An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. An Bord Marguithe Baguin agus an Bord Marguithe Muc do Dhiochur agus Feidhmeanna, Maoin, Fiachaisi, etc., na mBord san d'Aistriu chun an Choimisiuin Mhuc agus Baguin, agus Foralacha Iarmartacha.) Ar Aghaidh (Caibidil II. Conganta Airgid ar Bhagún.)

35 1939

ACHT MUC AGUS BAGÚIN (LEASÚ), 1939

CUID IV.

Dleachta is Inioctha ag Ceadunaithe leis an gCoimisiun, Conganta Airgid ar Bhagun, Cuiteamh do Cheadunaithe alos Muc agus Conablach Daortha agus Damaistithe, Tuairisceain o Cheadunaithe, Breacachain a bheidh le Coimead ag Ceadunaithe, agus Aitreabhacha Ceadunuithe d'Iniuchadh.

Caibidil I.

Dleachta is Iníoctha ag Ceadúnaithe leis an gCoimisiún.

Dleachta is iníoctha leis an gCoimisiún alos conablach ar n-a n-úsáid ag ceadúnaithe chun bagún do tháirgeadh.

34. —(1) Gach duine ag á bhfuil no ag á raibh ceadúnas, íocfaidh alos an cheadúnais sin leis an gCoimisiún, in aghaidh gach tréimhse dleachta go mbeidh no go raibh an ceadúnas san aige ar a feadh no ar feadh aon choda dhi, dleacht, ar n-a áireamh do réir an ráta is ráta oiriúnach maidir leis an tréimhse dleachta san ar gach conablach do húsáideadh chun bagún do tháirgeadh i rith na leathbhliana san san áitreabh le n-a mbaineann no le n-ar bhain an ceadúnas san.

(2) Féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú tráth ar bith, le hordú, ná beidh aon dleacht iníoctha fén alt so alos aon chonablach ar n-a n-úsáid chun bagún do tháirgeadh i rith aon tréimhse dleachta áirithe no aon choda áirithe de thréimhse dhleachta, agus féadfaid, tráth ar bith, ordú ar bith den tsórt san do cheiliúradh no do leasú, agus pé uair a bheidh ordú ar bith den tsórt san i bhfeidhm, ansan, d'ainneoin éinní atá san alt so, ní bheidh aon dleacht iníoctha fén alt so alos aon chonablach ar n-a n-úsáid chun bagún do tháirgeadh i rith na tréimhse dleachta no na coda de thréimhse dhleachta le n-a mbainfidh an t-ordú san.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an ráta dleachta fén alt so, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse dleachta dar tosach dáta an aistrithe, ordú ag ceapadh ráta an dleachta san, agus féadfaid ina dhiaidh sin, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, ordú den tsaghas san do dhéanamh;

(b) is tuigthe an chéad ordú fén bhfo-alt so do theacht i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus tiocfaidh gach ordú ina dhiaidh sin, ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so, i bhfeidhm an chéad lá den chéad tréimhse dhleachta thosnóidh tar éis an orduithe sin do dhéanamh;

(c) fanfaidh gach ordú, ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so, i bhfeidhm go dtí go dtiocfaidh ordú ina dhiaidh sin, ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so, i bhfeidhm;

(d) déanfar na tagairtí atá i bhfo-alt (1) den alt so don ráta dleachta oiriúnach maidir le tréimhse dhleachta áirithe do léiriú mar thagairtí don ráta dleachta, ar n-a cheapadh le hordú fén bhfo-alt so, do bhí i bhfeidhm i gcaitheamh na tréimhse dleachta san.

(4) Is tréimhse dhleachta, chun crícheanna an ailt seo, gach tréimhse acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an tréimhse dar tosach dáta an aistrithe agus dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1940;

(b) tréimhse ar bith de thrí mhí thosnóidh, tar éis dáta an aistrithe, ar aon 1adh lá d'Abrán no 1adh lá d'Iúl no 1adh lá de Dheireadh Fómhair no 1adh lá d'Eanar.

(5) Íocfar isteach sa Chiste Ghenerálta aon airgead do gheobhaidh an Coimisiún fén alt so.

(6) Má dheineann ceadúnaí, ar dháta an aistrithe no dá éis sin, bagún do tháirgeadh thar ceann an Choimisiúin fé alt 146 d'Acht 1935, ní bheidh aon dleacht iníoctha fé fho-alt (1) den alt so alos na gconablach a húsáidfear chun an bhagúin sin do tháirgeadh.

Dleachta alos bagúin ar n-a dhíol sa Stát ag ceadúnaithe.

