An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Éilithe Iompair.) Ar Aghaidh (Caibidil III. Éilithe Iarnróid Chuideachtana Iarnróid seachas an Chuideachta.)

21 1944

AN tACHT IOMPAIR, 1944

Caibidil II.

Éilithe Iarnróid agus Coinníollacha Iompair d'Iarnród a Bhainfeas leis an gCuideachtain.

Buanú ar an aicmíocht iarnróid marsantais do bhain leis an gcuideachtain iarnróid scurtha agus ar éilithe iarnróid uasta na cuideachtan iarnróid scurtha.

70. —(1) Fá réir na Caibidle seo—

(a) bainfidh an aicmíocht mharsantais, amhail mar cinneadh ag an mbinse iarnróid fá Chuid III d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924) , leis an gCuideachtain fé mar bhain sí leis an gcuideachtain iarnróid scurtha;

(b) na héilithe atá leagtha amach i Sceideal Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt d'Éilithe Caighdeánacha (R. & O. R., Uimh. 5 de 1930), arna mhodhnú le Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 56 de 1930 agus Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 319 de 1937, agus iad, i gcás marsantais so-loite a hiompraítear fá choinníollacha fionntair an únaera, fá réir na laghduithe atá le déanamh ar éilithe caighdeánacha mar do cinneadh le Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 14 de 1930 , arna mhodhnú le Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 1 de 1932 , bainfid leis an gCuideachtain fé mar bhaineadar leis an gcuideachtain iarnróid scurtha;

(c) na héilithe luaitear i mír (b) den alt so, is iad na héilithe uasta iad a bheas an Chuideachta i dteideal a éileamh as na seirbhísí uile a bhfuil na táillí sin socair ina dtaobh.

(2) Scuirfidh fó-alt (1) den alt so de bheith i bhfeidhm amhail ar an dáta agus ón dáta ar a dtiocfaidh an sceideal athscrúdaithe d'éilithe iarnróid uasta na Cuideachtan i ngníomh.

Aicmíocht iarnróid athscrúdaithe marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain.

71. —(1) Féadfaidh an Chuideachta agus, má cheanglann an tAire orthu é, déanfaid, fá cheann pé tréimhse cheapfaidh an tAire, tairgsin do chur fá bhráid an Aire chun aicmíocht mharsantais d'athscrúdú d'fhonn go gcuirfí i mbaint leis an marsantas san rátaí d'éilithe bheas le héileamh ag an gCuideachtain maidir lena ngnóthas iarnróid, agus air sin beidh éifeacht ag na forála so leanas—

(a) foillseoidh an Chuideachta an tairgsin sin i pé slí ordóidh an tAire;

(b) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an tairgsin sin do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh chun a dtuarascáil agus a gcomhairle d'fháil ina taobh;

(c) taréis don Aire breithniú do dhéanamh ar an tairgsin sin, ar aon chúis a phéifidh daoine go leas acu sa scéal leis, agus ar thuarascáil agus comhairle an Choiste Chomhairlithigh i gcás an tairgsin sin do chur fá bhráid an Choiste sin, cinnfidh sé cadé an aicmíocht mharsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain chun na críche sin.

(2) Ní thiocfaidh an aicmíocht athscrúdaithe mharsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain i ngníomh go dtí go dtiocfaidh an sceideal athscrúdaithe d'éilithe iarnróid uasta na Cuideachtan i ngníomh.

Sceidil athscrúdaithe d'éilithe iarnróid uasta na Cuideachtan.

72. —(1) Aon tráth taréis an aicmíocht iarnróid athscrúdaithe marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain do bheith socair ag an Aire, féadfaidh an Chuideachta agus, má cheanglann an tAire orthu é, déanfaid, fá cheann pé tréimhse cheapfaidh an tAire, sceidil athscrúdaithe do chur fá bhráid an Aire, agus iad curtha le chéile i pé slí ordóidh an tAire, de na héilithe uasta bheas beartaithe a éileamh do réir na haicmíochta san agus taspánfaid sna sceidil sin na rátaí ar mharsantas d'iompar d'iarnród, méid na n-éilithe cinn scríbe agus na táillí ar phaisnéirí agus a mbagáiste d'iompar d'iarnród, agus air sin beidh éifeacht ag na forála so leanas—

(a) foillseoidh an Chuideachta na sceidil sin i pé slí ordóidh an tAire;

(b) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, na sceidil sin do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh chun a dtuarascáil agus a gcomhairle d'fháil ina dtaobh;

(c) taréis don Aire breithniú do dhéanamh ar na sceidil sin, ar aon chúis a phléifidh daoine go leas acu sa scéal leis, agus ar thuarascáil agus comhairle an Choiste Chomhairlithigh i gcás na sceidil sin do chur fá bhráid an Choiste sin, déanfaidh sé na sceidil sin do shocrú agus an dáta ar a dtiocfaid i bhfeidhm do cheapadh.

