|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncuim.) | Ar Aghaidh (CUID III. Diuitethe Bais.) |
ACHT AIRGEADAIS, 1939
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Custuim agus Mal. | |
[EN] |
Na diúitéthe sa Chéad Sceideal d'fhorchur. |
8. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Chéad Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san. |
[EN] | (2) I gcás ina bhfuil percentáiste curtha síos sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh aon earra sa dara colún den Chéad Sceideal san, léireofar san mar ní a chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san. | |
[EN] | (3) I ngach áit ina ndeirtear sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so go mbaineann forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, le diúité luaidhtear sa Chéad Sceideal san, bainfidh forálacha an ailt sin 8 leis an diúité sin ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh na hearraí is ionchurtha fén diúité sin luaidhte sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919, adubhradh, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta thosaíochta. | |
[EN] | (4) I ngach áit ina ndeirtear sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so go mbaineann an fhoráil cheadúnúcháin le diúité áirithe luaidhtear sa Chéad Sceideal san, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhforáil seo leanas maidir leis an diúité sin, sé sin le rá:—pé uair is dóich leis an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité sin d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart, ach san i slí ná beidh aon cheadúnas den tsórt san saor o fhorálacha ailt 15 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) . | |
[EN] | (5) Na forálacha (más ann dóibh) atá leagtha amach sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so ag aon uimhir thagartha áirithe sa Chéad Sceideal san, beidh éifeacht acu, fé réir forálacha an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, maidir leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san. | |
[EN] | (6) I gcás earra do bheith ionchurtha fé dhiúité forchuirtear leis an alt so ní tuigfear, chun aon chríche maidir leis an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so seachas crícheanna ailt 8 den Finance Act, 1919, gur in aon tír áirithe do rinneadh an earra san maran toradh saothair do rinneadh sa tír áirithe sin an cion san dá luach a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fé alt 16 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 ( Uimh. 12 de 1938 ), chun crícheanna an Achta san. | |
[EN] | (7) San alt so agus sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so cialluíonn an abairt “an Ríocht Aontuithe” Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann agus foluíonn Inse Mara nIocht agus Oileán Manann. | |
[EN] |
Na rátaí diúité ar thobac d'atharú. |
9. —(1) An diúité custum ar thobac a forchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), déanfar, maidir le tobac a hiomportálfar an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir na rátaí uile agus fé seach a luaidhtear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí gur dá réir atá an diúité sin inéilithe anois de bhuadh ailt 20 den Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) . |
[EN] | (2) An diúité máil ar thobac a forchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), déanfar, amhail ar an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, agus dá éis sin, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir na rátaí uile agus fé seach a luaidhtear i gCoda II agus III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí gur dá réir atá an diúité sin inéilithe anois de bhuadh ailt 20 den Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) . | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (5) den alt san 19 den Acht Airgid, 1934 , maidir le tobac is ionchurtha fén diúité máil a forchuirtear le fo-alt (1) den alt san do réir ráta luaidhtear i gCuid II no i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus chun críche na feidhme sin déanfar tagairtí sna fo-ailt sin (2) go (5) den alt san 19 do Choda I agus II fé seach den tSéú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 , adubhradh, do léiriú agus beidh éifeacht acu mar thagairtí do Choda II agus III fé seach den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so. | |
