Ar Aghaidh (Sceideal (A). DEONTAIS.)

18 1943


Uimhir 18 de 1943.


ACHT LEITHREASA, 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO CHUR SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRIOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A CEATHAIR CEATHRACHAD, AGUS DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA DEONADH LEIS AN ACHT PRÍMH-CHISTE, 1943 , AGUS A DEONTAR LEIS AN ACHT SO CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍCHEANNA CUIBHE.

[2adh Meitheamh, 1943.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontais as an bPrimh-Chiste.

£9,551,899 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir na bliana 1943-44.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim naoi milleon, cúig chéad agus aon mhíle caogad, ocht gcéad agus naoi bpúint nóchad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad a ceathair ceathrachad.

Comhacht don Aire Airgeadais chun suim ná raghaidh thar £9,551,899 do thógaint ar iasacht.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim no suimeanna nach mó san iomlán ná naoi milleon, cúig chéad agus aon mhíle caogad, ocht gcéad agus naoi bpúint nóchad do thógaint ar iasacht o dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do réimhíoc leis an Aire Airgeadais, agus chun an céanna do thógaint ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith do bhunú agus do thabhairt amach agus iad fé pé ráta úis, agus fós fé réir pé coinníollacha i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis urrús ar bith do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostas féna raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach

(3) Aon airgead a cruinneofar tré urrúis arna dtabhairt amach fén Acht so, cuirfear i gcreidiúnas do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Prímh-Chiste ar fáil.

Deontais do Leithreasu.

Suimeanna vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £24,667,507 do leithreasú.

3. —(1) Na suimeanna uile deontar as an bPrímh-Chiste, leis an Acht so agus leis an Acht eile luaidhtear i Sceideal (A) a ghabhann leis an Acht so, chun slánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim cheithre milleon fichead, sé chéad agus seacht míle seascad, cúig chéad agus seacht bpúint, déantar iad do leithreasú agus is tuigthe iad do bheith leithreasuithe, amhail o dháta na nAchtanna luaidhtear sa Sceideal san (A) do rith, chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis sin. An achmaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis an nota (más ann) a ghabhann leis na sceidil sin, is tuigthe gur cuid den Acht so iad díreach fé is dá mbeidís i gcorp an Achta so.

(2) I'dteanta na suimeanna deontar as an bPrímh-Chiste, agus dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, féadfar na suimeanna taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim milleon, sé chéad agus nócha míle, ocht gcéad agus dhá phunt sheachtód do chur chun úsáide amach as aon airgead a horduítear fé alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa Sceideal san.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1943 , do ghairm den Acht so.

An Achmaireacht ar Sceidil (A) agus (B) da dTagartar san Acht so.