An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. An Votaiocht.)

32 1937

ACHT TOGHACHÁN AN UACHTARÁIN, 1937

CUID II.

Iarrthoiri d'Ainmniu.

Ainmniúcháin o chomhaltaí den Oireachtas.

8. —(1) Gach ainmniú iarrthóra i dtoghachán uachtaráin a dhéanfaidh comhaltaí den Oireachtas is do réir na bhforálacha so leanas a déanfar é, sé sin le rá:—

(a) is i scríbhinn ar pháipéar ainmniúcháin a bheidh sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so déanfar an t-ainmniú san;

(b) luadfar i ngach páipéar ainmniúcháin den tsórt san ainm iomlán, seoladh, agus tuairisc an duine a hainmnítear leis agus luadhfar ann fós gach ní is gá do réir na fuirme páipéir ainmniúcháin sin do luadh ann;

(c) beidh gach páipéar ainmniúcháin den tsórt san sighnithe ag fiche comhalta ar a laighead den Oireachtas mar ainmnitheoirí;

(d) beidh gach páipéar ainmniúcháin den tsórt san sighnithe ag gach duine den fhiche comhalta den Oireachtas a bheidh ag déanamh ainmnithe leis;

(e) déanfar gach páipéar ainmniúcháin den tsórt san do thabhairt don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin no do chur chuige tríd an bpost.

(2) Déanfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, ar n-a iarraidh sin air, fuirm pháipéir ainmniúcháin do thabhairt in aisce do chomhalta ar bith den Oireachtas.

(3) Beidh Cléireach Dháil Éireann agus Cléireach Sheanad Éireann, gach duine acu ar leithligh, i dteideal riar d'fhuirmeacha páipéar ainmniúcháin d'fháil ón gceann comhrimh toghacháin uachtaráin chun úsáide comhaltaí den Oireachtas.

(4) I gcás dhá cheann no níos mó de pháipéirí ainmniúcháin dleathacha cuirfear go dtí an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin fén alt so do bheith sighnithe ag comhalta áirithe den Oireachtas mar ainmnitheoir, bhéarfar áird ar an gceann san amháin de sna páipéirí ainmniúcháin dleathacha san is túisce gheobhaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin agus ní tabharfar aon áird ar an gceann no ar na cinn eile de sna páipéirí ainmniúcháin dleathacha san.

Ainmniúcháin o chomhairlí contae agus contae-bhuirge.

9. —(1) Féadfaidh aon chomhairle chontae no chontae-bhuirge, le rún go mbeifear tar éis fógra trí lá glan ar a laighead i dtaobh bheith ar intinn é thairisgint do thabhairt i scríbhinn do gach duine is comhalta den chomhairle sin le linn an fhógra san do thabhairt, beartú ar dhuine amháin a luadhfar d'ainmniú chun bheith ina iarrthóir i dtoghachán uachtaráin a bheidh le comóradh an uair sin.

(2) Ní rithfear aon rún fén alt so roimh dháta an orduithe cheaptha lactheanta déanfar alos an toghacháin uachtaráin le n-a mbainfidh an rún san, agus ní cuirfear aon rún den tsórt san ar ceal.

(3) Gach rún a rithfidh comhairle chontae no chontae-bhuirge fén alt so, bhéarfar éifeacht dó tré pháipéar ainmniúcháin a bheidh sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a bheidh séaluithe le séala na comhairle sin agus do bhéarfar don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin no cuirfear chuige tríd an bpost.

(4) Luadhfar i ngach páipéar ainmniúcháin a cuirfear do dtí an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin fén alt so ainm iomlán, seoladh, agus tuairisc an duine a hainmnítear leis agus luadhfar ann fós gach ní is gá do réir na fuirme páipéir ainmniúcháin sin do luadh ann.

