An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. An Bord Marguithe Baguin agus an Bord Marguithe Muc do Dhiochur agus Feidhmeanna, Maoin, Fiachaisi, etc., na mBord san d'Aistriu chun an Choimisiuin Mhuc agus Baguin, agus Foralacha Iarmartacha.)

35 1939

ACHT MUC AGUS BAGÚIN (LEASÚ), 1939

CUID II.

An Coimisiun Muc agus Baguin.

An Coimisiún Muc agus Bágúin do bhunú.

4. —(1) Ar dháta an aistrithe déanfar cólucht, ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Coimisiún Muc agus Bagúin agus dá ngairmtear an Coimisiún san Acht so, do bhunú chun na bhfeidhmeanna a haistrítear chucha agus a ceaptar dóibh leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Beidh an Coimisiún ina gcólucht chorparuithe go síorchomharbas agus fós go gcó-shéala (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúntais) agus go gcomhacht chun lítheadh fé n-a n-ainm chorparuithe agus chun talamh do shealbhú agus do chur de láimh, agus féadfar iad do lítheadh fé n-a n-ainm chorparuithe.

(3) Is trí baill a bheidh ar an gCoimisiún, eadhon, cathaoirleach (da ngairmtear an Cathaoirleach san Acht so) agus dhá ghnáthbhall (dá ngairmtear gnáth-bhaill san Acht so).

Cathaoirleach an Choimisiúin.

5. —(1) Déanfaidh an tAire roimh dháta an aistrithe, agus ina dhiaidh sin fé mar is gá, duine d'ainmniú chun bheith ina Chathaoirleach.

(2) Beidh an Cathaoirleach i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é.

(3) Pé uair a bheidh an Cathaoirleach, mar gheall ar easláinte no leor-chúis eile, neamh-ábalta go sealadach ar dhualgaisí a oifige do chólíonadh, ainmneoidh an tAire duine (eadhon, gnáthbhall) chun dualgaisí an Chathaoirligh do chólíonadh le linn na neamh-ábaltachta san agus, an duine ceapfar amhlaidh, beidh comhachta uile an Chathaoirligh aige, agus is tuigthe chun crícheanna an Achta so gurb é an Cathaoirleach é, le linn na neamh-ábaltachta san, agus is tuigthe fós nach gnáth-bhall é le linn na neamh-ábaltachta san.

(4) Íocfaidh an Coimisiún le duine ar bith a bheidh ainmnithe fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo an luach saothair sin, agus na liúntaisí sin in aghaidh costaisí, cheapfaidh an tAire.

Na gnáth-bhaill.

6. —(1) Déanfaidh an tAire roimh dháta an aistrithe, agus ina dhiaidh sin fé mar is gá, daoine do cheapadh chun bheith ina ngnáth-bhaill.

(2) Ní ceapfar duine ar bith chun bheith ina ghnáth-bhall mara mbeidh sé tar éis fónaimh, ar feadh ocht mblian ar a laighead, mar oifigeach don Aire i bhfeidhmeannas riarachánach no teicniúil.

(3) Beidh gach gnáth-bhall i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é.

(4) Pé uair a bheidh gnáth-bhall den Choimisiún, mar gheall ar easláinte no leor-chúis eile, neamh-ábalta go sealadach ar dhualgaisí a oifige do chólíonadh, féadfaidh an tAire duine eile do cheapadh chun gníomhú ina ghnáth-bhall ar feadh na tréimhse sin (nach sia ná ré na neamh-ábaltachta san) is ceart dar leis agus, gach duine ceapfar amhlaidh, beidh sé ina ghnáth-bhall den Choimisiún in ionad an ghnáth-bhaill sin ar feadh na tréimhse dá gceapfar amhlaidh é, agus is tuigthe nach gnáth-bhall den Choimisiún an gnáth-bhall san ar feadh na tréimhse sin.

