An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (DARA SCEIDEAL. Toghachain do Stiuradh.)

30 1937

ACHT TOGHACHÁIN AN tSEANAID (BAILL PHRÍOMH-SCOILE), 1937

TRIU SCEIDEAL.

Comhreamh na Votanna.

1. (1) Nuair a bheidh na páipéirí ballóide measctha do réir na Rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, déanfaidh an ceann comhrimh, tar éis diúltú d'aon chuid acu bheidh gan bhrí, a chur fé ndeár go ndéanfar beartanna de sna páipéirí ballóide do réir na gcéad-roghna do breacadh do gach iarrthóir.

(2) Déanfaidh an ceann comhrimh ansan an méid páipéirí bheidh i ngach beartán do chomhreamh, agus cuirfe sé i leith gach iarrthóra fé leith uimhir de vótanna is có-ionann leis an uimhir de pháipéirí dleathacha ar ar breacadh céad-rogha don iarrthóir sin, agus déanfa sé amach uimhir iomlán na bpáipéar dleathach uile.

2. Déanfaidh an ceann comhrimh ansan uimhir iomlán na bpáipéar dleathach uile do roinnt ar uimhir a bheidh aon thar uimhir na bhfolúntas a bheidh le líonadh. An uimhir a bheidh aon thar toradh na roinnte sin, gan aon iarmhar briste do bhac, isí sin an uimhir de vótanna is leor chun iarrthóir do thoghadh. An “quota” a bheirtear ar an uimhir sin anso.

3. Más ionann agus an quota, no más mó ná an quota, an uimhir de vótanna bheidh curtha i leith iarrthóra i ndeireadh aon chomhrimh, tuigfear an t-iarrthóir sin do bheith toghtha.

4. (1) Más mó ná an quota an uimhir de vótanna bheidh curtha i leith iarrthóra i ndeireadh aon chomhrimh aistreofar an barrachas do réir forálacha na Rialach so chun an iarrthóra leanúnaigh no na n-iarrthóirí leanúnacha taisbeántar ar na páipéirí ballóide i mbeartán no i bhfo-bheartán an iarrthóra thoghtha do réir na gcéad roghna infheadhma eile a breacadh ortha.

(2) (a) Más bun-vótanna amháin na vótanna a cuireadh i leith iarrthóra thoghtha scrúdóidh an ceann comhrimh gach páipéar i mbeartán an iarrthóra thoghtha 'na mbeidh a bharrachas le n-aistriú agus déanfa sé fo-bheartáin de sna páipéirí ionaistrithe do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha.

(b) Más bun-vótanna agus vótanna aistrithe, no más vótanna aistrithe amháin, na vótanna bheidh curtha i leith iarrthóra thoghtha, scrúdóidh an ceann comhrimh na páipéirí bheidh sa bhfobheartán is déanaí do fuair an t-iarrthóir toghtha agus déanfa sé, de sna páipéirí ionaistrithe bheidh ann, tuilleadh fo-bheartáin do réir na gcéad roghna infheadhma eile breacadh ortha.

(c) I gceachtar de sna cásanna dá dtagartar i míreanna (a) agus (b) den fho-alt so déanfaidh an ceann comhrimh fo-bheartán fé leith de sna páipéirí neamh-ionaistrithe, agus déanfa sé amach cadé an uimhir de pháipéirí atá i ngach fo-bheartán de pháipéirí ionaistrithe, agus sa bhfo-bheartán de pháipéirí neamhionaistrithe.

(3) Más ionann an barrachas agus uimhir iomlán na bpáipéar sna fo-bheartáin de pháipéirí ionaistrithe, no más mó ná san é, aistreoidh an ceann comhrimh gach fo-bheartán de pháipéirí ionaistrithe chun an iarrthóra leanúnaigh a taisbeántar ortha mar chéad rogha infheadhma eile ag na vótálaithe:

Ach nuair is mó an barrachas ná an uimhir iomlán san déanfar fo-bheartán d'uimhir de pháipéirí neamh-ionaistrithe bheidh có-ionann leis an deifríocht a bheidh idir an uimhir iomlán san agus an barrachas agus cuirfear i leataoibh na páipéirí bheidh sa bhfo-bheartán san agus ní bacfar leo a thuilleadh agus chun crícheanna Rialach 22 atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so gairmfear páipéirí neamh-ionaistrithe neamh-éifeachtúla dhíobh agus déanfar fo-bheartán, freisin, de sna páipéirí neamhionaistrithe bheidh fágtha, agus cuirfear iad le páipéirí an iarrthóra tuigfear a bheith toghtha.

