An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Fuirm Bharantais fe Alt 4.)

2 1940

ACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT (LEASÚ), 1940

CUID II.

Comhachta Coinneala.

Tosach feidhme agus scur na Coda so den Acht so.

3. —(1) Ní thiocfaidh ná ní bheidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm ach amháin fé mar agus an uair agus an fhaid a foráltar leis na fo-ailt ina dhiaidh seo den alt so.

(2) Má dheineann agus má fhoillsíonn agus pé uair agus chó minic agus a dhéanfaidh agus a fhoillseoidh an Riaghaltas furógra á dhearbhú na comhachta bronntar leis an gCuid seo den Acht so do bheith ag teastáil chun a chur in áirithe go gcoimeádfar an tsíocháin agus an t-ord puiblí agus é bheith oiriúnach an Chuid seo den Acht so do theacht i bhfeidhm láithreach, tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm láithreach.

(3) Má thárlann, tráth ar bith faid a bheidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm, go ndéanfaidh agus go bhfoillseoidh an Riaghaltas furógra á dhearbhú go scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm, scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm láithreach.

(4) Pé uair a bheidh an Riaghaltas tar éis furógra fén dara fo-alt den alt so do dhéanamh agus d'fhoillsiú, is dleathach do Dháil Éireann, tráth ar bith faid a bheidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm de bhuadh an fhurógra san, rún do rith ag cur an fhurógra san ar nea-mbrí, agus leis sin beidh an furógra san curtha ar nea-mbrí agus scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh fén gCuid seo den Acht so tar éis an fhurógra san do dhéanamh agus roimh an rún san do rith.

(5) Foillseofar furógra dhéanfaidh an Riaghaltas fén alt so tré chóip de d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus féadfar é fhoillsiú freisin in aon tslí eile is ceart dar leis an Riaghaltas.

Comhachta speisialta gabhála agus coinneála.

4. —(1) Pé uair is dóich le hAire Stáit aon duine áirithe do bheith ag gabháil do ghníomhachas is dóich leis a bheith dochrach don tsíocháin agus don ord phuiblí do choimeád no do shlándáil an Stáit, féadfaidh an tAire sin le barántas fé n-a láimh agus fé n-a shéala oifigiúil a ordú an duine sin do ghabháil agus do choinneáil fén alt so.

(2) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána duine ar bith go mbeidh barántas tugtha amach ina thaobh ag Aire Stáit fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do ghabháil gan barántas.

(3) Gach duine geobhfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so coinneofar é i bpríosún no in áit eile a bheidh orduithe chuige sin le rialacháin ar n-a ndéanamh fén gCuid seo den Acht so go dtí go scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm no go dtí go scaoilfear é fé sna forálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht so, pé ní acu san is túisce thárlóidh.

(4) Pé uair a coinneofar duine fén alt so bhéarfar don duine sin chó luath agus is féidir é tar éis é theacht go dtí príosún no áit eile choinneála bheidh orduithe chuige sin le rialacháin ar n-a ndéanamh fén gCuid seo den Acht so, cóip den bharántas a bheidh tugtha amach fén alt so i dtaobh an duine sin agus d'fhorálacha ailt 8 den Acht so.

(5) Gach barántas do bhéarfaidh Aire Stáit amach fén alt so beidh sé sa bhfuirm atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so no i bhfuirm sa chéill chéanna.

Comhachta chun daoine coinnithe do chuardach, etc.

5. —(1) Is dleathach d'aon bhall den Ghárda Síochána gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh alos duine ar bith a geobhfar agus a coinneofar fén gCuid seo den Acht so, sé sin le rá:—

(a) a ainm agus a sheoladh d'éileamh ar an duine sin;

(b) an duine sin do chuardach no do chur á chuardach;

(c) an duine sin do ghrianghrafadh no do chur á ghrianghrafadh;

(d) méir-rianta an duine sin do thógaint no do chur á dtógaint.

(2) Gach duine chuirfidh bac no cosc le ball den Ghárda Síochána do dhéanamh feidhmithe ina thaobh ar aon chomhacht dá mbronntar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so no ná déanfaidh no dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh do thabhairt uaidh ar bhall den Ghárda Síochána dá éileamh san air fén bhfo-alt san no bhéarfaidh uaidh ainm no seoladh bheidh bréagach no mí-threorach beidh sé ciontach sna rialacháin do shárú a bheidh déanta fén gCuid seo den Acht so i dtaobh smacht do choimeád, agus deighleálfar leis dá réir sin.

Daoine coinnithe do scaoileadh.

6. —Féadfaidh Aire Stáit le scríbhinn fé n-a láimh, más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart, a ordú aon duine áirithe do scaoileadh a bheidh, de thurus na huaire, á choinneáil fén gCuid seo den Acht so, agus leis sin scaoilfear an duine sin as an gcoinneáil sin láithreach.