(5) Pé uair a dhéanfaidh an tAire, fé fho-alt (3) den alt deiridh sin roimhe seo, gnáth-bhall d'ainmniú chun dualgaisí an Chathaoirligh do chólíonadh ar feadh aon tréimhse áirithe, féadfaidh an tAire duine eile do cheapadh chun gníomhú ina ghnáth-bhall den Choimisiún ar feadh na tréimhse sin agus, aon duine ceapfar amhlaidh, beidh sé ina ghnáth-bhall den Choimisiún in ionad an ghnáth-bhaill sin ar feadh na tréimhse dá gceapfar amhlaidh é.

E toirmeasctha ar na baill leasanna do bheith acu i ngnóthaí áirithe.

7. —(1) Faid a bheidh ball den Choimisiún i seilbh oifige ní dhéanfaidh aon scaireanna ná leas in aon chuideachtain no cólucht trádála, bhíonn ag deighleáil i slí ar bith i muca no muicfheoil no i mbagún no i scartacha, do choinneáil ná do cheannach ná do ghlacadh, ná ní thiocfaidh chun bheith i seilbh, ná ní fhanfaidh i seilbh, leasa thairbhigh in aon scaireanna ná leas den tsórt san.

(2) Is tuigthe leas do bheith ag ball den Choimisiún do réir bhrí an fho-ailt sin roimhe seo agus contrárdha dhó má ghlacann no má gheibheann aon iasacht no aon chongnamh no gar airgeadais de shórt ar bith, díreach no nea-dhíreach, o aon chuideachtain no cólucht trádála, bhíonn ag deighleáil i slí ar bith i muca no i muicfheoil no i mbagún no i scartacha, no o aon stiúrthóir no oifigeach no dílseánach no scaireánach de chuid na cuideachtan no an chóluchta san, no má leanann d'éinní den tsaghas san do ghlacadh no d'fháil amhlaidh.

(3) Má dheineann aon bhall den Choimisiún ní ar bith contrárdha don alt so, cuirfidh an tAire an ball san as oifig agus ní ath-cheapfaidh é, tráth ar bith ina dhiaidh sin, chun bheith ina bhall den Choimisiún.

Luach saothair ball an Choimisiúin.

8. —(1) Íocfaidh an Coimisiún leis an gCathaoirleach an luach saothair sin, agus na liúntaisí sin in aghaidh costaisí, cheapfaidh an tAire o am go ham.

(2) Íocfaidh an Coimisiúin le gach gnáth-bhall fé leith an luach saothair sin (más ann dó), agus na liúntaisí sin in aghaidh costaisí, cheapfaidh an tAire o am go ham le haontú an Aire Airgeadais.

Oifigí agus fuireann an Choimisiúin.

9. —(1) Féadfaidh an Coimisiún, le ceadú an Aire, na hoifigí agus na háitreabhacha eile sin do cheannach no do thógaint ar léas no do thógáil no d'fháil ar shlí eile, agus iad do ghléasadh agus do chothabháil, sna háiteanna san a mheasfaid do bheith riachtanach chun a bhfeidhmeanna d'fheidhmiú go cuibhe, agus féadfaid aon áitreabh a bheidh dílsithe ionta agus a mheasfaid ná beidh riachtanach a thuilleadh chun na críche sin do dhíol no do chur ar léas no do chur de láimh ar shlí eile.

(2) Déanfaidh an tAire chó luath agus a bheidh san riachtanach roimh dháta an aistrithe, agus ina dhiaidh sin fé mar is gá, duine do cheapadh chun bheith ina Rúnaí don Choimisiún.

(3) Beidh Rúnaí an Choimisiúin i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é agus íocfaidh an Coimisiún leis an luach saothair sin, agus na liúntaisí sin in aghaidh costaisí, cheapfaidh an tAire o am go ham.

(4) Féadfaidh an Coimisiún, le ceadú an Aire, pé oifigigh (seachas an rúnaí) agus pé seirbhísigh agus pé gníomhairí, agus pé méid acu san, do cheapadh a mheasfaidh an Coimisiún o am go ham do bheith riachtanach chun a bhfeidhmeanna d'fheidhmiú go cuibhe, agus beidh gach oifigeach agus seirbhíseach agus gníomhaire ceapfar amhlaidh i seilbh oifige ar na téarmaí sin agus fé réir na gcoinníollacha san a chinnfidh an Coimisiún le ceadú an Aire.

