|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Priomh-Bhord na mBan Cabhartha.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Srianta maidir le Freastal ar Mhna Seoil.) |
ACHT NA mBAN CABHARTHA, 1944
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III. Mna Cabhartha. | |
| [EN] |
An rolla de mhná cabhartha. |
23. —(1) Coimeádfaidh an Bord rolla de mhná cabhartha. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an Bord an rolla de mhná cabhartha d'fhoillsiú pé trátha agus i pé slí ordóidh an tAire. | |
| [EN] | (3) Tiocfaidh an sean-rolla, ar an lá ceaptha, chun bheith ina rolla de mhná cabhartha. | |
| [EN] | (4) Bhéarfaidh an Bord go ndéanfar— | |
| [EN] | (a) aon earráid focal no earráid cléireachais sa rolla de mhná cabhartha do cheartú, | |
| [EN] | (b) aon iontráil sa rolla de mhná cabhartha do chealú ar trí chalaois no camthuairisc do tugadh í dhéanamh, | |
| [EN] | (c) aon athrú ar sheoladh mná bheidh cláruithe sa rolla de mhná cabhartha do chur sa rolla san, | |
| [EN] | (d) ainm aon mhná bheidh cláruithe sa rolla de mhná cabhartha do bhaint de más deimhin leo í bheith tar éis bháis no mara bhfaighid freagra ar leitir a cuireadh chuici fé fho-alt (6) den alt so fé cheann sé mhí tar éis í chur chuici. | |
| [EN] | (5) Beidh de dhualgas ar mhnaoi chabhartha aon athrú ar a hainm no ar a seoladh do chur in iúl don Bhord. | |
| [EN] | (6) Féadfaidh an Bord leitir do chur leis an bpost cláruithe go dtí aon bhean chabhartha, agus an leitir sin dírithe chun a seoladh mar a bheidh luaidhte sa rolla de mhná cabhartha, á fhiafruighe dhi ar athruigh sí a hainm no a seoladh. | |
| [EN] | (7) Beidh coimeád agus ceartú an rolla de mhná cabhartha mar chúram ar rúnaí an Bhuird ag gníomhú dhó fé réir ordachán an Bhuird. | |
| [EN] |
Clárú sa rolla de mhná cabhartha. |
24. —(1) Cláróidh an Bord sa rolla de mhná cabhartha gach bean— |
| [EN] | (a) iarrfaidh sa tslí orduithe í chlárú ann, agus | |
| [EN] | (b) do chríochnuigh na cúrsaí orduithe tréineála, agus | |
| [EN] | (c) ar eirigh léi sna scrúduithe orduithe, agus | |
| [EN] | (d) a chuirfidh ina luighe ar an mBord gur bean deaghcharachtair í, agus | |
| [EN] | (e) a chuirfidh an táille orduithe agus na scríbhní orduithe ar aghaidh i dteanta a hiarratais. | |
| [EN] | (2) I gcás bean ar bith dá iarraidh ar an mBord í chlárú sa rolla de mhná cabhartha agus— | |
| [EN] | (a) an bhean san dá chur ina luighe ar an mBord— | |
| [EN] | (i) go bhfuil sí deimhnithe ag aon údarás rialúcháin bheidh ag feidhmiú dlighinse lasmuich den Stát fé aon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus a dhéanann socrú chun an t-údarás rialúcháin sin do dheimhniú daoine bheidh i dteideal freastal ar mhná seoil, agus | |
| [EN] | (ii) go ndeacha sí, chun go mbeadh sí i dteideal amhlaidh, fé thréineáil agus scrúdú de chaighdeán nach ísle ná an caighdeán a bheidh ceaptha ag an mBord, agus | |
| [EN] | (iii) gur bean deagh-charachtair í, agus | |
| [EN] | (b) gur deimhin leis an mBord go ndéanann an t-údarás rialúcháin sin no go bhfuilid toilteanach mná bheidh cláruithe fén Acht so do dheimhniú ar théarmaí comharaíochta, agus | |
| [EN] | (c) go gcuirfidh an bhean san an táille orduithe ar aghaidh i dteanta a hiarratais, | |
| [EN] | cláróidh an Bord an bhean san sa rolla de mhná cabhartha. | |
| [EN] | (3) D'ainneoin éinní atá sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, ní dhéanfaidh an Bord aon bhean a mheasfaidh an Bord do bheith neamh-oiriúnach toisc cúrsaí cuirp no aigne chun freastal ar mhná seoil do chlárú sa rolla de mhná cabhartha agus, chun crícheanna an fho-ailt seo, féadfaidh an Bord a cheangal ar dhuine bheidh á iarraidh í chlárú sa rolla de mhná cabhartha pé cruthúnas ordóid ar a hoiriúnacht chuirp agus aigne do thabhairt ar áird. | |
