16 1939


Uimhir 16 de 1939.


ACHT UM CHLÉIREACH SHEANAD ÉIREANN (CÚITEAMH), 1939.


ACHT CHUN A ÚDARÚ LIÚNTAS CÚITIMH SPEISIALTA DO DHEONADH DON DUINE DO BHÍ I SEILBH OIFIGE CHLÉIRIGH SHEANAD ÉIREANN DÍREACH ROIMH AN ACHT BUNREACHTA (LEASÚ Uimh. 24), 1936 , DO RITH. [14adh Iúl, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Comhacht chun cúiteamh speisialta do dheonadh do Chléireach an tseana-Sheanaid.

1. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “Seanad Éireann” an Tigh do bhí, fén ainm sin, ina cheann de sna Tithe d'Oireachtas Shaorstáit Éireann roimh an Acht Bunreachta (Leasú Uimh. 24), 1936 (Uimh. 18 de 1936), do rith.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais liúntas cúitimh speisialta do dheonadh don duine do bhí i seilbh oifige Chléirigh Sheanad Éireann díreach roimh an Acht Bunreachta (Leasú Uimh. 24), 1936 (Uimh. 18 de 1936), do rith, agus do chuir Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann as an seirbhís phuiblí ina dhiaidh sin de dhruim an Achta san do rith.

(3) Déanfar liúntas cúitimh speisialta deonfar fén alt so d'áireamh do réir ailt 1 den Superannuation Act, 1909, ach amháin go ndéanfar, chun a chinneadh cadé an tseirbhís a féadfar a chomhaireamh chun an liúntais sin d'áireamh, uimhir de bhlianta (nach mó ná deich) do chur, más oiriúnach leis an Aire Airgeadais é agus má orduíonn sé amhlaidh, le seirbhís an duine dá ndeonfar an liúntas san.

(4) Beidh liúntas cúitimh speisialta deonfar fén Acht so do dhuine iníoctha amhail ón dáta ar ar cuireadh as an seirbhís phuiblí é agus beidh sé ina liúntas in ionad aon chúitimh no liúntais fhágála do deonadh don duine sin roimh an Acht so do rith.

(5) I gcás aon liúntais chúitimh eile, no aon phinsin, is iníoctha amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas do dheonadh do dhuine dá mbeidh liúntas cúitimh speisialta deonta fén Acht so, laigheadófar an liúntas cúitimh speisialta san méid an liúntais chúitimh eile sin no an phinsin sin amhail ón dáta éifeachtúil ar a dtosnóidh íoc an liúntais chúitimh eile sin no an phinsin sin.

Baint na nAchtanna Aois-liúntais, 1834 go 1936.

2. —Fé réir forálacha an Achta so, bainfidh na hAchtanna Aoisliúntais, 1834 go 1936, le liúntas cúitimh speisialta fén Acht so fé mar a bhaineann na hAchtanna san le liúntaisí cúitimh no aoisliúntaisí a deontar fé sna hAchtanna san.

Costaisí.

3. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghfar chun an Achta so do riaradh.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht um Chléireach Sheanad Éireann (Cúiteamh), 1939 , do ghairm den Acht so.