(4) (a) Más lugha an barrachas ná an uimhir iomlán de pháipéirí ionaistrithe, aistreoidh an ceann comhrimh as gach fo-bheartán de pháipéirí ionaistrithe, chun an iarrthóra leanúnaigh a taisbeántar ortha mar chéad rogha infheadhma eile ag na vótálaithe, an uimhir sin de pháipéirí go mbeidh idir í agus an uimhir de pháipéirí bheidh sa bhfo-bheartán an cothrom céanna bheidh idir an barrachas agus uimhir iomlán na bpáipéar ionaistrithe.

(b) Déanfar amach an uimhir de pháipéirí bheidh le n-aistriú as gach fo-bheartán fé leith tríd an uimhir de pháipéirí bheidh sa bhfo-bheartán d'iolrú fé uimhir an bharrachais agus an toradh do roinnt ar uimhir iomlán na bpáipéar ionaistrithe. Déanfar nóta de sna codáin, má bhíd ann, i ngach líon fé leith a déanfar amach alos gach iarrthóra fé leith.

(c) Má thagann as a leithéidí de chodáin do bheith ann gur lugha ná an barrachas an uimhir de pháipéirí bheidh le n-aistriú, tógfar do réir ord a méide, ón gceann is mó anuas, oiread de sna codáin sin agus is gá chun na huimhreach iomláine de pháipéirí bheidh le n-aistriú do dhéanamh có-ionann leis an mbarrachas, agus áirmheofar ina n-aon iad agus ní tabharfar áird ar an gcuid eile de sna codáin.

Más có-mhéid do dhá chodán no níos mó tuigfear gurb é an codán san eireoidh as an bhfo-bheartán is mó an codán is mó, agus más có-mhéid do sna fó-bheartáin sin, bhéarfar tosaíocht don iarrthóir a fuair an uimhir is mó de bhun-vótanna. Má bhíonn uimhreacha na mbun-vótanna san có-ionann, féachfar do sna huimhreacha iomlána de vótanna bhí curtha i leith na n-iarrthóirí sin sa chéad chomhreamh nár chó-ionann vótanna dhóibh, agus tuigfear gurb é an codán a bhí curtha i leith an iarrthóra ba mhó vótanna sa chomhreamh san an codán is mó. Má bhí na huimhreacha de vótanna bhí curtha i leith na n-iarrthóirí sin có-ionann i ngach comhreamh cinnfidh an ceann comhrimh le crannchur ce'ca codán a tuigfear is mó.

(d) Isiad páipéirí áirithe bheidh le n-aistriú as gach fo-bheartán fé leith ná na cinn is déanaí cuireadh sa bhfo-bheartán agus déanfar gach páipéar a haistreofar amhlaidh do mharcáil, do stampáil no do pholladh ar chuma thaisbeánfidh uimhir an chomhrimh ina ndearnadh an t-aistriú.

(5) Déanfar barrachas a eireoidh i ndeireadh comhrimh ar bith d'aistriú roimh bharrachas a eireoidh i gcomhreamh ina dhiaidh sin: Ach—

(a) ní fhágann san gur gá don cheann chomhrimh barrachas iarrthóra thoghtha d'aistriú nuair is lugha an barrachas san, maraon le haon bharrachas eile neamhaistrithe, ná an deifríocht a bheidh idir na huimhreacha de sna vótanna bheidh curtha i leith an dá iarrthóir leanúnacha is ísle;

(b) barrachas a bheidh có-ionann leis an deifríocht no níos mó ná an deifríocht a bheidh idir na huimhreacha de vótanna a bheidh curtha i leith an dá iarrthóir is ísle, aistreofar é roimh aon bharrachas is lugha ná an deifríocht san;

(c) má bhíonn dhá bharrachas no níos mó ann agus gach ceann acu níos lugha an deifríocht a bheidh idir na huimhreacha de vótanna bheidh curtha i leith an dá iarrthóir is ísle, isé an barrachas is mó dhíobh san is túisce a haistreofar agus san gan féachaint don chomhreamh as ar eirigh sé.

