An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Airgead Reatha Breige no Neamh-Udaruithe.) Ar Aghaidh (CUID IX. Ilghneitheach.)

22 1942

ACHT AN BHAINC CHEANNAIS, 1942

CUID VIII.

Monaiocht.

An tAcht Coighneála, 1926 , do leasú.

58. —(1) Leasuítear leis seo mar leanas an tAcht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) , maidir le monaí d'ainmníocht reulach no d'ainmníocht leathreulach agus, i gceachtar cás, dáta is déanaighe ná an bhliain 1941 ortha agus ní maidir le haon mhonaí eile, sé sin le rá:—

(a) déantar leis seo an focal “copra-niocal” do chur in ionad an fhocail “niocal” i bhfo-alt (1) d'alt 2, i bhfo-alt (2) d'alt 5, agus sa chéad cholún den Sceideal, agus léireofar na fo-ailt agus an Sceideal san agus beidh éifeacht aca dá réir sin maidir leis na monaí sin;

(b) déantar leis seo na focail “copra-niocal, có-dhéanta de 75 per cent. de chopar agus de 25 per cent. de niocal” do chur in ionad na bhfocal “niocal ar fad”, agus léireofar an Sceideal san agus fós alt 2 agus beidh éifeacht aca dá réir sin maidir leis na monaí sin.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 8 den Acht Coighneála, 1926 ( Uimh. 14 de 1926 ), maidir le monaí copra-niocail arna n-eisiúint fén Acht san sa tslí chéanna ina mbaineann le monaí niocail arna n-eisiúint amhlaidh, agus chuige sin déanfar na tagairtí atá in alt 1 den Coinage Offences Act, 1861, do mhonaí d'airgead bhán do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí do mhonaí copraniocail chó maith le monaí niocail.

(3) Leasuítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an Acht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) , tré na focail “Umha, có-dhéanta de 95½ per cent. de chopar, de 3 per cent. de stán, agus de 1½ per cent. de shionca” do scriosadh as an tríú colún de agus tré na focail “Miotal measctha, có-dhéanta de chopar, stán agus sionca” do chur in ionad na bhfocal san.

(4) Léighfear mar éinní amháin an t-alt so agus an tAcht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) , agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

An Gold and Silver (Export Control, etc.) Act, 1920, do leasú.

59. —Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 2 den Gold and Silver (Export Control, etc.), Act, 1920, arna oiriúnú le hachtacháin iaraimseardha no fútha, maidir le monaí de niocal, de chopraniocal, d'umha, no de mhiotal eile no de mhiotail mheasctha fé mar atá feidhm agus éifeacht aige maidir le monaí d'ór no d'airgead bhán.

Monaí d'eisiúint fén Acht Coighneála, 1926 .

60. —(1) Na monaí uile eiseoidh an tAire fén Acht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) , an lá ceaptha no dá éis, is tríd an mBanc eiseoidh an tAire iad agus déanfar sochar gach eisiúna monaí den tsórt san d'íoc isteach sa chiste ghenerálta agus do chur chun creidiúnais cúl-chiste an airgid reatha sa chiste sin.

(2) Na suimeanna uile is gá chun monaí do sholáthar fén Acht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) , an lá ceaptha no dá éis no chun monaí do heisíodh aon uair fén Acht san d'fhuascailt an lá san no dá éis, íocfar as an gciste generálta iad agus féichiúnófar sa chiste sin iad ar chúl-chiste an airgid reatha.

(3) Na taiscí uile fé fho-alt (2) d'alt 38 den Acht Airgid Reatha bheidh sa chiste ghenerálta díreach roimh an lá ceaptha in ainm an Aire no in ainm an Choimisiúin thar ceann an Aire déanfar, an lá ceaptha, iad d'úsáid agus do chur de láimh mar leanas, sé sin le rá:—

(a) na réimhíoca uile as an bPrímh-Chiste chun crícheanna an Achta Coighneála, 1926 ( Uimh. 14 de 1926 ), a bheidh amuich díreach roimh an lá ceaptha, aisíocfar as na taiscí sin, iad;

(b) déanfar suim trí chéad míle punt do chur i leataoibh as na taiscí sin agus do bhreith chun cuntais fiunraíochta sa chiste ghenerálta agus íocfar í le Ciste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Us-mhuirir) sna tráthchoda agus na tráthanna san ordóidh an tAire;

(c) béarfar an chuid eile de na taiscí sin chun creidiúnais cúl-chiste an airgid reatha.

Cóipcheart i monaí.

61. —(1) An cóipcheart sna monaí uile arna n-eisiúint (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fén Acht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) , no fé Chuid II den Acht Airgid Reatha agus an cóipcheart san obair ealadhnach ag léiriú deara aon mhonaí den tsórt san, beid biothbhuan agus is leis an Aire iad agus, i gcás aon mhonaí den tsórt san do heisíodh roimh dháta an Achta so do rith, is tuigthe gur leis an Aire riamh iad.

(2) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 155 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 ( Uimh. 16 de 1927 ), is sárú ar an gcóipcheart in aon mhona den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so an mona san no aon chuid de do mhacsamhlú, gan toiliú an Aire, in aon obair liteardha no ealadhnach a foillseofar.