(5) Gach páipéar ainmniúcháin a cuirfear go dtí an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin fén alt so agus fhéachfaidh bheith rialta agus dleathach beidh sé (mara gcruthuítear gur páipéar ainmniúcháin bréige no calaoiseach é) ina fhianaise dhochlaoidhte go ndearnadh an rún a luaidhtear sa pháipéar ainmniúcháin sin do thairisgint agus do rith go cuibhe do réir an ailt seo, ar an dáta luaidhtear chuige sin sa pháipéar ainmniúcháin sin, i gcruinniú, ar n-a ghairm agus ar n-a chomóradh go ceart, den chomhairle go mbeidh a séala greamuithe den pháipéar ainmniúcháin sin.

(6) Déanfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, ar n-a iarraidh sin air, fuirm pháipéir ainmniúcháin do thabhairt in aisce d'aon chomhairle chontae no chontae-bhuirge.

(7) Má gheibheann an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin o chomhairle chontae no chontae-bhuirge dhá cheann no níos mó de pháipéirí ainmniúcháin fhéachann bheith rialta agus a bhaineann leis an aon toghachán amháin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) aon dá cheann no níos mó de sna páipéirí ainmniúcháin sin do bheir le tuisgint go ndearnadh iad do réir rúin do ritheadh an t-aon lá amháin beid gan bhrí agus gach ceann (más aon cheann é) de sna páipéirí ainmniúcháin sin do bheir le tuisgint go ndearnadh é do réir rúin do ritheadh ar lá ina dhiaidh sin beidh sé sin gan bhrí, freisin;

(b) fé réir forálacha na míre sin roimhe seo agus gan dochar dóibh, an ceann san de sna páipéirí ainmniúcháin sin do bheir le tuisgint go ndearnadh é do réir rúin do ritheadh ar dháta is túisce ná an dáta ar ar ritheadh aon cheann de sna rúin go dtugann an chuid eile de sna páipéirí ainmniúcháin sin le tuisgint gur dá réir a rinneadh iad, is air sin amháin do bhéarfar áird agus do bhéarfar breith le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin, agus beidh an chuid eile de sna páipéirí ainmniúcháin sin gan bhrí.

(8) Ceithre cinn de pháipéirí ainmniúcháin dleathacha ag ainmniú an aon duine amháin agus gach ceann ar leith acu ar n-a chur go dtí an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin do réir an ailt seo o chomhairle chontae no chontae-bhuirge ar leith agus ar n-a fháil ag an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin roimh a dó dhéag a chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh, beidh san riachtanach chun ainmniú dleathach éifeachtúil o chomhairlí contaethe no contae-bhuirgí do dhéanamh ar an duine sin mar iarrthóir i dtoghachán uachtaráin.

(9) Beidh oibriú na gcomhacht a bronntar leis an alt so ar chomhairle chontae-bhuirge—

(a) ina fheidhm fhorchoimeádta do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 ( Uimh. 27 de 1930 ), i gcás contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, agus

(b) ina fheidhm fhorchoimeádta do réir bhrí Achta Bhainistí Chathair Chorcaighe, 1929 ( Uimh. 1 de 1929 ), i gcás contae-bhuirg Chorcaighe, agus

(c) ina fheidhm fhorchoimeádta do réir bhrí Achta Bhainistí Chathair Luimnigh, 1934 ( Uimh. 35 de 1934 ), i gcás contae-bhuirg Luimnigh.

Ainmniúcháin o dhuine bhí ina uachtarán no ón uachtarán a bheidh ag dul as oifig.

10. —(1) Gach ainmniú dhéanfaidh duine bhí ina uachtarán no an t-uachtarán a bheidh ag dul as oifig air féin mar iarrthóir is i scríbhinn ar pháipéar ainmniúcháin sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so déanfar é agus beidh sé sighnithe ag an duine sin a bhí ina uachtarán no ag an uachtarán san a bheidh ag dul as oifig agus bhéarfar don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin é no cuirfear chuige tríd an bpost é.