| [EN] | (4) Má eiríonn aon cheist fé na fo-ailt sin roimhe seo den alt so i dtaobh a bheith de cheart ag aon mhnaoi áirithe í chlárú sa rolla de mhná cabhartha, isé an tAire bhéarfaidh breith ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean uirthi. | |
| [EN] |
Ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha. |
25. —(1) Féadfaidh an Bord, do réir rialacha déanfar fén Acht so, ainm aon mhná cabhartha do bhaint den rolla de mhná cabhartha. |
| [EN] | (2) Féadfar, leis na rialacha déanfar chun crícheanna an ailt seo, a fhoráil go sonnrach go ndéanfar, i gcás ina mbeifear chun ainm aon mhná cabhartha áirithe do bhaint den rolla de mhná cabhartha, imeachta chuige sin do bhunú os cóir an Bhuird, agus go mbeidh caoi ag an gcosantóir, sna himeachta san, ar fhreagra do thabhairt ar éinní cuirfear ina leith. | |
| [EN] | (3) Ní déanfar ainm mná cabhartha do bhaint den rolla de mhná cabhartha ach amháin i gcás inar deimhin leis an mBord, de thoradh imeachta chun a hainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha,— | |
| [EN] | (a) go raibh an bhean chabhartha ciontach in iompar is mí-iompar oilbhéimeach no mí-iompar gairmiúil dar leis an mBord, no | |
| [EN] | (b) go ndearnadh an bhean chabhartha do chiontú sa Stát i dtréas no i bhfeleontacht no i mí-ghníomh no go ndearnadh í do chiontú lasmuich den Stát i gcoir no i gcionta do bheadh ina fheleontacht no ina mhí-ghníomh dá mba sa Stát a déanfaí é, no | |
| [EN] | (c) gur ciontuíodh i gcionta fén Acht so í, no | |
| [EN] | (d) gur bhris sí na rialacha bheidh déanta ag an mBord fén Acht so, no | |
| [EN] | (e) go bhfuil sí neamh-oiriúnach toisc cúrsaí cuirp no aigne chun freastal ar mhná seoil. | |
| [EN] | (4) Gach uair a dhéanfaidh an Bord ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha fén alt so bhéarfaid fógra ina thaobh do gach údarás maoirseachta áitiúil lena mbainfidh agus don Aire. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh an Bord, má mheasaid san do bheith ceart, na costais agus an caiteachas, féna raghaidh an cosantóir maidir le haon imeachta chun a hainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha, d'íoc i bpáirt no go hiomlán. | |
| [EN] | (6) Cuirfidh an Bord ar fáil in aisce aon fhuirm a bheidh le líonadh ag an gcosantóir in aon imeachta chun a hainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha, maraon le clúdach cuibhe-stampálta chun an fhuirm sin do chur thar n-ais. | |
| [EN] |
Foláireamh, imdheargadh no fionnraighe o chleachtadh in ionad ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha. |
26. —(1) In aon imeachta chun ainm duine do bhaint den rolla de mhná cabhartha, féadfaidh an Bord, in ionad an ainm do bhaint den rolla san, foláireamh do thabhairt don chosantóir no í d'imdheargadh no í d'fhionnraighe o chleachtadh go ceann tréimhse sonnruithe nach sia ná dhá mhí dhéag. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an Bord fógra i dtaobh gach foláireamh, imdheargadh agus fionnraighe fén alt so do thabhairt do gach údarás maoirseachta áitiúil lena mbainfidh agus don Aire. | |
| [EN] | (3) Má chleachtann aon bhean chabhartha contrárdha d'fhionnraighe fén alt so, beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpunt do chur uirthi. | |
| [EN] |
Fianaise in imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha. |
27. —(1) In aon imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha— |
| [EN] | (a) féadfaidh an Bord fianaise do ghlacadh fé mhionn agus, chuige sin, féadfaidh an comhalta den Bhord a bheidh i gceannas daoine do chur fé mhionn, agus | |
| [EN] | (b) féadfaidh an Bord dearbhú reachtúil do ghlacadh mar fhianaise. | |
