Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Cion-Laigheaduithe Maidir le Luachail.)

5 1941


Uimhir 5 de 1941.


ACHT BAINISTÍ CHATHAIR CHORCAIGHE (LEASÚ), 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SOCRÚ BREISE DO DHÉANAMH CHUN GNÓ RIARACHÁIN AGUS AIRGEADAIS CHONTAE-BHUIRG CHORCAIGHE DO BHAINISTÍ AGUS I gCÓIR NITHE EILE GHABHAS NO BHAINEAS LEIS AN mBAINISTÍ SIN. [26adh Márta, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 (Uimh. 1 de 1929) ;

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna Coda III den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1937 (Uimh. 14 de 1937) , ar n-a leasú leis an Acht um Thoghacháin Áitiúla (Leasú), 1940 (Uimh. 19 de 1940) , maidir leis an gComhairle;

cialluíonn an abairt “an chéad toghachán eile” an toghachán buirge comórfar an lá ceaptha.

(2) Léighfear an tAcht so agus an Príomh-Acht mar éinní amháin agus, dá réir sin, gach focal agus abairt dá gceaptar brí áirithe leis an bPríomh-Acht chun crícheanna an Achta san, tá leis san Acht so an bhrí ceaptar dó amhlaidh.

Téarmaí oifige na mball den Chomhairle bheidh in oifig an lá ceaptha.

2. —Mairfidh téarma oifige gach ball den Chomhairle bheidh in oifig an lá ceaptha go dtí an cúigiú lá tar éis an lae cheaptha agus raghaidh in éag ansan.

Toghacháin Bhuirge.

3. —(1) Comórfar toghacháin bhuirge in aghaidh na dtrí mblian, agus is toghachán chun baill uile na Comhairle do thoghadh gach toghachán buirge.

(2) Is tuigthe an chéad toghachán eile do bheith ina thoghachán cinn trí mblian, agus is dá réir sin a háirmheofar blianta na dtoghachán buirge cinn trí mblian ina dhiaidh sin.

Toghalíomatáiste.

4. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le toghacháin bhuirge, mara dtagaidh agus go dtí go dtiocfaidh ordú fén alt so i bhfeidhm, sé sin le rá:—

(a) is togha-líomatáiste amháin a bheidh ann agus isé líomatáiste na Buirge an togha-líomatáiste sin, agus is toghalíomatáiste buirge, chun crícheanna an Local Government (Ireland) Act, 1919, an togha-líomatáiste sin, agus

(b) beidh an chéad sé ball den Chomhairle toghfar ina seanóirí agus beidh na baill eile go léir den Chomhairle ina gcomhairleoirí.

(2) Is cead don Chomhairle, ach rún go mbeidh dhá dtrian ar a laighead de bhaill na Comhairle tar éis vótáil ina fhabhar do rith chuige sin, a iarraidh ar an Aire ordú do dhéanamh ag roinnt na Buirge ina dhá togha-líomatáiste no níos mó.

(3) Má hiarrtar ar an Aire ordú fén alt so do dhéanamh féadfaidh diúltú don iarratas san, no an t-ordú san do dhéanamh, mar is ceart dar leis.

(4) Déanfar, le hordú fén alt so—

(a) a cheapadh i slí ina mbeidh an ionadaíocht, ar n-a bunú ar an daonra, chó cothrom agus is féidir é—

(i) cadé an méid ball den Chomhairle bheidh le togha i dtoghachán buirge do gach togha-líomatáiste fé leith a bunófar leis an ordú san, agus

(ii) cadé an méid, de sna baill den Chomhairle toghfar i dtoghachán buirge i ngach líomatáiste fé leith aca san, a bheidh ina seanóirí, agus

(b) a dhearbhú gach ball den Chomhairle nach seanóir do réir an orduithe sin do bheith ina chomhairleoir.

(5) Is togha-líomatáiste buirge, chun crícheanna an Local Government (Ireland) Act, 1919, gach togha-líomatáiste bunófar le hordú fén alt so.

(6) Beidh feidhm dlí ag ordú fén alt so do réir téarmaí an orduithe sin.

Baill den Chomhairle do thogha agus cáilíocht, etc., na mball san.

5. —(1) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, maidir le baill de chomhairle chontae-bhuirge do thogha agus maidir leis na baill sin do bheith cáilithe agus do dhí-cháiliú agus le sealbhaíocht oifige na mball san, bainfe sé, fé réir forálacha an Phríomh-Achta agus an Achta so, le baill den Chomhairle do thogha agus le hiad san do bheith cáilithe agus do dhí-cháiliú agus le n-a sealbhaíocht oifige.

(2) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, maidir le daoine do bheith cáilithe agus do dhí-cháiliú chun bheith ina mbaill de choiste ar bith ar n-a cheapadh i bpáirt no go hiomlán ag comhairle chontae-bhuirge, bainfe sé, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an bPríomh-Acht no leis an Acht so, leis an gComhairle do cheapadh daoine chun bheith ina mbaill d'aon choiste den tsórt san agus leis na daoine sin ar bheith ceaptha dhóibh amhlaidh.