(5) Íocfaidh an Coimisiún le hoifigigh an Choimisiúin (seachas an rúnaí), agus le seirbhísigh agus le gníomhairí an Choimisiúin, an luach saothair sin, agus na liúntaisí sin in aghaidh costaisí, cheapfaidh an Coimisiún o am go ham le ceadú an Aire.

Stát-Sheirbhísigh do thabhairt ar iasacht don Choimisiún.

10. —I gcás duine bheidh ag fónamh i Stát-Sheirbhís an Riaghaltais do cheapadh chun bheith ina bhall den Choimisiún no ina oifigeach dóibh (ar lán-aimsir no ar páirt-aimsir), aisíocfaidh an Coimisiún leis an Stát-Chiste, sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais, tuarastal an duine sin no an cion san de chinnfidh an tAire sin agus fós na muirearacha san, alos aois-liúntais agus liúntaisí agus aiscí eile is iníoctha leis an duine sin no ina thaobh fé sna hAchtanna Aois-liúntais a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, a chinnfidh an tAire sin do bheith ceart.

E toirmeasctha ar bhaill agus ar oifigigh an Choimisiúin colas do nochtadh.

11. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní dleathach d'aon bhall den Choimisiún ná d'aon oifigeach don Choimisiún aon eolas, i dtaobh gnótha dhuine ar bith eile, do gheobhaidh sé mar bhall no mar oifigeach den tsórt san do nochtadh.

(2) Má dheineann duine ar bith éinni contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

(3) Ní bhainfidh éinní atá i bhfo-alt (1) den alt so le heolas ar bith do nochtadh chun crícheanna aon imeacht dlí (síbhialta no coiriúil) a bunófar no beifear chun a bhunú fé Achtanna 1935 agus 1937 no fén Acht so no chun crícheanna aon eadrascáin fé alt 39 d'Acht 1937.

Nós imeachta an Choimisiúin.

12. —(1) Is beirt is quorum do chruinniú den Choimisiún.

(2) Ní bheidh aon chruinniú ag an gCoimisiún mara mbeidh an Cathaoirleach i láthair ann.

(3) Bhéarfar breith ar gach ceist ag cruinniú den Choimisiún tré mhóráireamh de sna baill a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus i gcás uimhir na vótaí ar gach taobh do bheith cothrom beidh an dara vóta no vóta réitigh ag an gCathaoirleach.

(4) Féadfaidh an Coimisiún gníomhú d'ainneoin folúntas amháin do bheith imeasc na ngnáth-bhall.

(5) Déanfaidh an Coimisiún, le haontú an Aire, an nós imeachta leanfar agus an gnó déanfar ag á gcruinnithe do rialáil tré bhuan-orduithe no ar shlí eile.

Miontuairiscí cruinnithe an Choimisiúin.

13. —Coimeádfaidh an Coimisiún, i leabhar a chuirfid ar fáil chuige sin, miontuairiscí ar na himeachta ag gach cruinniú fé leith den Choimisiún, agus sighneoidh an Cathaoirleach na miontuairiscí uile sin ag an gcruinniú le n-a mbainfid no ag an gcéad chruinniú eile agus, ar iad do bheith sighnithe amhlaidh, glacfar i bhfianaise iad.

Séala an Choimisiúin.

14. —(1) Cuirfidh an Coimisiún có-shéala ar fáil agus beidh san acu.

(2) Déanfar séala an Choimisiúin do dhílse-dheimhniú le sighniú an Chathaoirligh.

(3) Gach scríbhinn do bhéarfaidh le tuigsint bheith ina hordú no ina hionstruim eile ar n-a thabhairt amach no ar n-a dhéanamh ag an gCoimisiún, agus í bheith séaluithe le séala an Choimisiúin ar n-a dhílse-dheimhniú sa tslí foráltar leis an alt so, glacfar i bhfianaise í agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, is tuigthe, gan cruthú ar údarás ná ar shighniú neach sighnithe an orduithe no na hionstruime sin, gurb í an t-ordú no an ionstrium sin í.

