9 1938


Uimhir 9 de 1938.


ACHT PRÍMH-CHISTE, 1938.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍCHEANNA AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A hOCHT TRIOCHAD AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A NAOI TRIOCHAD.

[18adh Márta, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:

£463,059 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31adh Márta, 1938.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Cheithre Céad agus Trí Mhíle Seascad agus Naoi bPunt Caogad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcead a hocht tríochad.

£10,630,000 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31adh Márta, 1939.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Deich Milleon agus Sé Chéad agus Tríocha Míle Punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a naoi tríochad.

Comhacht an Aire Airgeadais chun iasacht d'fháil suas go dtí £11,093,059.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar Aon Mhilleon Déag Trí Mhíle Nóchad agus Naoi bPúint Chaogad d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do roimh-íoc leis an Aire Airgeadais agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgeadais aon urrúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis is oiriúnach leis agus fé pé coinníollacha is oiriúnach leis i dtaobh aisíoca, fuascailte no aon ní eile.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrúsanna do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

(3) Aon airgead a soláthrófar de bharr urrúsanna do bhéarfar amach fén Acht so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Prímh-Chiste, 1938 , do ghairm den Acht so.