15 1940


Uimhir 15 de 1940.


ACHT NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (OIFIGIGH AGUS FOSTAITHE) (LEASÚ), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN ACHTA NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (OIFIGIGH AGUS FOSTAITHE), 1926 , DO LEASÚ.

[27adh Meitheamh, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) .

(2) Déanfar an tAcht so agus an Príomh-Acht do léiriú mar éinní amháin agus, dá réir sin, gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht no ann, chun crícheanna an Achta san, beidh aige san Acht so an bhrí do bheirtear dó amhlaidh.

(3) I gcás ar bith ina ndearnadh an Príomh-Acht do chur i mbaint le haon oifig no fostaíocht áirithe, no feidhm do thabhairt don Phríomh-Acht maidir le haon bhord no coiste no cólucht eile (corparuithe no neamh-ionchorparuithe), tré Acht ar bith eile, is gus na leasuithe agus fé réir na leasuithe deintear air leis an Acht so bhainfidh an Príomh-Acht leis an oifig no leis an bhfostaiocht san no bheidh feidhm ag an bPríomh-Acht maidir leis an gcólucht san.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá san a cheapfaidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe chuige sin.

Gan an Príomh-Acht do bhaint le banaltraí ná le mná cabhartha.

3. —D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht, ní bhainfidh an tAcht san le hoifig no fostaíocht bhanaltran fé údarás áitiúil ná le hoifig no fostaíocht mhná cabhartha fé údarás áitiúil, agus déanfar an abairt “oifig le n-a mbaineann an tAcht so” do léiriú, agus beidh éifeacht aici, dá réir sin sa Phríomh-Acht.

Comhacht chun dearbhuithe áirithe do cheiliúradh.

4. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le haontú na gCoimisinéirí, dearbhú, ar n-a dhéanamh aige (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht, do cheiliúradh ar fad no maidir le hoifig no fostaíocht áirithe no le hoifigí no fostaíochtaí áirithe.

(2) Pé uair a déanfar aon dearbhú den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so do cheiliúradh fén bhfo-alt san, ansan, gach oifig no fostaíocht gur maidir léi ceiliúrfar an dearbhú san amhlaidh, scuirfidh leis sin de bheith ina hoifig no ina fostaíocht (do réir mar a bheidh) le n-a mbaineann an Príomh-Acht, ach féadfar dearbhú nua do dhéanamh maidir leis an gcéanna tráth ar bith ina dhiaidh sin fé mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht.

Cuid d'alt 5 den Phríomh-Acht d'athghairm.

5. —Athghairmtear leis seo an méid sin d'fho-alt (2) d'alt 5 den Phríomh-Acht dar tosach na focail “no go dtí” agus dar críoch na focail “is túisce thárlóidh”.

Alt 12 den Phríomh-Acht do leasú.

6. —Leasuítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht tré sna focail “de mhí” do scriosadh as fo-alt (2) den alt san agus tré sna focail “de dhá mhí” do chur ina n-ionad san, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Gearr-theideal agus có-luadh.

7. —(1) Féadfar Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe) (Leasú), 1940 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.