(3) Is tuigthe, chun crícheanna an ailt seo, connradh leis an mBárdas do bheith ina chonnradh leis an gComhairle agus le gach coiste agus có-choiste ar n-a gceapadh ag an gComhairle i bpáirt no go hiomlán, agus connradh le haon choiste den tsórt san do bheith ina chonnradh leis an gComhairle freisin.

(4) Ní bhainfidh fo-alt (5) d'alt 2 den Local Government (Ireland) Act, 1898, le toghacháin bhuirge.

Foth-fholúntaisí sa Chomhairle.

6. —(1) Pé uair a thárlóidh folúntas (dá ngairmtear fothfholúntas san Acht so) i mballraíocht na Comhairle, tré bhall di d'éag no d'eirghe as oifig no do theacht fé dhí-cháilíocht no bheith gan a oifig do ghlacadh, déanfaidh an Chomhairle, tar éis fógra cuibhe do bheith tugtha, an folúntas san do líonadh ag an gcéad chruinniú den Chomhairle bheidh ann d'éis bheith caithte do mhí o dháta an fholúntais sin do thárlachtaint no chó luath i ndiaidh an chruinnithe sin agus is féidir é sa chás.

(2) Gach duine thoghfaidh an Chomhairle chun foth-fholúntais beidh sé, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó no mara ndiúltuighidh d'oifig do ghlacadh, i seilbh oifige mar bhall den Chomhairle ar feadh a mbeidh gan caitheamh an tráth san den téarma bheadh an ball, gur tré é d'éag no d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht no do bheith gan a oifig do ghlacadh a tháinig an folúntas, i seilbh oifige mara mbeadh é d'éag no d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht no do dhiúltadh d'oifig do ghlacadh.

Feidhmeanna Forcoimeádtha.

7. —(1) Léireofar alt 8 den Phríomh-Acht, agus beidh éifeacht aige, fé is dá mbeadh na nithe seo leanas ar na nithe go n-abartar i bhfo-alt (1) den alt san gurb í an Chomhairle féin a dhéanfaidh ina dtaobh gach aon cheann riamh de chomhachta agus d'fheidhmeanna agus de dhualgaisí an Bhárdais d'fheidhmiú agus do chólíonadh, sé sin le rá:—

(a) a iarraidh ar an Aire ordú sealadach do dhéanamh fén Acht so ag méadú achar na Buirge;

(b) duine d'ainmniú chun bheith ina iarrthóir i dtoghachán chun duine do thoghadh chun oifig Uachtarán na hÉireann;

(c) ionadaithe don Bhárdas do cheapadh chun bheith ag aon chódháil no cruinniú den tsórt a luaidhtear in alt 2 den Public Health and Local Government Conferences Act, 1885, agus feidhmiú do dhéanamh ar an gcomhacht a bronntar leis an alt san maidir le híoc na gcostaisí cuirfear suas de dhruim na hionadaithe sin do bheith ag na códhála agus ag na cruinnithe sin;

(d) éinní do dhéanamh, fé Acht ar n-a rith roimh dháta an Achta so do rith, a dearbhuítear leis an Acht san do bheith, i gcás contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath, ina fheidhm fhorcoimeádtha do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) .

Séala do chur ar scríbhinní.

8. —D'ainneoin forálacha fo-ailt (8) d'alt 10 den Phríomh-Acht, is cead don Bhainisteoir, i gcás oifig an Ard-Mhéara do bheith folamh no i gcás an Ard-Mhéara do bheith breoite no as láthair, séala oifigiúil an Bhárdais do chur ar scríbhínní i bhfianaise baill den Chomhairle ar n-a cheapadh ag an gComhairle chun gníomhú chuige sin.

Tairisgintí d'fháil agus do scrúdú.

9. —(1) Is cead don Chomhairle rialacháin do dhéanamh, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach léi é, á ordú cadé an nós imeachta leanfar maidir le gach saghas no aon tsaghas no saghsanna áirithe tairgsintí d'fháil agus do scrúdú, is tairgsintí i dtaobh earraí do sholáthar no i dtaobh oibreacha do dhéanamh no i dtaobh éinní eile gur dleathach don Bhárdas a iarraidh tairgsintí ina thaobh do chur isteach.

(2) Ní mór aontú an Aire d'fháil le gach rialachán a déanfar fén alt so agus ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag aon rialachán den tsórt san mara n-aontuighidh ná go dtí go n-aontóidh an tAire leis.

(3) Pé uair agus faid a bheidh rialacháin ar bith ar n-a ndéanamh fén alt so i bhfeidhm, ní foláir gach tairgsint le n-a mbainfidh na rialacháin sin d'fháil agus do scrúdú do réir an nós imeachta bheidh orduithe leis na rialacháin sin.