[EN] |
Na rátaí diúité ar íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil d'atharú. |
10. —(1) An diúité custum a forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1931 ( Uimh. 43 de 1931 ), ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, maidir le híle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil is ionchurtha fén diúité sin agus a hiomportálfar an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir deich bpingne an galún in ionad an ráta luaidhtear san alt san 1. |
[EN] | (2) An diúité máil a forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 ( Uimh. 7 de 1935 ), ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, maidir le híle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil is ionchurtha fén diúité sin agus a cuirfear amach an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin, ar díol no chun a díolta no eile, o áitreabh a déantóra no úsáidfidh an déantóir sin ar an dáta san no dá éis chun críche ar bith seachas chun íle híodrocarbóin mhinearáil do dhéanamh no do tháirgeadh, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir ocht bpingne an galún in ionad an ráta luaidhtear san alt san 1. | |
[EN] |
Na rátaí diúité ar íle híodrocarbóin d'atharú. |
11. —(1) An diúité custum a forchuirtear le halt 21 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), déanfar, maidir le híle híodrocarbóin is ionchurtha fén diúité sin agus a hiomportálfar an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir deich bpingne an galún in ionad an ráta luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt san 21. |
[EN] | (2) An locáiste is ionlomhálta fé fho-alt (2) den alt san 21 den Acht Airgid, 1935 , déanfar, maidir le híle híodrocarbóin ar a mbeidh an locáiste sin ionlomhálta agus a hiomportálfar an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin, é do lomháil do réir deich bpingne an galún in ionad an ráta luaidhtear sa bhfo-alt san (2). | |
[EN] | (3) An diúité máil a forchuirtear leis an alt san 21 den Acht Airgid, 1935 , déanfar, maidir le híle híodrocarbóin is ionchurtha fén diúité sin agus a cuirfear amach an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin, ar díol no chun a díolta no eile, o áitreabh a déantóra no úsáidfidh an déantóir sin ar an dáta san no dá éis chun criche ar bith seachas chun íle híodrocarbóin do dhéanamh no do tháirgeadh, é d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir ocht bpingne an galún in ionad an ráta luaidhtear i bhfo-alt (3) den alt san 21. | |
[EN] | (4) An locáiste is ionlomhálta fé fho-alt (4) den alt san 21 den Acht Airgid, 1935 , déanfar, maidir le híle híodrocarbóin ar a mbeidh an locáiste sin ionlomhálta agus ar ar híocadh an diúité máil a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do réir ocht bpingne an galún, é do lomháil do réir ocht bpingne an galún in ionad an ráta luaidhtear sa bhfo-alt san (4). | |
[EN] |
Saoirse ón diúité ar scannáin chinematografacha. |
12. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an diúité (eadhon, diúité ar scannáin chinematografacha áirithe) a forchuirtear le halt 17 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), ar n-a leasú le halt 8 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 ( Uimh. 34 de 1932 ), sé sin le rá:— |
[EN] | (a) pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim— | |
[EN] | (i) scannán cinematografach díor-chló is ionchurtha fén diúité sin do bheith á iomportáil ag club no ag cumann no ag cóghléasadh eile no thar a gceann, agus | |
[EN] | (ii) an cóghléasadh san do bheith á choimeád ar siúl ar fad no nach mór ar fad chun go ndéanfadh a bhaill stuidéar ar theicníc na scannán agus gan é bheith á choimeád ar siúl chun brabús do dhéanamh, agus | |
[EN] | (iii) ná taisbeánfar an scannán san ach do bhaill den chóghléasadh san agus do dhaoine gheobhaidh cuireadh chun an taisbeánta san o bhall den chóghléasadh san, agus | |
[EN] | (iv) ná déanfaidh duine ar bith ná ná glacfar o dhuine ar bith aon íocaíocht (seachas an síntiús bliantúil no an síntiús tréimhsiúil eile is iníoctha leis an gcóghléasadh san ag baill de) as dul isteach go dtí aon taisbeánadh déanfar ar an scannán san, agus | |