| [EN] | (2) Má dhéanann an Bord, in imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha, dearbhú reachtúil do ghlacadh mar fhianaise, bhéarfar cóip den dearbhú don chosantóir deich lá ar a laghad roimh an éisteacht agus beidh sí i dteideal a cheangal ar an mBord a thabhairt go dtiocfaidh an dearbhthóir i láthair chun é cheistniú ag an éisteacht. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an Bord, trí fhógra i scríbhinn chuige sin do thabhairt i bpearsain no leis an bpost do dhuine ar bith, a cheangal ar an duine sin teacht i láthair an lá (nach luaithe ná an seachtú lá tar éis an lae bhéarfar an fógra) agus an tráth agus san áit bheidh luaidhte sa bhfógra chun fianaise do thabhairt maidir le héinní eireoidh in aon imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha no chun aon scríbhní bheidh ar seilbh no ar coimeád no féna urláimh aige, agus a bhainfidh le héinní den tsórt san, do thabhairt ar áird. | |
| [EN] | (4) Duine bheidh ag tabhairt fianaise in aon imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha beidh teideal aige chun na saoirsí agus na bpríbhléidí chun a mbeadh tideal aige dá mb' fhínné i láthair na hArd-Chúirte é. | |
| [EN] | (5) Ní gá do dhuine teacht i láthair de bhun fógra fén alt so in áit is sia ná deich míle óna ghnáth-áit chomhnaithe mara ndéana an Bord na costais réasúnacha riachtanacha bheidh air i leith a theacht i láthair d'íoc leis no do thairgsint dó. | |
| [EN] | (6) Einne thiocfaidh i láthair in áit ar bith de bhun fógra fén alt so déanfaidh an Bord, ach amháin sa mhéid go mbeidh costais réasúnacha riachtanacha a theacht i láthair íoctha leis cheana, na costais sin d'íoc leis agus, mara n-íoctar na costais sin, féadfar, ach amháin sa mhéid adubhradh, iad do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla. | |
| [EN] | (7) Gach duine dá dtabharfar fógra fén alt so agus a dhiúltóidh do theacht i láthair, no mhainneoidh go toiliúil teacht i láthair, do réir an fhógra no dhéanfaidh go toiliúil aon scríbhinn lena mbainfidh an fógra d'athrú no do choimeád siar no do cheilt no do mhilleadh no, ar theacht i láthair dó amhlaidh, dhiúltóidh don mhionn do thógaint no d'fhianaise do thabhairt no dhiúltóidh d'aon scríbhinn áirithe lena mbainfidh an fógra do thabhairt ar áird no fhailleoidh go toiliúil san do dhéanamh, beidh sé, fé réir forálacha fo-ailt (5) den alt so, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint do chur air. | |
| [EN] |
Athchomhairc i gcoinnibh breitheanna ón mBord. |
28. —(1) Má déantar, le breith an Bhuird in aon imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha, ainm an chosantóra do bhaint den rolla de mhná cabhartha no an cosantóir d'fhionnraighe o chleachtadh, féadfaidh an cosantóir athchomharc do dhéanamh chun na hArd-Chúirte no chun an Aire (ach ní chuca araon) i gcoinnibh breithe an Bhuird fé cheann trí mhí tar éis an dáta ar a gcuirfear an bhreith sin in iúl di. |
| [EN] | (2) Ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an Ard-Chúirt no an tAire (fé mar bheidh) ar athchomharc fén alt so. | |
| [EN] | (3) Má eiríonn le hathchomharc fén alt so— | |
| [EN] | (a) i gcás athchomhairc chun na hArd-Chúirte, féadfaidh an chúirt costais do mholadh i gcoinnibh an Bhuird, agus | |
| [EN] | (b) bhéarfaidh an Bord fógra i dtaobh toradh an athchomhairc do gach údarás maoirseachta áitiúil lena mbainfidh agus (más chun na hArd-Chúirte do rinneadh an t-athchomharc) don Aire, agus | |
| [EN] | (c) i gcás gur bhreith trínar baineadh ainm den rolla de mhná cabhartha an bhreith a ndearnadh athchomharc ina coinnibh, cuirfear an ainm thar n-ais sa rolla de mhná cabhartha, agus | |
| [EN] | (d) i gcás gur bhreith trínar baineadh ainm den rolla de mhná cabhartha no trína ndearnadh bean chabhartha d'fhionnraighe o chleachtadh an bhreith a ndearnadh athchomharc ina coinnibh, féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo é, pé suim d'íoc leis an athchomharcach a mheasfaid do bheith ina cúiteamh réasúnach in aon chailliúint chleachta do bhain di idir dáta na breithe ón mBord agus dáta cinnte an athchomhairc no, i gcás ina ndearna an Bord an t-athchomharcach d'fhionnraighe o chleachtadh ar bhunú na n-imeacht i láthair an Bhuird, idir dáta bunuithe na n-imeacht agus dáta cinnte an athchomhairc. | |
| [EN] |
