|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGEADAIS, 1938) | Ar Aghaidh (CUID II. Cain Ioncuim maidir le Riarachan Estat.) |
ACHT AIRGEADAIS, 1938
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Cain Ioncuim. | |
[EN] |
Cáin ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1938-39. |
1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, éileofar cáin ioncuim do réir cheithre scillinge agus reul fén bpunt. |
[EN] | (2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, éileofar for-cháin ar ioncum aon phearsan gur mó ná míle agus cúig céad punt iomláine a ioncuim o gach taobh, agus is do réir na rátaí céanna gur dá réir a héilíodh í in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1937, a héileofar amhlaidh í. | |
[EN] | (3) Na forálacha reachtúla agus eile bhí i bhfeidhm an 5adh lá d'Abrán, 1938, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938. | |
[EN] |
Saoirse o alt 2 den Acht Airgid, 1937 . |
2. —(1) Ní bhainfidh alt 2 (ina bhfuil forálacha i dtaobh ioncuim a bheadh socruithe ar leanbhaí) den Acht Airgid, 1937 (Uimh. 18 de 1937) , le haon ioncum a bheidh, de bhuadh no de dhruim socruithe agus le linn saol-ré an tsocruitheora, á íoc no iníoctha le leanbh leis an socruitheor no ag fás chun tairbhe dhó in aon bhliain cháinmheasa má chuireann an socruitheoir ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim— |
[EN] | (a) nach mó ná seasca punt méid iomlán an ioncuim sin a bheidh á íoc no iníoctha no ag fás amhlaidh an bhliain sin, agus | |
[EN] | (b) go bhfuil an leanbh san os cionn sé bliana déag d'aois i dtosach na bliana san agus go bhfuil sé, de dheascaibh laige aigne no chuirp, fé mhí-chumas bhuan maidir le hé féin do chothabháil agus le teagasc lánaimsire do ghlacadh in ollscoil, i gcoláiste, i scoil no i bhfundúireacht eile oideachais, agus | |
[EN] | (c) ná fuil an leanbh san, in aghaidh na bliana san, i dteideal ioncuim is mó ná ceathracha punt ar fad gan ioncum d'áireamh le n-a mbainfeadh an t-alt san 2 dá mba ná hachtófaí an t-alt so. | |
[EN] | (2) Tá na bríonna céanna leis na focail “leanbh” agus “socrú” fé seach san alt so atá leo fé seach san alt san 2 den Acht Airgid, 1937 . | |
[EN] |
Alt 8 den Acht Airgid, 1932 , do leathnú. |
3. —(1) Má rinneadh méid liúntais le n-ar bhain alt 8 (alt i dtaobh liúntaisí áirithe fé sna hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, do bheith saor o cháin ioncuim) den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , sarar ritheadh an tAcht Arm-Phinsean, 1937 (Uimh. 15 de 1937) , do mhéadú de bhuadh ailt 4 den Acht Arm-Phinsean, 1937, adubhradh, bainfidh an t-alt san 8 den Acht Airgid, 1932 , agus tuigfear gur bhain sé riamh le hiomlán an liúntais sin agus é méaduithe amhlaidh. |
[EN] | (2) Beidh feidhm agus éifeacht agus tuigfear go raibh feidhm agus éifeacht riamh ag alt 8 (alt i dtaobh liúntaisí áirithe fé sna hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, do bheith saor o cháin ioncuim) den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , maidir le gach liúntas do deonadh fé alt 12 den Acht Arm-Phinsean, 1932 ( Uimh. 24 de 1932 ), do bhaintrigh duine do marbhadh le linn eirghe amach an Abráin agus na Bealtaine, 1916, no d'aon duine cloinne no cleithiúnach leis, agus, má méaduíodh méid aon liúntais den tsórt san de bhuadh ailt 18 den Acht Arm-Phinsean, 1937 (Uimh. 15 de 1937) , bainfidh an t-alt san 8 agus tuigfear gur bhain sé riamh le hiomlán an liúntais sin agus é méaduithe amhlaidh. | |
[EN] |
Alt 3 den Acht Airgid, 1925 , do leasú. |
4. —Deintear leis seo alt 3 (alt i dtaobh saoirse do phinsin agus d'aiscí míleata áirithe) den Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , do leasú tríd an bhfo-alt so leanas do chur ann in ionad fo-ailt (2) atá anois ann agus léireofar an t-alt san 3 agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé le rá:— |