An Bainisteoir d'ullmhú pleananna, etc., don Chomhairle.

10. —Is cead don Chomhairle a cheangal ar an mBainisteoir tráth ar bith, tré rún do rith, pleananna agus áireamhachtaí, maidir le haon obair áirithe do dhéanamh a luadhfar sa rún san agus is dleathach don Bhárdas do dhéanamh, d'ullmhú agus do chur fé bhráid na Comhairle maraon le meastachán ar chostas mheasta na hoibre sin, agus pé uair a rithfidh an Chomhairle aon rún den tsórt san, déanfaidh an Bainisteoir pleananna agus áireamhachtaí agus meastachán d'ullmhú agus do chur fé bhráid na Comhairle, do réir an rúin sin, chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin.

An Bainsteoir do bheith ina chléireach bhaile don Bhuirg.

11. —(1) Chun crícheanna gach achtacháin (le n-a n-áirmhítear achtacháin a rithfear no déanfar tar éis dáta an Achta so do rith) i dtaobh baile-chléireach contae-bhuirgí, no i dtaobh cléirigh bhaile na Buirge go sonnrách, tiocfaidh an Bainisteoir chun bheith, agus beidh, ina chléireach bhaile don Bhuirg agus beidh gach comhacht agus feidhm aige, agus beidh gach dualgas air, a bheidh de thurus na huaire tugtha do chléireach bhaile na Buirge, no forchurtha air, le haon achtachán den tsórt san no ar shlí eile do réir dlí, agus déanfaidh na comhachta agus na feidhmeanna san d'fheidhmiú agus na dualgaisí sin do chólíonadh, agus, dá réir sin, isé ainm agus teideal do bhéarfar ar an mBainisteoir ná Bainisteoir agus Baile-Chléireach Chathair Chorcaighe.

(2) Na táillí agus an sochar oifige go léir is iníoctha do réir no fé réim aon achtacháin (le n-a n-áirmhítear achtacháin a rithfear no déanfar tar éis dáta an Achta so do rith) le baile-chléirigh chontae-bhuirgí, no le cléireach baile na Buirge go sonnrách, agus do gheobhaidh an Bainisteoir de bhuadh é bheith ina chléireach bhaile don Bhuirg, déanfaidh an Bainisteoir iad d'íoc isteach sa chiste chathardha agus bhéarfar cuntas ortha dá réir sin.

(3) Deintear leis seo alt 16 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “Chléireach an Bhaile” do scriosadh as fo-alt (1) den alt san agus tré sna focail “an oifigigh eile sin don Bhárdas a dhéanfaidh an Bainisteoir, le toiliú an Aire, a cheapadh o am go ham chuige sin,” do chur ina n-ionad.

(4) Ní thiocfaidh an t-alt so i ngníomh ar an Acht so do rith i gcás éinne do buan-cheapadh chun oifige chléirigh bhaile na Buirge do bheith i seilbh na hoifige sin díreach roimh an Acht so do rith agus, sa chás san, is ar an duine sin do scur de bheith i seilbh na hoifige sin a thiocfaidh an t-alt so i ngníomh.

An Rainsteoir do bheith i láthair, etc., ag cruinnithe den Chomhairle.

12. —Beidh an Bainisteoir i láthair ag aon chruinniú den Chomhairle no d'aon choiste den Chomhairle go n-iarrfaidh an Chomhairle air bheith i láthair aige agus bhéarfaidh don Chomhairle no don choiste sin (do réir mar a bheidh) ag an gcruinniú san an chomhairle sin agus an congnamh san is cuibhe agus a iarrfaidh an Chomhairle no an coiste sin air, agus chuige sin déanfaidh socrú chun na hoifigigh sin don Bhárdas do bheith i láthair ag an gcruinniú san is gá, ag féachaint don ghnó bheidh le déanamh ag an gcruinniú san, do bheith i láthair aige.

Ceanglas ón gComhairle á éileamh go ndéanfaí rud áirithe.

13. —(1) Is cead don Chomhairle a chur mar cheangal, ag cruinniú ar n-a ghairm go speisialta chuige sin fén alt so agus tré rún ar n-a thairgsint agus ar n-a rith do réir an ailt seo, go ndéanfaí, maidir le haon cheann de chomhachta no d'fheidhmeanna no de dhualgaisí an Bhárdais ná beidh de thurus na huaire ina fheidhm fhorcoimeádtha, aon ghníomh no ní no rud áirithe luadhfar go sonnrách sa rún san agus is dleathach don Bhárdas no don Bhainisteoir a dhéanamh.