Ainm do chur thar n-ais sa rolla de mhná cabhartha. |
29. —Féadfaidh an Bord, ach san do réir rialacha déanfar fén Acht so, ar an iarratasóir d'íoc na táille orduithe (más ann), ainm aon mhná ar baineadh a hainm den rolla de mhná cabhartha do chur thar n-ais sa rolla san ar aon chúis a mheasfaid is leor. |
| [EN] |
Fostaíocht i dtigh máithreachais. |
30. —(1) Féadfaidh an Bord, ar ainm aon mhná cabhartha do bhaint den rolla de mhná cabhartha, a ordú gan í bheith i bhfostaíocht i bhfeidhmeannas ar bith i dtigh máithreachais. |
| [EN] | (2) Bean lena mbainfidh ordú fén alt so ní cead, faid a bheidh a hainm bainte den rolla de mhná cabhartha, í bheith i bhfostaíocht i bhfeidhmeannas ar bith i dtigh máithreachais. | |
| [EN] | (3) Bean a bheidh i bhfostaíocht contrárdha d'fho-alt (2) den alt so beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur uirthi. | |
| [EN] |
Deimhnithe ban cabhartha. |
31. —(1) Bhéarfaidh an Bord deimhniú amach do gach bean a thiocfaidh chun bheith ina mnaoi chabhartha agus do gach bean a gcuirfear a hainm thar n-ais sa rolla de mhná cabhartha á dheimhniú í bheith cláruithe sa rolla de mhná cabhartha. |
| [EN] | (2) Má chuireann bean chabhartha ina luighe ar an mBord gur díthíodh a deimhniú mná cabhartha féadfaidh an Bord, ar iarratas na mná cabhartha san, deimhniú nua do thabhairt amach di á dheimhniú í bheith cláruithe sa rolla de mhná cabhartha. | |
| [EN] | (3) Má dhéanann an Bord ainm aon mhná cabhartha áirithe do bhaint den rolla de mhná cabhartha, déanfa sí, fé cheann cheithre lá déag tar éis breith an Bhuird do chur in iúl di, a deimhniú mná cabhartha do chur thar n-ais chun an Bhuird chun a chealuithe, agus, mara ndéana amhlaidh, beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur uirthi. | |
| [EN] | (4) I gcás bean chabhartha d'fháil bháis, déanfaidh an duine a mbeidh a deimhniú mná cabhartha ina choimeád an deimhniú do chur thar n-ais go dtí an Bord fé cheann cheithre lá déag tar éis a báis chun a chealuithe, agus, mara ndéana an duine sin amhlaidh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur air. | |
| [EN] | (5) Beidh sé ina chosaint mhaith i gcúiseamh i gcionta fén alt so má cuirtear ina luighe ar an gcúirt go raibh cúis réasúnach leis an gcosantóir do thabhairt faillighe i ndéanamh do réir an cheanglais lena mbainfidh an cúiseamh. | |
| [EN] |
Fionnraighe o chleachtadh go dtí go dtabharfar breith in imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha. |
32. —(1) I gcás aon imeachta do bhunú chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha, féadfaidh an Bord, ach san do réir rialacha déanfar fén Acht so, an cosantóir d'fhionnraighe o chleachtadh go dtí go dtabharfar breith an Bhuird sna himeachta san. |
| [EN] | (2) Bhéarfaidh an Bord fógra i dtaobh gach fionnraighe o chleachtadh fén alt so do gach údarás maoirseachta áitiúil lena mbainfidh agus don Aire. | |
| [EN] | (3) Má dhéanann an Bord aon imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha do chaitheamh amach agus go ndearna an Bord an cosantóir d'fhionnraighe o chleachtadh fén alt so go dtí go dtabharfadh an Bord a mbreith, féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo é, cúiteamh réasúnach d'íoc leis an gcosantóir in aon chailliúint chleachta do bhain di feadh na fionnraighe. | |
| [EN] | (4) Má chleachtann aon bhean chabhartha contrárdha d'fhionnraighe fén alt so beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur uirthi. | |
| [EN] |
Údarás maoirseachta áitiúil d'fhiosrú gearán. |
33. —Déanfaidh údarás maoirseachta áitiúil fiosrú mar gheall ar gach gearán a déanfar leo i dtaobh bean chabhartha bheidh ag cleachtadh ina gceanntar do shárú rialacha an Bhuird no dá mí-iompar féin ar shlí eile agus más dóich leo, de thoradh an fhiosruithe sin, cúis prima facie do bheith ann i gcoinnibh na mná cabhartha, tuairisceoid don Bhord dá réir sin. |
| [EN] |