(6) Nuair eireoidh dhá bharrachas no níos mó as an aon chomhreamh amháin is leis an gceann is mó dhíobh is túisce deighleálfar agus deighleálfar leis na cinn eile do réir ord a méide.

(7) Más có-ionann barrachas do gach duine de dhá iarrthóir no níos mó agus san ag eirghe as an aon chomhreamh amháin féachfar don uimhir de bhun-vótanna fuair gach iarrthóir fé leith, agus is le barrachas an iarrthóra go mbeidh an uimhir is mó de bhunvótanna curtha ina leith is túisce deighleálfar.

Má bhíonn uimhreacha na mbun-vótanna san có-ionann, féachfar don uimhir iomlán de vótanna bhí curtha i leith na n-iarrthóirí sin sa chéad chomhreamh nár chó-ionann vótanna dhóibh, agus is le barrachas an iarrthóra go mbeidh an uimhir is mó de vótanna curtha ina leith sa chomhreamh san is túisce deighleálfar.

Má bhí na huimhreacha de vótanna bhí curtha i leith na n-iarrthóirí sin có-ionann i ngach comhreamh, cinfidh an ceann comhrimh le crannchur ce'ca barrachas díobh is túisce le n-a ndeighleálfa sé.

5. (1) Má ráiníonn aon uair gan barrachas do bheith ag iarrthóir ar bith (no nach gá agus ná déanfar, fén Riail deiridh sin roimhe seo, barrachas a bheidh ann d'aistriú) agus go mbeidh folúntas no folúntaisí gan líonadh, dúnfaidh an ceann comhrimh amach an t-iarrthóir go mbeidh an uimhir is lugha de vótanna curtha ina leith agus scrúdóidh páipéirí uile an iarrthóra san, agus déanfaidh fo-bheartáin de sna páipéirí ionaistrithe do réir na gcéad roghna infheadhma eile breacadh ortha d'iarrthóirí leanúnacha, agus aistreoidh gach fo-bheartán fé leith chun an iarrthóra dar breacadh an rogha san, agus déanfaidh fo-bheartán fé leith de sna páipéirí neamh-ionaistrithe. Cuirfear na páipéirí neamh-ionaistrithe i leataoibh mar pháipéirí go bhfuiltear réidh ar fad leo agus, chun crícheanna Rialach 22 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, gairmfear páipéirí neamh-ionaistrithe neamh-éifeachtúla dhíobh.

(2) Má bhíonn iomlán vótanna an dá iarrthóir no níos mó is ísle, maraon le haon bharrachas neamh-aistrithe, níos lugha ná an uimhir de vótanna bheidh curtha i leith an chéad iarrthóra eile is aoirde, féadfaidh an ceann comhrimh, d'aon iarracht amháin, na hiarrthóirí sin do dhúnadh amach agus a vótanna d'aistriú do réir míre (1) den Riail seo.

(3) Má ráiníonn, nuair is gá iarrthóir do dhúnadh amach fén Riail seo, go mbeidh an uimhir chéanna de vótanna ag gach duine fé leith de dhá iarrthóir no níos mó agus gurb iad is ísle, féachfar don uimhir de bhun-vótanna bheidh curtha i leith gach iarrthóra fé leith acu san, agus dúnfar amach an t-iarrthóir go mbeidh an uimhir is lugha de bhun-vótanna aige agus, má bhíonn uimhreacha na mbún-vótanna có-ionann, féachfar do sna huimhreacha iomlána de vótanna bhí curtha i leith na n-iarrthóirí sin sa chéad chomhreamh nár chó-ionann vótanna dhóibh agus dúnfar amach an t-iarrthóir ag á raibh an uimhir is lugha de vótanna sa chomhreamh san agus, má bhí na huimhreacha de vótanna bhí curtha i leith na n-iarrthóirí sin có-ionann i ngach comhreamh, cinnfidh an ceann comhrimh le crannchur ce'ca aca a dúnfar amach.