35. —(1) Gach duine ag á bhfuil no ag á raibh ceadúnas, íocfaidh alos an cheadúnais sin leis an gCoimisiún, in aghaidh gach mí thosnóidh ar dháta an aistrithe no dá éis sin agus go raibh an ceadúnas san aige ar a fheadh no ar feadh aon choda dhe, dleacht, ar n-a áireamh do réir an ráta is ráta oiriúnach maidir leis an mí sin, ar gach céad meáchaint bagúin (is bagún ar n-a tháirgeadh san áitreabh le n-a mbaineann no le n-ar bhain an ceadúnas san) do dhíol an duine sin i rith an mhí sin chun a ithte sa Stát.

(2) Féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú tráth ar bith, le hordú, ná híocfar aon dleacht fén alt so alos mí áirithe agus, pé uair a déanfar ordú ar bith den tsórt san alos mí áirithe, ní bheidh aon dleacht iníoctha fén alt so alos an mhí sin.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an ráta dleachta is iníoctha fén alt so—

(a) déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná deireadh an mhí dar tosach dáta an aistrithe, ordú ag ceapadh ráta an dleachta san, agus féadfaid ina dhiaidh sin, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, ordú den tsórt san do dhéanamh;

(b) is tuigthe an chéad ordú fén bhfo-alt so do theacht i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus tiocfaidh gach ordú ina dhiaidh sin, ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so, i bhfeidhm an chéad lá den chéad mhí tar éis an mhí ina ndéanfar an t-ordú san;

(c) fanfaidh gach ordú, ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so, i bhfeidhm go dtí go dtiocfaidh ordú ina dhiaidh sin, ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so, i bhfeidhm;

(d) déanfar na tagairtí atá i bhfo-alt (1) den alt so, don ráta dleachta oiriúnach maidir le mí áirithe, do léiriú mar thagairtí don ráta dleachta, ar n-a cheapadh le hordú fén bhfo-alt so, do bhí i bhfeidhm i gcaitheamh an mhí sin.

(4) Íocfar isteach sa Chiste Chobhsaíochta aon airgead do gheobhaidh an Coimisiún fén alt so.

Dleachta alos bagúin ar n-a easportáil ag ceadúnaithe.

36. —(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú, le hordú, go ndéanfaidh gach duine, ag á bhfuil no ag á raibh ceadúnas, dleacht, ar n-a áireamh do réir an ráta luadhfar san ordú san, d'íoc leis an gCoimisiún, in aghaidh tréimhse áirithe do thosnuigh tar éis dáta an orduithe sin agus go raibh an ceadúnas san aige ar a feadh no ar feadh aon choda dhi, ar gach céad meáchaint bagúin d'easportáil an duine sin i rith na tréimhse sin chun tíre áirithe agus, pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san, déanfaidh gach duine, ag á bhfuil no ag á raibh ceadúnas, dleacht, ar n-a áireamh do réir an ráta luadhfar san ordú san, d'íoc leis an gCoimisiún, in aghaidh na tréimhse luadhfar san ordú san agus go raibh an ceadúnas san aige ar a feadh no ar feadh aon choda dhi, ar gach céad meáchaint bagúin d'easportáil an duine sin i rith na tréimhse luadhfar san ordú san chun na tíre luadhfar san ordú san.

(2) Féadfaidh an Coimisiún, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú bheidh déanta fé fho-alt (1) den alt so do leasú.

(3) Íocfar isteach sa Chiste Chobhsaíochta aon airgead do gheobhaidh an Coimisiún fén alt so.

Dleachta alos muc ar n-a gceannach ag ceadúnaithe.

37. —(1) Déanfaidh gach duine, ag á bhfuil no ag á raibh ceadúnas, dleacht, is có-mhéid leis an suim a bheidh ceaptha de thurus na huaire ina liúntas árachais le hordú ar n-a dhéanamh ag an gCoimisiún no is tuigthe do rinne an Coimisiún fé alt 58 d'Acht 1937, d'íoc leis an gCoimisiún, in aghaidh gach mí do thosnuigh ar dháta an aistrithe no dá éis sin agus go raibh an ceadúnas san aige ar a fheadh no ar feadh aon choda dhe, ar gach muic do cheannuigh, agus do tugadh isteach san áitreabh le n-ar bhain an ceadúnas san, i rith an mhí sin.

(2) Pé uair agus chó minic agus a mheasfaidh an Coinisiún nach leor an t-airgead a bheidh i gcreidiúint don Chiste Arachais chun na n-éilithe bheidh déanta no is deallrathach a déanfar fé Chaibidil III den Chuid seo den Acht so d'íoc, féadfaid a dhearbhú, le hordú, go ndéanfaidh gach duine, ag á bhfuil no ag á raibh ceadúnas, dleacht, do réir an ráta luadhfar san ordú san, d'íoc leis an gCoimisiún, in aghaidh tréimhse áirithe do chríochnuigh ar dháta an orduithe sin no roimhe sin agus go raibh an ceadúnas san aige ar a feadh no ar feadh aon choda dhi, ar gach muic do cheannuigh i rith na tréimhse sin agus, pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san, déanfaidh gach duine, ag á bhfuil no ag á raibh ceadúnas, dleacht, do réir an ráta luadhfar san ordú san, d'íoc leis an gCoimisiún, in aghaidh na tréimhse luadhfar san ordú san agus go raibh an ceadúnas san aige ar a feadh no ar feadh aon choda dhi, ar gach muic do cheannuigh i rith na tréimhse sin.