Fionnraighe o chleachtadh de thoradh gearán do thuairisciú don Bhord. |
34. —(1) Má déantar tuairisciú fén alt deiridh sin roimhe seo maidir le haon bhean chabhartha, féadfaidh an t-údarás maoirseachta áitiúil lena mbainfidh an bhean chabhartha d'fhionnraighe, do réir rialacha déanfar fén Acht so, go dtí go mbunófar imeachta chun a hainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha no go gcinnfear ar gan imeachta den tsórt san do bhunú. |
| [EN] | (2) Bhéarfar fógra i dtaobh gach fionnraighe o chleachtadh fén alt so don Bhord agus don Aire. | |
| [EN] | (3) Má chríochnuíonn aon imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha i bhfábhar na mná cabhartha agus go ndearnadh an bhean chabhartha d'fhionnraighe o chleachtadh fén alt so roimh na himeachta san do bhunú no má cinneadh, i gcás ina ndearnadh bean chabhartha d'fhionnraighe o chleachtadh fén alt so, ar gan imeachta do bhunú chun a hainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha, féadfaidh an t-údarás maoirseachta áitiúil, más oiriúnach leo é, cúiteamh réasúnach d'íoc leis-an mnaoi chabhartha in aon chailliúint chleachta do bhain di feadh na fionnraighe. | |
| [EN] | (4) Má chleachtann aon bhean chabhartha contrárdha d'fhionnraighe fén alt so, beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur uirthi. | |
| [EN] |
Fionnraighe o chleachtadh chun galrú do chosc an leathadh. |
35. —(1) Déanfaidh údarás maoirseachta áitiúil, ach san do réir rialacha déanfar fén Acht so, aon bhean chabhartha bheidh ag cleachtadh ina gceanntar d'fhionnraighe o chleachtadh pé uair is dóich leo gur gá san do dhéanamh chun galrú do chosc ar leathadh. |
| [EN] | (2) Má dhéanann údarás maoirseachta áitiúil bean chabhartha d'fhionnraighe o chleachtadh fén alt so, féadfaidh an t-údarás maoirseachta áitiúil sin, más oiriúnach leo é, cúiteamh réasúnach ina cailliúint chleachta d'íoc léi. | |
| [EN] | (3) Má chleachtann aon bhean chabhartha contrárdha d'fhionnraighe fén alt so, beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur uirthi. | |
| [EN] |
Fionnraighe o chleachtadh do thoradh imeachta i leith cionta. |
36. —(1) Féadfaidh údarás maoirseachta áitiúil, ach san do réir rialacha déanfar fén Acht so, aon bhean chabhartha bheidh ag cleachtadh ina gceanntar agus a mbeidh imeachta sa Chúirt Dúithche i leith aon chionta fén Acht so bunuithe ina coinnibh d'fhionnraighe o chleachtadh go dtí go dtabharfar an bhreith dheiridh ar na himeachta san. |
| [EN] | (2) Má dhéanann údarás maoirseahta áitiúil bean chabhartha d'fhionnraighe o chleachtadh fén alt so agus go gcríochnóidh na himeachta ar ina dtaobh a fionnruíodh í ina fábhar, féadfaidh an t-údarás maoirseachta áitiúil sin, más oiriúnach leo é, cúiteamh réasúnach ina cailliúint chleachta d'íoc leis an mnaoi chabhartha san. | |
| [EN] | (3) Má chleachtann aon bhean chabhartha contrárdha d'fhionnraighe fén alt so, beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur uirthi. | |
| [EN] |
Údarás maoirseachta áitiúil do dhéanamh maoirseachta generálta. |
37. —Déanfaidh údarás maoirseachta áitiúil, ach san do réir rialacha déanfar fén Acht so, maoirseacht ghenerálta ar na mná cabhartha bheidh ag cleachtadh ina gceanntar. |
| [EN] |
Rialacha i gcóir cúrsaí oiliúna agus scrúduithe do dhaoine bheidh ag iarraidh a gcláruithe sa rolla de mhná cabhartha. |
38. —Féadfaidh an Bord, le rialacha déanfar fén Acht so, socrú do dhéanamh i gcóir na gcúrsaí oiliúna agus na scrúduithe dhéanfaidh daoine bheidh ag iarraidh a gcláruithe sa rolla de mhná cabhartha agus féadfaidh na rialacha san, go sonnrach, socrú do dhéanamh— |
| [EN] | (a) i dtaobh an Bord do choimeád cláir de na hiarrthóirí agus i dtaobh na gcoinníoll ar féna réir a clárófar daoi chlár san, agus | |
| [EN] | (b) chun go gceadóidh an Bord, chun crícheanna na rialacha san, léachtaithe agus múinteoirí agus fós forais ina bhféadfar na cúrsaí oiliúna do dhéanamh, agus | |