[EN] | “(2) Ar na pinsin chréachta agus mhí-chumais le n-a mbaineann alt 16 den Finance Act, 1919, beidh agus tuigfear go raibh riamh gach pinsean créachta agus mí-chumais do deonadh no a deonfar fé sna hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1937, agus fós gach aisce alos créachta no mí-chumais do deonadh no a deonfar amhlaidh, agus léireofar an t-alt san 16 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.” | |
[EN] |
Leasuithe do dhéanamh ar Sceideal C agus leasuithe iarmartacha do dhéanamh ar Sceideal D. |
5. —(1) Chun crícheanna uile na cánach ioncuim is inéilithe fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918, nó fé Chás III de Sceideal D den Acht san, déanfar an abairt “public revenue”, i ngach áit ina bhfuil sí sa Sceideal san C (le n-a n-áirmhítear na Rialacha bhaineann leis an Sceideal san) no i Riail 1 de sna Rialacha bhaineann leis an gCás san III, do léiriú agus beidh éifeacht aice (ach amháin mar a n-éilíonn an có-théacs a mhalairt) mar abairt fholuíonn ioncum puiblí Riaghaltais ar bith agus ioncum aon údaráis phuiblí no fundúireachta puiblí in aon tír lasmuich d'Éirinn. |
[EN] | (2) I gcás bancaer no éinne eile in Éirinn d'fháil aon díbhinní coigríche in áit eile seachas Éire tré ghearrtháin do gheobhaidh o dhuine eile no ar shlí eile thar a cheann san, bainfidh an cháin fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918, leis na díbhinní sin, agus an duine gheobhaidh na díbhinní sin deighleálfar leis chun crícheanna na rialacha i dtaobh gníomhairí íocthacha fé is go dtaobhófaí leis na díbhinní sin d'íoc. | |
[EN] | (3) Má dheineann bancaer in Éirinn gearrtháin in aghaidh aon díbhinní coigríche do dhíol no do mhalairtiú ar airgead in aon tslí eile agus go ndéanfaidh sochar an mhalairtithe sin d'íoc le duine ar bith no do chur chun cuntais dhuine ar bith bainfidh an cháin fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918, leis an sochar san agus bainfidh na rialacha i dtaobh gníomhairí íocthacha leis an sochar san fé is gur dhíbhinní iad le n-a mbainfeadh na rialacha san agus fós leis an mbancaer sin fé is gur dhuine é go dtaobhófaí leis na díbhinní sin d'íoc. | |
[EN] | (4) Má dheineann deighleálaí i ngearrtháin in Éirinn gearrtháin in aghaidh aon díbhinní coigríche do cheannach o dhuine seachas bancaer no deighleálaí eile i ngearrtháin, bainfidh an cháin fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918, leis an bpraghas ar ar ceann uíodh na gearrtháin sin agus bainfidh na rialacha i dtaobh gníomhairí íocthacha leis an bpraghas san fé is gur dhíbhinn é le n-a mbainfeadh na rialacha san agus fós leis an deighleálaí sin fé is gur dhuine é go dtaobhófaí leis an díbhinní sin d'íoc. | |
[EN] | (5) Má dheineann aon bhancaer no aon deighleálaí i ngearrtháin cuntas do thabhairt, fé sna rialacha i dtaobh gníomhairí íocthacha, i gcáin ar aon tsochar den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (3) den alt so no ar aon phraghas den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (4) den alt so agus gur deimhin leis na Coimisinéirí Speisialta go ndearnadh na díbhinní, dob iníoctha ar na gearrtháin as a dtáinig an sochar san no an praghas san, d'íoc ina dhiaidh sin i slí gur baineadh cáin as na díbhinní sin fé aon riail dá mbaineann le Sceideal C den Income Tax Act, 1918, aisíocfar an cháin do baineadh as na díbhinní sin amhlaidh. | |
[EN] | (6) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha san roimhe seo (ach amháin fo-alt (1)) den alt so chun crícheanna Rialach 7 de sna Rialacha Ilghnéitheacha bhaineann le Sceideal D den Income Tax Act, 1918, gus na hatharuithe riachtanacha. | |
