6 1940


Uimhir 6 de 1940.


ACHT SOLÁTHAIR SHÍOLTA AGUS ABHAR LEASUITHE, 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN A ÚDARÚ AGUS CHUN É DHÉANAMH DLEATHACH DO CHOMHAIRLÍ CONTAETHE SÍOLTA CRUITHNEACHTAN, SÍOLTA EORNAN, SÍOLTA COIRCE, AGUS PRÁTAÍ SÍL AGUS ABHAIR LEASUITHE DO CHUR AR FÁIL AGUS DO DHÍOL I RITH NA TRÉIMHSE DAR THOSACH AN 1adh LÁ D'FHEABHRA, 1939, AGUS DAR CHRÍOCH AN 31adh LÁ D'IÚL, 1939, AGUS I RITH NA TRÉIMHSE DAR TOSACH AN 1adh LÁ D'FHEABHRA, 1940, AGUS DAR CRÍOCH AN 31adh LÁ D'IÚL, 1940, AGUS DO CHOMHAIRLÍ CONTAETHE URRAÍOCHTA DO THABHAIRT I dTAOBH CEANNAITHE SÍL DO DHÍOL AON tSÍOLTA NO PRÁTAÍ SÍL NO ABHAR LEASUITHE DEN tSÓRT SAN I RITH NA dTRÉIMHSÍ SIN FÉ SEACH, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE GHABHAS NO BHAINEAS LEIS AN gCUR AR FÁIL NO AN DÍOL NO NA hURRAÍOCHTA SAN.

[17adh Abrán, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

cialluíonn an focal “carraí” síolta agus abhair leasuithe no síolta amháin no abhair leasuithe amháin, fé mar is gá sa chás;

ní chialluíonn an focal “síolta” ach síolta cruithneachtan, síolta eornan, síolta coirce, agus prátaí síl;

déanfar tagairtí do chomhairle do dhíol carraí agus d'earraí do cheannach o chomhairle do léiriú mar thagairtí fholuíonn idirbhearta ina ndéanfaidh no ina ndearna comhairle socrú le deighleálaidhe chun carraí ina ndeighleálann sé do sholáthar do dhuine go n-údarás ón gcomhairle sin chun na n-earraí sin d'fháil.

Coinhacht do chomhairle chontae chun síolta agus abhair leasuithe do chur ar fáil.

2. —(1) Má rinne no má dheineann comhairle chontac, ar an 1adh lá d'Fheabhra, 1939, no dá éis sin agus roimh an 31adh lá d'Iúl, 1939, no ar an 1adh lá d'Fheabhra, 1940, no dá éis sin agus roimh an 31adh lá d'Iúl, 1940, síolta agus abhair leasuithe no síolta amháin no abhair leasuithe amháin do chur ar fáil chun iad a dháiliú sa chontae sin no in aon chuid áirithe dhi, is dleathach agus is tuigthe gur dhleathach riamh don chomhairle sin aon tsíol agus abhar leasuithe de sna síolta agus na habhair leasuithe no aon tsíol de sna síolta no aon abhar leasuithe de sna habhair leasuithe (do réir mar a bheidh) ar n-a gcur ar fáil amhlaidh do dhíol le sealbhaire no saothruitheoir tailimh ar bith sa chontae sin no sa chuid áirithe sin di agus, maidir le gach cur ar fáil agus le gach díol den tsórt san do rinneadh roimh an Acht so do rith, is tuigthe chun crícheanna an Achta so gur fén Acht so do rinneadh é agus na tagairtí atá san Acht so, do chomhairle chontae do chur earraí ar fáil no d'iad do dhíol earraí agus d'earraí do cheannach o chomhairle chontae, is dá réir sin a léireofar iad.

(2) Pé uair a dhíol no dhíolfaidh comhairle chontae aon earraí le duine ar bith fén Acht so, beidh ag gabháil leis an suim, is iníoctha ag an duine sin leis an gcomhairle sin alos an díola san, ús do réir an ráta san per cent. per annum a cheap no cheapfaidh an chomhairle sin chuige sin, d'ainneoin gan a chó-aontú, agus an díol san á dhéanamh, go n-íocfaí ús.