| [EN] | (c) i dtaobh na gcoinníoll chun dul isteach ar na scrúduithe, agus | |
| [EN] | (d) i dtaobh deimhnithe do dheonadh do dhaoine dhéanfaidh na cúrsaí oiliúna agus a n-eireoidh leo sna scrúduithe. | |
| [EN] |
Rialacha i gcóir cúrsaí oiliúna agus scrúduithe do mhná cabhartha. |
39. —Féadfaidh an Bord, le rialacha déanfar fén Acht so, socrú do dhéanamh i dtaobh cúrsaí oiliúna agus scrúduithe do mhná cabhartha agus i dtaobh deimhnithe no diplómaí do dheonadh do mhná cabhartha dhéanfaidh na cúrsaí sin agus a n-eireoidh leo sna scrúduithe sin, agus féadfaidh na rialacha san, go sonnrach, socrú do dhéanamh— |
| [EN] | (a) chun go gceadóidh an Bord, chun crícheanna na rialacha san, léachtaithe agus múinteoirí agus fós forais ina bhféadfar na cúrsaí oiliúna do dhéanamh, agus | |
| [EN] | (b) i dtaobh na gcoinníoll chun dul isteach ar na scrúduithe. | |
| [EN] |
Scrúduithe do chur ar siúl, etc. |
40. —(1) Féadfaidh an Bord na scrúduithe a ndéanfar socrú ina dtaobh le rialacha déanfar fén Acht so do chur ar siúl agus féadfaid, leis na rialacha san, modh stiúrtha na scrúduithe sin do rialáil. |
| [EN] | (2) Isé an Bord a cheapfaidh na scrúdóirí (agus ní bheidh éinne aca ina chomhalta den Bhord) i ngach scrúdú cuirfear ar siúl fén alt so, agus beidh ag na scrúdóirí sin pé cáilíochta agus pé taithighe i mbean-chabharthacht a mheasfaidh an Bord is ceart, agus bhéarfar luach saothair dóibh do réir scála cheapfaidh an Bord le ceadú an Aire. | |
| [EN] | (3) Íocfaidh duine bheidh ag dul isteach ar scrúdú cuirfear ar siúl fén alt so an táille orduithe (ná beidh níos mó ná giní) leis an mBord i leith an scrúduithe sin. | |
| [EN] |
Teideal do mhná cabhartha. |
41. —Féadfaidh bean chabhartha an teideal “Bean Chabhartha Stát-Deimhnithe” do chur lena hainm. |
| [EN] |
Srianta maidir leis an teideal “bean chabhartha”. |
42. —(1) Ní dleathach d'éinne nach bean a bheidh cláruithe sa rolla de mhná chabhartha an ainm ná an teideal “bean chabhartha” do ghlacadh ná d'úsáid, pé aca go haonaránach no i dteannta focail no focal ar bith eile é, ná aon ainm, teideal, adú, ná tuairisc do ghlacadh ná d'úsáid do bhéarfadh le tuigsint an duine sin do bheith cláruithe sa chlár de mhná cabhartha no, lasmuich de chás dochtúra leighis chláruithe, do bhéarfadh le tuigsint an duine sin do bheith cáilithe no aitheanta go speisialta do réir dlí mar chleachtóir bean-chabharthachta. |
| [EN] | (2) Duine ar bith a dhéanfaidh éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur air. | |
| [EN] |
Rialú, etc., ar mhná cabhartha do chleachtadh beanchabharthachta. |
43. —Déanfaidh an Bord, le rialacha déanfar fén Acht so, rialáil agus maoirsiú, agus srianadh laistigh de theoranta cuibhe, ar mhná cabhartha do chleachtadh bean-chabharthachta agus ar iompar ban cabhartha. |
| [EN] |
Suaitheantais bhan cabhartha. |
44. —(1) Déanfaidh an Bord socrú, le rialacha déanfar fén Acht so, chun go dtabharfaidh an Bord amach do mhná cabhartha suaitheantais a thaisbeánfaidh gur mná cabhartha na daoine bheidh á gcaitheamh. |
| [EN] | (2) Rialacha déanfar chun crícheanna an ailt seo féadfaid, go sonnrach, socrú do dhéanamh i dtaobh na nithe seo leanas, sé sin le rá:— | |
| [EN] | (a) patrún suaitheantas ban cabhartha; | |
| [EN] | (b) an táille híocfar leis an mBord ar shuaitheantas mná cabhartha do thabhairt amach; agus | |
| [EN] | (c) na cásanna ina bhféadfar suaitheantas nua mná cabhartha do thabhairt amach in ionad suaitheantais mhná cabhartha caillfear no díobhálfar no dítheofar. | |
| [EN] | (3) Aon uair a bheidh rialacha chun crícheanna an ailt seo i bhfeidhm de thurus na huaire, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
| [EN] | (a) ní dleathach d'éinne seachas an bhean chabhartha dá dtabharfar suaitheantas mná cabhartha amach an suaitheantas san do chaitheamh; | |
| [EN] | (b) ní dleathach d'éinne dá dtabharfar suaitheantas mná cabhartha amach an suaitheantas do thabhairt ar iasacht d'éinne eile, ná a cheadú d'éinne eile an suaitheantas do chaitheamh; | |