Rialacháin i dtaobh áiteanna coinneála.

7. —(1) Féadfaidh Aire Stáit le hordú rialacháin do dhéanamh chun gach críche no chun aon chríche no crícheanna acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun a ordú cadiad na príosúin, na campaí coinneála, agus na háiteanna eile ina bhféadfar daoine do choinneáil fén gCuid seo den Acht so;

(b) chun socruithe do dhéanamh chun na bpríosún, na gcampaí coinneála, agus na n-áiteanna eile sin do bhainistí, do choimeád sláintiúil, do rialú agus do ghárdáil go héifeachtúil;

(c) chun socruithe do dhéanamh chun smacht do chur i bhfeidhm agus do choimeád imeasc na ndaoine bheidh á gcoinneáil in aon phríosún, campa coinneála, no áit eile den tsórt san mar adubhradh;

(d) chun socruithe do dhéanamh chun daoine bheidh á gcoinneáil amhlaidh agus a sháróidh na rialacháin do phionósú;

(e) chun éinní no aon rud eile d'ordú bhainfidh no gheobhaidh le daoine bheidh á gcoinneáil fén gCuid seo den Acht so do choinneáil go héifeachtúil no chun socruithe do dhéanamh i dtaobh an chéanna.

(2) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, fé cheann an lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Coimisiún chun fiosrú do dhéanamh i dtaobh coinneála.

8. —(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis na Coda so den Acht so do theacht i bhfeidhm, bunóidh an Riaghaltas Coimisiún (dá ngairmtear an Coimisiún san alt so) chun na bhfeidhmeanna forchuirtear ar an gCoimisiún leis an alt so do chólíonadh.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gCoimisiún, sé sin le rá:—

(a) isiad an Riaghaltas a cheapfaidh baill an Choimisiúin agus féadfaidh an Riaghaltas iad do chur as oifig;

(b) triúr a bheidh ar an gCoimisiún, agus beidh duine acu san ina oifigeach choimisiúnta de sna Fórsaí Cosanta go seirbhís seacht mblian ar a laighead aige agus beidh gach duine fé leith den bheirt eile ina abhcóide no ina atúrnae go seasamh seacht mblian ar a laighead aige no ina bhreitheamh, no ina dhuine ba bhreitheamh tráth, den Chúirt Uachtaraigh, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda no den Chúirt Dúithche;

(c) féadfar na táillí no an luach saothair sin a chinnfidh an tAire Airgeadais (má chinneann) d'íoc le haon bhall den Choimisiún as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas.

(3) Duine ar bith a bheidh á choinneáil fén gCuid seo den Acht so féadfa sé a iarraidh i scríbhinn ar an Riaghaltas a choinneáil níos sia amhlaidh do chur á breithniú ag an gCoimisiún, agus ar an iarratas san do dhéanamh amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an Riaghaltas, chó luath agus a bheidh caothúil, coinneáil an duine sin níos sia do chur fé bhráid an Choimisiúin;

(b) déanfaidh an Coimisiún fiosrú i dtaobh na bhforas ar a mbeidh an duine sin á choinneáil agus déanfaid, chó luath agus a bheidh caothúil, tuarasgabháil ina dtaobh do thabhairt don Riaghaltas;

(c) bhéarfaidh an tAire Dlighidh agus Cirt don Choimisiún an t-eolas agus na scríbhinní sin (a bhainfidh le habhar an fhiosruithe sin) a bheidh ar seilbh no ar fáil ag an Riaghaltas no ag aon Aire Stáit agus a iarrfaidh an Coimisiún;

(d) má thuairiscíonn an Coimisiún ná fuil aon fhorais réasúnta ann chun an duine sin do choinneáil níos sia, scaoilfear saor an duine sin chó luath agus a bheidh caothúil.

Tuairisceáin do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

9. —Bhéarfaidh an Riaghaltas do gach Tigh den Oireachtas uair amháin ar a laighead i ngach sé mhí mion-innste (a) ar dhaoine bheidh á gcoinneáil fén gCuid seo den Acht so, (b) ar dhaoine go mbeidh an Coimisiún tar éis tuarasgabháil do thabhairt don Riaghaltas ina dtaobh, (c) ar dhaoine go mbeidh an Coimisiún tar éis a thuairisciú ina dtaobh ná fuil aon fhorais réasúnta ann chun iad do choinneáil níos sia, (d) ar dhaoine do bhí á gcoinneáil fén gCuid seo den Acht so ach do scaoileadh saor de bharr tuarasgabhála ón gCoimisiún, agus (e) ar dhaoine do bhí á gcoinneáil fén gCuid seo den Acht so ach do scaoileadh saor gan tuarasgabháil ón gCoimisiún.