[EN] | (7) San alt so— | |
[EN] | cialluíonn an abairt “rialacha i dtaobh gníomhairí íocthacha” an tsraith sin de Rialacha bhaineann le Sceideal C den Income Tax Act, 1918, go dtosnuíonn a mírcheann leis na focail “Rules as to interest, etc., with the payment of which persons”, | |
[EN] | foluíonn an focal “bancaer” duine ghníomhuíonn mar bhancaer, | |
[EN] | tá leis an focail agus leis an abairt “díbhinní”, “gearrtháin”, agus “gearrtháin in aghaidh aon díbhinní” fe seach na bríonna céanna atá leis an focail agus leis an abairt “dividends” “coupons”, agus “coupons for any dividends” fé seach sna rialacha i dtaobh gníomhairí íocthacha; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “díbhinní coigríche” díbhinní is iníoctha in áit eile seachas in Éirinn pe'ca taid iníoctha in Éirinn freisin no ná fuilid. | |
[EN] | (8) Is fé réir forálacha an ailt seo bheidh éifeacht ag Sceideal C agus ag Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus tuigfear gur fé n-a réir san a bhí éifeacht riamh acu. | |
[EN] |
Forálacha i dtaobh ioncum d'aistriú a thagann as urrúis. |
6. —(1) Má dheineann únaer aon urrús (dá ngairmtear an t-únaer san alt so) in aon bhliain cháinmheasa ceart glactha aon úis áirithe do dhíol no d'aistriú is iníoctha (pe'ca roimh an díol no roimh an aistriú san é no dá éis sin) ar na hurrúis sin gan na hurrúis sin do dhíol ná d'aistriú, ansan agus i ngach cás den tsórt san, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) chun crícheanna uile na nAchtanna Cánach Ioncuim tuigfear i dtaobh an úis sin (pe'ca bheadh cáin inéilithe air no ná beadh dá mba ná hachtófaí an t-alt so)— | |
[EN] | (i) gur ioncum leis an únaer é no, marab é únaer tairbheach na n-urrús san an t-únaer agus go mbeidh duine éigin eile (dá ngairmtear an tairbheoir san alt so) i dteideal tairbheach an ioncuim a thiocfaidh as na hurrúis sin, gur ioncum leis an tairbheoir é, agus | |
[EN] | (ii) gur ioncum leis an únaer no leis an tairbheoir (do réir mar a bheidh) é in aghaidh na bliana cáinmheasa san, agus | |
[EN] | (iii) nach ioncum le duine ar bith eile é, agus | |
[EN] | (iv) má bhíonn cáin inéilithe ar shochar an díola no an aistrithe sin fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918. no fé Riail 7 de sna Rialacha Ilghnéitheacha bhaineann le Sceideal D den Acht san, gur có-mhéid leis an sochar san é; | |
[EN] | (b) má deintear ina dhiaidh sin ceart san glactha an úis áirithe sin do dhíol no d'aistriú no do mhalairtiú ar airgead ar shlí eile ní tuigfear, chun aon chríche de chrícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim, sochar an díola no an aistrithe no an mhalairtithe eile sin do rinneadh ina dhiaidh sin, do bheith ina ioncum leis an duine do rinne, no go ndearnadh thar a cheann, an díol no an t-aistriú no an malairtiú eile sin do rinneadh ina dhiaidh sin; | |
[EN] | (c) más den chineál san na hurrúis sin go bhféadfar an t-ús is iníoctha ortha d'íoc gan cáin do bhaint as beidh an t-únaer no an tairbheoir (do réir mar a bheidh) ionchurtha fé cháin fé Chás VI de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, alos aon úis is iníoctha ar na hurrúis sin agus a tuigfear, de bhuadh an ailt seo, do bheith ina ioncum leis an duine sin, mara gcruthuighe sé gur híocadh cáin ar an ús san no gur cuireadh fé cháin, fén Sceideal san C no fén Riail sin 7, an sochar a tháinig as ceart glactha an úis sin do dhíol no d'aistriú no do mhalairtiú ar airgead ar shlí eile; | |