[EN] | (v) go n-easportálfar an scannán san tar éis a thaisbeánta do bhaill an chóghléasta san, | |
[EN] | féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir chólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an scannán san d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha no aon diúité den tsórt san a híocadh le linn na hiomportála d'aisíoc; | |
[EN] | (b) pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon scannán cinematografach díor-chló is ionchurtha fén diúité sin (nach scannán a bheidh ceaptha agus beartuithe chun é d'úsáid i dteanta fuaimeanna gutha no eile do bheith á dtabhairt no á n-ath-thabhairt amach go meicniúil) agus nach leithne ná seacht ndeichiú d'orlach, gur táirgeadh an scannán san lasmuich den Stát leis an bpróiseas ais-iompála as scannán nea-réalta nochttha, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim (pe'ca rinneadh an scannán san do sciolladh no do roinnt lasmuich den Stát no ná dearnadh), fé réir chólíonodh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an scannán san, maraon le haon fhaidithe bheidh curtha as chun a thochrasta agus chuige sin amháin, d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha no aon diúité den tsórt san a híocadh le linn na hiomportála d'aisíoc. | |
[EN] |
Achtanna Airgeadais áirithe do leasú. |
13. —(1) Déanfar gach Acht a luaidhtear ag ceann Coda den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú mar leanas, sé sin le rá, déanfar gach alt, sceideal, no uimhir thagartha den Acht san no san Acht san a luaidhtear sa dara colún den Chuid sin den Tríú Sceideal san do leasú sa tslí luaidhtear sa tríú colún den Chuid sin den Tríú Sceideal san os coinne luadh an ailt, an sceidil, no na huimhreach tagartha san (do réir mar a bheidh) sa dara colún san. |
[EN] | (2) Gach leasú a luaidhtear amhlaidh mar adubhradh sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh éifeacht aige (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt sa tríú colún den Tríú Sceideal san) amhail ar an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, agus ón lá san amach. | |
[EN] | (3) Na mion-innste luaidhtear sa cheathrú colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chun gurb usaide na diúitéthe dá ndeintear deifir fé seach leis na leasuithe uile agus fé seach a luaidhtear sa Tríú Sceideal san d'aithint, agus chuige sin amháin, atáid curtha isteach sa Tríú Sceideal san, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná an Tríú Sceidil sin ná ní oibreoidh chun réim ná éifeacht aon leasuithe luaidhtear sa Tríú Sceideal san do leathnú, do theorannú, no do rialú. | |
[EN] |
Leasuithe iomdha ar na hAchtanna Custum. |
14. —(1) Deintear leis seo an clár de thoirmisc agus de shrianta maidir le hearraí do theacht isteach a ghabhann le halt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, do leasú tré sna focail “coffee, chicory” do scriosadh amach as san áit ina bhfuilid sa mhír dar tosach “Extracts, essences, or other concentrations”. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag alt 22 (alt a bhaineann le diúité stampa ar iontrála custum) den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , maidir le hiontrála in aghaidh earraí ath-iomportálta go mbeidh bille stórais tugtha amach ina dtaobh. | |
[EN] | (3) Deintear leis seo fo-alt (5) d'alt 12 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), do leasú tríd an bhfocal agus na figiúirí “d'alt 12” do scriosadh amach agus tríd an bhfocal agus na figiúirí “d'alt 13” do chur in ionad an fhocail agus na bhfigiúirí scriostar amach amhlaidh. | |
[EN] | Beidh éifeacht ag an bhfo-alt so agus is tuigthe go raibh éifeacht aige amhail o am an Achta Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , do rith. | |
[EN] | (4) Pé uair a dhéanfaidh an tAire Airgeadais, i bhfeidhmiú na comhachta bheirtear dó le mír (b) d'alt 15 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 ( Uimh. 12 de 1938 ), a chur de cheangal diúité d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta áirithe, féadfaidh, más ceart san dar leis, ráta a háirmheofar ar shlí no ar bhonn a bheidh deifriúil leis an slí no leis an mbonn ar a n-áirmhítear gnáth-ráta an diúité sin do cheapadh mar an ráta áirithe sin. | |