(2) I gcás é bheith beartuithe aon rún den tsórt san a húdaruítear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so do thairgsint, ní foláir fógra i scríbhinn á rá san do thabhairt don Bhainisteoir agus an fógra san do bheith fé láimh sheacht mball ar a laighead den Chomhairle, agus ní foláir cóip den rún san do bheith sa bhfógra san agus lá (nach luaithe ná seacht lá agus nach déanaighe ná ceithre lá déag tar éis an lae ar a bhfuighidh an Bainisteoir an fógra san) chun an cruinniú den Chomhairle do chomóradh ag á mbeidh an rún san le tairgsint agus le breithniú do luadh sa bhfógra san.

(3) Pé uair do gheobhaidh an Bainisteoir aon fhógra den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, déanfaidh, chó luath agus is féidir é, cóip den fhógra san do chur chun gach ball den Chomhairle, agus gairmfidh cruinniú speisialta den Chomhairle chun teacht le chéile ar an dáta bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san agus ar an uair is gnáth don Chomhairle cruinnithe do bheith aca.

(4) Nuair a déanfar rún go mbeidh fógra tugtha ina thaobh fén alt so do thairgsint ag an gcruinniú den Chomhairle ar n-a ghairm chuige sin fén alt so, breithneoidh an Chomhairle agus an Bainisteoir ar rún san agus, má dheineann an Chomhairle an rún san do rith tar éis é bhreithniú agus go mbeidh an méid ball a vótálfaidh i bhfábhar an rúin sin níos mó ná leath ballra iomlán na Comhairle no níos mó ná dhá dtrian na mball a bheidh i láthair ag an gcruinniú san agus a vótálfaidh ar an rún, ní foláir don Bhainisteoir, má bhíonn agus nuair a bheidh agus sa mhéid go mbeidh airgead curtha ar fáil chuige sin, an gníomh no an ní no an rud do dhéanamh, do réir an rúin sin, a bheidh ceangailte, tríd an rún san, a dhéanamh.

(5) Ní déarfar éinní i rún ar n-a rith fén alt so do bhéarfadh—

(a) go mbainfeadh an rún san go generálta le haon chomhacht no feidhm no dualgas de chuid an Bhárdais d'fheidhmiú no do chólíonadh, no go mbainfeadh sé le feidhmiú no cólíonadh do dhéanamh ar aon chomhacht no feidhm no dualgas áirithe den tsórt san i ngach cás no ar gach ócáid ná in uimhir ná in aicme de sna cásanna san ná ar uimhir ná ar aicme de sna hócáidí sin do bheadh chó hiomadúil sin gur beag ná go bhfolódh sí gach cás no ócáid no gurb ionann í agus gach cás no ócáid den tsórt san, ná

(b) go mbainfeadh an rún san le haon chomhacht no dualgas d'fheidhmiú no do chólíonadh is comhacht no dualgas ar n-a thabhairt don Bhainisteoir, no ar n-a fhorchur air, maidir le hoifigigh no seirbhísigh an Bhárdais no le rialú no maoirsiú no seirbhís no luach saothair no príbhléidí no aois-liúntas na n-oifigeach no na seirbhíseach san no éinne aca.

Ní bheidh brí ná éifeacht le rún ar bith do bhéarfaidh le tuigsint an Chomhairle dá rith fén alt so más sárú ar an bhfo-alt so é.

(6) I gcás aon aighneas d'eirghe idir an Chomhairle agus an Bainisteoir i dtaobh aon rúin áirithe ar n-a rith ag an gComhairle fén alt so do bheith ina shárú ar fhorálacha fo-ailt (5) den alt so no gan a bheith, cuirfear an scéal fé bhreith an Aire.

Cisteoir.

14. —(1) Ceapfaidh an Bárdas cuideachta bhancaerachta chun bheith ina cisteoir don Bhárdas chun airgead do ghlacadh agus chun airgead d'íoc agus chun cuntas do choimeád ar an méid a ghlacfaidh agus ar an méid a íocfaidh.

(2) Gach comhacht do bheirtear do chisteoir buirge, agus gach dualgas a forchuirtear air, chun críche ar bith seachas na crícheanna dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt so, isé fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh iad maidir leis an mBuirg ná—

(a) i gcás oifig an Bhainisteora agus oifig Chléireach an Bhaile do bheith ag an aon duine amháin—an t-oifigeach don Bhárdas dar dleathach contra-shighniú do dhéanamh ar orduithe fé fho-alt (1) d'alt 16 den Phríomh-Acht ar n-a leasú leis an Acht so, agus

(b) i gcás gan oifig an Bhainisteora agus oifig Chléireach an Bhaile do bheith ag an aon duine amháin—an t-oifigeach san don Bhárdas a dhéanfaidh an Bainisteoir, le toiliú an Aire a cheapadh o am go ham chuige sin.

An ciste cathardha.

15. —(1) Ar an 1adh lá d'Abrán, 1941, agus dá éis sin, déanfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an Bárdas chun a gcomhachta d'fheidhmiú agus chun a ndualgaisí do chólíonadh (agus costaisí glanta fiachas a bheidh ann an 1adh lá d'Abrán, 1941, d'áireamh) d'íoc amach as ciste a bhunóidh an Bárdas agus dá ngairmfear “an ciste cathardha”.