(2) Déanfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, ar n-a iarraidh sin air, fuirm pháipéir ainmniúcháin do thabhairt in aisce d'aon duine bhí ina uachtarán no don uachtarán a bheidh ag dul as oifig.

Páipéirí ainmiúcháin d'uimhriú go leanúnach.

11. —(1) Uimhreoidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin go leanúnach, san ord ina bhfuighidh iad, na páipéirí ainmniúcháin uile (pe'ca bheid rialta agus dleathach no ná beid) do gheobhaidh roimh a dó dhéag a chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh, agus chuige sin déanfaidh, díreach tar éis aon pháipéar ainmniúcháin den tsórt san d'fháil, uimhir leanúnach san an pháipéir sin do chúl-scríobhadh air.

(2) Na huimhreacha chúl-scríobhfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin ar pháipéirí ainmniúcháin do réir an ailt seo beid ina bhfianaise dho-chlaoidhte ar an ord ina bhfuair na páipéirí sin.

(3) Pé uair do gheobhaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin páipéar ainmniúcháin fén Acht so cuirfidh láithreach tríd an bpost chun an iarrthóra bheidh luaidhte sa pháipéar ainmniúcháin sin, go dtí an seoladh bheidh luaidhte sa pháipéar ainmniúcháin sin, fógra i scríbhinn á rá go bhfuair an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin scríbhinn do bheir le tuisgint gur páipéar ainmniúcháin í le n-a ndeineann comhairle go luadhfar a hainm no comhaltaí (nach gá a n-ainmneacha a luadh) den Oireachtas (do réir mar a bheidh) an t-iarrthóir sin d'ainmniú chun bheith ina iarrthóir, ach má fhaillíonn an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin an fógra san do chur chun siúil no mara bhfuighidh an t-iarrthóir sin an fógra san ní shaorfaidh san an t-iarrthóir sin ón oblagáid a cuirtear air leis an Acht so bheith i láthair, i bpearsain no tré ionadaí údaruithe, le linn na haimsire go léir a bheidh breith á tabhairt ar ainmniúcháin.

Breith do thabhairt ar ainmniúcháin.

12. —(1) Ar a dó dhéag a chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh i dtoghachán uachtaráin beidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin i láthair san áit a ceapfar chuige sin leis an ordú ceaptha laetheanta agus déanfaidh san áit agus san am san na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) na páipéirí ainmniúcháin uile do thabhairt i láthair do fuair roimh a dó dhéag a chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh;

(b) na páipéirí ainmniúcháin sin uile do scrúdú agus breith do thabhairt ortha san ord ina bhfuair iad agus a dhéanamh amach uatha cé hiad na daoine atá ainmnithe go dleathach agus a dhearbhú go bhfuil na daoine sin ainmnithe mar iarrthóirí sa toghachán san;

(c) mara mbeidh ach duine amháin a dearbhófar amhlaidh do bheith ainmnithe, a dhearbhú an duine sin do bheith toghtha ina Uachtarán agus deimhniú, sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, á dheimhniú an duine sin do bheith toghtha amhlaidh, do chur chun an Taoisigh agus d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil;

(d) má dearbhuítear amhlaidh beirt no níos mó do bheith ainmnithe, an toghachán do chur ar athló chun vótaíocha do dhéanamh do réir an Achta so.

(2) Ní ghlacfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin aon pháipéar ainmniúcháin tar éis a dó dhéag a chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh.

(3) Mara mbeidh amhras ar bith i dtaobh cé hé an duine do bheirtear le tuisgint a bheith ainmnithe le páipéar ainmniúcháin, ní diúltófar don pháipéar ainmniúcháin sin, ná ní dearbhófar é bheith nea-dhleathach, de bhíthin ainm no seoladh no tuairisc an duine sin do bheith curtha síos ann go nea-chruinn no go neamhiomlán agus dá bhíthin sin amháin.

