2 1942


Uimhir 2 de 1942.


ACHT NA SIOPAÍ (COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA) (LEASÚ), 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN ACHT NA SIOPAÍ (COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA), 1938 , DO LEASÚ.    [24adh Feabhra, 1942.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Míniú agus léiriú.

1. —(1) San Acht so eialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938 (Uimh. 4 de 1938) .

(2) Léireofar mar éinní amháin an tAcht so agus an Príomh-Acht agus, dá réir sin, gach abairt agus focal dá gceaptar brí áirithe leis an bPríomh-Acht chun crícheanna an Achta san beidh leis san Acht so agus chun crícheanna an Achta so an bhrí ceaptar dó amhlaidh.

An míniú bheirtear ar “ball den fhuirinn” sa Phríomh-Acht do leasú.

2. —Athghairmtear leis seo an míniú atá i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht ar an abairt “ball den fhuirinn” agus ina ionad san achtuítear leis seo go gciallóidh an abairt sin i ngach áit ina bhfuil sí sa Phríomh-Acht no san Acht so—

(a) nuair a húsáidtear í maidir le siopa (nach tigh úrúcháin), duine ar bith oibríonn do dhílseánach an tsiopa san (pé aca gheibheann págh as a sheirbhísí no ná faghann) agus a dtárlann, maidir le hiomlán no furmhór a chuid oibre don dílseánach san, gur sa tsiopa san no ina thimpealas a deintear é agus gur obair é bhaineann le freastal ar chustuiméirí no le horduithe do ghlacadh no le hearraí do chur amach, no le hearraí do phacáil no do dhí-phacáil agus nach obair thionnscail é, agus

(b) nuair a húsáidtear í maidir le siopa is tigh úrúcháin, duine ar bith oibríonn do dhílseánach an tsiopa san (pé aca gheibheann págh as a sheirbhísí no ná faghann) agus a dtárlann, maidir le n-a chuid oibre don dílseánach san, gur obair í bhaineann leis an ngnó deintear sa tsiopa san agus gur sa tsiopa san no ina thimpealas a deintear a hiomlán no a furmhór agus nach obair thionnscail í agus nach obair chléireachais ná obair a bhaineann le bainistighe an tsiopa san a hiomlán no a furmhór.

Alt 3 den Phríomh-Acht do leasú.

3. —(1) Deintear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht do leasú tré na focail “no le feithicil ar bith o n-a mbíonn” agus na focail “no an fheithicil” agus na focail “no feithicil” do scriosadh as.

(2) Sroichfidh an Príomh-Acht (ach amháin Cuid VI dhe) feithicil ar bith a bheidh do réir na gcoinníoll so leanas, eadhon—

(a) an fheithicil do bheith á húsáid de thurus na huaire ar fad no go furmhór chun crícheanna trádála no gnótha mionreaca deintear uaithi,

(b) an fheithicil do bheith ag taisteal o áit go háit chun crícheanna na trádála no an ghnótha mion-reaca san,

(c) nach é atá, ar fad no go furmhór, sa trádáil no sa ghnó mhion-reaca san ná díol aon earra no earraí aca so leanas, eadhon, arán, plúr-mhilseoga, bainne agus uachtar oighreata,

fé is dá mba shiopa an fheithicil agus gurbh é dílseánach an tsiopa san neach déanta na trádála no an ghnótha mion-reaca san agus, chun crícheanna na sroichinte sin, déanfar an abairt “ball den fhuirinn” mar a bhfuil sa Phríomh-Acht do léiriú, d'ainneoin éinní atá in alt 2 den Acht so agus sa mhéid go mbaineann sí leis an bhfeithicil, mar abairt a chialluíonn duine thaistealann ar an bhfeithicil sin agus atá ar fostú (mar thiománaidhe no eile) chun crícheanna na trádála no an ghnótha mion-reaca san.

(3) Is tuigthe nár shroich forálacha an Phríomh-Achta riamh aon fheithicil o n-a raibh trádáil mhion-reaca uachtair oighreata á déanamh, má b'í agus faid ab í an trádáil mhion-reaca san an t-aon trádáil amháin do bhí no an trádáil is mó do bhí á déanamh ón bhfeithicil sin, agus is tuigthe go raibh éifeacht dá réir sin riamh ag alt 3 den Phríomh-Acht.