| [EN] | (c) ní dleathach d'éinne aithris dheallrathach ar shuaitheantas mná cabhartha do chaitheamh; | |
| [EN] | (d) i gcás ainm mná cabhartha ar bith dá dtabharfar suaitheantas mná cabhartha amach do bhaint den rolla de mhná cabhartha, déanfa sí laistigh de cheithre lá déag ón am a cuirfear in iúl di a hainm do bheith bainte den rolla san an suaitheantas do thabhairt suas don Bhord; | |
| [EN] | (e) i gcás ainm mná ar bith a bhéarfaidh suas a suaitheantas mná cabhartha fé mhír (d) den fho-alt so do chur thar n-ais sa rolla de mhná cabhartha, bhéarfaidh an Bord an suaitheantas thar n-ais di; agus | |
| [EN] | (f) i gcás bean chabhartha dá dtabharfar suaitheantas mná cabhartha amach d'fháil bháis, déanfaidh an duine a mbeidh an suaitheantas ina choimeád é thabhairt thar n-ais don Bhord fé cheann cheithre lá déag tar éis an bháis. | |
| [EN] | (4) Má dhéanann duine ar bith éinní (le gníomh no le faillighe) contrárdha d'aon cheann d'fhorálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur air. | |
| [EN] | (5) Beidh sé ina chosaint mhaith i gcúiseamh i gcionta is sárú ar mhír (d) no ar mhír (f) d'fho-alt (3) den alt so má cuirtear ina luighe ar an gcúirt go raibh cúis réasúnach leis an gcosantóir do thabhairt faillighe i ndéanamh do réir an cheanglais lena mbainfidh an cúiseamh. | |
| [EN] |
Fógraí bheidh le tabhairt ag mná cabhartha d'údarás maoirseachta áitiúil. |
45. —(1) I gcás bean chabhartha ar bith do bheith ar intinn tosnú ar chleachtadh i gceanntar aon údaráis mhaoirseachta áitiúil, bhéarfa sí fógra don údarás mhaoirseachta áitiúil sin i dtaobh í bheith ar an intinn sin agus i dtaobh a háite comhnaithe. |
| [EN] | (2) I gcás bean chabhartha ar bith do bhí ag cleachtadh i gceanntar údaráis mhaoirseachta áitiúil i rith bliana ar bith do bheith ar intinn leanúint de chleachtadh sa cheanntar san i rith na bliana ina dhiaidh sin, bhéarfa sí fógra, i rith mí Eanair na bliana san is déanaighe luaidhtear, don údarás mhaoirseachta áitiúil sin i dtaobh í bheith ar an intinn sin. | |
| [EN] | (3) I gcás bean chabhartha ar bith do fhreastal ar aon mhnaoi sheoil i gceanntar údaráis mhaoirseachta áitiúil ná cleachtann sí ann de ghnáth, bhéarfa sí fógra láithreach i dtaobh an fhreastail don údarás mhaoirseachta áitiúil sin no, mara mbeidh ar a cumas an fógra san do thabhairt láithreach, bhéarfa sí é tráth nach déanaighe ná ocht n-uaire is dachad a’ chluig tar éis an fhreastail. | |
| [EN] | (4) I gcás bean chabhartha bheidh ag cleachtadh d'athrú a hainme no a seolta, bhéarfa sí fógra i dtaobh an athruithe sin do gach údarás maoirseachta áitiúil a mbeidh sí ag cleachtadh ina gceanntar. | |
| [EN] | (5) I dteannta na bhfógraí luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, bhéarfaidh bean chabhartha aon fhógraí eile luadhfar i rialacha déanfar fén Acht so don údarás mhaoirseachta áitiúil do gach ceanntar ina mbeidh sí ag cleachtadh. | |
| [EN] | (6) Gach fógra fén alt so is amhlaidh a bhéarfar é do réir rialacha agus sa bhfuirm a luadhfar i rialacha déanfar fén Acht so agus, má theipeann ar mhnaoi chabhartha ar bith aon fhógra den tsórt san do thabhairt mar adubhradh, beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur uirthi. | |
| [EN] |
Congnamh liaghachta i gcás cionntapachta. |
46. —(1) I gcás bean chabhartha do fhreastal ar mhnaoi sheoil agus go dtárlóidh aon chionntapacht dá luadhfar i rialacha déanfar fén Acht so, glaodhfa sí dochtúir leighis cláruithe do chongnamh léi do réir na rialacha san. |
| [EN] | (2) I gcás bean chabhartha do ghlaoch dochtúra leighis chláruithe do chongnamh léi fén alt so tuairisceoidh sí láithreach saghas na cionntapachta agus ainm an dochtúra don údarás mhaoirseachta áitiúil don cheanntar inar fhreastail an dochtúir. | |
