An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Mianrai Stait.) Ar Aghaidh (CUID VI. Saoraidi chun Mianrai Unaeri Priobhaideacha d'Fhorbairt agus Srian do Chur le hOibriu Mianrai is ga chun Talamh no Foirginti do Thacu.)

31 1940

ACHT FORBAIRTE MINEARÁL, 1940

CUID V.

An Bord Mianadoireachta.

An Bord Mianadóireachta do bhunú.

33. —(1) Bunófar bord ar a dtabharfar an Bord Mianadóireachta (dá ngairmtear “an Bord” san Acht so) agus ar a mbeidh cathaoirleach agus dhá ghnáth-bhall chun na bhfeidhmeanna ceaptar dó leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Isé bheidh ina chathaoirleach ar an mBord abhcóide bheidh ag cleachtadh a ghairme agus seasamh deich mblian ar a laighead aige no atúrnae bheidh ag cleachtadh a ghairme agus seasamh deich mblian ar a laighead aige agus isiad a bheidh ina ngnáthbhaill duine is ball den phaineul d'eadrascánaithe oifigiúla do ceapadh fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ar n-a leasú leis an Acht Chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) , agus duine is oifigeach don Aire.

(3) Ceapfaidh an tAire gach ball den Bhord go ceann pé tréimhse is oiriúnach leis agus féadfaidh an tAire é do chur as oifig agus féadfaidh an ball féin eirghe as a oifig aon uair.

(4) Féadfar pé táillí no luach saothair eile agus pé costaisí chinnfidh an tAire Airgeadais d'íoc le ball ar bith den Bhord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(5) Más rud é, ar chúis ar bith, go mbeidh aon bhall den Bhord ar feadh sealaid gan bheith ábalta ar fhreastal ar shuidheanna an Bhúird féadfaidh an tAire duine eile do cheapadh chun gníomhú mar bhall den Bhord ar feadh an tsealaid sin, ach ní ceapfar éinne chun gníomhú mar bhall den Bhord fén bhfo-alt so mara mbeidh na cáilíochta aige is gá do réir fo-ailt (2) den alt so do bheith ag an mball den Bhord gur ina ionad a ceapfar an duine sin go sealadach amhlaidh.

Rialacháin i gcóir imeachta i láthair an Bhúird.

34. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní no nithe aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) uaireanna agus áiteanna suidheanna an Bhúird;

(b) na daoine dá dtabharfar agus na huaireanna agus an tslí ina dtabharfar fógra i dtaobh suidheanna an Bhúird;

(c) an phuiblíocht do leigint isteach chun suidheanna an Bhúird no do dhúnadh amach uatha;

(d) pé nithe eile i dtaobh cleachtadh agus nós imeachta an Bhúird a cheapfaidh an tAire do bheith riachtanach no oiriúnach chun gnó an Bhúird do dhéanamh sa cheart.

Comhachta an Bhúird.

35. —(1) Chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a gceistnithe fé mhionn (agus údaruítear leis seo d'aon bhall den Bhord fínnithe do chur fé mhionn) no ar aon tslí eile agus chun a chur d'fhiachaibh ar dhaoine scríbhinní do thabhairt ar áird, beidh ag an mBord gach comhacht, ceart, agus príbhléid atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh den Ard-Chúirt maidir le triail aicsin, agus beidh gairm a bheidh sighnithe ag aon bhall no baill den Bhord ar aon dul agus ar aon éifeacht le próiseas fuirmiúil do bhéarfadh an Ard-Chúirt amach chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a chur d'fhiachaibh ar dhaoine scríbhinní do thabhairt ar áird (pé aca é).

(2) Má dheineann éinne—

(a) faillighe i dteacht i láthair an Bhúird agus é gairmthe go cuibhe chun teacht ina láthair mar fhínné, no

(b) ar bheith i láthair dó mar fhínné, diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an Bord air go dlíthiúil do thabhairt no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht no fé n-a chúram do thabhairt ar áird a cheanglóidh an Bord air go dlíthiúil do thabhairt ar áird no d'aon cheist do fhreagairt a bhféadfadh an Bord a cheangal air go dlíthiúil í d'fhreagairt, no

(c) éinní ba dhísbeagadh Cúirte dá mba Chúirt Bhreithiúnais an Bord agus comhacht aige chun daoine do chur i bpríosún mar gheall ar dhísbeagadh Cúirte,

féadfaidh an Bord cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a lámhaibh don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Chúirt sin, tar éis pé fiosrú is oiriúnach léi do dhéanamh, an duine sin do phionósú no pé ní do dhéanamh is gá chun é do phionósú díreach fé is dá mbeadh sé ciontach sa Chúirt sin do dhísbeagadh.

(3) Beidh teideal ag fínné i láthair an Bhúird chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.

An Bord no oifigigh don Bhord do dhul isteach ar thalamh.

36. —(1) Chun aon chríche bhaineann le feidhmiú na bhfeidhmeanna ceaptar don Bhord leis an Acht so féadfaidh aon bhall den Bhord agus aon duine go n-údarás chuige sin ón mBord dul isteach ar aon talamh agus pé taigheadh do dhéanamh ann is dóich leis an mBord is gá chun na gcrícheanna roimhráite.

(2) Má chuireann duine ar bith bac no cosc le haon bhall den Bhord no le haon duine go n-údarás ón mBord agus é ag feidhmiú na gcomhacht do bheirtear don bhall no don duine sin leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Fuireann an Bhúird.

37. —(1) Ceapfaidh an tAire rúnaidhe don Bhord, agus féadfaidh pé oifigigh agus seirbhísigh eile don Bhord do cheapadh is dóich leis is gá chun cabhrú leis an mBord chun a bhfeidhmeanna d'fheidhmiú, fé réir an Aire Airgeadais do thoiliú le líon na ndaoine sin.

(2) Beidh rúnaidhe agus oifigigh agus seirbhísigh eile an Bhúird i seilbh oifige ar na téarmaí agus bhéarfar luach saothair dóibh do réir na rátaí agus ar an slí cheadóidh an tAire Airgeadais.