21 1941


Uimhir 21 de 1941.


ACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT (GEALLBHRUIDEADH), 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN AN ACHTA UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT (GEALLBHRUIDEADH), 1940 , DO LEASÚ. [7adh Lúnasa, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Geallbhruideadh), 1940 (Uimh. 27 de 1940) .

An Príomh-Acht do leasú.

2. —Déanfar gach tagairt don 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1941, dá bhfuil i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht, do léiriú mar thagairt don 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1942.

Gearr-theideal agus có-luadh.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Geallbhruideadh), 1941 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Geallbhruideadh), 1940 agus 1941, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.