(3) Íocfar isteach sa Chiste Arachais aon airgead do gheobhaidh an Coimisiún fén alt so.

Dleachta do bhaint amach.

38. —(1) I gcás dleacht do bheith iníoctha fé aon alt atá sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so, in aghaidh tréimhse áirithe, ag duine ag á raibh ceadúnas ar feadh na tréimhse sin no ar feadh aon choda dhi, beidh feidhm ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an Coimisiún méid an dleachta san amach chó luath agus is féidir é tar éis deireadh na tréimhse sin;

(b) féadfaidh an Coimisiún, i gcás an tAire do dhéanamh ceiliúrtha fé Chuid II d'Acht 1935 ar cheadúnas an duine sin, méid an dleachta san do dhéanamh amach an túisce ceiliúrfar an ceadúnas san más oriúnach leo é;

(c) chó luath agus a bheidh méid an dleachta san déanta amach amhlaidh, déanfaidh an Coimisiún deimhniú (dá ngairmtear deimhniú féichiúnais san alt so), á dheimniú cadé an tréimhse gur ina haghaidh is iníoctha don dleacht san agus cé hé an duine ag á bhfuil an dleacht san iníoctha agus cadé méid an dleachta san, agus seirbheálfaid cóip den deimhniú san ar an duine sin.

(2) I gcás cóip de dheimhniú féichiúnais do sheirbheáil ar an duine go mbeidh deimhnithe leis an deimhniú san eisean do dhligheadh an dleacht le n-a mbainfidh san d'íoc, tiocfaidh an méid a bheidh deimhnithe leis an deimhniú san chun bheith, agus beidh, iníoctha ag an duine sin leis an gCoimisiún agus, mara n-íoctar é i gcionn ocht lá fichead o dháta na cóipe sin do sheirbheáil, beidh sé ionbhainte amach ag an gCoimisiún, mar fhiacha gnáth-chonnartha, i gcúirt dlighinse inniúla.

(3) Má theipeann ar aon cheadúnaí íoc do dhéanamh no má fhaillíonn sé íoc do dhéanamh, fé cheann ceithre seachtaine tar éis cóip de dheimhniú féichiúnais do sheirbheáil air, sa mhéid a bheidh deimhnithe leis an deimhniú san do bheith iníoctha aige, féadfaidh an tAire an ceadúnas gur ina thaobh a bheidh an méid sin iníoctha do cheiliúradh, ach ní shaorfaidh an ceiliúradh san an duine sin o n-a bheith air an méid sin d'íoc.

(4) Beidh feidhm ag fo-alt (3) d'alt 30 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le ceadúnaisí d'atharú agus do cheiliúradh) i gcás an tAire do cheiliúradh ceadúnais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo.

(5) Déanfar an focal “an Achta so” i bhfo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le scríbhinní do sheirbheáil) do léiriú mar fhocal a fholuíonn an t-alt so.

Atharú do theacht ar únaeracht cheadúnais i rith tréimhse go mbeidh dleacht iníoctha ina haghaidh.

39. —I gcás ceadúnas do bheith ag beirt no níos mó i ndiaidh a chéile i rith aon tréimhse, go mbeidh dleacht iníoctha ina haghaidh fé alt ar bith atá sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so, ansan, chun crícheanna na Caibidile sin—

(a) is tuigthe an ceadúnas san do bheith, ar feadh iomlán na tréimhse sin, ag an duine (dá ngairmtear an sealbhóir deiridh san alt so) gur aige is déanaí bhí an ceadúnas san i rith na tréimhse sin agus gan é bheith ag aon duine eile tráth ar bith i rith na tréimhse sin;

(b) i gcás duine ba réamh-theachtaidhe teidil don tsealbhóir dheiridh do dhíol aon bhagúin sa Stát, no d'á easportáil, i rith na tréimhse sin, is tuigthe gurb é an sealbhóir deiridh do dhíol an bagún san sa Stát, no d'easportáil é, i rith na tréimhse sin;

(c) i gcás duine ba réimh-theachtaidhe teidil don tsealbhóir dheiridh do cheannach aon mhuc i rith na tréimhse sin, is tuigthe gurb é an duine ba réamh-theachtaidhe teidil don tsealbhóir dheiridh do cheannuigh na muca san i rith na tréimhse sin.