[EN] | (d) más rud é, in aon chás le n-a mbainfidh an mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, gur do réir an méid do gheobhfaí in Éirinn a déanfaí an cháin, ar an ús a bheidh de dhruim na míre sin ionchurtha fé cháin fé Chás VI den Sceideal san D, d'áireamh dá mba fé Chás III den Sceideal san D a bheadh an t-ús san ionchurtha fé cháin, is ar mhéid iomlán na suimeanna do gheobhfar in Éirinn sa bhlian cháinmheasa san, no in aon bhliain cháinmheasa ina dhiaidh sin ina leanfaidh an t-únaer de bheith ina únaer ar na hurrúis sin, a háirmheofar an cháin sin is inéilithe do bhun na míre deiridh sin roimhe seo; | |
[EN] | (e) ní dhéanfaidh éinní atá sa bhfo-alt so deifir d'aon fhoráil de sna hAchtanna Cánach Ioncuim le n-a n-údaruítear no le n-a gceangailtear cáin do bhaint as aon ús a tuigfear de bhuadh an fho-ailt seo do bheith ina ioncum leis an únaer no leis an tairbheoir no as sochar aon ath-dhíola no ath-aistrithe no ath-mhalairtithe eile den tsórt a luaidhtear anso roimhe seo do dhéanamh ar cheart glactha an úis áirithe sin. | |
[EN] | (2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar dhuine ar bith go dtabharfadh sé dhóibh, fé cheann na haimsire sin (nach giorra ná ocht lá fichead o am an fhógra san do sheirbheáil) a luadhfar sa bhfógra san, na mion-innste sin, i dtaobh na n-urrús uile ba leis an duine sin aon tráth i rith na tréimhse luadhfar sa bhfógra san, is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is gá chun crícheanna an ailt seo no chun a fháil amach ar híocadh cáin ar an ús dob iníoctha ar na hurrúis sin no ar cuireadh cáin, fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918, no fé Riail 7 de sna Rialacha Ilghnéitheacha bhaineann le Sceideal D den Acht san, ar an sochar as ceart glactha an úis ar na hurrúis sin do dhíol aon uair no d'aistriú no do mhalairtiú ar airgead ar shlí eile aon uair. | |
[EN] | (3) Gach duine ar a seirbheálfar fógra fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus go dteipfidh air, gan leithscéal réasúnta bheith aige, déanamh do réir an fhógra san fé cheann na haimsire bheidh ceaptha chuige sin dlighfear pionós ná raghaidh thar caoga punt do chur air agus, tar éis breithiúntas do bheith tugtha ag gearradh an phionóis sin, pionós breise dá chó-mhéid in aghaidh gach lae leanfaidh an teip. | |
[EN] | (4) San alt so— | |
[EN] | foluíonn an focal “ús” díbhinní, blianachtaí, agus scaireanna de bhlianachtaí; | |
[EN] | foluíonn an focal “urrúis” stuic agus scaireanna de gach saghas. | |
[EN] | (5) Beidh feidhm agus éifeacht ag an alt so maidir le gach bliain cháinmheasa do thosnuigh roimh an 6adh lá d'Abrán, 1938, chó maith le gach bliain cháinmheasa dar tosach an dáta san no dáta ina dhiaidh sin. | |
[EN] |
Bannai cistiúcháin a tugtar amach alos úis ar fhiacha áirithe. |
7. —(1) Má bheirtear amach aon bhannaí cistiúcháin do chreidmheasóir alos aon fhiachais chun ús d'íoc ar fhiacha le n-a mbaineann an t-alt so, deighleálfar le tabhairt-amach na mbannaí sin, chun crícheanna uile na nAchtanna Cánach Ioncuim, fé is dá mb'é bheadh ann ná oiread den ús san d'íoc agus is có-ionann leis an méid dob fhiú na bannaí sin le linn iad do thabhairt amach, agus ní deighleálfar, chun aon chríche acu san, le fuascailt na mbannaí sin mar ní is íoc san ús san no in aon chuid de. |
[EN] | (2) Baineann an t-alt so leis na fiacha uile dlightear ar aon riaghaltas no údarás puiblí no fundúireacht phuiblí ar bith, pé áit ina bhfuilid, agus leis na fiacha uile dlightear ar aon chólucht chorpruithe ar bith, pé áit ina bhfuilid. | |
[EN] | (3) San alt so foluíonn an abairt “bannaí cistiúcháin” gach banna, stoc, scair, urrús agus deimhniú féichiúnais. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm agus éifeacht ag an alt so maidir le gach bliain cháinmheasa do thosnuigh roimh an 6adh lá d'Abrán, 1938, chó maith le gach bliain cháinmheasa dar tosach an dáta san no dáta ina dhiaidh sin. |