|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 34 de 1939. | ||
| [EN] |
ACHT NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1939. | |
ACHT CHUN A THABHAIRT GO bhFÉADFAR DEONTAISÍ AGUS IASACHTAÍ FÉ ACHT NA dTITHE (GAELTACHT), 1929 , DO THABHAIRT THAR AN MÉID A hÚDARUÍTEAR LE hALT 2 D'ACHT NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1934 . [20adh Mí na Nodlag, 1939.] |
ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Méid iomlán na ndeontas agus na n-iasacht do mhéadú. |
1. —Athghairmtear leis seo alt 2 d'Acht na dTithe. (Gaeltacht) (Leasú), 1934 (Uimh. 29 de 1934) , agus ina ionad san achtuítear leis seo ná raghaidh méid iomlán na ndeontas agus na n-iasacht a tugadh roimh an Acht so do rith agus a bhéarfar dá éis sin fé Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929) , thar seacht gcéad agus caoga míle púnt. |
| [EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
2. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1939 , do ghairm den Acht so. |
| [EN] | (2) Féadfar Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1939, do ghairm d'Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1934, agus den Acht so le chéile. |