An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CEAD SCEIDEAL. Contaethe Airithe do Ghrupail.) Ar Aghaidh (TRIU SCEIDEAL. Foralacha de dhruim na mBord Slainte do Scur.)

12 1940

ACHT UM BAINISTÍ CHONTAE, 1940

DARA SCEIDEAL.

Nithe gur Feidhmeanna Forcoimeadta na Comhachta agus na Feidhmeanna agus na Dualgaisi Bhainfidh leo.

1. Ráta do bhualadh.

2. Airgead d'fháil ar iasacht.

3. Iomlán costaisí chomhairle chontae no chóluchta thoghaidhe, no cuid de sna costaisí sin, d'éileamh fé achtachán ar bith ar aon údarás áitiúil eile.

4. Fo-dhlí do dhéanamh no do leasú no do cheiliúradh.

5. Ordú do dhéanamh, no rún do rith, 'na ndéanfar dá bhuadh achtachán do chur i ngníomh no i bhfeidhm i líomatáiste feidhmiúcháin no i gcuid de líomatáiste feidhmiúcháin chomhairle contae no chóluchta thoghaidhe no ordú den tsórt san do cheiliúradh no rún den tsórt san do chur ar neamh-ní.

6. An t-iarratas a bheidh le cur chun údaráis ar bith maidir le déanamh no ceiliúradh aon orduithe den tsórt san a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den Sceideal so.

7. Na comhachta do bheirtear leis an Borough Funds (Ireland) Act, 1888, no leis an Acht san ar n-a leathnú le hachtachán ar bith ina dhiaidh sin, maidir le habhar reachtúcháin do bhunú no cur ina choinnibh no maidir le haon imeachta dlí den tsórt san a luaidhtear in alt 3 den Acht san do chur ar aghaidh no do chosaint, agus cistí puiblí no rátaí puiblí do chur chun críche ar bith aca san.

8. Rialacháin do dhéanamh fé alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir le hothair do leigint isteach in ospidéal meabhar-ghalar no do choinneáil ann no do scaoileadh amach as, no maidir leis na coinníollacha i dtaobh íocaíochta no cóiríochta fé n-ar cead othair phríobháideacha do leigint isteach in ospidéal meabhar-ghalar no do choinneáil ann.

9. Na nithe seo leanas fén Acht um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934 (Uimh. 22 de 1934) , sé sin le rá:—

(a) rún do rith fé alt 18 den Acht san chun réigiún pleanála do bhunú;

(b) ordú fé alt 21 den Acht san, ag leathnú ceanntair phleanála, d'iarraidh;

(c) féachaint an gcinnfear agus a chinneadh, fé alt 26 den Acht san, ar scéim phleanála do cheapadh;

(d) scéim phleanála do cheapadh agus do chur fé bhráid an Aire fé alt 29 den Acht san;

(e) a iarraidh, fé fho-alt (1) d'alt 35 den Acht san, ar údarás phleanála scéim phleanála do cheiliúradh no d'atharú;

(f) iarratas o údarás fhreagarthach, fén bhfo-alt san (1) d'alt 35 den Acht san, do bhreithniú agus deighleáil leis;

(g) athchomharc do dhéanamh chun an Aire, fé alt 36 den Acht san, maidir le scéim phleanála do cheiliúradh no d'atharú;

(h) scéim phleanála cheiliúrthach no leasuitheach do cheapadh de bhun an ailt sin 36 den Acht san.

10. Iarratas no ordú do dhéanamh no a thabhairt go ndéanfar fiosrú, fé réim no de bhun ailt 10 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1936 (Uimh. 55 de 1936) , no fé réim no de bhun Airteagail 26 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le teoranta d'atharú.

11. Na nithe seo leanas fé Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931) , sé sin le rá:—

(a) a dhearbhú fé alt 5 den Acht san líomatáiste do bheith ina líomatáiste réiteachta;

(b) a dhearbhú fé alt 12 den Acht san líomatáiste do bheith ina líomatáiste fheabhsúcháin.

12. Toghacháin pháirliminte agus toghacháin áitiúla.

13. Orduithe agus ordacháin, chun crícheanna Airteagail 7 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, do dhéanamh agus do thabhairt.

14. Có-dhéanamh comhairle contae no cóluchta thoghaidhe, maraon le cathaoirleach no leas-chathaoirleach ar an gcomhairle sin no ar an gcólucht toghaidhe sin do thoghadh agus le méara buirge no, i gcás buirg Dhún Laoghaire, cathaoirleach na buirge do thoghadh agus a luach saothair do cheapadh.

15. Nós imeachta chomhairle contae no chóluchta thoghaidhe, le n-a n-áirmhítear an nós imeachta le haghaidh aon chruinnithe den chomhairle sin no den chólucht toghaidhe sin.

16. Duine do cheapadh no do thoghadh chun bheith ina bhall de chólucht eile.

17. Duine d'ainmniú chun bheith ina iarrthóir i dtoghachán chun duine do thoghadh chun oifig Uachtarán na hÉireann.

18. Tailte no tionóntacháin no ionoighreachtaí do chur de láimh (ar shlí seachas tré aistriú ar feadh téarma nach sia ná bliain) fé sna Municipal Corporations (Ireland) Acts, 1840 to 1888.

19. Saoirse bhuirge do bhronnadh ar dhaoine.

20. Fé réir forálacha an Achta so, contae-bhainisteoir do chur ar fiunraoí no do chur as oifig.

21. Fé réir forálacha an Achta so, aois-liúntas no aisce do dheonadh do chontae-bhainisteoir ar scur dó de bheith ina chontaebhainisteoir den tsórt san.

22. Feidhmiú do dhéanamh ar chomhacht a bheidh dílsithe le dlí (le n-a n-áirmhítear an tAcht so) i gcomhairle chontae no i gcólucht toghaidhe agus adeir an tAcht so do bheith infheidhmithe tré rún ar n-a rith ag an gcomhairle sin no ag an gcólucht san.