(3) Pé uair a rinne comhairle chontae sa bhliain 1939 síolta agus abhair leasuithe no síolta no abhair leasuithe do chur ar fáil agus do dhíol fén Acht so, féadfaidh an chomhairle sin a fháil amach cadé méid iomlán na gcostas agus na gcaiteachas (seachas an praghas do thug an chomhairle sin ar na síolta agus na habhair leasuithe sin no ar na síolta san no ar na habhair leasuithe sin, do réir mar a bhí) fé n-a ndeachaidh an chomhairle sin ag cur na n-earraí sin ar fáil agus á ndíol, agus is dleathach dóibh an méid sin do chionroinnt ar na daoine uile agus fé seach le n-ar díoladh na hearraí sin amhlaidh agus leis sin déanfar an tsuim ar n-a cur i leith aon duine aca san de dhruim na cionroinnte sin do chur leis an suim is iníoctha ag an duine sin leis an gcomhairle sin alos na coda de sna hearraí sin do díoladh leis amhlaidh agus beidh sí agus is tuigthe go raibh sí riamh ina cuid den tsuim sin is iníoctha amhlaidh agus beidh sí ionbhainte amach fén Acht so dá réir sin, d'ainneoin gan a chó-aontú, agus an díol san á dhéanamh, go n-íocfaí an tsuim sin.

(4) Pé uair a rinne no dhéanfaidh comhairle chontae sa bhliain 1940 síolta agus abhair leasuithe no síolta no abhair leasuithe do chur ar fáil agus do dhíol fén Acht so, féadfaidh an chomhairle sin a fháil amach cadé méid iomlán na gcostas agus na gcaiteachas (seachas an praghas do thug an chomhairle sin ar na síolta agus na habhair leasuithe sin no ar na síolta san no ar na habhair leasuithe sin, do réir mar a bhí) fé n-a ndeachaidh an chomhairle sin ag cur na n-earraí sin ar fáil agus á ndíol, agus is dleathach dóibh an méid sin do chionroinnt ar na daoine uile agus fé seach le n-ar díoladh na hearraí sin amhlaidh agus leis sin déanfar an tsuim ar n-a cur i leith aon duine acu san de dhruim na cionroinnte sin do chur leis an suim is iníoctha ag an duine sin leis an gcomhairle sin alos na coda de sna hearraí sin do díoladh leis amhlaidh agus beidh sí agus is tuigthe go raibh sí riamh ina cuid den tsuim sin is iníoctha amhlaidh agus beidh sí ionbhainte amach fén Acht so dá réir sin, d'ainneoin gan a chó-aontú, agus an díol san á dhéanamh, go n-íocfaí an tsuim sin.

(5) Aon tsuim is iníoctha le comhairle chontae alos earraí ar bith do dhíol fén Acht so (le n-a n-áirmhítear an t-ús, agus fós an cion de chostaisí agus de chaiteachaisí, is iníoctha de bhuadh an ailt seo) déanfar, do réir mar is rogha leis an gcomhairle sin, í íoc leis an gcomhairle sin san am agus sa tslí ar ar có-aontuíodh agus na hearraí sin á ndíol no ina dhá tráthchuid chó-ionanna is iníoctha ar na dátaí fé seach ar n-a gceapadh ag an gcomhairle sin chuige sin, agus i gceachtar cás féadfar í bhailiú agus í bhaint amach sa tslí a húdaruítear leis an Acht so.

Suimeanna is iníoctha le comhairlí contae fén Acht so do bhaint amach.

3. —I dteanta aon mhodha eile agus gan dochar d'aon mhodh eile chun aon tsuim do bhaint amach is iníoctha le comhairle chontae alos no i dtaobh na comhairle sin do dhíol earraí fén Acht so, féadfar gach suim den tsórt san ná raibh, i gcás earraí do díoladh sa bhliain 1939, íoctha leis an gcomhairle sin ná bainte amach aca roimh an 1adh lá d'Eanar, 1940, no ná beidh, i gcás earraí do díoladh no díolfar sa bhliain 1940, íoctha ná bainte amach amhlaidh roimh an 1adh lá d'Eanar, 1941, do bhaint amach—

(a) má bhíonn an duine go mbeidh an tsuim sin iníoctha aige rátuithe (seachas mar únaer ar thigh chomhnaithe bheag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 ( Uimh. 4 de 1928 )) chun an ráta dhealbhais sa chontae sin, tríd an gcomhairle sin do ghearradh ráta speisialta a cuirfear leis an ráta dealbhais agus a baileofar i dteanta an ráta dhealbhais a bheidh ar an tionóntachán gur ina thaobh a bheidh an duine sin rátuithe amhlaidh, agus féadfaidh an chomhairle sin an céanna do bhailiú agus do bhaint amach sa tslí chéanna ina bhféadfaid agus leis na meáin chéanna le n-a bhféadaid ráta déalbhais do bhailiú agus do bhaint amach, no