[EN] | Beidh éifeacht ag an bhfo-alt so agus is tuigthe go raibh éifeacht aige amhail o am an Achta Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) , do rith. | |
[EN] | (5) Déanfar alt 15 den Acht Airgeadais, 1938 ( Uimh. 25 de 1938 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige agus is tuigthe go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí an fo-alt so leanas isteach ann in ionad fo-ailt (6) atá anois ann, sé sin le rá:— | |
[EN] | “(6) I gcás earra do bheith ionchurtha fé dhiúité forchuirtear leis an alt so ní tuigthe, chun aon chríche eireoidh fén gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so seachas crícheanna ailt 8 den Finance Act, 1919, gur in aon tír áirithe do rinneadh an earra san maran toradh saothair do rinneadh sa tír áirithe sin an cion san dá luach a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fé alt 16 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 ( Uimh. 12 de 1938 ), chun crícheanna an Achta san.” | |
[EN] | (6) Deintear leis seo fo-alt (4) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1938 ( Uimh. 25 de 1938 ), do leasú tré sna focail agus na figiúirí “Finance Act, 1909” do scriosadh amach agus tré sna focail agus na figiúirí “Revenue Act, 1909” do chur in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí scriostar amach amhlaidh. | |
[EN] | Beidh éifeacht ag an bhfo-alt so agus is tuigthe go raibh éifeacht aige amhail o am an Achta Airgeadais, 1938 (Uimh. 25 de 1938) , do rith. | |
[EN] |
Ceadúnaisí chun earraí d'iomportáil gan diúitéthe áirithe custum do bheith íoctha. |
15. —(1) Pé uair is dóich leis an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir chólíonadh na gcoinníollacha san is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fé dhiúité forchuirtear le hachtachán a luaidhtear sa dara colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart, ach san i slí ná beidh aon cheadúnas den tsórt san saor o fhorálacha ailt 15 den Acht Airgeadais (Có-aontú leis an Ríocht Aontuithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) . |
[EN] | (2) An chomhacht a bronntar leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so is comhacht í, sa mhéid go mbaineann sí le haon diúité áirithe, in ionad gach comhachta reachtúla eile (más ann di) atá i bhfeidhm anois (pe'ca comhacht ghénerálta í no comhacht ná baineann ach le cásanna áirithe) chun a údarú le ceadúnas earraí is ionchurtha fén diúité sin no earraí de shaghas áirithe is ionchurtha fén diúité sin d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha. | |
[EN] | (3) Na mion-innste luaidhtear sa tríú colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chun gurb usaide na diúitéthe forchuirtear fé seach leis na hachtacháin a luaidhtear sa dara colún den Cheathrú Sceideal san d'aithínt, agus chuige sin amháin, atáid curtha isteach sa Cheathrú Sceideal san, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa tríú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná an Cheathrú Sceidil sin. | |
[EN] |
Deireadh do chur le diúitéthe áirithe custum. |
16. —(1) Na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a forchuirtear fé seach leis na hachtacháin a luaidhtear sa dara colún den Chúigiú Sceideal san ní héileofar ná ní gearrfar iad ar aon earraí a hiomportálfar an 11adh lá de Bhealtaine, 1939, no dá éis sin. |
[EN] | (2) Na mion-innste luaidhtear sa cheathrú colún den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chun gurb usaide na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Chúigiú Sceideal san d'aithint, agus chuige sin amháin, atáid curtha isteach sa Chúigiú Sceideal san, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná an dara colúin ná an tríú colúin den Chúigiú Sceideal san ná ní dhéanfaidh teorannú ná rialú ar oibriú an chéanna. | |
[EN] |
Saoirse o dhiúité siamsa. |
17. —(1) Ní déanfar diúité is diúité siamsa do réir bhrí ailt 1, agus is inéilithe fé alt 1, den Finance (New Duties) Act, 1916, ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, d'éileamh ná do ghearradh ar aon tsiamsa 'na gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim ina thaobh gurb iad atá i mbun an tsiamsa ná an Contract Bridge Association of Ireland no club atá cócheangailte go cuibhe leis an gComhlachas san no fé stiúradh dhíreach an Chomhlachais sin agus ná fuil ar fad sa tsiamsa ach taisbeántas den chluiche cártaí ar a dtugtar bridge. |