Cuntaisí, breacacháin agus tuarasgabhála an Choimisiúin.

15. —(1) Coimeádfaidh an Coimisiún gach leabhar cuntaisí, agus gach leabhar agus breacachán eile, is ceart agus déanfaid, fé cheann sé mhí tar éis deireadh gach bliana, ráiteas ar chuntaisí (agus é iniúchta agus deimhnithe go cuibhe ag iniúchóir ar n-a cheapadh ag an gCoimisiún le toiliú agus le haontú an Aire) in aghaidh na bliana san d'ullmhú agus é do chur chun an Aire agus chun gach ceadúnaí, agus leagfaidh an tAire an ráiteas san ar chuntaisí fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

(2) Déanfaidh an Coimisiún, gach bliain, tuarasgabháil ar a n-imeachta i rith na bliana roimhe sin do thabhairt don Aire ar an dáta san agus sa bhfuirm sin ordóidh an tAire, agus leagfaidh an tAire an tuarasgabháil sin fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

(3) Bhéarfaidh an Coimisiún don Aire, sa bhfuirm sin ordóidh an tAire, an t-eolas agus an staitistíocht san agus na tuairisceáin sin a theastóidh ón Aire o am go ham.

(4) Bhéarfaidh an Coimisiún do dhuine ar bith, ar tháille scillinge d'íoc, cóip d'aon ráiteas ar chuntaisí do hullmhuíodh do réir an ailt seo.

Ciste Generálta an Choimisiúin Mhuc agus Bagúin, Ciste an Bhagúin (Praghas do Chobhsú) agus Ciste na Muc (Arachas).

16. —(1) Déanfaidh an Coimisiún na cistí seo leanas do choimeád agus do chothabháil agus do bhainistí do réir na Coda so den Acht so, sé sin le rá—

(a) ciste (dá ngairmtear an Ciste Generálta san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Ciste Generálta an Choimisiúin Mhuc agus Bagúin; agus

(b) ciste (dá ngairmtear an Ciste Cobhsaíochta san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Ciste an Bhagúin (Praghas do Chobhsú); agus

(c) ciste (dá ngairmtear an Ciste Arachais san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Ciste na Muc (Arachas).

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ciste fé leith a bheidh á choimeád ag an gCoimisiún de bhun an ailt seo—

(a) íocfar isteach sa chiste sin an t-airgead uile do gheobhaidh an Coimisiún agus is gá do réir an Achta so d'íoc isteach sa chiste sin;

(b) íocfar amach as an gciste sin an t-airgead uile, is gá don Choimisiún do réir an Achta so d'íoc amach as an gciste sin, agus an t-airgead san amháin;

(c) chun muirearacha d'íoc is gá do réir an Achta so d'íoc amach as an gciste sin, féadfaidh an Coimisiún oiread airgid d'fháil ar iasacht, ar urrús an chiste sin, a cheadóidh an tAire;

(d) an méid sin den chiste sin ná beidh, dar leis an gCoimisiún, ag teastáil de thurus na huaire chun suimeanna is iníoctha amach as an gciste sin fén Acht so d'íoc láithreach, suncálfaidh an Coimisiún in urrúis Eireannacha údaruithe é;

(e) féadfaidh an Coimisiún o am go ham, más rogha leo é, aon mhéid airgid (is cuid den chiste sin) a bheidh suncálta fén bhfo-alt so d'atharú no d'aistriú isteach i suncála eile is urrúis údaruithe do réir an ailt seo, agus féadfaid, tráth ar bith, na suncála uile, no aon chuid de sna suncála, bheidh déanta acu fén bhfo-alt so, do dhíol agus airgead d'fháil ar an gcéanna;

(f) an t-airgead uile do gheobhaidh an Coimisiún alos díbhinní agus úis ar shuncála (is cuid den chiste sin) a bheidh déanta acu fén bhfo-alt so, no alos aon tsuncála den tsórt san do dhíol, íocfar isteach sa chiste sin é.

