20 1943


Uimhir 20 de 1943.


ACHT UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS, 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ FO-AILT (4) D'ALT 8 DEN UNEMPLOYMENT INSURANCE ACT, 1920. [2adh Meitheamh, 1943.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Fo-alt (4) d'alt 8 den Unemployment Insurance Act, 1920, dá leasú maidir le daoine áirithe d'imeacht as an Stát le linn na tréimhse práinne.

1. —(1) I gcás—

(a) duine d'imeacht as an Stát (pé aca roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin é) le haghaidh fostaíochta le linn na tréimhse práinne, agus

(b) an duine sin d'fhilleadh ar an Stát tráth ar bith nach déanaighe ná dhá mhí dhéag tar éis deire na tréimhse práinne,

ansan, chó fada agus a bhainfidh le haon éileamh ar shochar dhíomhaointis a dhéanfa sé tar éis dáta an Achta so do rith, ní tabharfar áird ar aon bhliain árachais, a thosnuigh no thosnóidh tar éis an 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1939, agus a raibh no a mbeidh sé as láthair ón Stát ar a feadh go léir no ar feadh coda ar bith dhi agus nár híocadh no ná híocfar aon tsíntiús ina thaobh lena linn, maidir le fo-alt (4) d'alt 8 den Unemployment Insurance Act, 1920, arna leasú leis an Acht um Arachas Díomhaointis, 1926 (Uimh. 21 de 1926) , do bhaint leis an duine sin.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “an tréimhse phráinne” an tréimhse do thosnuigh ar dháta an Achta Comhachta Práinne, 1939 ( Uimh. 28 de 1939 ), do rith agus a chríochnóidh ar dháta an Achta san do dhul in éag.

Gearr-theideal, léiriú agus có-luadh.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1943 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar mar éinní amháin an tAcht so agus na hAehtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1941, agus féadfar na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1943, do ghairm de na hAchtanna san agus den Acht so le chéile.