An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Ilghneitheach.)

21 1940

ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BAILE ÁTHA CLIATH) (LEASÚ), 1940

CUID II.

Bailecheanntar Bhinn Eadair do chur le Contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath.

Bailecheanntar Bhinn Eadair do chur le cathair Bhaile Atha Cliath.

4. —(1) Scuirfidh an chomhairle cheanntair agus beidh deireadh léi ar an lá ceaptha.

(2) Ar an lá ceaptha beidh líomatáiste an bhailecheanntair scartha ón gcontae agus o dhlighinse agus o chomhachta na comhairle contae agus ag gabháil leis an gcathair agus beidh sé curtha leis an gcathair agus ina chuid den chathair chun gach críche as san amach.

(3) Ar an lá ceaptha beidh teora na cathrach sínte amach i slí go mbeidh líomatáiste an bhailecheanntair laistigh di.

Páirteanna den Phríomh-Acht d'ionchorparú.

5. —(1) Deintear leis seo na hailt seo leanas den Phríomh-Acht (dá ngairmtear na hailt ionchorparuithe san alt so), sé sin le rá, na hailt o alt a ceathair go halt a cúig déag agus fós ailt a naoi déag, a ceathair fichead, a cúig fichead, a hocht fichead, a seacht ochtód, a hocht ochtód, agus a céad is a dó, d'ionchorparú san Acht so gus na hatharuithe sin ortha atá leagtha amach sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag na hailt ionchorparuithe sin fé is dá n-ath-achtuítí san Acht so iad gus na hatharuithe sin ortha adubhradh.

(2) Deintear leis seo na hatharuithe seo leanas ar na hailt ionchorparuithe chun-críche a n-ionchorparuithe san Acht so, agus chuige sin amháin, sé sin le rá:—

(a) is tuigthe, chun na críche adubhradh, gur cólucht díochurtha an chomhairle cheanntair agus, dá réir sin, déanfar gach tagairt atá sna hailt ionchorparuithe do chóluchtaí díochurtha no do chólucht dhíochurtha do léiriú mar thagairt don chomhairle cheanntair;

(b) is tuigthe, chun na críche adubhradh, gur bailecheanntar có-cheangailte an bailecheanntar agus, dá réir sin, déanfar gach tagairt atá sna hailt ionchorparuithe do bhailecheanntair chó-cheangailte no do bhailecheanntar chó-cheangailte do léiriú mar thagairt don bhailecheanntar;

(c) is tuigthe, chun na críche adubhradh, gurb é bárdas na cathrach comharba na comhairle ceanntair;

(d) i ngach áit ina bhfuil an abairt “an tsean-chathair” sna hailt ionchorparuithe, léireofar í mar abairt a chialluíonn contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath mar atá sí ar dháta an Achta so do rith;

(e) i ngach áit ina bhfuil na habairtí “an tAcht so” agus “an Chuid seo den Acht so” fé seach sna hailt ionchorparuithe, léireofar iad mar abairtí chialluíonn na hailt ionchorparuithe mar atáid ionchorparuithe san Acht so;

(f) i ngach áit ina bhfuil an abairt “an lá ceaptha” sna hailt ionchorparuithe, léireofar í mar abairt a chialluíonn an lá is lá ceaptha chun crícheanna an Achta so;

(g) ní tabharfar áird ar an gcuid sin de sna hailt ionchorparuithe ná baineann ach le buirg Dhún Laoghaire;

(h) na mínithe atá in alt 1 den Phríomh-Acht, i dtaobh focal no abairtí in aon cheann de sna hailt ionchorparuithe, agus ná fuil buiniscionn le haon fhoráil aca san roimhe seo den fho-alt so, is tuigthe iad d'ath-achtú san Acht so chun críche léirithe na n-alt ionchorparuithe.

Deireadh do chur le toghacháin maidir leis an gcomhairle cheanntair.

6. —Ní bheidh aon toghachán ann tar éis an Achta so do rith chun baill den chomhairle cheanntair do thoghadh.

An chéad toghachán cinn trí mblian eile maidir leis an gcomhairle chathrach.

7. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gcéad toghachán cinn trí mblian (dá ngairmtear san alt so an toghachán cathrach san) a bheidh ann tar éis an Achta so do rith chun baill den chomhairle chathrach do thoghadh, sé sin le rá:—

(a) gach toghthóir rialtais áitiúil a bheidh cláruithe mar thoghthóir den tsórt san laistigh den bhailecheanntar, beidh sé (fé réir aon dí-cháilíochta ar n-a fhorchur le dlí) i dteideal vótáil sa toghachán chathrach san;

(b) chun crícheanna an toghacháin chathrach san, beidh líomatáiste an bhailecheanntair ag gabháil leis an toghalíomatáiste buirge sin sa chathair atá teoranta leis an mbailecheanntar agus is tuigthe gur cuid den toghalíomatáiste buirge sin é;

(c) gach ceanntar vótaíochta atá ar bith, ar dháta an Achta so do rith, chun críche toghachán ball den chomhairle chontae agus atá suidhte sa bhailecheanntar, beidh sé ina cheanntar vótaíochta chun crícheanna an toghacháin chathrach san, agus gach áit vótaíochta atá ar bith amhlaidh in aon cheanntar vótaíochta den tsórt san, beidh sé ina áit vótaíochta chun crícheanna an toghacháin chathrach san.

An chéad toghachán cinn trí mblian eile maidir leis an gcomhairle chontae.

8. —Chun crícheanna an chéad toghacháin eile bheidh ann tar éis an Achta so do rith chun baill den chomhairle chontae do thoghadh, is tuigthe gan an bailecheanntar do bheith ina chuid den chontae ná é do bheith ag gabháil leis an gcontae.

Coróinéirí agus fo-shirriaim agus leabhair de choisteoirí.

9. —(1) Leanfaidh líomatáiste dlighinse an duine atá, ar dháta an Achta so do rith, i seilbh oifige mar choróinéir don chontae de bheith ina líomatáiste dhlighinse aige mar choróinéir den tsórt san, fé is ná rithfí an tAcht so, faid a bheidh an duine sin i seilbh na hoifige sin, ach ar é do scur, tré éag no eile, de bheith i seilbh na hoifige sin aige, beidh líomatáiste an bhailecheanntair scartha o líomatáiste dhlighinse choróinéara na contae agus ag gabháil le líomatáiste dhlighinse choróinéara na cathrach ar dháta an scuir sin no ar an lá ceaptha (pé tráth aca san is déanaighe) agus beidh sé curtha leis an líomatáiste sin as san amach.

(2) Leanfaidh líomatáiste dlighinse an duine atá, ar dháta an Achta so do rith, i seilbh oifige mar fho-shirriam don chontae de bheith ina líomatáiste dhlighinse aige mar fho-shirriam den tsórt san, fé is ná rithfí an tAcht so, faid a bheidh an duine sin i seilbh na hoifige sin, ach ar é do scur, tré éag no eile, de bheith i seilbh na hoifige sin aige, beidh líomatáiste an bhailecheanntair scartha o líomatáiste dhlighinse fho-shirriaim na contae agus ag gabháil le líomatáiste dhlighinse fho-shirriaim no chlárathóra chontae na cathrach (do réir mar a bheidh) ar dháta an scuir sin no ar an lá ceaptha (pé tráth aca san is déanaighe) agus beidh sé curtha leis an líomatáiste sin as san amach.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas sa chathair agus sa chontae maidir le leabhair de choisteoirí d'ullmhú, le painéil de choisteoirí d'ullmhú, agus le coisteoirí do ghairm, agus maidir leis na painéil o n-a bhfuighfear coisteoirí le haghaidh trialach ceisteanna ag cúirt no breitheamh a bheidh ag suidhe sa chathair no sa chontae, sé sin le rá:—

(a) go dtí an lá díreach roimh an lá ceaptha, agus as san amach go dtí go raghaidh an leabhar de choisteoirí bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá san sa chathair no an leabhar de choisteoirí bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá san sa chontae i ndísc, leanfaidh an dlí do bhí i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta so do rith de bheith i bhfeidhm agus déanfar dá réir fé is ná rithfí an tAcht so agus, go sonnrách, fé is ná rithfí an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ná na forálacha tré n-a gcuirtear an bailecheanntar leis an gcathair;

(b) nuair a raghaidh agus chó luath agus a raghaidh ceann de sna leabhair sin de choisteoirí i ndísc an lá ceaptha no dá éis sin, is tuigthe an ceann eile de sna leabhair sin de choisteoirí do dhul i ndísc agus tiocfaidh leabhair nua de choisteoirí i bhfeidhm láithreach sa chathair agus sa chontae;