(3) Chun crícheanna fo-ailt (2) den alt so, is urrús Éireannach údaruithe gach ceann acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) aon urrús is muirear ar an bPrímh-Chiste;

(b) aon urrús go ngabhann urraíocht an Aire Airgeadais le n-a ús;

(c) stoc Bhanc na hÉireann;

(d) aon stoc do thug no do bhéarfaidh údarás áitiúil sa Stát amach agus is urrús go mbeidh údaruithe d'iontaobhaithe, leis an dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, cistí iontaobhais do shuncáil ann.

Iocaíochtaí le déanamh as an gCiste Generálta.

17. —Íocfar amach as an gCiste Generálta an t-airgead uile is gá no is cead don Choimisiún do réir an Achta so d'íoc (seachas airgead is gá do réir an Achta so d'íoc amach as an gCiste Cobhsaíochta no as an gCiste Arachais) agus na costaisí uile fé n-a raghaidh an Coimisiún fé Achtanna 1935 agus 1937 agus fén Acht so.

Rialacháin.

18. —(1) Féadfaidh an Coimisiún rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud orduithe.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an Coimisiún fén alt so, leagfar é fé bhráid dhá Thigh an Oireachtais chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, fé cheann an lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Fianaise in imeachta bheidh ar siúl ag an gCoimisiún no ina gcoinnibh.

19. —(1) Féadfar, in aon imeachta dlí (ar a n-áirmhítear imeachta ar n-a gcoimeád ar siúl leis an Acht so) a bheidh ar siúl ag an gCoimisiún no ina gcoinnibh, fianaise prima facie, ar aon ordú no rialachán ar n-a dhéanamh ag an mBord Marguithe Bagúin no an Bord Marguithe Muc no an Coimisiún, do thabhairt tré chóip den Iris Oifigiúil, do bhéarfaidh le tuigsint an t-ordú no an rialachán san do bheith ann, do thabhairt ar áird.

(2) Beidh deimhniú, do bhéarfaidh le tuigsint é bheith fé láimh Rúnaí an Choimisiúin (á dheimhniú gur cheadúnaí ar feadh tréimhse áirithe duine bheidh ainmnithe sa deimhniú san), ina fhianase prima facie ar na nithe bheidh á ndeimhniú amhlaidh, agus ní gá aon chruthú ar láimh-scríbhneoireacht ná ar chéim oifigiúil neach deimhnithe an chéanna.

(3) Féadfar, in aon imeachta bhunóidh an Coimisiún i gcoinnibh duine is ceadúnaí no ba cheadúnaí fianaise prima facie, ar gach ní no aon ní no nithe bheidh i dtuairisceán ar n-a chur isteach ag an duine sin no thar a cheann de bhun ailt 112 no ailt 151 d'Acht 1935 no an Achta so, do thabhairt tríd an tuairisceán san do thabhairt ar áird.

Ciontaí do chúiseamh.

20. —(1) Féadfaidh an Coimisiún no féadfar ar agra an Choimisiúin, mar chúisitheoir, aon chionta fé aon alt atá i gCoda III agus IV d'Acht 1935, no i gCoda III agus IV d'Acht 1937 (ar n-a dhéanamh roimh dháta an aistrithe no dá éis sin) do chúiseamh ar dháta an aistrithe no dá éis sin.

(2) Féadfaidh an Coimisiún no féadfar ar agra an Choimisiúin, mar chúisitheoir, aon chionta fé alt ar bith atá san Acht so do chúiseamh.

(3) Ní déanfar, ar dháta an aistrithe ná dá éis sin, aon imeachta i gcionta go bhféadfadh an Coimisiún no go bhféadfaí ar agra an Choimisiúin mar chúisitheoir, de bhuadh an ailt seo, é chúiseamh, do bhunú ach amháin ag an gCoimisiún no le toiliú an Choimisiúin.