(2) Gach ciste do bhí, díreach roimh an Acht so do rith, á chothabháil as toradh aon ráta go gcuireann an tAcht so deireadh leis, scuirfidh, an ladh lá d'Abrán, 1941, de bheith á chothabháil amhlaidh agus déanfar, an lá san, airgead ar bith a bheidh i gcreidiúint d'aon chiste den tsórt san do chur sa chiste chathardha, agus déanfar gach fiachas a bheidh ar aon chiste den tsórt san d'íoc as an gciste cathardha.

(3) Ar an ladh lá d'Abrán, 1941, agus dá éis sin, is le cisteoir an Bhárdais a híocfar gach suim do gheobhaidh an Bárdas as rátaí no eile agus, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo, beidh admháil an chisteora ina glanadh mhaith, gan a thuilleadh, do neach íoctha aon tsuime den tsórt san agus íocfaidh an cisteoir gach suim den tsórt san isteach sa chiste chathardha.

(4) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, beidh admháil, o bhailitheoir rátaí no o dhuine go n-údarás cuibhe ón mBárdas chun aon tsaghas áirithe eile íocaíochta do ghlacadh, ina glanadh mhaith do neach ar bith íocfaidh rátaí leis an mbailitheoir sin no íocfaidh an saghas áirithe eile íocaíochta san leis an duine sin (do réir mar a bheidh), ach i ngach cás den tsórt san beidh sé de dhualgas ar an mbailitheoir sin, no ar an duine sin, méid na híocaíochta san d'íoc leis an gcisteoir láithreach.

(5) Ní híocfar aon íocaíochta as an gciste cathardha ach amháin na híocaíochta san a bheidh údaruithe go cuibhe do réir an Phríomh-Achta, ar n-a leasú leis an Acht so, agus íocfaidh an cisteoir gach íocaíocht a bheidh údaruithe amhlaidh.

(6) Ní déanfar aon chuid den chiste chathardha, ná d'aon airgead a bheidh fé chúram an Bhárdais, do chur chun críche ar bith ná beidh údaruithe leis an Acht so no le hAcht éigin eile no, i gcás airgid as cistí iontaobhais, leis an hiontaobhaisí bhainfidh leis na cistí sin.

(7) Gach ciste fiach-laigheaduithe, no ciste eile chun glanta fiachais thoghaidhe no fiachais le n-a mbeidh coinne, go mbeidh a chothabháil ar an mBárdas do réir no fé réim reachta ar bith do bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht so do rith, déanfar é chothabháil as an gciste cathardha, agus ní shaorfaidh éinní atá san alt so an Bárdas o n-a bheith ortha gach ciste den tsórt san do chothabháil amhlaidh.

An ráta cathardha.

16. —(1) Na rátaí uile (dá ngairmtear san Acht so rátaí díochuirtear leis an Acht so) is inghearrtha sa Bhuirg díreach roimh an ladh lá d'Abrán, 1941, scuirfid, an ladh lá san d'Abrán, 1941, de bheith inghearrtha ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt san Acht so, ach ní chuirfidh an scur san cosc le haon chuid de ráta ar bith den tsórt san a bheidh, díreach roimh an dáta san, dlite agus gan íoc do bhailiú no do bhaint amach ar an dáta san no dá éis sin ná ní dhéanfaidh dochar ná deifir d'í do bhailiú ná do bhaint amach.

(2) Déanfaidh an Bárdas, o am go ham, an ráta san (ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear san Acht so, “an ráta cathardha”) is gá chun aon easnamh ar an gciste cathardha (pé aca easnamh a bheidh ann no le n-a mbeidh coinne é) do shlánú, do bhualadh agus do mheas agus do ghearradh do réir an Achta so.

(3) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh an ráta dealbhais do bhualadh agus do mheas agus do ghearradh agus do bhailiú agus do bhaint amach, bainfidh, fé réir forálacha an Achta so, leis an mBárdas do bhualadh agus do mheas agus do ghearradh agus do bhailiú an ráta chathardha agus le hiad dá bhaint amach.

(4) D'ainneoin éinní atá in alt 3 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 ( Uimh. 18 de 1926 ), déanfar orduithe feidhmiúcháin do réir bhrí an Achta san, de thoradh imeachta sa Chúirt Dúithche chun airgead a bheidh dlite alos an ráta chathardha do bhaint amach, d'fheidhmiú ag neach bunuithe na n-imeacht san i gcás an Chúirt dá ordú san ar iarratas an duine sin.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag fo-alt (7) d'alt 51 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir le haon fhiacha no éileamh is iníoctha, go díreach no go nea-dhíreach, as an ráta cathardha.

(6) Taisbeánfar ar leithligh, ar aghaidh no ar chúl gach nóta éilithe ráta chathardha an chuid den chion fén bpunt den ráta san a bheidh á cruinniú chun críche ar bith go n-ordóidh an tAire no an Chomhairle ina taobh í thaisbeáint ar leithligh amhlaidh.