(4) Bhéarfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin breith ar gach ceist i dtaobh aon pháipéir ainmniúcháin no i dtaobh ainmniúcháin aon iarrthóra no i dtaobh éinní eile bhaineann le hainmniú iarrthóirí no cuirfidh í fé bhráid au mheasaire bhreithiúntais fén gcéad alt ina dhiaidh seo den Acht so, agus pé uair do bhéarfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin breith ar aon cheist den tsórt san ní bheidh dul thar a bhreith uirthi ach amháin i gcás a curtha fé bhráid an mheasaire bhreithiúntais fén gcéad alt san ina dhiaidh seo.

(5) Isé gairmtear san Acht so de sna himeachta fén alt so ná breith do thabhairt ar ainmniúcháin.

An measaire breithiúntais.

13. —(1) Beidh Uachtarán na hArd-Chúirte no breitheamh éigin eile den Ard-Chúirt ainmneoidh seisean i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin agus suidhfidh ansan i dteanta an chinn chomhrimh toghacháin uachtaráin agus gníomhóidh ina mheasaire bhreithiúntais dó.

(2) Féadfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, as a chomhairle féin, agus déanfaidh, má iarrann iarrthóir no ionadaí iarrthóra san air, aon cheist do chur fé bhráid an mheasaire bhreithiúntais a eireoidh, le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin, i dtaobh aon pháipéir ainmniúcháin no i dtaobh ainmniúcháin aon iarrthóra no i dtaobh éinní eile bhaineann le hainmniú iarrthóirí.

(3) San áit agus san am san cinnfidh agus craolfaidh an measaire breithiúntais a bhreith ar gach ceist a chuirfidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin fé n-a bhráid fén alt so.

(4) Ní bheidh dul thar breith an mheasaire bhreithiúntais ar aon cheist a chuirfidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin fé n-a bhráid fén alt so agus ní bheidh sí ion-athscrúduithe ag cúirt ar bith.

(5) Féadfar ceist do chur fé bhráid an mheasaire bhreithiúntais fén alt so pe'ca bheidh breith tugtha uirthi ag an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin féin no ná beidh.

Nithe bheidh inbhreithnithe le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin.

14. —(1) Le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin is inbhreithnithe gach ceist a bhaineann le hiarrthóir d'ainmniú (agus go sonnrách a iontoghthachta) agus féadfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, no éinne eile bheidh i láthair an uair sin agus teideal aige chun páirt do thógaint sna himeachta, aon cheist den tsórt san do thabhairt anuas.

(2) Le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin beidh sé dleathach don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin, no d'éinne eile bheidh i láthair an uair sin agus teideal aige chun páirt do thógaint sna himeachta, dóthanacht no cruinneas ainm no seoladh no tuairisc aon iarrthóra mar a bheidh luaidhte ar pháipéar ainmniúcháin do dhiospóid agus beidh sé dleathach don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin no, má cuirtear an cheist fé bhráid an mheasaire bhreithiúntais, don mheasaire bhreithiúntais aon pháipéar ainmniúcháin ina mbeidh lúadh ainm no seoladh no tuairisc an iarrthóra, dar leis an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin no leis an measaire breithiúntais (pe'ca aca é), míthreorach de bhíthin nea-dhóthanachta no nea-chruinnis do dhiúltadh mar pháipéar ainmniúcháin gan bhrí.

(3) Chun breith do thabhairt ar aon cheist a bheidh ann le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin féadfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin no an measaire breithiúntais (pe'ca aca é) fianaise, o bhéal no in scríbhinn, a tairgfear dó ag aon pháirtí le n-a mbaineann an cheist sin no thar a cheann san, do ghlacadh agus gníomhú dá réir agus féadfaidh, más ceart san dar leis, a chur de cheangal an fhianaise sin do thabhairt fé mhionn agus féadfaidh chuige sin daoine do chur fé mhionn.

Iarrthóirí do bheith i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin.