(c) d'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt so, déanfar ceann de sna leabhair nua san de choisteoirí d'ullmhú mar leabhar de choisteoirí don chathair ar n-a leathnú leis an Acht so, agus déanfar an ceann eile de sna leabhair nua san de choisteoirí d'ullmhú mar leabhar de choisteoirí don chontae gan an bailecheanntar d'áireamh;

(d) díreach ar theacht i bhfeidhm do sna leabhair nua san de choisteoirí, beidh éifeacht ag forálacha an Achta so agus déanfar dá réir as san amach ach, faid a bheidh foshirriam ann don chathair, isé an fo-shirriam san a bheidh ina oifigeach phainéalachta do réir bhrí Achta na nGiúirithe, 1927 (Uimh. 23 de 1927) , don chathair iomláin ar n-a leathnú leis an Acht so agus, faid a bheidh fo-shirriam ann don chontae, isé an fo-shirriam san a bheidh ina oifigeach phainéalachta do réir an bhrí adubhradh don chontae gan an bailecheanntar d'áireamh.

Rátaí, etc., an bhailecheanntair do dhíochur.

10. —(1) Na rátaí uile bheidh inghearrtha sa bhailecheanntar díreach roimh an lá ceaptha, scuirfid, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, de bheith inghearrtha ar an lá cheaptha, ach ní thiocfaidh den scur san cosc do chur, ná dochar ná deifir do dhéanamh, maidir le haon chuid de ráta ar bith den tsórt san, a bheidh dlite agus gan íoc díreach roimh an lá cheaptha, do bhailiú no do bhaint amach tar éis an lae cheaptha.

(2) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le suimeanna (dá ngairmtear de ghnáth rátaí uisce fé chonnradh) ar n-a n-éileamh alos uisce do chur ar fáil d'ionoighreachtaí no do thionóntacháin áirithe chun crícheanna nach crícheanna tighis, no alos uisce do chur ar fáil fé chonnradh speisialta do dhuine ar bith ná beidh i dteideal an uisce sin d'fháil, ach déanfar na suimeanna san do bhailiú agus do bhaint amach mar chuid den ráta chathardha.

(3) Gach ciste bheidh, díreach roimh an lá cheaptha, á chothabháil as toradh aon cheann de sna rátaí a díochuirtear leis an alt so, scuirfidh de bheith á chothabháil amhlaidh ar an lá cheaptha agus déanfar, an lá san, an t-airgead (más ann dó) a bheidh i gcreidiúint d'aon chiste den tsórt san d'íoc isteach sa chiste chathardha, agus déanfar gach fiachas a bheidh dlite ar aon chiste den tsórt san d'íoc amach as an gciste cathardha.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 64 den Phríomh-Acht, sa líomatáiste chuireann an tAcht so ag gabháil leis an gcathair, fé is dá n-ath-achtuítí an t-alt san anso alos an líomatáiste sin amháin, agus na dátaí an 1adh lá d'Abrán, 1941, agus an 1adh lá d'Abrán, 1940, curtha in ionad na ndátaí an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus an 1adh lá d'Abrán, 1930, fé seach, i ngach áit ina bhfuil na dátaí sin san alt san.

An deontas talmhaíochta do choigeartú.

11. —Deintear leis seo an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 (Uimh. 23 de 1939) , do leasú, maidir leis an gcéad bhliain airgeadais áitiúil i ndiaidh na bliana airgeadais áitiúla ina dtuitfidh an lá ceaptha agus maidir le gach bliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, sna slite seo leanas agus léireofar an tAcht san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “sé chéad déag agus ochtó punt, trí scillinge déag, agus sé pingne”, atá i bhfo-alt (6) d'alt 4, do scriosadh agus na focail “dhá mhíle agus trí chéad agus seasca punt” do chur ina n-ionad san, agus

(b) tríd an suim £54,550 6s. 6d., atá sa dara colún den Sceideal, do scriosadh agus an tsuim £53,871 do chur ina hionad san.

Achuingheacha maidir le bárdanna sa chathair.

12. —Scuirfidh fo-airteagal (14) (a bhaineann leis an am gur laistigh de is ceaduithe do chomhairle bhuirge achuinge do thíolacadh maidir leis an mbuirg sin do roinnt ina bárdanna) d'Airteagal 31 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments), Order, 1898, de bhaint le bárdas na cathrach do thíolacadh aon achuinge den tsórt san.