An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Liuntaisi do Threoraithe Pairtithe Airithe i nDail Éireann.)

38 1938

ACHT UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PÁIRLIMINTE, 1938

CUID II.

Luach Saothair Comhaltai den Riaghaltas, Runaithe Pairliminte, an Ard-Aighne, agus Cathaoirligh agus Leas-Chathaoirligh Dhail Éireann agus Sheanad Éireann.

Luach saothair Comhaltaí den Riaghaltas agus Rúnaithe Páirliminte.

3. —(1) Íocfar mar thuarastal leis an Taoiseach suim bhliantúil ná raghaidh thar suim £2,500 agus íocfar mar thuarastal le gach comhalta eile den Riaghaltas suim bhliantúil ná raghaidh thar suim £1,700.

(2) In ionad fo-ailt (5) d'alt 7 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 ( Uimh. 16 de 1924 ), a hathghairmtear leis an Acht so, achtuítear leis seo go ndéanfar suim bhliantúil ná raghaidh thar suim £1,200 d'íoc mar thuarastal le gach Rúnaí Páirliminte ar n-a cheapadh fén alt san 7 agus ná beidh dearbhuithe, le téarmaí a cheapacháin, é bheith á cheapadh gan tuarastal.

(3) Einne bheidh i dteideal tuarastal d'fháil fén alt so ní híocfar níos mó ná aon tuarastal amháin den tsórt san leis aon tráth áirithe.

(4) Ní raghaidh líon iomlán na ndaoine bheidh ag fáil tuarastal fén alt so aon tráth áirithe thar dó is fiche.

Luach saothair an Ard-Aighne.

4. —Íocfar mar thuarastal leis an Ard-Aighne suim bhliantúil ná raghaidh thar suim £2,500.

Luach saothair Cathaoirligh agus Leas-Chathaoirligh Dháil Éireann.

5. —(1) Íocfar mar thuarastal le Cathaoirleach Dháil Éireann suim bhliantúil ná raghaidh thar suim £1,700 agus íocfar mar thuarastal le Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann suim bhliantúil ná raghaidh thar suim £1,000.

(2) Pé uair a scuirfear Dáil Éireann agus ná beidh an duine ba Chathaoirleach ar Dháil Éireann díreach roimh Dháil Éireann do scur tar éis a chraoladh do Dháil Éireann roimh an scur san nach mian leis teacht chun bheith ina chomhalta de Dháil Éireann san olltoghachán a bheidh ann de dhruim an scurtha san, leanfaidh an tuarastal is iníoctha fén alt so leis an duine sin de bheith á íoc leis go dtí go ndéanfar, ar Dháil Éireann do theacht le chéile arís tar éis an scurtha san, a chomharba do cheapadh.

Luach saothair Cathaoirligh agus Leas-Chathaoirligh Sheanad Éireann.

6. —(1) Íocfar mar thuarastal le Cathaoirleach Sheanad Éireann suim bhliantúil ná raghaidh thar suim £1,200 agus íocfar mar thuarastal le Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann suim bhliantúil ná raghaidh thar suim £750.

(2) Pé uair a bheidh olltoghachán ann i gcóir Seanad Éireann, leanfaidh an tuarastal is iníoctha fén alt so leis an duine ba Chathaoirleach ar Sheanad Éireann an lá roimh an lá vótaíochta san olltoghachán san de bheith á íoc leis an duine sin go dtí go ndéanfar, ar Sheanad Éireann do theacht le chéile arís tar éis an olltoghacháin sin, a chomharba do cheapadh.

Forálacha foirlíontacha maidir le tuarastail.

7. —(1) Má dheineann comhalta den Oireachtas is sealbhóir oifige luaidhtear sa Chuid seo den Acht so fógra i scríbhinn do thabhairt don Aire Airgeadais á rá gur mian leis gan ach an oiread san den tuarastal a ghabhann leis an oifig sin do tharrac agus is có-ionann leis an gcuid shaortha, ní híocfar leis an duine sin alos an tuarastail sin ach suim is có-ionann leis an gcuid shaortha.

(2) San alt so nuair a húsáidtear an abairt “an chuid shaortha” maidir le tuarastal, cialluíonn sí an oiread san den tuarastal san agus atá, de bhuadh fo-ailt (5) d'alt 3 d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938 ( Uimh. 34 de 1938 ), saor o cháin ioncuim (le n-a n-áirmhítear for-cháin).

Tuarastail d'íoc amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas.

8. —Is amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas a híocfar gach tuarastal is iníoctha fén gCuid seo den Acht so.