Cíos do choigeartú i gcásanna áirithe.

17. —(1) I gcás tionóntachán no ionoighreacht sa Bhuirg do bheith ar seilbh (i dteanta no d'éamais áitreibh eile) fé léas tré n-a gcuirtear mar cheangal ar an léasóir lascaine no cothromú d'íoc no do lomháil in aghaidh aon rátaí (seachas ráta dealbhais) is iníoctha ar an tionóntachán san no ar an ionoighreacht san, no an léasaí do shlánú o sna rátaí sin no do shaoradh uatha ar shlí eile, déanfar gach cíos is iníoctha fén léas san in aghaidh tréimhse thosnóidh an ladh lá d'Abrán, 1941, no dá éis sin, do laigheadú—

(a) más cíos bliantúil é, oiread agus is có-mhéid leis an méid sin de sna rátaí (seachas an ráta dealbhais) ar an tionóntachán san no ar an ionoighreacht san in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla dar thosach an ladh lá d'Abrán, 1940, gur leis, do réir dlí, do bhain an saoradh do bheirtear don léasaí tríd an léas san, agus

(b) más cíos ar bith seachas cíos bliantúil é, oiread go mbeidh idir é agus an méid sin de sna rátaí (seachas an ráta dealbhais) ar an tionóntachán san no ar an ionoighreacht san in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1940, gur leis, do réir dlí, do bhain an saoradh do bheirtear don léasaí tríd an léas san, an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse gur dá réir a deintear amach an cíos san agus bliain.

(2) San alt so foluíonn an focal “léas” aon chonnradh tionóntachta, i scríbhinn no de bhréithre béil, tré n-a mbunuítear ord mar a bhíonn idir tiarna talmhan agus tionónta, agus foluíonn na focail “léasóir” agus “léasaí” fé seach tiarna talmhan na tionóntachta san agus an tionónta fén tionóntacht san.

Ráta uisce fé chonnradh.

18. —Na forálacha den Acht so tré n-a ndeintear rátaí áirithe do dhíochur, ní bhainfid le héilithe (dá ngairmtear de ghnáth rátaí uisce fé chonnradh) ar n-a n-éileamh ar uisce do chur ar fáil d'ionoighreachtaí áirithe no do thionóntacháin áirithe chun crícheanna nach crícheanna tighis no ar uisce do chur ar fáil fé chonnradh speisialta do dhuine ar bith do bheadh, mara mbeadh an connradh san, gan teideal aige chuige, agus, le linn an Achta so do léiriú, ní fholóidh an abairt “rátaí díochuirtear leis an Acht so” na héilithe sin.

Aicmí áirithe maoine do rátú.

19. —(1) Chun an ráta cathardha do mheas agus do ghearradh ar aon ionoighreacht no tionóntachán a luaidhtear, no is d'aicme luaidhtear, sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, is tuigthe luacháil na hionoighreachta san no an tionóntacháin sin do bheith laigheaduithe go dtí an cion de luacháil na hionoighreachta san no an tionóntacháin sin, fé sna hAchtanna Luachála, a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san maidir leis an ionoighreacht san no leis an tionóntachán san no leis an aicme sin, do réir mar a bheidh.

(2) Gach ionoighreacht no tionóntachán a luaidhtear, no is d'aicme luaidhtear, sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, is tuigthe ina thaobh, maidir leis an ráta cathardha do mheas ina leith agus do bheith ina fhiachas air, é bheith gan ceart ná teideal ar bith chun aon tsaoirse no faoisimh, ón ráta dealbhais, do bheirtear tré dhlí ar shlí seachas tríd an luacháil ar a meastar an ráta dealbhais do laigheadú no do rialú, ach ní thiocfaidh de sin aon leath-chíos, do bheadh ionrátuithe chun an ráta dhealbhais dá mba ná rithfí an tAcht so, do shaoradh o n-a bheith ionrátuithe chun an ráta chathardha.

(3) Ní bhainfidh éinní atá san alt so leis an luach bliantúil gur dá réir a bheidh an cháin ar aon ionoighreacht no tionóntachán fé Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918, le déanamh amach, ná ní oibreoidh chun an luach bliantuil sin do laigheadú.

Rátaí ar áitreabhacha díomhaoine.

