|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 10 de 1938. | ||
| [EN] |
ACHT OSPIDÉIL FHIABHRAIS CHORCAIGHE (LEASÚ), 1938. | |
ACHT CHUN NA TRÉIMHSE CEAPTAR LE hALT 6 D'ACHT OSPIDÉIL FHIABHRAIS CHORCAIGHE, 1935 , D'FHAIDIÚ. [31adh Márta, 1938.] |
ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
An Phríomh-Acht. |
1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Ospidéil Fhiabhrais Chorcaighe, 1935 (Uimh 44 de 1935) . |
| [EN] |
Alt 6 den Phríomh-Acht do leasú. |
2. —Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht tré sna focail “trí mblian” do chur sa bhfo-alt san in ionad na bhfocal “dhá bhlian” agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin. |
| [EN] |
Gearr-theideal agus có-luadh. |
3. —(1) Féadfar Acht Ospidéil Fhiabhrais Chorcaighe (Leasú), 1938 , do ghairm den Acht so. |
| [EN] | (2) Féadfar Achtanna Ospidéil Fhiabhrais Chorcaighe, 1935 agus 1938, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile. |