19 1944


Uimhir 19 de 1944.


ACHT AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE (LEASÚ), 1944.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH LEASUITHE GO nÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH AR ACHT AN ARD-SCRÚDÓRA, 1923 . [20ú Samhain, 1944.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht an Árd-Scrúdóra, 1923 (Uimh. 1 de 1923) .

Na hAchta Aoisliúntas do bhaint leis an Árd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

2. —(1) I gcás duine ag fónamh i bhfeadhmannas bunaithe sa Stát-Sheirbhís do cheapadh ina Árd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, beidh an duine sin, má ghlacann de roghain é, i dteideal go gcuirfí i mbaint leis forála na nAcht Aoisliúntas, 1834 go 1942, mar bhí na hAchta san ionchurtha i mbaint leis agus é ag fónamh amhlaidh sa Stát-Sheirbhís, in ionad forál fó-ailt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht, agus is tuigthe chun críoch a mbainte leis amhlaidh a sheirbhís mar Árd-Reachtaire Cuntas agus Ciste do bheith ina seirbhís i bhfeadhmannas bunaithe sa Stát-Sheirbhís agus í bheith ionáirithe i dteanta a sheirbhíse iarbhír i bhfeadhmannas bunaithe sa Stát-Sheirbhís.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc aon phinsin is iníoctha de bhun fó-ailt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht nó aon mholta fá na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1942, a deonfar de bhuaidh fó-ailt (1) den alt so.

(3) Na tagairtí atá san alt so do na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1942, léireofar iad mar thagairtí do na hAchta san arna leasú ag aon achtachán iaraimseartha.

Athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo fó-alt (4) d'alt 2 den Phríomh-Acht.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

4. —(1) Féadfar Acht an Árd-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1944 , do ghairm den Acht so.

(2) Is tuigthe an tAcht so do theacht i ngníomh an lú lá d'Abrán, 1944, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.