20. —(1) Má bhíonn ionoighreacht no tionóntachán, nach tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928) , díomhaoin agus an ráta cathardha á bhualadh, isé duine ar a mbuailfear an ráta san ná an duine (dá ngairmtear an t-únaer anso feasta) a bheidh i dteideal, de thurus na huaire, bheith i seilbh na hionoighreachta san no an tionóntacháin sin, agus, ar an únaer sin d'íoc an ráta san, beidh an t-únaer sin i dteideal aisíoc, sa cheathrú cuid fichead den ráta san in aghaidh gach mí iomlán (ar n-a áireamh o lá ar bith de mhí go dtí cothrom an lae sin sa chéad mhí eile) a bheidh an ionoighreacht san no an tionóntachán san díomhaoin d'éileamh ar an mBárdas, agus d'fháil ón mBárdas, i gcás an ionoighreacht san no an tionóntachán san do bheith díomhaoin chun é dheisiú no chun é atharú no chun cur leis no i gcás an céanna bheith díomhaoin toisc an t-únaer sin do bheith bona fide gan bheith ábalta ar thionónta oiriúnach d'fháil dó ar an gcíos maximum is cead de thurus na huaire, fé sna hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, d'éileamh air más ionoighreacht no tionóntachán le n-a mbainfidh na hAchtanna san de thurus na huaire é no ar chíos réasúnta más ionoighreacht no tionóntachán d'aon tsaghas eile é.

(2) I gcás ráta do bhualadh, de bhuadh an ailt seo, ar únaer ionoighreachta no tionóntacháin a bheidh díomhaoin, agus an ionoighreacht san no an tionóntachán san do chur ar cíos ina dhiaidh sin, ag an únaer sin no thar a cheann, agus an ráta san, no aon chuid de, do bheith i riaráiste agus gan íoc, is cead don ráta-bhailitheoir ag á mbeidh an ráta san ionbhailithe, i dteanta cead do bheith aige chun feidhm do bhaint as aon tslí eile chun méid an ráta san a bheidh i riaráiste agus gan íoc amhlaidh do bhaint amach agus gan dochar d'aon tslí eile den tsórt san, fógra do sheirbheáil i bpearsain no tríd an bpost, ar shealbhaire na hionoighreachta san no an tionóntacháin sin, á chur in úil an méid sin do bheith i riaráiste agus gan íoc amhlaidh agus á cheangal ar an sealbhaire sin an cíos go léir, a bheidh dlite air an uair sin no thiocfaidh chun bheith dlite air ina dhiaidh sin alos na hionoighreachta san no an tionóntacháin sin, d'íoc leis an ráta-bhailitheoir sin, no le n-a chomharba oifige, go dtí go mbeidh an méid sin glanta tríd an íoc san no ar shlí eile agus, ar an bhfógra san do sheirbheáil amhlaidh, is ag an ráta-bhailitheoir sin, no ag á chomharba oifige, a bheidh an ceart chun an cíos go léir, gur gá do réir an fhógra san gur leis féin a híocfaí é, do bhaint amach agus do ghlacadh agus chun cúiteántas maith do thabhairt ann.

(3) Aon ráta buailfear, de bhuadh an ailt seo, ar únaer ionoighreachta no tionóntacháin a bheidh díomhaoin, ní bheidh sé neambailidhe de dhruim ainm an únaera san, mar a luadhfar san, do bheith earráideach no lochtach ná de dhruim an tuairisc “an t-únaer”, gan aon ainm ná eile do chur léi, do luadh agus beidh gach ráta den tsórt san ionbhainte den únaer sin d'ainneoin luadhchaint na hainme sin do bheith earráideach no lochtach, no d'ainneoin an tuairisc sin do luadh.

An ráta cathardha do leasú.

21. —(1) Is cead don Bhainisteoir aon ráta no cáinmheas i leabhar an ráta chathardha do leasú o am go ham tré ainm éinne ba cheart do rátú do chur isteach ann no tré ainm éinne nár cheart do rátú do bhualadh amach as no tríd an suim a bheidh rátuithe ar dhuine do mhéadú no do laigheadú no tríd an leasú eile sin do dhéanamh ann do bhéarfaidh go mbeidh an ráta san no an cáinmheas san do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann leis an ráta cathardha do bhualadh.

(2) Gach duine ar a ngoillfidh aon atharú den tsórt san, beidh an ceart céanna aige chun athchomharc do dhéanamh ina choinnibh do bheadh aige dá gcuirtí a ainm isteach sa ráta san no sa cháinmheas san i gcéadóir agus ná déanfaí aon atharú den tsórt san ann, agus maidir leis an duine sin measfar an ráta do bhualadh tráth an fhógra i dtaobh an leasuithe sin d'fháil dó.

Sean-iasachtaí d'íoc.

22. —Gach iasacht a bheidh dlite ar an mBárdas agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, ina muirear ar aon cheann de sna rátaí díochuirtear leis an Acht so no ar aon chiste bheidh á chothabháil as toradh aon ráta den tsórt san, tiocfa sí chun bheith ina muirear ar an ráta cathardha no ar an gciste cathardha fé seach an ladh lá d'Abrán, 1941, agus beidh ina muirear amhlaidh an lá san agus dá éis sin.

An Bhuirg do mhaisiú.