An Príomh-Acht do scur de bhaint le tithe ósta lasmuich de Chathair Bhaile Atha Cliath.

4. —Scuirfidh forálacha an Phríomh-Achta d'fheidhm do bheith aca maidir le haon tigh ósta lasmuich de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus dá réir sin léireofar an focal “siopa” mar a bhfuil sé sa Phríomh-Acht no san Acht so, mar fhocal ná foluíonn aon tigh ósta den tsórt san.

Alt 23 den Phríomh-Acht do leasú.

5. —Deintear leis seo alt 23 den Phríomh-Acht do leasú tríd an bhfo-alt nua so leanas do chur leis—

(5) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is oiriúnach leis é, forálacha fo-alt (1) agus (2) den alt so do leasú, le hordú fén bhfo-alt so, maidir le tithe ósta.

Alt 29 den Phríomh-Acht do leasú.

6. —Deintear leis seo alt 29 den Phríomh-Acht do leasú tríd an mír seo leanas do chur i bhfo-alt (3) in ionad míre (a), sé sin le rá:—

“(a) maidir le ball d'fhuirinn shiopa is tigh úrúcháin, 3 a chlog p.m. no an t-am do chríochnuigh an duine sin cúig uaire a chluig d'obair shiopa an lá iomchuibhe sa tsiopa san, pé aca is luaithe, agus”.

Seala fostaíochta ball d'fhoirne tithe úrúcháin ar leath-laethe saoire seachtainiúla.

7. —Ní déanfar níos mó ná dhá sheal d'uaire fostaíochta baill d'fuirinn shiopa is tigh úrúcháin aon lá lomhálfar leath-lá saoire don bhall san, do réir bhrí ailt 29 den Phríomh-Acht ar n-a leasú leis an Acht so, agus ní bheidh an tréimhse idir aon dá sheal den tsórt san níos sia ná uair a chluig.

Saoire chúitimh do bhaill d'fhoirne tithe úrúcháin a dheineann obair ar an Domhnach.

8. —(1) Más rud é ná déanfaidh dílseánach siopa is tigh úrúcháin lá saoire iomlán do lomháil do bhall d'fhuirinn an tsiopa san ar Dhomhnach aon tseachtaine áirithe, lomhálfaidh an dílseánach san dó ar lá éigin i rith na seachtaine sin (nach lá ar a lomhálfaidh an dílseánach san lá saoire iomlán no leath-lá saoire dhó de bhun Coda IV den Phríomh-Acht)—

(a) má dheineann an ball san obair shiopa ar feadh breis is cúig uaire a chluig ar an Domhnach san, lá saoire iomlán, no

(b) má dheineann an ball san obair shiopa ar an Domhnach san (i) ar feadh tréimhse nach sia ná trí huaire a chluig agus a chríochnóidh tar éis meán lae, no (ii) ar feadh tréimhse is sia ná trí huaire a chluig agus nach sia ná cúig uaire a chluig, leath-lá saoire.

(2) I gcás—

(a) ball d'fhuirinn shiopa is tigh úrúcháin do bheith i dteideal leath-lae shaoire seachtain ar bith fé fho-alt (1) den alt so, agus

(b) dílseánach an tsiopa san do lomháil lae shaoire iomláin don bhall san ar an lá san sa tseachtain sin is leath-lá saoire reachtúil maidir leis an mball san,

is tuigthe gur lomháil an dílseánach san leath-lá saoire don bhall san fén alt so an lá san.

(3) I gcás—

(a) ball d'fhuirinn shiopa is tigh úrúcháin do dhéanamh oibre siopa gach re Domhnach, agus

(b) a bheith de cheangal ar dhílseánach an tsiopa san, de bhun fo-ailt (1) den alt so, lá saoire iomlán do lomháil don bhall san maidir le hobair shiopa dhéanfaidh an ball san ar Dhomhnach aon tseachtaine áirithe, is tuigthe an dílseánach san do chólíonadh an cheangail sin má lomhálann don bhall san—

(i) leath-lá saoire ar dhálach éigin (nach lá is leath-lá saoire reachtúil maidir leis an mball san) sa tseachtain sin, agus leath-lá saoire ar dhálach éigin (nach lá is leath-lá saoire reachtúil maidir leis an mball san) sa tseachtain ina dhiaidh sin, no

(ii) lá saoire iomlán ar an lá sa tseachtain sin is leath-lá saoire reachtúil maidir leis an mball san, agus lá saoire iomlán ar an lá sa tseachtain ina dhiaidh sin is leath-lá saoire reachtúil maidir leis an mball san.

