Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Nithe go bhfeadfar socru dheanamh ina dtaobh in Ordu Bunuchain.)

4 1939


Uimhir 4 de 1939.


ACHT NA nOISPIDÉAL, 1939.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS AN AIRE RIAGHALTAIS ÁITEAMHAIL AGUS SLÁINTE POIBLIDHE ORDUITHE ÁIRITHE DO DHÉANAMH MAIDIR LE BAINISTÍ, RIALÚ AGUS AIRGEADAS OISPIDÉAL ÁIRITHE. [22adh Márta, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

cialluíonn an abairt “óispidéal deontach” fundúireacht go gcólíontar ina taobh an dá choinníoll so leanas, sé sin le rá:—

(a) go ndeintear inti aon ní no nithe acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) cóir do chur ar fáil chun galar, lot no mí-chruth ar dhaoine do chose, do chóireáil no do leigheas,

(ii) cóir leighis, máinliaghachta no fiaclóireachta do chur ar dhaoine,

(iii) tearmann do thabhairt do dhaill, do bhodhráin, do bhalbháin no do dhaoine go n-éalaing aigne ortha,

(iv) tearmann do thabhairt do mhná ag iompar cloinne no do mháithreacha leanbhaí atá fé bhun cúig mblian d'aois agus do sna leanbhaí sin, agus

(b) ná fuil mar chólucht rialúcháin uirthi—

(i) roinn Stáit, ná

(ii) aon cheann no níos mó de sna húdaráis áitiúla so leanas, sé sin le rá:—

(I) comhairle chontae,

(II) údarás ar a bhfuil sé de chúram na Poor Relief (Ireland) Acts, 1874 to 1914, do riaradh,

(III) údarás sláintíochta, ná

(iii) coiste d'aon údarás áitiúil acu san, ná

(iv) có-choiste de dhá údarás áitiúil no níos mó acu san.

Ordú bunúcháin d'iarraidh.

2. —(1) Féadfaidh cólucht rialúcháin aon óispidéil dheontaigh, do bhun rúin le n-a mbeidh glactha chuige sin ag an gcólucht rialúcháin sin, ordú bunúcháin maidir leis an óispidéal san d'iarraidh ar an Aire.

(2) Sara nglacaidh cólucht rialúcháin óispidéil dheontaigh le rún chun ordú bunúcháin d'iarraidh, bhéarfar fógra i dtaobh é bheith beartuithe an rún san do thairisgint tré leitir roimh-íoctha do phostáil an t-aon lá amháin (a beidh trí seachtaine ar a laighead roimh dháta an rúin sin do ghlacadh) go dtí gach duine fé leith is comhalta den chólucht rialúcháin sin an lá san, agus í dírithe chuige ag an seoladh ag á gcomhnuíonn sé de ghnáth, á chur in úil dó é bheith beartuithe an rún san do thairisgint.

Fógra puiblí i dtaobh ordú bunúcháin d'iarraidh.

3. —(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis do chólucht rialúcháin óispidéil dheontaigh ordú bunúcháin d'iarraidh, déanfaidh an cólucht rialúcháin sin fógra á rá gur hiarradh an t-ordú san d'fhoillsiú uair amháin ar a laighead i ngach seachtain de dhá sheachtain as a chéile i dtrí páipéirí nuachta (go mbeidh páipéar amháin ar a laighead acu ina pháipéar laethiúil mhaidne) a léightear sa cheanntar ina bhfuil an t-óispidéal san.

(2) Is sa bhfuirm sin a bheidh ceaduithe ag an Aire bheidh gach fógra fhoillseoidh cólucht rialúcháin óispidéil dheontaigh fén alt so agus beidh ann, i dteanta nithe ar bith eile bheidh ceaduithe amhlaidh, ráiteas á chur in úil go bhféadfaidh duine ar bith a bheidh i gcoinnibh ordú bunúcháin do dhéanamh maidir leis an óispidéal san ráiteas scríobhtha ar a chuid agóidí do chur chun an Aire tráth ar bith roimh dheireadh cheithre seachtaine tar éis na seachtaine ina bhfoillseofar an fógra san den dara huair.

Iarratas ar ordú bunúcháin dobhreithniú agus ordú bunúcháin do dhéanamh.

