An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Comhachta agus Dualgaisi Reachtula.) Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Abairti agus Focail Airithe do Mhiniu.)

38 1937

ACHT LÉIRIÚCHÁIN, 1937

CUID V.

Eifeacht Athghairmeanna agus Ceiliurtha.

An dáta ar a dtiocfaidh athghairmeanna agus ceiliúrtha i ngníomh.

19. —(1) Má athghairmeann Acht den Oireachtas iomlán reachta, no páirt de reacht, do ritheadh roimhe agus go gcuirfidh forálacha eile in ionad an reachta no na páirte de reacht a hathghairmfear amhlaidh leanfaidh an reacht no an pháirt de reacht i bhfeidhm go teacht i ngníomh do sna forálacha eile sin mara bhforáltar a mhalairt go soiléir in Acht na hathghairme.

(2) Má deintear le hionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den Oireachtas iomlán ionstruime reachtúla, no páirt d'ionstruim reachtúil, do rinneadh roimpi (pe'ca fén Acht san do rinneadh i bpáirt no go hiomlán í no fé reacht eile) do cheiliúradh agus forálacha eile do chur in ionad na hionstruime no na páirte d'ionstruim a ceiliúrfar amhlaidh, leanfaidh an ionstruim no an pháirt d'ionstruim a ceiliúrfar amhlaidh i bhfeidhm go teacht i ngníomh do sna forálacha eile sin mara bhforáltar a mhalairt go soiléir in ionstruim an cheiliúrtha.

Tagairtí do reachta athghairmthe agus d'ionstruimí ceiliúrtha do léiriú.

20. —(1) Pé uair a déanfar aon reacht no páirt de reacht d'athghairm agus d'ath-achtú, go n-atharú no gan atharú air, le hAcht den Oireachtas, déanfar, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, na tagairtí bheidh in aon reacht eile no in aon ionstruim reachtúil don reacht no don pháirt de reacht a hathghairmfear agus a hath-achtófar amhlaidh do léiriú mar thagairtí don pháirt den Acht san den Oireachtas ina mbeidh an t-ath-achtú san.

(2) Pé uair a déanfar ionstruim reachtúil no páirt d'ionstruim reachtúil do cheiliúradh agus d'ath-achtú, go n-atharú no gan atharú uirthi, le hionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den Oireachtas, déanfar, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, na tagairtí bheidh in aon ionstruim reachtúil eile don ionstruim reachtúil no don pháirt d'ionstruim reachtúil a ceiliúrfar agus a hath-achtófar amhlaidh do léiriú mar thagairtí don ionstruim sin ina mbeidh an t-ath-achtú san.

An chuma ina n-oibreoidh athghairm agus scur agus foirceannadh reachtanna.

21. —(1) Má athghairmeann Acht den Oireachtas iomlán reachta, no páirt de reacht, do ritheadh roimhe, ansan, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, ní dhéanfaidh an athghairm sin—

(a) aithbheochaint ar éinní ná beidh i bhfeidhm no ná beidh ar bith díreach roimh theacht in éifeacht don athghairm sin, ná

(b) deifir d'oibriú roimhe sin an reachta no na páirte de reacht a hathghairmfear amhlaidh ná d'éinní do rinneadh no do fuilingeadh go cuibhe fén gcéanna, ná

(c) deifir d'aon cheart, príbhléid, oblagáid, no fiachas do fuarthas no d'fhás no fé n-a ndeachthas fén reacht no fén bpáirt de reacht a hathghairmfear amhlaidh, ná

(d) deifir d'aon phionós no geallbhruideadh fé n-a ndeachthas mar gheall ar aon chionta no sárú, do rinneadh roimh an athghairm sin, i gcoinnibh no alos an reachta no na páirte de reacht a hathghairmfear amhlaidh, ná

(e) dochar ná deifir d'aon imeachta dlí, síbhialta no coiriúil, a bheidh ar feitheamh le linn na hathghairme sin mar gheall ar aon cheart, príbhléid, oblagáid, fiachas, cionta no sárú den tsórt san adubhradh.

(2) Má athghairmeann Acht den Oireachtas iomlán reachta, no páirt de reacht, a ritheadh roimhe, ansan, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, féadfar aon imeachta dlí, síbhialta no coiriúil, mar gheall ar aon cheart, príbhléid, oblagáid, no fiachas do fuarthas no d'fhás no fé n-a ndeachthas fén reacht no fén bpáirt de reacht a hathghairmfear amhlaidh, no mar gheall ar aon chionta no sárú i gcoinnibh no alos an chéanna, do bhunú no do choimeád ar siúl no d'fhoirfheidhmiú, agus féadfar aon phionós no geallbhruideadh mar gheall ar aon chionta no sárú den tsórt san d'fhorchur agus do chur in éifeacht amhail is ná hathghairmfí an reacht san no an pháirt sin de reacht.