[EN] |
Comhacht chun diúltú do sheachadadh earraí do lomháil. |
18. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú pé uair is ceart san dar leis, chun críche bhaineann le diúité custum no máil d'fhorchur no d'atharú le reacht, a ordú do sna Coimisinéirí Ioncuim éinní no an dá ní acu so leanas do dhéanamh i gcaitheamh tréimhse (nach sia ná trí mhí) a luadhfar san ordú san, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) diúltú do n-a lomháil go ndéanfaí, i gcaitheamh na tréimhse sin, aon tsaghas no aicme áirithe d'earraí iomportálta no d'earraí bheidh lóisteálta i stóras ar n-a cheadú ag na Coimisinéirí Ioncuim le haghaidh na lóisteála san do sheachadadh chun úsáide cois baile má hiarrtar go lomhálfaí caindíocht de sna hearraí sin do sheachadadh amhlaidh a chífear do sna Coimisinéirí Ioncuim do bheith níos mó ná an chaindíocht a bheadh réasúnta ag féachaint do chúrsaí an cháis, agus | |
[EN] | (b) a ordú gan caindíocht, d'earraí de shaghas no d'aicme áirithe is ionchurtha fé dhiúité máil agus ná beidh lóisteálta i storás ar n-a cheadú ag na Coimisinéirí Ioncuim le haghaidh na lóisteála san, a chífear do sna Coimisinéirí Ioncuim do bheith níos mó ná an chaindíocht a bheadh réasúnta sa chás do chur amach ar díol no chun a díolta no eile, i gcaitheamh na tréimhse sin, o áitreabh dhéantóra na n-earraí sin. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú, pé uair is ceart san dar leis, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar ordú bheidh déanta aige fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so no ar ordú (bheidh déanta aige fén bhfo-alt so) ag leasú aon orduithe den tsórt san. | |
[EN] | (3) Beidh sé de dhualgas ar na Coimisinéirí Ioncuim agus údaruítear dóibh leis seo, d'ainneoin éinní atá san Acht so (seachas an t-alt so) no atá no bheidh in aon Acht eile ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis no in aon ordú reachtúil ar n-a dhéanamh roimh an Acht so do rith no dá éis sin, no in aon cheadúnas no scríbhinn eile bhéarfar amach tar éis an Achta so do rith fé aon Acht no ordú den tsórt san, déanamh do réir gach orduithe dhéanfaidh an tAire Airgeadais fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus gach cúram do ghlacadh agus gach ní do dhéanamh a chífear dóibh is gá no is ceart chun na críche sin. | |
[EN] | (4) Pé uair a ceanglófar ar na Coimisinéirí Ioncuim, le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire Airgeadais fén alt so, a ordú gan earraí do chur amach fé mar a luaidhtear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt so, bhéarfaidh na Coimisinéirí Ioncuim fógra i scríbhinn do gach déantóir earraí de shaghas no d'aicme le n-a mbainfidh an toirmeasc san á chur in úil dó an toirmeasc san do bheith ann agus cadé an chaindíocht d'earraí den tsaghas no den aicme sin a chífear do sna Coimisinéirí Ioncuim do bheith ina caindíocht réasúnta le cur amach ar díol no chun a díolta no eile o áitreabh an déantóra san i gcaitheamh na tréimhse bheidh luaidhte san ordú san. | |
[EN] | (5) Ní dleathach d'aon déantóir dá dtabharfar aon fhógra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so aon chaindíocht d'earraí den tsaghas no den aicme bheidh luaidhte sa bhfógra san de bhreis ar an gcaindíocht go mbeidh ráite sa bhfógra san gurb í an chaindíocht í chítear do sna Coimisinéirí Ioncuim do bheith réasúnta, do chur amach o n-a áitreabh ar díol no chun a díolta no eile i gcaitheamh na tréimhse bheidh luaidhte sa bhfógra san agus, má dheineann aon déantóir den tsórt san earraí ar bith do chur amach o n-a áitreabh contrárdha don fho-alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós máil de chúig chéad punt do chur air. | |
[EN] | (6) Pé uair a dhiúltóidh na Coimisinéirí Ioncuim, do bhun orduithe ar n-a dhéanamh ag an Aire Airgeadais fén alt so, seachadadh earraí do lomháil no a ordóid, do bhun orduithe den tsórt san, gan earraí do chur amach o áitreabh a ndéantóra, ní luighfidh aon aicsean ná imeacht eile i gcoinnibh duine ar bith mar gheall ar é do theip air connradh (pe'ca connradh díola no eile é) i dtaobh na n-earraí sin no aon choda dhíobh do chólíonadh másé an diúltú san don tseachadadh san do lomháil no an toirmeasc san ar chur amach, do réir mar a bheidh, fé ndeár an teip sin. |