15. —(1) Beidh gach iarrthóir i láthair, i bpearsain no tré ionadaí údaruithe, le linn na haimsire go léir a bheidh breith á tabhairt ar ainmniúcháin agus bhéarfaidh uaidh (i bpearsain no tré n-a ionadaí údaruithe) gach faisnéis, ina thaobh féin no i dtaobh aon pháipéir ainmniúcháin do bheir le tuisgint é d'ainmniú, a bheidh ar eolas aige agus a éilcoidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin no an measaire breithiúntais go réasúnta air.

(2) Más rud é, ar n-a iarraidh sin air don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin, gur dóich leis an measaire breithiúntais san do bheith ceart, féadfaidh ainmniú iarrthóra do dhí-lomháil ar an bhforas ná raibh an t-iarrthóir sin i láthair, fé mar is gá do réir an ailt seo, le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin, no ar an bhforas gur theip ar an iarrthóir sin no ar a ionadaí údaruithe faisnéis d'éileamh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin no an measaire breithiúntais, pe'ca aca é, air fén alt so do thabhairt don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin no don mheasaire bhreithiúntais.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “ionadaí údaruithe” duine go n-údarás o iarrthóir aige i scríbhinn, sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, chun an iarrthóra san d'ionadú le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin.

Iarrthóirí do tharrac siar.

16. —(1) Féadfaidh aon iarrthóir tarrac siar o bheith ina iarrthóir tráth ar bith le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin, pe'ca sara ndearbhuítear é bheith ainmnithe go cuibhe no ina dhiaidh sin é.

(2) Beidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin i láthair an lá chun tarrac siar ar feadh iomlán na tréimhse (dá ngairmtear san alt so an t-am chun tarrac siar) o n-a dó dhéag a chlog meán lae go dtí n-a dó a chlog tráthnóna san áit a ceapfar chuige sin leis an ordú ceaptha laetheanta, agus aon iarrthóir do bhí ainmnithe ar bheith críochnuithe do thabhairt na breithe ar ainmniúcháin féadfaidh tarrac siar o bheith ina iarrthóir aon uair i rith an ama san chun tarrac siar.

(3) Isé slí ina dtarraiceoidh iarrthóir siar fén alt so ná tríd an iarrthóir sin no tré n-a ionadaí údaruithe do sheachadadh fógra i scríbhinn i dtaobh an tarraicthe-siar san don cheann chomhrimh toghacháin uachtaráin le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin no le linn na haimsire chun tarrac siar (do réir mar a bheidh) agus é sighnithe ag an iarrthóir sin no ag á ionadaí údaruithe.

(4) Má bhíonn dhá iarrthóir no níos mó ainmnithe ar bheith críochnuithe do thabhairt na breithe ar ainmniúcháin agus go dtarraiceoidh gach iarrthóir acu san ach duine amháin siar o bheith ina iarrthóir i rith an ama chun tarrac siar, déanfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin, i gcionn an ama chun tarrac siar, cur an toghacháin ar athló do chealú agus a dhearbhú gur toghadh ina Uachtarán an t-aon iarrthóir amháin sin nár tharraig siar o bheith ina iarrthóir agus deimhniú, sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do chur chun an Taoisigh agus d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil i dtaobh an iarrthóra san do thogha amhlaidh.

(5) Ní bheidh sé dleathach d'iarrthóir tarrac siar o bheith ina iarrthóir ach amháin mar a húdaruítear leis an alt so.

An nós imeachta leanfar mara mbeidh aon iarrthóir ainmnithe.

17. —(1) Pé uair a thárlóidh, ar bheith críochnuithe do thabhairt na breithe ar ainmniúcháin, ná beidh aon iarrthóir ainmnithe no, gach iarrthóir do bhí ainmnithe ar bheith críochnuithe do thabhairt na breithe ar ainmniúcháin, go dtarraiceoidh siar ina dhiaidh sin o bheith ina iarrthóir, tosnófar as an nua ar na himeachta uile bhaineann leis an toghachán agus chuige sin tuigfear an t-ordú ceaptha laetheanta do bheith cealuithe agus déanfaidh an tAire nua-ordú ceaptha laetheanta chun crícheanna an toghacháin nua san.