(3) Má scuireann Acht den Oireachtas no páirt d'aon Acht den tsórt san, de bhíthin éinní no toisc aon chúise (seachas a athghairm le hAcht den Oireachtas a rithfí ina dhiaidh), do bheith i bhfeidhm, beidh feidhm agus éifeacht ag na fo-ailt sin roimhe seo den alt so maidir leis an Acht san no leis an bpáirt sin d'Acht amhail is gurbh athghairm a déanfaí le hAcht den Oireachtas fé ndeár an scur san agus dá réir sin déanfar, chun crícheanna na feidhme sin, gach tagairt atá i gceachtar fo-alt acu san roimhe seo do ní d'athghairm do léiriú mar thagairt don ní sin do scur, de bhíthin éinní no toisc aon chúise (seachas an athghairm sin), do bheith i bhfeidhm.

An chuma ina n-oibreoidh ceiliúradh agus scur agus foirceannadh ionstruimí reachtúla.

22. —(1) Má dheineann ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den Oireachtas iomlán ionstruime reachtúla, no páirt d'ionstruim reachtúil, do rinneadh roimpi do cheiliúradh, ansan, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, ní dhéanfaidh an ceiliúradh san—

(a) aithbheochaint ar éinní ná beidh i bhfeidhm no ná beidh ar bith díreach roimh theacht in éifeacht don cheiliúradh san, ná

(b) deifir d'oibriú roimhe sin na hionstruime reachtúla no na páirte d'ionstruim reachtúil a ceiliúrfar amhlaidh ná d'éinní do rinneadh no do fuilingeadh go cuibhe fén gcéanna, ná

(c) deifir d'aon cheart, príbhléid, oblagáid, no fiachas do fuarthas no d'fhás no fé n-a ndeachthas fén ionstruim reachtúil no fén bpáirt d'ionstruim reachtúil a ceiliúrfar amhlaidh, ná

(d) deifir d'aon phionós no geallbhruideadh fé n-a ndeachthas mar gheall ar aon chionta no sárú, do rinneadh roimh an gceiliúradh san, i gcoinnibh no alos na hionstruime reachtúla no na páirte d'ionstruim reachtúil a ceiliúrfar amhlaidh, ná

(e) dochar ná deifir d'aon imeachta dlí, síbhialta no coiriúil, a bheidh ar feitheamh le linn an cheiliúrtha san mar gheall ar aon cheart, príbhléid, oblagáid, fiachas, cionta no sárú den tsórt san adubhradh.

(2) Má dheineann ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den Oireachtas iomlán ionstruime reachtúla, no páirt d'ionstruim reachtúil, do rinneadh roimpi do cheilliúradh, ansan, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, féadfar aon imeachta dlí, síbhialta no coiriúil, mar gheall ar aon cheart, príbhléid, oblagáid, no fiachas do fuarthas no d'fhás no fé n-a ndeachthas fén ionstruim reachtúil no fén bpáirt d'ionstruim reachtúil a ceiliúrfar amhlaidh, no mar gheall ar aon chionta no sárú i gcoinnibh no alos an chéanna, do bhunú no do choimeád ar siúl no d'fhoirfheidhmiú, agus féadfar aon phionós no geallbhruideadh mar gheall ar aon chionta no sárú den tsórt san d'fhorchur agus do chur in éifeacht amhail is ná ceiliúrfaí an ionstruim reachtúil sin no an pháirt sin d'ionstruim reachtúil.

(3) I gcás ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den Oireachtas no páirt d'ionstruim a déanfar amhlaidh do scur, de bhíthin éinní no toisc aon chúise (seachas a ceiliúradh le hionstruim den tsórt san a déanfaí ina diaidh), de bheith i bhfeidhm beidh feidhm agus éifeacht ag na fo-ailt sin roimhe seo den alt so maidir leis an ionstruim sin no an pháirt sin d'ionstruim amhail is gur cheiliúradh déanfaí le hionstruim den tsórt san a déanfaí ina diaidh fé ndeár an scur san, agus dá réir sin déanfar, chun crícheanna na feidhme sin, gach tagairt atá i gceachtar fo-alt acu san roimhe seo do ní do cheiliúradh do léiriú mar thagairt don ní sin do scur, de bhíthin éinní no toisc aon chúise (seachas an ceiliúradh san), de bheith i bhfeidhm.