An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA mBAN CABHARTHA, 1944) Ar Aghaidh (CUID II. Priomh-Bhord na mBan Cabhartha.)

10 1944

ACHT NA mBAN CABHARTHA, 1944

CUID I.

Reamhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na mBan Cabhartha, 1944 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1945.

Mínithe.

2. —San Acht so—

an lá ceaptha.

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá thiocfaidh an tAcht so i ngníomh, eadhon, an 1adh lá d'Eanar, 1945;

an Bord.

cialluíonn an abairt “an Bord” Príomh-Bhord na mBan Cabhartha bunuítear leis an Acht so;

an sean-Bhord.

cialluíonn an abairt “an sean-Bhord” an Bord a mbeidh Achtanna na mBan Cabhartha, 1918 agus 1931 (a hathghairmtear leis an Acht so) á riaradh aca roimh an lá ceaptha;

an sean rolla.

cialluíonn an abairt “an sean-rolla” an rolla atá á choimeád ag an sean-Bhord de dhaoine arna ndeimhniú fé Achtanna na mBan Cabhartha, 1918 agus 1931 (a hathghairmtear leis an Acht so);

údarás áitiúil.

cialluíonn an abairt “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun crícheanna an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 );

tigh máithreachais.

tá leis an abairt “tigh máithreachais” an bhrí atá léi san Acht um Chlárú Tithe Máithreachais, 1934 (Uimh. 14 de 1934) ;

dochtúir oifigiúil.

cialluíonn an abairt “dochtúir oifigiúil” príomh-dhochtúir oifigiúil sláinte do chontae-bhuirg no dochtúir oifigiúil contae (do réir mar oireann);

bean chabhartha.

cialluíonn an abairt “bean chabhartha” bean arna clárú sa rolla de mhná cabhartha;

suaitheantas mná cabhartha.

cialluíonn an abairt “suaitheantas mná cabhartha” suaitheantas do bhéarfaidh an Bord amach fé rialacha déanfar chun crícheanna ailt 44 den Acht so;

deimhniú mná cabhartha.

cialluíonn an abairt “deimhniú mná cabhartha” deimhniú do bhéarfaidh an Bord amach fé alt 31 den Acht so;

an tAire.

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

“orduithe.”

cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe le rialacha déanfar fén Acht so;

imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha.

cialluíonn an abairt “imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha” imeachta bunófar fé rialacha déanfar chun crícheanna ailt 25 den Acht so;

an rolla de mhná cabhartha.

cialluíonn an abairt “an rolla de mhná cabhartha” an rolla bheidh á choimeád ag an mBord fé alt 23 den Acht so;

rialacha déanfar fén Acht so.

cialluíonn an abairt “rialacha déanfar fén Acht so” rialacha déanfar fé alt 18 den Acht so.

An t-údarás maoirseachta áitiúil.

3. —Beidh gach comhairle chontae agus bárdas contae-bhuirge ina údarás maoirseachta áitiúil chun crícheanna an Achta so don cheanntar is ionann agus an chontae no an chontae-bhuirg sin.

Athghairm agus cúlghairm.

4. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm a mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

(2) Cúlghairmtear leis seo Ordú Phríomh-Bhord na mBan Cabhartha, 1923.