8 1939


Uimhir 8 de 1939.


ACHT PRÍMH-CHISTE, 1939.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍCHEANNA AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A NAOI TRIOCHAD AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A DATHAD. [29adh Márta, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

£956,181 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31adh Márta, 1939.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Naoi gCéad agus Sé Mhíle Caogad Céad agus Aon Phunt Ochtód do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a naoi tríochad.

£10,855,000 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31adh Márta, 1940.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Deich Milleon Ocht gCéad agus Cúig Mhíle Caogad Punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a dathad.

Comhacht an Aire Airgeadais chun iasacht d'fháil suas go dtí £11,811,181.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar Aon Mhilleon Déag Ocht gCéad agus Aon Mhíle Dhéag Céad agus Aon Phunt Ochtód d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do roimh-íoc leis an Aire Airgeadais agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgeadais aon urrúis do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis is oiriúnach leis agus fé pé coinníollacha is oiriúnach leis i dtaobh aisíoca, fuascailte no aon ní eile.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrús do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

(3) Aon airgead a cruinneofar de bharr urrús do bhéarfar amach fén Acht so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Prímh-Chiste, 1939 , do ghairm den Acht so.