4. —(1) Má dheineann cólucht rialúcháin óispidéil dheontaigh ordú bunúcháin d'iarraidh ar an Aire fé réim agus do réir an Achta so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, se sin le rá:—

(a) féadfaidh an tAire cinneadh ar ghéilleadh don iarratas san no ar gan géilleadh don iarratas san,

(b) ní chinnfidh an tAire amhlaidh go dtí go mbeidh deireadh leis an tréimhse ina bhféadfar ráitisí scríobhtha, ar agóidí i gcoinnibh an orduithe sin do dhéanamh, do chur chuige fén alt deiridh sin roimhe seo agus, nuair a bheidh an cinneadh sin á dhéanamh aige, féachfaidh d'aon ráitisí den tsórt san a cuirfear chuige amhlaidh,

(c) sara gcinnfidh an tAire amhlaidh, féadfaidh, in aon chás inar dóich leis é bheith ceart san do dhéanamh, fiosrúchán puiblí do chomóradh féachaint ar mhaith an rud é an t-ordú san do dhéanamh,

(d) má chinneann an tAire ar ghéilleadh don iarratas san, ullamhóidh sé dréacht den ordú bhunúcháin sin sna téarmaí sin is oiriúnach leis agus cuirfidh an dréacht san fé bhráid an chóluchta rialúcháin sin agus fé bhráid an údaráis áitiúil no na n-údarás áitiúil dá mbeidh an cólucht rialúcháin nua bheidh le bunú leis an ordú bunúcháin sin ionadathach,

(e) má có-aontuítear agus nuair a có-aontófar idir an tAire, an cólucht rialúcháain sin agus an t-údarás áitiúil no na húdaráis áitiúla san i dtaobh na n-atharuithe (más ann dóibh) is maith a dhéanamh ar an dréacht san, féadfaidh an tAire ordú (dá ngairmtear ordú bunúcháin san Acht so) do dhéanamh i dtéarmaí an dréachta san agus, i gcás gur có-aontuíodh mar adubhradh gur cheart an dréacht san d'atharú in aon tslite áirithe, é atharuithe sna slite sin no, in aon chás eile, é mar d'ullamhuigh an tAire i dtosach é.

(2) Bheidh feidhm ag Airteagal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le gach fiosrúchán puiblí comórfar fén alt so féachaint ar mhaith an rud é ordú bunúcháin do dhéanamh fé mar atá feidhm ag an Airteagal san maidir leis na fiosrúcháin a luaidhtear ann, agus chun crícheanna na feidhme sin tuigfear gur údaráis le n-a mbaineann an fiosrúchán san cólucht rialúcháin an óispidéil dheontaigh a bheidh ag iarraidh an orduithe sin agus an t-údarás áitiúil no na húdaráis áitiúla dá mbeidh an cólucht rialúcháin nua bheidh le bunú leis an ordú san ionadathach.

Forálacha orduithe bunúcháin.

5. —Gach ordú bunúcháin a déanfar maidir le hóispidéal deontach—

(a) dearbhóidh go mbeidh, ar dháta áirithe agus dá éis sin, seana-chólucht rialúcháin an óispidéil sin scurtha agus cólucht rialúcháin nua (dá ngairmtear an Bord san Acht so) don óispidéal san bunuithe a bheidh ionadathach i bpáirt no go hiomlán (mar is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh san ordú) do cheann amháin no níos mó d'údaráis áitiúla,

(b) dearbhóidh go mbeidh an Bord ina chólucht chorpruithe ar a dtabharfar an ainm a luadhfar san ordú agus go mbeidh síor-chomharbas agus có-shéala (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúntais) acu agus go bhféadfaid dul chun dlí, agus go bhféadfar dul chun dlí leo, fén ainm sin agus go bhféadfaid talamh do shealbhú,

(c) dearbhóidh go mbeidh maoin an tseana-chóluchta rialúcháin (le n-a n-áirmhítear aon mhaoin a bheidh ar seilbh ar iontaobhas chun aon chríche de chrícheanna an óispidéil sin) agus fiacha, dualgaisí agus fiachaisí an tseana-chóluchta rialúcháin aistrithe chun an Bhúird ar an dáta áirithe sin,

