26 1938


Uimhir 26 de 1938.


ACHT NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1938.


ACHT CHUN ACHTANNA NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1908 GO 1932, DO LEASÚ. [29adh Iúl, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “dall” duine is dall do réir bhrí an Blind Persons Act, 1920, mar a leasuítear san le hAcht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 (Uimh. 18 de 1932) .

Gan áird do thabhairt ar liúntaisí áirithe fén Blind Persons Act, 1920, nuair a bheidh acfuinn daill á háireamh.

2. —Nuair a bheidh acfuinn daill, le n-a n-íoctar liúntas do bhun scéime chun staid na ndall d'fheabhsú do hullamhuíodh fé alt 2 den Blind Persons Act, 1920, á háireamh chun crícheanna Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1932, ní tabharfar aon áird ar an gcuid sin (más aon chuid é) den liúntas san a híoctar leis an duine sin agus gur léir gur alos aon leinbh is cleithiúnaí air a híoctar í.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

3. —(1) Féadfar Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1938 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin le hAchtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1932, agus féadfar Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1938, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.