(b) mara mbeidh an duine go mbeidh an tsuim sin iníoctha aige rátuithe mar adubhradh chun an ráta dhealbhais sa chontae sin, tré ráta speisialta bhuailfidh an chomhairle sin chun crícheanna an ailt seo agus chun a rátófar an duine sin agus a baileofar agus a féadfar a bhaint amach sa tslí chéanna ina bhféadfaid agus leis na meáin chéanna le n-a bhféadfaid an chomhairle sin ráta dealbhais do bhailiú agus do bhaint amach.

Comhacht do chomhairlí contae chun urraíochta do thabhairt.

4. —(1) Is dleathach agus is tuigthe gur dhleathach riamh do chomhairle chontae scéim do dhéanamh agus do thabhairt chun críche á ghabháil le n-a n-ais a urrú d'aon cheannaidhe síolta cheaduithe go n-íocfar go cuibhe leis an gceannaidhe sin an praghas iomlán no cion áirithe den phraghas is iníoctha ag sealbhaire no saothruitheoir tailimh ceaduithe sa chontae sin as síolta agus abhair leasuithe no as síolta amháin no as abhair leasuithe amháin do sholáthair an ceannaidhe sin don tsealbaire no don tsaothruitheoir cheaduithe sin i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Fheabhra, 1939, agus dar chríoch an 31adh lá d'Iúl, 1939.

(2) Is dleathach agus is tuigthe gur dhleathach riamh do chomhairle chontae scéim do dhéanamh agus do thabhairt chun críche á ghabháil le n-a n-ais a urrú d'aon cheannaidhe síolta cheaduithe go n-íocfar go cuibhe leis an gceannaidhe sin an praghas iomlán no cion áirithe den phraghas is iníoctha ag sealbhaire no saothruitheoir tailimh ceaduithe sa chontae sin as síolta agus abhair leasuithe no as síolta amháin no as abhair leasuithe amháin do sholáthair no sholáthróidh an ceannaidhe sin don tsealbhaire no don tsaothruitheoir cheaduithe sin i rith na tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Fheabhra, 1940, agus dar críoch an 31adh lá d'Iúl, 1940.

(3) Pé uair a bheidh urraíocht tugtha ag comhairle chontae do cheannaidhe síolta cheaduithe de bhun scéime a húdaruítear le ceachtar de sna fo-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, agus a dhéanfaidh an chomhairle sin, de dhruim faillí an tsealbhaire no an tsaothruitheora le n-a mbainfidh an urraíocht san, aon airgead d'íoc leis an gceannaidhe sin fén urraíocht san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn aon airgead ionbhainte go dleathach den tsealbhaire no den tsaothruitheoir sin no dá urraí (más ann dóibh) ag an gcomhairle sin mar gheall ar an íocaíocht san do dhéanamh leis an gceannaidhe sin, ansan, i dteanta aon tslí eile chun é bhaint amach agus gan dochar don chéanna, beidh sé ionbhainte amach fén Acht so fé is dá mba shuim é dob iníoctha ag an sealbhaire no ag an saothruitheoir nó ag an urra san (do réir mar a bheidh) alos earraí do dhíolfadh an chomhairle sin leis fén Acht so;

(b) féadfar an urraíocht san do thairgsint i bhfianaise, agus (ar a chruthú gur cólánuíodh go cuibhe í) glacfar í i bhfianaise, in imeachta in aon chúirt ar n-a mbunú ag an gcomhairle sin chun airgead is ionbhainte amach go dleathach amhlaidh mar adubhradh do bhaint den tsealbhaire no den tsaothruitheoir no den urra san d'ainneoin gan forálacha an Stamp Act, 1891, ar n-a leasú no ar n-a oiriúnú le hachtacháin ina dhiaidh sin, do bheith cólíonta maidir leis an urraíocht san.

(4) San alt so cialluíonn an focal “ceaduithe” ceaduithe ag an gcomhairle bheidh i gceist.

Comhacht chun iasachtaí d'fháil.

