Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

26 1940


Uimhir 26 de 1940.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH (ORDUITHE DO DHAINGNIÚ), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN ORDUITHE ÁIRITHE DO RINNEADH FÉN ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932 , DO DHAINGNIÚ. [10adh Iúl, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Orduithe do dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Na mion-innste luaidhtear sa dara colún agus sa cheathrú colún fé seach den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, maidir leis na hOrduithe luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san, is chuige amháin atáid curtha isteach sa Sceideal san chun gurbh usa-de tagairt do sna hOrduithe sin agus iad d'aithint agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh éinní atá sa dara colún san ná sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná do léiriú an tríú colúin den Sceideal san ná ní dhéanfaidh teorannú ná rialú ar oibriú an ailt seo ná an cholúin sin.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht chun Diúitéthe do Ghearradh (Orduithe do Dhaingniú), 1940 , do ghairm den Acht so.