(4) Má theipeann ar dhílseánach siopa, no má fhaillíonn no má dhiúltuíonn, forálacha fo-ailt (1) den alt so do chólíonadh, beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóis a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do chur air.

(5) Ní bheidh feidhm ag alt 35 den Phríomh-Acht maidir le haon tsiopa is tigh úrúcháin.

(6) San alt so cialluíonn an abairt “leath-lá saoire reachtúil”, nuair a húsáidtear í maidir le ball d'fhuirinn siopa is tigh úrúcháin, lá ar a lomháltar leath-lá saoire don bhall san fé alt 34 den Phríomh-Acht.

Riail 2 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do leasú.

9. —Más rud é—

(a) go dtabharfar do dhuine ar fostú mar bhall d'fhuirinn tighe úrúcháin dínnéar sa tigh úrúcháin sin lá ar bith, agus

(b) go lomhálfar dó an lá san, chun dínnéar do chaitheamh, tréimhse nach giorra ná cúig nómataí is dachad ar n-a socrú i riocht ná críochnóidh níos luaithe ná 11.45 a.m. no ná tosnóidh níos déanaighe ná 3 p.m.,

is tuigthe gur cólíonadh forálacha míre (1) de Riail 2 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht maidir leis an duine sin an lá san.

Riail 3 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do leasú maidir le congantóirí ceimiceoirí.

10. —(1) Más rud é—

(a) go mbeidh dílseánach siopa ina dhuine bheidh i dteideal an siopa san do choimeád ar oscailt chun nimheanna do dhíol fén Pharmacy Act (Ireland), 1875, ar n-a leasú leis an Pharmacy Act (Ireland), 1875, Amendment Act, 1890, agus

(b) ná beidh an siopa san fé bhainistighe agus seoladh pearsanta an dílseánaigh sin, ach go mbeidh ar fostú aige mar bhaill d'fhuirinn an tsiopa san beirt ar a mhéid de chongantóirí ar n-a gcáiliú go cuibhe fén Pharmacy Act (Ireland), 1875, adubhradh, ar n-a leasú mar adubhradh, chun an tsiopa san do bhainistighe agus do sheoladh, agus

(c) go dtárlóidh, lá ar bith a bheidh an t-am o 4 p.m. go dtí 7.30 p.m. ina chuid d'uaire oibre congantóra amháin aca san (dá ngairmtear san alt so an congantóir ar diúité tráthnóna), go mbeidh an duine eile de na congantóirí sin, toise leath-lá saoire do lomháil dó de bhun an Phríomh-Achta, as láthair as an siopa san ar feadh an ama go léir o 4 p.m. go dtí 7.30 p.m. an lá san,

ní bheidh feidhm an lá san ag Riail 3 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht maidir leis an gcongantóir ar diúité tráthnóna.

(2) Más rud é—

(a) go mbeidh dílseánach siopa ina dhuine bheidh i dteideal an siopa san do choimeád ar oscailt chun nimheanna do dhíol fén Pharmacy Act (Ireland), 1875, ar n-a leasú leis an Pharmacy Act (Ireland), 1875, Amendment Act, 1890, agus

(b) go mbeidh an siopa san fé bhainistighe agus seoladh pearsanta an dílseánaigh sin agus go mbeidh ar fostú aige, mar bhall d'fhuirinn an tsiopa san, aon chongantóir amháin ar a mhéid ar n-a cháiliú go cuibhe fén Pharmacy Act (Ireland), 1875, adubhradh, ar n-a leasú mar adubhradh, chun an tsiopa san do bhainistighe agus do sheoladh,

beidh Riail 3 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht gan feidhm maidir leis an gcongantóir sin aon lá amháin (is lá bheidh an t-am o 4 p.m. go dtí 7.30 p.m. ina chuid d'uaire oibre an chongantóra san) i ngach seachtain fé leith, agus isé lá é sin an lá cheapfaidh an dílseánach san o am go ham.

Gearr-theideal agus có-luadh.

11. —(1) Féadfar Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta) (Leasú), 1942 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938 agus 1942, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.