| [EN] | (3) I gcás dochtúir leighis cláruithe do fhreastal in aon chionntapacht de bharr bean chabhartha dá ghlaoch fén alt so, féadfaidh an dochtúir saghas na cionntapachta do thuairisciú don údarás mhaoirseachta áitiúil don cheanntar inar fhreastail sé agus air sin íocfaidh an t-údarás maoirseachta áitiúil sin an táille chuibhe leis an dochtúir. | |
| [EN] | (4) I gcás dochtúir leighis cláruithe, do fhreastail in aon chionntapacht de bharr bean chabhartha dá ghlaoch fén alt so, do bheith ina dhochtúir oifigiúil do cheanntar íclainne agus an t-othar do bheith ina duine bheidh i dteideal conganta liaghachta fén Acht um Chongnamh Phuiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , agus do bheith ina comhnaidhe i gceanntar an dochtúra oifigiúil sin, ansan, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) den alt so, ní bheidh aon táille iníoctha fén bhfo-alt san. | |
| [EN] | (5) Má eiríonn aon amhras no aighneas no ceist, chun crícheanna fo-ailt (4) den alt so, i dtaobh duine do bheith ina dhuine bheidh i dteideal conganta liaghachta fén Acht um Chongnamh Phuiblí, 1939 , no gan a bheith bhéarfaidh an t-údarás conganta phuiblí iomchuibhe breith ar an amhras no ar an aighneas no ar an gceist sin, agus ní bheidh dul thar an mbreith sin. | |
| [EN] | (6) I gcás údarás maoirseachta áitiúil d'íoc táille fén alt so ar fhreastal dochtúra leighis chláruithe, déanfaidh an fear céile no duine eile bheidh freagarthach san othar, maran duine atá i dteideal conganta phuiblí fén Acht um Chongnamh Phuiblí, 1939 , an t-othar, méid na táille sin d'íoc leis an údarás maoirseachta áitiúil, agus beidh méid na táille sin, cheal a híoctha, ionbhainte amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla. | |
| [EN] | (7) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, na táillí bheidh le n-íoc fén alt so le dochtúirí leighis cláruithe do shonnrú agus féadfaidh, leis na rialacháin sin, coinníollacha do shonnrú maidir le híoc na dtáillí sin. | |
| [EN] | (8) Ní léireofar éinní i bhfo-alt (1) den alt so ná in aon rialacha déanfar chun crícheanna an fho-ailt sin mar ní choisceann an tAire ar a cheangal ar mhnaoi chabhartha cheanntair íclainne, nuair a bheidh sí ag glaoch dochtúra leighis chláruithe do chongnamh léi fén alt so, dochtúir oifigiúil an cheanntair do ghlaoch, má bhíonn sé ar fáil. | |
| [EN] | (9) San alt so— | |
| [EN] | cialluíonn an abairt “ceanntar íclainne” ceanntar íclainne chun crícheanna an Achta um Chongnamh Phuiblí, 1939 ; | |
| [EN] | cialluíonn an abairt “an táille chuibhe” pé táille (más ann) is cuibhe, sa chás áirithe bheidh i gceist, do réir na rialachán a déanfar fé fho-alt (7) den alt so. | |
| [EN] |
Mná cabhartha do fhreastal cúrsaí teagaisc. |
47. —(1) Féadfaidh an Bord, le rialacha déanfar fén Acht so, a cheangal ar mhná cabhartha freastal o am go ham ar pé cúrsaí teagaisc a cheadóidh an Bord no chuirfid ar fáil no shocróid. |
| [EN] | (2) Forálfar le rialacha chun crícheanna an ailt seo ná ceanglófar ar mhnaoi chabhartha bheidh ar fostú ag údarás áitiúil freastal ar aon chúrsa teagaisc lena mbainfidh na rialacha ach amháin do réir na socruithe dhéanfaidh an t-údarás áitiúil de bhun fo-ailt (3) den alt so. | |
| [EN] | (3) Údarás áitiúil agá mbeidh bean chabhartha ar fostú déanfaid, do réir pé orduithe bhéarfaidh an tAire o am go ham,— | |
| [EN] | (a) cead bheith as láthair do thabhairt don mhnaoi chabhartha chun freastal ar aon chúrsa teagaisc lena mbainfidh rialacha chun crícheanna an ailt seo, agus | |
| [EN] | (b) ionadaidhe don mhnaoi chabhartha d'íoc i rith tréimhse an fhreastail, agus | |
| [EN] | (c) costais taistil i leith an fhreastail (agus liúntas cothuithe i rith tréimhse an fhreastail d'áireamh) d'íoc leis an mnaoi chabhartha do réir na rialachán iomchuibhe fé fho-alt (1) d'alt 19 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ), agus do réir aon údaruithe iomchuibhe fé fho-alt (3) den alt san amhail is dá mba chuid de dhualgais oifigiúla na mná cabhartha an freastal. |