6. (1) Aon uair a déanfar aistriú ar bith fé aon Riail acu san roimhe seo, déanfar gach fo-bheartán de pháipéirí a haistreofar do chur ar bharr an bheartáin, má bhíonn ann, de pháipéirí a bheidh ag an iarrthóir chun a ndéanfar an t-aistriú, agus cuirfear i leith an iarrthóra san uimhir de vótanna bheidh có-ionann leis an uimhir de pháipéirí a haistreofar chuige.

(2) Má bhíonn barrachas ag iarrthóir tar éis aon aistrithe, deighleálfar leis an mbarrachas san do réir agus fé réim na bhforálacha atá i Riail 4 sara ndúnfar amach aon iarrthóir eile.

7. (1) Nuair is có-ionann an uimhir d'iarrthóirí leanúnacha agus an uimhir d'fholúntaisí a bheidh gan líonadh tuigfear leis sin na hiarrthóirí leanúnacha do bheith toghtha.

(2) Nuair ná beidh ach aon fholúntas amháin gan líonadh agus a bheidh vótanna aon iarrthóra leanúnaigh amháin éigin níos líonmhaire ná iomlán vótanna uile na n-iarrthóirí leanúnacha eile, maraon le haon bharrachas neamh-aistrithe, tuigfear leis sin an t-iarrthóir sin do bheith toghtha.

(3) Nuair is féidir na folúntaisí deiridh do líonadh fén Riail seo, ní gá aon aistriú eile vótanna do dhéanamh.

8. (1) I ndeireadh aon chomhrimh féadfaidh aon iarrthóir no a ghníomhaire a iarraidh ar an gceann comhrimh gach ceann no aon cheann de sna páipéirí le n-ar deighleáladh le linn an chomhrimh sin d'ath-scrúdú agus d'ath-chomhreamh agus déanfaidh an ceann comhrimh dá réir sin na páipéirí do luadhadh d'ath-scrúdú agus d'ath-chomhreamh láithreach gan aon atharuithe do dhéanamh ar chóiriú na bpáipéar sna beartáin iomdha, ach amháin i gcás a leithéidí sin d'atharuithe do bheith riachtanach de dheascaibh aon earráide do nochtadh san athchomhreamh. Féadfaidh an ceann comhrimh freisin, más rogha leis é, páipéirí d'ath-comhreamh aon uair amháin no níos minicí in aon chás ná beidh sé sásta i dtaobh cruinnis aon chomhrimh áirithe: Ach ní chuirfidh éinní anso d'oblagáid ar an gceann comhrimh an t-aon bheartán amháin páipéar d'ath-chomhreamh níos mó ná aon uair amháin.

(2) Beidh ar chomhachta na Cúirte, i gcás achuinge toghacháin, comhacht chun a ordú go ndéanfar na páipéirí ballóide uile no aon chuid acu d'ath-chomhreamh, agus toradh an toghacháin d'fháil amach do réir na Rialacha so.

(3) In aon ath-chomhreamh den tsórt san, geobhaidh gach páipéar an cúrsa céanna do ghaibh sé sa chéad chomhreamh vótanna ach beidh san fé réir pé atharuithe is gá de bhíthin aon orduithe ón gCúirt.

9. (1) Má eiríonn aon cheist maidir le hiarrthóir ar bith do dhúnadh amach fé Riail 5 no maidir le haon vótanna d'aistriú, ní bheidh dul thar breith an chinn chomhrimh, pe'ca adéarfaidh í no is iontuigthe as a ghníomhartha í, mara ndeinidh aon iarrthóir no a ghníomhaire agóid i scríbhinn agus foraisí na hagóide ráite inti do thabhairt don cheann chomhrimh roimh thoradh na vótaíochta do dhearbhú, agus sa chás san féadfar breith an chinn chomhrimh do chlaochló ar achuinge thoghacháin.

(2) Má claochluítear amhlaidh aon bhreith dá dtabharfaidh an ceann comhrimh beidh an t-aistriú bheidh i gceist agus gach oibriú lean é gan bhrí agus féadfaidh an chúirt a ordú cadé an t-aistriú bheidh le déanamh in ionad an aistrithe bheidh i gceist, agus féadfaidh a chur fé ndeár go ndéanfar na hoibrithe bheidh le déanamh i ndiaidh an aistrithe agus go bhfaighfear amach toradh an toghacháin do réir na Rialacha so.

