7 1941


Uimhir 7 de 1941.


ACHT SOLÁTHAIR SHÍOLTA AGUS ABHAR LEASUITHE, 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN FEIDHM AN ACHT SOLÁTHAIR SHÍOLTA AGUS ÁBHAR LEASUITHE, 1940 , DO LEATHNÚ CHUN GO mBAINFIDH LE COMHAIRLÍ CONTAE DO CHUR SÍOLTA CRUITHNEACHTAN, SÍOLTA EORNAN, SÍOLTA COIRCE, AGUS PRÁTAÍ SÍL AGUS ÁBHAR LEASUITHE AR FÁIL AGUS DÁ nDÍOL I RITH NA TRÉIMHSE DAR THOSACH AN 1adh LÁ D'EANAR, 1941, AGUS DAR CRÍOCH AN 31adh LÁ D'IÚL, 1941, AGUS LE COMHAIRLÍ CONTAE DO THABHAIRT URRAÍOCHT I dTAOBH CEANNAITHE SÍL DO DHÍOL AON EARRAÍ DEN tSÓRT SAN I RITH NA TRÉIMHSE SIN AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE GHABHAS NO BHAINEAS LE FEIDHM AN ACHTA SAN DO LEATHNÚ AMHLAIDH. [2adh Abran, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Soláthair Shíolta agus Abhar Leasuithe, 1940 (Uimh. 6 de 1940) .

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus dá réir sin tá, san Acht so, le gach abairt agus le gach focal is abairt no focal dá dtugtar brí áirithe le halt 1 den Phríomh-Acht chun crícheanna an Achta san, an bhrí do bheirtear dó amhlaidh.

An Príomh-Acht do bhaint leis an mbliain 1941.

2. —Beidh feidhm ag na forálacha uile agus fé seach den Phríomh-Acht maidir le comhairle chontae do chur síolta agus abhar leasuithe, no síolta amháin, no abhar leasuithe amháin, ar fáil an 1adh lá d'Eanar, 1941, no dá éis sin agus roimh an 31adh lá d'Iúl, 1941, chun iad do dháiliú sa chontae sin no in aon chuid áirithe dhi agus, chun críche na feidhme sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar na tagairtí atá sa Phríomh-Acht don Acht san do rith do léiriú mar thagairtí don Acht so do rith;

(b) fé réir na míre sin roimhe seo den alt so, déanfar, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, an abairt “an tAcht so” do léiriú, i ngach áit ina bhfuil sí sa Phríomh-Acht, mar abairt a fholuíonn an tAcht so féin.

Alt 2 den Phríomh-Acht do leasú.

3. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht tré sna focail agus na figiúirí “no ar an 1adh lá d'Eanar, 1941, no dá éis sin agus roimh an 31adh lá d'Iúl, 1941,” do chur ann díreach i ndiaidh na bhfocal agus na bhfigiúirí “an 31adh lá d'Iúl, 1940,”.

(2) Déanfar an abairt “an ailt seo” do léiriú, san áit ina bhfuil sí i bhfo-alt (5) d'alt 2 den Phríomh-Acht, mar abairt a fholuíonn an t-alt so féin agus beidh éifeacht aici dá réir sin.

(3) Pé uair a bheidh comhairle chontae tar éis síolta agus abhair leasuithe, no síolta, no abhair leasuithe do chur ar fáil agus do dhíol, sa bhliain 1941, fén bPríomh-Acht ar n-a leathnú agus ar n-a leasú leis an Acht so, féadfaidh an chomhairle sin a fháil amach cadé méid iomlán na gcostas agus na gcaiteachas (gan an praghas do thug an chomhairle sin ar na síolta agus na habhair leasuithe sin, no ar na síolta san, no ar na habhair leasuithe sin, do réir mar a bhí, d'áireamh) fé n-a ndeachaidh an chomhairle sin alos na hearraí sin do chur ar fáil agus do dhíol, agus is dleathach dóibh an méid sin do chionroinnt ar na daoine uile agus fé seach le n-ar díoladh na hearraí sin amhlaidh agus, ar an gcionroinnt sin do dhéanamh, déanfar an cion áirithe den mhéid sin a bheidh curtha i leith aon duine aca san do chur leis an suim a bheidh ag dul don chomhairle sin ón duine sin alos ar díoladh leis amhlaidh, agus beidh an cion san agus is tuigthe é bheith riamh ina chuid den tsuim sin, agus beidh sé ionbhainte amach fén bPríomh-Acht, ar n-a leathnú agus ar n-a leasú leis an Acht so, d'ainneoin gan aon chó-aontú do dhéanamh, le linn an díola san, chun an cion san d'íoc.

Alt 3 den Phríomh-Acht do leasú.

4. —(1) Leasuítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tré sna focail agus na figiúirí “no ná beidh, i gcás earraí díolfar sa bhliain 1941, íoctha ná bainte amach amhlaidh roimh an 1adh lá d'Eanar, 1942,” do chur ann díreach i ndiaidh na bhfocal agus na bhfigiúirí “an 1adh lá d'Eanar, 1941,”.

(2) Déanfar an abairt “an ailt seo” do léiriú, san áit ina bhfuil sí i mír (b) d'alt 3 den Phríomh-Acht, mar abairt a fholuíonn an t-alt san 3 ar n-a leasú leis an alt so agus beidh éifeacht aici dá réir sin.

Comhairlí contae do thabhairt urraíocht.

5. —(1) Is dleathach agus is tuigthe gur dhleathach riamh do chomhairle chontae scéim do dhéanamh agus do thabhairt chun críche á ghabháil le n-a n-ais a urrú d'aon cheannaidhe síolta cheaduithe go n-íocfar go cuibhe leis an gceannaidhe sin iomlán an phraghais, no cion áirithe den phraghas, is iníoctha ag sealbhaire no saothruitheoir tailimh ceaduithe sa chontae sin as síolta agus abhair leasuithe, no as síolta amháin, no as abhair leasuithe amháin, ar n-a soláthar ag an gceannaidhe sin don tsealbhaire cheaduithe no don tsaothruitheoir cheaduithe sin i rith na tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus dar críoch an 31adh lá d'Iúl, 1941.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (3) d'alt 4 den Phríomh-Acht maidir le hurraíocht ar n-a tabhairt de bhun scéime ar n-a húdarú leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so fé mar atá feidhm agus éifeacht aige maidir le hurraíochta ar n-a dtabhairt de bhun scéime ar n-a húdarú leis an alt san 4, ach san fé réir an atharuithe ghenerálta deintear leis an Acht so ar an abairt “fén Acht so”.

(3) San alt so cialluíonn an focal “ceaduithe” ceaduithe ag an gcomhairle bheidh i gceist.

Airgead do gheobhfar ar iasacht d'aisíoc.

6. —Gach suim do gheobhaidh comhairle chontae ar iasacht fé alt 5 den Phríomh-Acht (ar n-a leathnú leis an Acht so) chun síolta agus abhair leasuithe, no síolta amháin, no abhair leasuithe amháin, do chur ar fáil fén bPríomh-Acht (ar n-a leathnú amhlaidh) sa bhliain 1941, aisíocfar í, maraon le hús do réir an ráta ar a mbeidh có-aontuithe, an 31adh lá de Mhárta, 1943, no roimhe sin.

Gearr-theideal agus có-luadh.

7. —(1) Féadfar an tAcht Soláthair Shíolta agus Abhar Leasuithe, 1941 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Soláthair Shíolta agus Abhar Leasuithe, 1940 agus 1941, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.