5. —(1) Féadfaidh comhairle chontae, le ceadú an Aire, an t-airgead san d'fháil ar iasacht is gá chun síolta agus abhair leasuithe no síolta amháin no abhair leasuithe amháin do chur ar fáil fén Acht so fé is dá mbeadh an chríoch san luaidhte in Airteagal 22 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus ní déanfar airgead do gheobhfar ar iasacht amhlaidh d'áireamh mar chuid d'fhiacha na comhairle sin chun crícheanna an Airteagail sin.

(2) Gach suim a fuarthas ar iasacht fén alt so chun síolta agus abhair leasuithe no síolta amháin no abhair leasuithe amháin do chur ar fáil fén Acht so sa bhliain 1939 aisíocfar í, maraon le hús do réir an ráta ar ar có-aontuíodh, an 31adh lá de Mhárta, 1941, no roimhe sin.

(3) Gach suim a fuarthas no gheobhfar ar iasacht fén alt so chun síolta agus abhair leasuithe no síolta amháin no abhair leasuithe amháin do chur ar fáil fén Acht so sa bhliain 1940 aisíocfar í, maraon le hús do réir an ráta ar ar có-aontuíodh, an 31adh lá de Mhárta, 1942, no roimhe sin.

(4) Is tuigthe gach suim a fuarthas no gheobhfar ar iasacht fén alt so maraon leis an ús uirthi do bheith, o dháta na suime sin d'fháil ar iasacht, ina muirear ar an ráta dealbhais is inghearrtha i gcontae na comhairle do fuair no gheobhaidh an tsuim sin ar iasacht amhlaidh.

Costaisí ná beidh bainte amach do chruinniú.

6. —Déanfaidh comhairle chontae na costaisí, ar n-a gcur suas ag an gcomhairle sin chun síolta agus abhair leasuithe no síolta amháin no abhair leasuithe amháin do chur ar fáil fén Acht so, do chruinniú tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae go hiomlán sa mhéid ná beid bainte de sna daoine uile agus fé seach le n-ar díoladh na hearraí sin.

Geallúna agus urraíochta neastampálta do bheith ionghlactha.

7. —Pé uair a rinne duine ar bith roimh an Acht so do rith, no dhéanfaidh dá éis sin, aon earraí do cheannach o chomhairle chontae fén Acht so agus a rinne no dhéanfaidh an duine sin, roimh na hearraí sin do cheannach no sara leigfí dhó iad do cheannach, geallúint go n-urraíocht o urraí no dá héamais do shighniú, á rá go n-íocfadh sé leis an gcomhairle sin praghas na n-earraí do ceannuíodh amhlaidh, no dul fé fhreagarthacht ar shlí eile san íoc san tré gheallúint den tsórt san, féadfar an gheallúint sin agus fós an urraíocht a bheidh (má bhíonn) inti do thairgsint i bhfianaise, agus (ar a chruthú gur cólánuíodh an céanna go cuibhe) glacfar san i bhfianaise, in imeachta ar n-a mbunú in aon chúirt chun an phraghais sin do bhaint den duine sin no d'aon urra den tsórt san, d'ainneoin gan forálacha an Stamp Act, 1891, ar n-a leasú no ar n-a oiriúnú le hachtacháin ina dhiaidh sin, do bheith cólíonta sa chás.

Saoirse o dhí-cháiliú.

8. —Ní bheidh duine ar bith dí-cháilithe chun é thogha ná chun é roghnú ná chun é bheith ina bhall de chomhairle chontae no cheanntair, no de bhord choimisinéirí baile, toisc é do cheannach no do chó-aontú go gceannódh sé aon earraí o chomhairle chontae, is earraí ar n-a gcur ar fáil agus ar n-a ndíol ag an gcomhairle sin fén Acht so, no toisc é d'fháil urraíochta (mar chreidmheasóir no mar phrímh-fhéicheamh) ar n-a tabhairt ag comhairle chontae fén Acht so.

Orduithe, etc., áirithe do dhéanamh bailidhe.

9. —Gach ordú agus gach ní do rinne an tAire, agus fós gach ceadú do thug sé uaidh, roimh an Acht so do rith maidir le comhairlí contae do chur earraí ar fáil agus dá ndíol fén Acht so, no maidir le comhairlí contae do dhéanamh agus d'fheidhmiú scéimeanna a húdaruítear leis an Acht so chun na gcomhairlí sin do thabhairt urraíocht, beid agus is tuigthe go rabhadar riamh dlíthiúil agus bailidhe chun gach críche.

Gearr-theideal.

10. —Féadfar an tAcht Soláthair Shíolta agus Abhar Leasuithe, 1940 , do ghairm den Acht so.