An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT CEÁRD-CHUMANN, 1941) Ar Aghaidh (CUID II. Coluchtai do Cheadunu a Dheineann Margantaiocht d'fhonn Pagh no Coinniollacha eile Fostaiochta do Cheapadh.)

22 1941

ACHT CEÁRD-CHUMANN, 1941

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus có-luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Ceárd-Chumann, 1941 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Ceárd-Chumann, 1871 go 1941, do ghairm den Acht so agus na hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála,

cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Rialacháin

3. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no rud atá orduithe no le hordú, ach ní déanfar aon rialachán den tsórt san i dtaobh táille ar bith gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis.

Costais.

4. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costais fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.