(2) Ceann comhrimh toghacháin uachtaráin a ceapfar chun crícheanna toghacháin uachtaráin, tuigfear é do cheapadh freisin chun crícheanna aon toghacháin nua comórfar do réir an ailt seo maidir leis an toghachán uachtaráin sin.

Na daoine dá gceaduítear bheith i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin.

18. —(1) Beidh na daoine seo leanas i dteideal bheith i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin agus (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) páirt do thógaint sna himeachta, sé sin le rá:—

(a) an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin agus a chongantóirí,

(b) an measaire breithiúntais,

(c) na hiarrthóirí,

(d) na hionadaithe údaruithe (más ann dóibh) d'iarrthóirí,

(e) na daoine sin go n-údaruítear leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt so d'iarrthóir no d'ionadaí údaruithe iarrthóra a thabhairt leis chun cabhruithe leis.

(2) Féadfaidh na daoine seo leanas bheith i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin ach ní thógfaid páirt sna himeachta, sé sin le rá:—

(a) fínnithe ag tabhairt fianaise o bhéal ach ní bheid i láthair ach faid a bheid ag tabhairt na fianaise sin,

(b) aon duine amháin do bhéarfaidh an measaire breithiúntais leis chun freastal air,

(c) na daoine eile sin is dóich leis an gceann comhrimh toghacháin uachtaráin is ceart do leigint isteach.

(3) Gach iarrthóir ná beidh ionadaí údaruithe uaidh i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin féadfaidh beirt ar a mhéid do thabhairt leis chun cabhruithe leis.

(4) Má bhíonn ionadaí údaruithe o iarrthóir i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin féadfaidh an t-ionadaí údaruithe sin beirt ar a mhéid do thabhairt leis chun cabhruithe leis.

(5) Iarrthóir go mbeidh ionadaí údaruithe uaidh i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin féadfaidh féin bheith i láthair ach ní thabharfaidh éinne leis agus ní thógfaidh aon pháirt sna himeachta.

(6) Ní fhéadfaidh níos mó ná aon ionadaí údaruithe amháin o aon iarrthóir do bheith i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin.

(7) Ní bheidh éinne i láthair le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin ach amháin na daoine a húadaruítear chuige sin leis an alt so no a húdarófar fé.

Imeachta i gcás círéibe le linn breith do thabhairt ar ainmniúcháin.

19. —(1) Pé uair a déanfar tabhairt na breithe ar ainmniúcháin i dtoghachán uachtaráin do chosc ar fad no do bhac no cur isteach uirthi, le haon chíréib no fóirneart oscailte, déanfaidh an ceann comhrimh toghacháin uachtaráin tabhairt na breithe sin ar ainmniúcháin do chur ar athló go dtí an chéad lá ina dhiaidh sin nach Domhnach, Aoine Chéasta, Lá Nodlag ná lá saoire bainc agus, más gá é, cuirfidh tabhairt na breithe sin ar ainmniúcháin ar athló arís o ló go ló (gan Domhnach, Aoine Chéasta, Lá Nodlag ná lá saoire bainc d'áireamh) go dtí go mbeidh deireadh leis an gcíréib no leis an bhfóirneart oscailte sin.

(2) Pé uair a cuirfear tabhairt na breithe ar ainmniúcháin ar athló fén alt so féadfaidh an tAire le hordú, más ceart san dar leis, an t-ordú ceaptha laetheanta do leasú tré lá eile do cheapadh chun bheith ina lá vótaíochta in ionad an lae vótaíochta do ceapadh leis an ordú ceaptha laetheanta san.