dá thoghdas críochnuithe ag oifigeach clárathachta do réir na rialach deiridh sin roimhe seo, déanfaidh na nithe seo leanas maidir leis an rolla san mar do hathscrúduíodh amhlaidh é (dá ngairmtear an rolla athscrúduithe sa riail seo), sé sin le rá:—

(a) an rolla athscrúduithe sin d'fhoillsiú ar dháta nach déanaí ná an 1adh lá de Mheitheamh tré fhógra d'fhoillsiú á rá go bhfuil cóip den rolla athscrúduithe sin ar nochtadh chun a iniúchta ina oifig, agus

(b) cóip amháin ar a laighead den rolla athscrúduithe sin do choimeád ar fáil ina oifig i gcóir iniúchta, agus

(c) leigint d'éinne cóip den rolla athscrúduithe sin d'iniúchadh in aisce ina oifig le linn tráthanna oifige, agus

(d) ar n-a iarraidh sin air d'éinne le linn tráthanna oifige agus ar an táille orduithe d'íoc, cóip den rolla athscrúduithe sin no den chuid sin de is abhar don iarratas san do thabhairt don duine sin, agus

(e) cóip den rolla athscrúduithe sin do chur chun an Aire chó luath agus is féidir é tar éis an rolla san d'fhoillsiú, agus

(f) pé uair a iarrfaidh an tAire san air, achmaireacht ar a mbeidh sa rolla athscrúduithe sin do chur chun an Aire agus í sa bhfuirm sin agus na mion-innste sin inti luadhfa sé san iarratas san.

An tslí chun athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Cuarda.

16. Duine gur mian leis athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh breithe oifigigh chlárathachta caithfe sé fógra athchomhairc do thabhairt sa bhfuirm orduithe don oifigeach chlárathachta san agus don pháirtí ar an taobh eile (más ann dó) nuair a bhéarfar an bhreith sin no laistigh de chúig lá ina dhiaidh sin.

Déanfaidh an t-oifigeach clárathachta gach fógra athchomhaire den tsórt san a bhéarfar dó amhlaidh do chur chun an chlárathóra chontae do chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath sa tslí bheidh orduithe le rialacha cúirte maraon le ráiteas, i ngach cás, i dtaobh na bhfíoraisí táchtacha a cruthuíodh, dar leis an oifigeach clárathachta san, sa chás agus i dtaobh a bhreithe ar an gcás go léir agus ar aon phuinte luadhfar mar fhoras athchomhairc.

Bhéarfaidh an t-oifigeach clárathachta don chúirt éistfidh aon athchomharc den tsórt san pé eolas eile bheidh aige no ar fáil aige agus a éileoidh an chúirt sin.

Athchomhairc ar fhorais den tsaghas chéanna.

17. Má chítear d'oifigeach chlárathachta aon dá fhógra athchomhairc no níos mó i gcoinnibh a bhreitheanna do bheith bunuithe ar fhorais den tsaghas chéanna, cuirfe sé an méid sin in úil don chlárathóir chontae do chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath chun a chur ar chumas an bhreithimh a éistfidh na hathchomhairc sin (más oiriúnach leis é) na hathchomhairc sin do chó-dhlúthú no athchomharc amháin acu san do thogha chun bheith ina chás tástála.

Atharú ar sheoladh toghthóirí cláruithe.

18. Einne bheidh cláruithe ar an rolla de thoghthóirí do thoghdas ollscoile féadfaidh, tráth ar bith, aon atharú ar sheoladh an duine sin (pe'ca ar an seoladh ag á mbíonn sé ina ghnáthchomhnaí no ar an seoladh gur chuige a cuirfear a pháipéirí ballóide é) do chur in úil don oifigeach chlárathachta don toghdas san agus leis sin leasóidh an t-oifigeach clárathachta san an rolla san de thoghthóirí tríd an atharú seolta san d'iontráil ann.

Toghthóirí marbha do scriosadh amach as an rolla.

19. Pé uair a thiocfa sé chun eolais don oifigeach chlárathachta do thoghdas ollscoile duine bheidh cláruithe ar an rolla de thoghthóirí don toghdas san do bheith marbh nótóidh sé an méid sin agus, nuair a bheidh an chéad athscrúdú bliantúil eile á dhéanamh ar an rolla san do réir an Achta so, fágfaidh ainm an duine sin ar lár sa liost de thoghthóirí.

Cruthúnas ar aois agus ar shaoránacht.