(d) féadfaidh socrú a dhéanamh chun oifigigh agus seirbhísigh an tseana-chóluchta rialúcháin d'aistriú chun an Bhúird agus i dtaobh a mhéide (más aon mhéid é) a bheidh seirbhís aon oifigigh no seirbhísigh fén seana-chólucht rialúcháin le háireamh chun crícheanna aois-liúntais no cúitimh mar gheall ar oifig no seirbhís fén mBord do chailliúint,

(e) féadfaidh socrú a dhéanamh i dtaobh nithe ar bith a leanfaidh as an scur agus as na haistrithe sin,

(f) féadfaidh a chur ar chumas an Bhúird, fé réir na srianta san (más aon cheann é) a luadhfar san ordú san, airgead d'fháil ar iasacht agus féadfaidh, maidir leis an mBord d'fháil airgid amhlaidh, feidhm do thabhairt, go n-atharú no gan atharú, d'aon achtachán a bhainfidh le húdaráis áitiúla i gcoitinne no le húdaráis áitiúla d'aicme áirithe d'fháil airgid ar iasacht,

(g) féadfaidh, le toiliú an Aire Airgeadais, a chur ar chumas an Aire sin airgead do thabhairt ar iasacht don Bhord as ciste na n-iasachtaí áitiúla fé is dá mba ias acht áitiúil do réir bhrí Achta Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935) , an tabhairt ar iasacht san agus go n-údarófaí le hAcht den Oireachtas í,

(h) féadfaidh a dhearbhú go mbeidh sé de chomhacht ag an mBord, fé réir na srianta san (más aon cheann é) a luadhfar san ordú san, na nithe sin uile do dhéanamh go mbíonn sé de chomhacht de ghnáth ag cóluchhtaí rialúcháin óispidéal den aicme gur di an t-óispidéal san iad do dhéanamh, agus

(i) féadfaidh socrú a dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu san atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Ordú bunúcháin d'fhoillsiú.

6. —Má dheineann an tAire ordú bunúcháin, déanfaidh cólucht rialúcháin an óispidéil dheontaigh le n-a mbainfidh an t-ordú san a chur fé ndeár, chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin, cóipeanna den ordú san do chur ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpuiblíocht sna hamanna agus sna háiteanna san ordóidh an tAire, agus foillseoid san Iris Oifigiúil agus sa tslí eile sin a hordófar amhlaidh fógra i dtaobh an orduithe sin do dhéanamh agus i dtaobh na n-amanna bheidh agus na n-áiteanna ina mbeidh cóipeanna den ordú san ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpuiblíocht.

Ceachtar Tigh den Oireachtas do chur orduithe bhunúcháin ar nea-mbrí.

7. —Leagfar gach ordú bunúcháin fé bhráid gach Tighe den Oireachtais chó luath, tar éis an fhógra luaidhtear san alt deiridh sin roimhe seo d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, agus a bheidh caoi ann chuige sin, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, fé cheann an lae is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar neambrí, beidh an t-ordú san-curtha ar nea-mbrí dá réir sin.

An Ard-Chúirt do chur orduithe bhunúcháin ar nea-mbrí.

8. —(1) Má leagtar ordú bunúcháin fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus ná déanfaidh ceachtar Tigh acu san, fé cheann na haimsire ceaptar chuige sin leis an alt deiridh sin roimhe seo, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, féadfaidh duine ar bith, aon uair fé cheann mí (ach ní tar éis mí) o dheireadh na haimsire sin, a iarraidh ar an Ard-Chúirt an t-ordú san no aon chuid áirithe dhe do chur ar nea-mbrí agus ar an iarratas san do bhreithniú—

(a) más dóich leis an Ard-Chúirt go bhfuil an t-ordú san, ar fad no nach mór ar fad, contrárdha don Acht so no gan bheith údaruithe leis no gan bheith déanta dá réir, féadfaidh an Ard-Chúirt an t-ordú san do chur ar nea-mbrí, agus

(b) más dóich leis an Ard-Chúirt ná fuil ach cuid den ordú san contrárdha don Acht so no gan bheith údaruithe leis no gan bheith déanta dá réir, féadfaidh an Ard-Chúirt, do réir mar a chífear don Ard-Chúirt is caothúla do sna páirtithe uile, an chuid sin den ordú san do chur ar nea-mbrí no iomlán an orduithe sin do chur ar nea-mbrí.

