|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 27 de 1938. | ||
| [EN] |
ACHT CAIPITAIL THELEFÓIN, 1938. | |
ACHT CHUN TUILLEADH AIRGID DO DHEONADH CHUN AN CHÓRAIS THELEFÓNAIGH PHUIBLÍ D'FHORBAIRT AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LEIS SIN. [29adh Iúl, 1938.] |
ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Deontas breise chun an chórais thelefónaigh d'fhorbairt. |
1. —I dteanta an airgid a húdaruítear leis na hAchtanna Caipitail Thelefóin, 1924 go 1936, féadfaidh an tAire Airgeadais suimeanna nach mó san iomlán ná suim milleon punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis, pé suimeanna theastuigh no theastóidh ón Aire Puist agus Telegrafa chun an chórais thelefónaigh phuiblí d'fhorbairt do réir mheastachán ar n-a gceadú don Aire Airgeadais. |
| [EN] |
Féadfaidh an tAire Airgeadais iasachtaí d'fháil chun crícheanna an Achta so. |
2. —(1) Chun airgead do sholáthar i gcóir na suimeanna a húdaruítear leis an Acht so a thabhairt amach as an bPrímh-Chiste no chun airgead do sholáthar chun gach suim no aon tsuim do tugadh amach as an bPrímh-Chiste fé údarás an Achta so d'aisíoc leis an gCiste sin féadfaidh an tAire Airgeadais iasachtaí d'fháil tré bhlianachtaí inchríochnuithe rithfidh ar feadh tréimhse nach sia ná fiche bliain. |
| [EN] | (2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste an t-airgead uile do gheobhfar ar iasacht fén alt so. | |
| [EN] | (3) Is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach blianacht inchríochnuithe cruthnófar fén alt so agus, maran leor an t-airgead san, is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh a muirear agus a híoc. | |
| [EN] |
Ailt 3 agus 4 den Acht Caipitail Thelefóin, 1927, d'ionchorprú. |
3. —Ionchorpruítear leis an Acht so ailt 3 agus 4 den Acht Caipitail Thelefóin, 1927 (Uimh. 8 de 1927) . |
| [EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Caipitail Thelefóin, 1938 , do ghairm den Acht so. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Caipitail Thelefóin, 1924 go 1938, do ghairm de sna hAchtanna Caipitail Thelefóin, 1924 go 1936, agus den Acht so le chéile. |