23. —(1) Is cead don Chomhairle a údarú don Bhárdas, tré rún do rith fén alt so go mbeidh dhá dtrian ar a laighead de bhaill na Comhairle tar éis vótáil i bhfábhar é rith, airgead do chaitheamh ar an mBuirg do mhaisiú i gcóir ócáidí gáirdeachais phuiblí no ócáidí oiriúnacha eile.

(2) Luadhfar i ngach rún a rithfear fén alt so an ócáid gur ina cóir a bheidh maisiú na Buirge, ar chostas an Bhárdais (i bpáirt no go hiomlán), le húdarú tríd an rún san agus fós an méid a bheidh le caitheamh ag an mBárdas ar an maisiú san.

(3) Is cead don Bhárdas, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, airgead do chaitheamh, chun crícheanna an ailt seo, as an gCiste Cathardha do réir rúin, agus sa mhéid a bheidh údaruithe le rún, ar n-a rith fén alt so agus dá réir sin agus sa mhéid sin amháin.

(4) An méid iomlán a chaithfidh an Bárdas chun crícheanna an ailt seo aon bhliain airgeadais áitiúil áirithe, ní raghaidh thar suim is có-mhéid le toradh ráta pingne fén bpunt ar luacháil ionrátuithe na Buirge.

Brainse-phíopaí uisce do chothabháil.

24. —Is cead don Bhárdas a aontú gach ní no aon ní no nithe aca leanas do dhéanamh, sé sin le rá, na brainse-phíopaí, no aon chuid áirithe de sna brainse-phíopaí, tré n-a mbeirtear soláthar uisce ón mór-phíopa go dtí aon ionoighreacht no tionóntachán áirithe sa Bhuirg, do sholáthar, do chur síos, d'athnuachaint, no do chothabháil.

An Bhuirg do leathnú feasta.

25. —(1) Is cead don Bhárdas a iarraidh ar an Aire ordú sealadach do dhéanamh fén alt so ag leathnú na Buirge i slí go dtiocfaidh aon pháirt áirithe de chontae Chorcaighe chun bheith ina chuid den Bhuirg.

(2) Pé uair do gheobhaidh an tAire iarratas ón mBárdas fén alt so, féadfaidh, tar éis fiosrúchán áitiúil do dhéanamh i dtaobh an leathnuithe bheidh á iarraidh san iarratas san agus tar éis aon chúis do bhreithniú a pléifear leis ag comhairle chontae Chorcaighe, ordú sealadach do dhéanamh ag déanamh an leathnuithe bheidh á iarraidh amhlaidh gan atharú no gus na hatharuitthe sin (i bhfuirm méaduithe no laigheaduithe) is ceart dar leis air, no diúltú don iarratas san.

(3) Beidh ordú sealadach fén alt so gan éifeacht ar bith mara ndeintear agus go dtí go ndéanfar é dhaingniú le hAcht den Oireachtas, ach beidh éifeacht aige do réir a théarmaí i gcás é dhaingniú agus ar é dhaingniú amhlaidh.

(4) Féadfaidh na forálacha so leanas bheith in ordú sealadach fén alt so—

(a) forálacha, i dtaobh an aistrithe bheidh á dhéanamh tríd ar aon líomatáiste áirithe o chontae Choreaighe chun na Buirge, a bheidh ar aon dul no ar aon éifeacht leis na forálacha san den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , a bhaineann leis an líomatáiste dá ngairmtear san Acht san an tuathlíomatáiste có-cheangailte d'aistriú tríd an Acht san, no ba ghá mar gheall ar an líomatáiste sin d'aistriú amhlaidh, chun contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath, agus

(b) na forálacha san is ceart dar leis an Aire maidir le maoin agus cirt agus fiachaisí do choigeartú, agus le cúrsaí airgeadais agus cúrsaí eile do shocrú, idir an Bárdas agus comhairle aon chontae agus maidir le toghalíomatáistí d'atharú agus maidir le haon chúrsa eile eireoidh de dhruim an leathnuithe bheidh á dhéanamh ar an mBuirg leis an ordú san.

Fiosrúcháin áitiúla.

26. —Pé uair a dhéanfaidh an tAire fiosrúchán áitiúil de bhun ordacháin, no fé údarás, ar n-a thabhairt leis an Acht so, bainfidh Airteagal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Application of Enactments Order, 1898, leis an bhfiosrúchán san fé mar a bhaineann leis na fiosrúcháin a luaidhtear san Airteagal san.

Gníomhartha áirithe do rinneadh roimh an Acht so do rith do bheith bailidhe.

27. —Gach gníomh do rinne an Bárdas, roimh an Acht so do rith agus ag coinne go rithfí é, maidir le haon mheastachán d'ullmhú, no maidir le haon ráta do bhualadh, alos na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1941, beidh aige, agus is tuigthe go raibh riamh aige, an bhailíocht agus an éifeacht san uile (más ann don chéanna) do bheadh ag an ngníomh san dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm nuair a rinneadh é.

Athghairm.

28. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal agus có-luadh.

29. —(1) Féadfar Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 agus 1941, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.