10. Sna Rialacha so—

(1) Cialluíonn an abairt “iarrthóir leanúnach” aon iarrthóir ná tuigfear a bheith toghtha agus ná beidh dúnta amach.

(2) Cialluíonn an focal “céad-rogha” an figiúir “1” ina aonar; cialluíonn an abairt “dara rogha” an figiúir “2” ina aonar i leanúntas an fhigiúra “1” agus cialluíonn an abairt “tríú rogha” an figiúir “3” ina aonar i leanúntas na bhfigiúirí “1” agus “2” os coinne ainme aon iarrthóra, agus mar sin de.

(3) Cialluíonn an abairt “an chéad rogha infheadhma eile” dara rogha no rogha ina dhiaidh sin ar n-a bhreacadh in ord uimhreach có-leantach d'iarrthóir leanúnach, gan áird do thabhairt ar an gcéad rogha eile do réir úird ar an bpáipéar ballóide d'iarrthóirí a tuigfear a bheith toghtha no bheidh dúnta amach cheana.

(4) Cialluíonn an abairt “páipéar ionaistrithe” páipéar ballóide ar a mbeidh, i ndiaidh céad-rogha, dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha in ord uimhreach có-leantach d'iarrthóir leanúnach.

(5) Cialluíonn an abairt “páipéar neamh-ionaistrithe” páipéar ballóide ná beidh aon dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha air d'iarrthóir leanúnach.

Ach tuigfear páipéar neamh-ionaistrithe do dhéanamh de pháipéar—

(a) má bhíonn ainmneacha dhá iarrthóir no níos mó (pe'ca iarrthóirí leanúnacha iad no nach eadh) marcálta leis an aon uimhir amháin agus gurb iad na céad iarrthóirí eile iad in ord rogha; no

(b) má bhíonn ainm an chéad iarrthóra eile in ord rogha (pe'ca iarrthóir leanúnach é no nach eadh) marcálta—

(i) le huimhir ná tagann in ord leanúnach i ndiaidh uimhreach éigin eile ar an bpáipéar ballóide; no

(ii) le dhá uimhir no níos mó; no

(c) má bhíonn sé gan bhrí toisc nea-chinnteachta.

(6) Cialluíonn an focal “bun-vóta,” maidir le haon iarrthóir, vóta o pháipéar bhallóide ar a mbeidh céad-rogha breactha don iarrthóir sin.

(7) Cialluíonn an abairt “vóta aistrithe,” maidir le haon iarrthóir, vóta o pháipéar bhallóide ar a mbeidh dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha don iarrthóir sin.

(8) Cialluíonn an focal “barrachas” an méid thar an quota a bheidh uimhir na vótanna uile, idir bhun-vótanna agus vótanna aistrithe, a bheidh curtha i leith aon iarrthóra.

(9) Cialluíonn an focal “comhreamh”—

(a) gach oibriú is gá do dhéanamh chun na gcéad-roghna bheidh breactha d'iarrthóirí do chomhreamh; no

(b) gach oibriú is gá do dhéanamh chun barrachais iarrthóra thoghtha d'aistriú; no

(c) gach oibriú is gá do dhéanamh chun vótanna iarrthóra bheidh dúnta amach d'aistriú.

(10) Cialluíonn an abairt “tuigfear a bheith toghtha” tuigfear a bheith toghtha chun críche comhreamh na vótanna ach beidh san gan dochar do thoradh na vótaíochta do dhearbhú.

(11) Cialluíonn an abairt “cinneadh le crannchur” cinneadh do réir na treorach so leanas:—Tar éis ainmneacha na n-iarrthóirí le n-a mbainfidh do scríobhadh ar bhlúirí páipéir có-chosúla agus na blúirí sin d'fhilleadh i slí ná haithneofar thar a chéile iad agus iad do mheascadh agus do tharrac gan ordú gan eagar, déanfar an t-iarrthóir no na hiarrthóirí bheidh le dúnadh amach do dhúnadh amach san ord ina dtarraiceofar a n-ainmneacha agus, i gcásanna barrachaisí, déanfar na barrachaisí d'aistriú san ord ina dtarraiceofar na hainmneacha.