(2) Ar iarratas fen alt so do bheith á bhreithniú beidh teideal ag an Aire agus ag cólucht rialúcháin an óispidéil dheontaigh le n-a mbainfidh an t-iarratas san chun bheith i láthair agus féadfaidh an Chúirt a ordú, maidir le costaisí agus caiteachaisí aon pháirtí áirithe (le n-a n-áirmhítear an tAire agus an cólucht rialúcháin sin), gurb aon pháirtí áirithe eile íocfaidh iad.

An tAire do chur orduithe bhunúcháin ar nea-mbrí.

9. —(1) Féadfaidh an tAire ordú bunúcháin do chur ar nea-mbrí tráth ar bith sara ndéanfar ordú fén gcéad alt ina dhiaidh seo ag daingniú an orduithe bhunúcháin sin.

(2) Má deintear cuid d'ordú bhunúcháin do chur ar nea-mbrí fén alt deiridh sin roimhe seo ní chuirfidh san cosc leis an ordú san do chur ar nea-mbrí ina dhiaidh sin fén alt so.

Ordú bunúcháin do dhaingniú.

10. —(1) Má dheineann an tAire ordú bunúcháin agus—

(a) ná déanfaidh ceachtar Tigh den Oireachtas, fé cheann na haimsire ceaptar chuige sin leis an Acht so, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, agus

(b) go dtárlóidh—

(i) ná déanfar aon iarratas chun na hArd-Chúirte, fé cheann na haimsire ceaptar chuige sin leis an Acht so, chun an orduithe sin do chur ar nea-mbrí i bpáirt no go hiomlán, no

(ii) go ndéanfar iarratas amháin no níos mó den tsórt san fé cheann na haimsire sin ach, ar an mbreith dheiridh do thabhairt ar an iarratas no ar na hiarrataisí sin, ná déanfar aon chuid no ná déanfar ach cuid den ordú san do chur ar nea-mbrí, agus

(c) ná cuirfidh an tAire an t-ordú san ar nea-mbrí,

féadfaidh an tAire le hordú an t-ordú bunúcháin sin no, i gcás cuid den ordú bhunúcháin sin do bheith curtha ar nea-mbrí mar adubhradh, an chuid sin de ná beidh curtha ar nea-mbrí do dhaingniú fé réir na n-atharuithe sin (más aon cheann é), i gceachtar cás, a luadhfar agus a bheidh ag teastáil mar gheall ar an imeacht aimsire o rinneadh an t-ordú bunúcháin sin.

(2) Gach ordú bunúcháin no cuid d'ordú bhunúcháin a daingneofar fén alt so beidh feidhm dlí aige fé réir atharuithe ar bith a luadhfar fén alt so san ordú le n-a ndaingneofar é agus ní bheidh sé ionchonspóidithe in aon Chúirt ná in aon imeachta.

Orduithe bunúcháin agus Achtanna áirithe tuigtear is oduithe bunúcháin do leasú.

11. —(1) Má daingnítear ordú bunúcháin féadfaidh an tAire, o am go ham, le hordú an t-ordú bunúcháin sin do leasú, agus na forálacha den Acht so bhaineann le hordú bunúcháin do dhéanamh agus le cúrsaí roimh a dhéanamh agus le n-a dhaingniú agus le n-a éifeacht ar bheith daingnithe dhó beidh feidhm acu maidir le hordú déanfar fén alt so fé mar atá feidhm acu maidir le hordú bunúcháin ach san fé réir an atharuithe go ndéanfar tagairtí sna forálacha san d'óispidéal dheontach do léiriú mar thagairtí don óispidéal le n-a mbainfidh an t-ordú bunúcháin a bheidh á leasú.

(2) Tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, Acht Oispidéil Fhiabhrais Chorcaighe, 1935 (Uimh. 44 de 1935) , mar a leasuítear é le hAcht Oispidéil Fhiabhrais Chorcaighe (Leasú), 1938 (Uimh. 10 de 1938) , agus Acht Oispidéil Fhiabhrais Bhaile Atha Cliath, 1936 (Uimh. 21 de 1936) , do bheith, gach ceann fé leith acu, ina ordú bhunúcháin.

Costaisí.

12. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal.

13. —Féadfar Acht na nOispidéal, 1939 , do ghairm den Acht so.