20. Roimh éinne do chlárú sa chlár de thoghthóirí do thoghdas ollscoile, féadfaidh an t-oifigeach clárathachta don toghdas san, más dóich leis gur gá é—

(a) a cheangal ar an duine sin deimhniú ar a bheireatas do thaisbeáint no, maran féidir no mara mbeidh sé caothúil déanamh amhlaidh, dearbhú reachtúil do dhéanamh go bhfuil bliain is fiche slán aige, agus

(b) a cheangal ar an duine sin dearbhú reachtúil a dhéanamh gur saoránach d'Éirinn é no deimhniú ar a eadóirseacht mar shaoránach d'Éirinn do thaisbeáint, fé mar is gá sa chás.

Má ceangailtear ar dhuine fén riail seo dearbhú reachtúil a dhéanamh, íocfaidh an t-oifigeach clárathachta, mar chuid dá chostaisí clárathachta, aon táille is iníoctha maidir leis an dearbhú reachtúil sin agus beidh an dearbhú saor o dhiúité stampa.

An tslí ina bhfoillseofar scríbhinní.

21. Má ceangailtear ar oifigeach chlárathachta leis na rialacha so aon scríbhinn d'fhoillsiú agus ná beidh aon tsocrú áirithe déanta i dtaobh slí a foillsithe, foillseoidh an t-oifigeach clárathacha san an scríbhinn sin tré chóipeanna dhi do chur ar fáil chun a n-iniúchta ina oifig i rith tráthanna oifige agus tré fhógra, ina luadhfar na tráthanna inar féidir an scríbhinn sin d'iniúchadh ina oifig, do phostáil in áit éigin so-fheicse ar an taobh amuich dá oifig.

Oifigigh chlárathachta do sholáthar fuirmeacha.

22. Ar n-a iarraidh sin air do dhuine ar bith, bhéarfaidh gach oifigeach clárathachta don duine sin in aisce an méid sin d'fhuirmeacha éilimh agus d'fhuirmeacha fógra agóide theastóidh uaidh do réir réasúin.

Ar n-a iarraidh sin air do dhuine ar bith, déanfaidh gach oifigeach clárathachta, freisin, leigint don duine sin aon éileamh no fógra agóide do gheobhaidh an t-oifigeach clárathachta san fé sna rialacha so d'iniúchadh agus cóipeanna do dhéanamh de agus déanfaidh, freisin, ar an táille orduithe d'íoc, cóip d'aon éileamh no d'aon fhógra agóide den tsórt san do thabhairt don duine sin.

An tslí chun fógraí do chur ar aghaidh.

23. Aon éileamh, fógra agóide, no scríbhinn eile bheidh le cur chun oifigigh chlárathachta fé sna rialacha so, féadfar é chur chuige tríd an bpost roimh-íoctha agus é dírithe chuige fé sheoladh a oifige.

Aon fhógra ceangailtear ar oifigeach chlárathachta, leis na rialacha so, a chur chun duine ar bith, is leor é chur tríd an bpost agus é dírithe chun an duine sin ag an seoladh thug sé uaidh chuige sin no, más toghthóir cláruithe é, ag á sheoladh mar a bheidh sé luaidhte ar an rolla de thoghthóirí no, i gcás gan ceachtar de sna seolta san a bheith ar fáil, ag an áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

Daoine bheidh i dteideal teacht i láthair an oifigigh chlárathachta agus éisteacht d'fháil.

24. Ar aon éileamh no agóid no ní eile do bheith á bhreithniú ag oifigeach clárathachta do réir na rialacha so féadfaidh éinne, go bhfeicfear don oifigeach clárathachta leas do bheith aige sa scéal, teacht i láthair agus éisteacht d'fháil i bpearsain no tré dhuine éigin eile thar a cheann (nach abhcóide).

Comhacht d'oifigeach chlárathachta fianaise do thógaint fé mhionn.

25. Ar aon éileamh no agóid no ní eile do bheith á bhreithniú ag oifigeach clárathachta do réir na rialacha so, féadfaidh an t-oifigeach clárathachta san, ar n-a iarraidh san air d'éinne ag á mbeidh leas sa scéal no, más oiriúnach leis é, gan an t-iarratas san, a chur mar cheangal gur fé mhionn a bhéarfar an fhianaise thairgfidh aon duine áirithe agus chuige sin féadfaidh an duine sin do chur fé mhionn.

Ainmneacha neachearta agus tuairiscí neachruinne.

26. Má tugtar ainm nea-cheart no tuairisc nea-chruinn ar dhuine no ar áit ar bith in aon liost no i gclár de thoghthóirí no in aon fhógra ní dhéanfaidh san dochar d'oibriú an Achta so ná na rialacha so maidir leis an duine no an áit sin má bhíonn an duine no an áit sin ainmnithe agus tuairiscithe ar shlí ina n-aithneofar go coitianta cé hé an duine no cadé an áit a bheidh i gceist.