33 1938


Uimhir 33 de 1938.


ACHT FÓRSAÍ COSANTA (PINSIN) (LEASÚ), 1938.


ACHT CHUN AN ACHTA FÓRSAÍ COSANTA (PINSIN), 1932 , DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [14adh Mí na Nodlag, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 (Uimh. 26 de 1932) ;

tá leis na habairtí “na Fórsaí” agus “scéim phinsin” na bríonna céanna atá leis na habairtí sin fé seach sa Phríomh-Acht.

Brí na habairte “oifigeach de sna Fórsaí” do leathnú.

2. —Chun crícheanna an Phríomh-Achta deintear leis seo brí na habairte “oifigeach de sna Fórsaí” do leathnú i dtreo go bhfolóidh sí—

(a) duine bhí ina oifigeach de sna Fórsaí tráth ar bith i rith na tréimhse dar tosach an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, agus dar críoch an 26adh lá de Dheire Fómhair, 1937, agus do ceapadh, i rith na tréimhse sin agus faid do bhí sé ina oifigeach den tsórt san, chun bheith ina bhall den Ghárda Síochána, agus

(b) duine do fuair bás idir an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, agus an 26adh lá de Dheire Fómhair, 1937, agus a bhí, ar dháta a bháis, ag fónamh mar oifigeach de sna Fórsaí, agus

(c) duine do fuair bás an 12adh lá d'Eanar, 1935, agus do thug suas a choimisiún mar oifigeach de sna Fórsaí an 11adh lá d'Eanar. 1935.

Pinsin do bhaintreacha agus do chlainn oifigeacha marbha áirithe do thosnú.

3. —(1) I gcás—

(a) duine do fuair bás idir an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, agus an 26adh lá de Dheire Fómhair, 1937, do bheith ar dháta a bháis ag fónamh mar oifigeach de sna Fórsaí, agus

(b) pinsean do dheonadh fé scéim phinsin do bhaintrigh an duine sin no do dhuine chlainne leis,

féadfar a fhoráil leis an scéim phinsin sin go dtosnóidh an pinsean san ar bheith iníoctha amhail ar an lá agus ón lá tar éis an lae ar a bhfuair an duine sin bás.

(2) I gcás—

(a) duine do fuair bás an 12adh lá d'Eanar, 1935, do thabhairt suas a choimisiúin mar oifigeach de sna Fórsaí an 11adh lá d'Eanar, 1935, agus

(b) pinsean do dheonadh fé scéim phinsin do bhaintrigh an duine sin no do dhuine chlainne leis,

féadfar a fhoráil leis an scéim phinsin sin go dtosnóidh an pinsean san ar bheith iníoctha amhail ar an 13adh lá d'Eanar, 1935, agus ón lá san amach.

Leasú cúlghabhálach ar scéimeanna pinsean.

4. —Má deintear scéim phinsin (dá ngairmtear an tseana-scéim san alt so) do leasú le scéim phinsin a ceapfar ina dhiaidh sin féadfar a rá in aon leasú ar an seana-scéim go mbeidh an leasú san i ngníomh ón dáta san (nach luaithe ná dáta na seana-scéime do theacht i bhfeidhm) a luadhfar sa scéim phinsin sin a ceapfar ina dhiaidh sin.

Pinsin do dheonadh.

5. —I gcás ina bhféadfar pinsean no aisce do dheonadh do dhuine ar bith fé scéim phinsin (a tháinig i bhfeidhm roimh an Acht so do rith no thiocfaidh i bhfeidhm dá éis sin) féadfaidh an tAire Cosanta, as a chomhairle féin, an pinsean no an aisce sin do dheonadh (fé réir an Aire Airgeadais do thoiliú leis sin roimh ré) no diúltadh d'é dheonadh.

Gearr-theideal.

6. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin) (Leasú), 1938 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.