(2) Nuair a bheas an tAire ag socrú na sceideal d'éilithe fán alt so cinnfidh sé cad iad na laghduithe déanfar ar na héilithe uasta i gcás an Chuideachta d'iompar marsantais so-loite fá chonníollacha fionntair an únaera, agus taspánfar nó luafar na laghduithe sin sna sceidil i pé slí ordóidh an tAire.

(3) Amhail ar an dáta agus ón dáta ar a dtiocfaidh na sceidil athscrúdaithe d'éilithe iarnróid uasta i ngníomh, is iad na héilithe bheas iontu na héilithe uasta bheas an Chuideachta i dteideal d'éileamh as na seirbhísí uile a mbeidh na héilithe sin socair ina dtaobh, ach san fá réir aon athruithe dhéanfaidh an tAire fán gCaibidil seo.

Athrú do dhéanamh ar an aicmíocht iarnróid marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain.

73. —(1) I gcás an Chuideachta nó éinne go leas aige sa scéal do dhéanamh iarratais chun an Aire, sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe ann, ag lorg orduithe ag athrú na haicmíochta iarnróid marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain de thuras na huaire, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fá réir forál an tSeachtú Sceidil a ghabhas leis an Acht so, pé athruithe is oiriúnach leis do dhéanamh le hordú ar an aicmíocht san.

(2) San alt so folaíonn an focal “athrú”, maidir leis an aicmíocht iarnróid marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain de thuras na huaire, athrú ar aicmíocht aon earra agus aicmiú ar aon earra ná beidh aicmithe de thuras na huaire, agus léireofar an focal “athruithe” dá réir sin.

Éilithe iarnróid uasta na cuideachtan d'athrú.

74. —I gcás an Chuideachta nó éinne go leas aige sa scéal do dhéanamh iarratais chun an Aire, sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe ann, ag long orduithe ag athrú na n-éilithe iarnróid uasta bheas á n-éileamh ag an gCuideachtain de thuras na huaire nó aon choda acu nó aon choinníollacha bhainfeas leis an gcéanna, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fá réir forál an tSeachtú Sceidil a ghabhas leis an Acht so, pé athruithe is oiriúnach leis do dhéanamh le hordú ar na héilithe sin agus ar na coinníollacha bhainfeas leo, agus an dáta do cheapadh ar a dtiocfaidh na héilithe nó na coinníollacha athraithe i ngníomh.

Poirt do chosaint.

75. —(1) Gach téarma agus coinníoll agus foráil, d'aon achtachán nó d'aon chomhaontú a daingníodh le haon achtachán nó a ghabhas leis mar sceideal, a bheas, díreach roimh dháta an bhunuithe, i bhfeidhm agus ina gceangal ar an gcuideachtain iarnróid scurtha, agus a dhéanas difir do sheoladh tráchta nó do rinneadh chun aon chríche eile, leanfaid i lán-fheidhm agus i lánéifeacht, ach ní léireofar aon achtachán ná comhaontú den tsórt san mar ní a dhéanfas difir d'aon chuid ná a shroicfeas aon chuid d'iarnród na cuideachtan scurtha ná trácht ar an gcuid sin mura raibh an céanna fá réir nó fá réim an achtacháin nó an chomhaontuithe sin díreach roimh dháta an bhunuithe.

(2) Ní dhéanfaidh an Chuideachta, trí rátaí nó táillí (tré-thurais nó áitiúil) d'éileamh ná trí shaoráidí do chur ar fáil ná ar aon tslí eile, leath-chuma ar aon phort áirithe sa Stát i gcompráid le haon phort eile sa Stát a mbíonn nó a mbeidh aon trácht á iompar chuige nó uaidh nó tríd.

(3) Déanfaidh an Chuideachta, má iarrann éinne go leas aige sa scéal orthu é, gach dícheall cuibhe ar chóras réasúnach do sholáthar trína gcuirfear ar fáil ticéidí tré-thurais, maille le rátaí agus táillí agus saoráidí tré-thurais, ar gach cúrsa réasúnach.

(4) Ní thabharfaidh an Chuideachta do thrádálaithe ag aon phort nó bheas ag úsáid aon phoirt sa Stát aon lascaine, coimisiún, ná liúntas gníomhaireachta nó eile ná beidh á dtabhairt ag an gCuideachtain i gcáis den tsamhail chéanna do thrádálaithe ag aon phort eile nó bheas ag úsáid aon phoirt eile sa Stát, agus folóidh an focal “trádálaithe” aon chuideachta chorpraithe iarnróid nó loingis.

(5) Má éiríonn aon chonspóid aon uair fá fhorála an ailt seo nó i dtaobh éinní nó aon ruda fán alt so, nó i dtaobh an Chuideachta do bheith ag comhlíonadh a n-oblagáidí fán alt so nó ag déanamh gach ní, réasúnach agus riachtanach, chuige sin nó gan a bheith, cuirfear an chonspóid fá bhráid na hÁrd-Chúirte agus bhéarfaidh sise breith uirthi.

Téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha iompair d'iarnród don Chuideachtain.

76. —Na téarmaí agus na coinníollacha iompair marsantais d'iarnród mar do shocraigh an binse iarnróid iad fá Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924) (téarmaí agus coinníollacha atá i Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 13 de 1930 ), is iad is téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha iompair d'iarnród don Chuideachtain, fá réir aon athruithe nó aduithe dhéanfaidh an tAire fán gCuid seo, agus is tuigthe iad do bheith réasúnach.

Na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha iompair d'iarnród don Chuideachtain d'athrú.

77. —I gcás an Chuideachta nó éinne go leas aige sa scéal do dhéanamh iarratais chun an Aire, sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe ann, ag lorg orduithe ag déanamh athruithe nó aduithe ar na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha iompair d'iarnród don Chuideachtain, féadfaidh an tAire le hordú, más oiriúnach leis é agus fá réir forál an tSeachtú Sceidil a ghabhas leis an Acht so, pé athruithe nó aduithe do dhéanamh ar na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha san a mheasfaidh do bheith cóir agus réasúnach agus an dáta do cheapadh ar amhail uaidh a thiocfaidh na hathruithe nó na haduithe i ngníomh agus is tuigthe na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha san, gus na hathruithe nó na haduithe sin, do bheith réasúnach.

Na coinníollacha ar a n-iompróidh an Chuideachta marsantas d'iarnród.

78. —(1) Fá réir an ailt seo, is coinníollacha fionntair chuideachtan na téarmaí agus na coinníollacha ar orthu agus fána réir a iompróidh an Chuideachta marsantas ach amháin i gcás connartha speisialta, agus bainfidh na coinníollacha san, gan aon chonnradh speisialta i scríbhinn, le marsantas d'iompar ar ghnáth-rátaí.

(2) In aon chás ina mbeidh ráta fionntair únaera i bhfeidhm agus ina n-iarrfar ar an gCuideachtain i scríbhinn earraí d'iompar ar an ráta san, is coinníollacha fionntair únaera na téarmaí agus na coinníollacha ar orthu agus fána réir a hiomprófar na hearraí sin.

(3) Is iad téarmaí agus coinníollacha ar orthu agus fána réir a dhéanfaidh an Chuideachta earraí so-loite ná beidh cosanta i gceart le pacáil d'iompar d'iarnród (má glactar iad chun iad d'iompar) ná na coinníollacha bheas leagtha amach sna téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha iompair d'iarnród don Chuideachtain, ach ní bheidh d'oblagáid ar an gCuideachtain earraí so-loite d'iompar ná beidh cosanta i gceart le pacáil.

(4) Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so an Chuideachta do chosc ar aontú i scríbhinn, fá réir forál na Railway and Canal Traffic Acts, 1854 and 1888, le haon téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leo chun marsantas nó beo-dhíle d'iompar nó earraí soloite ná beidh cosanta i gceart le pacáil nó earraí contúrthacha.

Rátaí fionntair an únaera ar bheo-dhíle.

79. —Ní bheidh d'oblagáid ar an gCuideachtain beo-dhíle d'iompar ar rátaí fionntair an únaera i gcáis ná déanfadh an chuideachta iarnróid scurtha beo-dhíle d'iompar ar rátaí laghdaithe fá choinníollacha fionntair an únaera díreach roimh dháta an bhunuithe.

Eilithe íosta.

80. —(1) Beidh an Chuideachta i dteideal táille d'éileamh ar mharsantas d'iompar amhail ar feadh faide íosta de pé méid míle a chinnfidh an tAire le hordú, nó pé suim íosta chinnfidh an tAire le hordú, ach ní cead na faideanna íosta d'athrú do réir mar a héileofar éilithe cinn scríbe stáisiúin nó ná héileofar.

(2) Aon chinneadh do rinne an binse iarnróid fá alt 45 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 ( Uimh. 29 de 1924 ), leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige fé is dá mb'ordú ón Aire fán alt so é.

Eilithe i gcás faideanna speisialta.

81. —I gcás aon fhoráil réachtúil, maidir le héilithe as an gcuideachtain iarnróid scurtha d'iompar nó i dtaobh iad d'iompar marsantais nó paisnéirí, a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an bhunuithe dá údarú go ndéanfaí, chun faid slí do dhéanamh amach, méid áirithe de mhílte d'áireamh alos aon choda áirithe d'iarnród na cuideachtan iarnróid scurtha, leanfaidh an fhoráil reachtúil sin i bhfeidhm agus déanfar na tagairtí atá inti don chuideachtain iarnróid scurtha do léiriú, ar dháta an bhunuithe agus dá éis, mar thagairtí don Chuideachtain.

Earraí contúrthacha.

82. —(1) Ní chuirfidh éinní atá san Acht so d'oblagáid ar an gCuideachtain earraí contúrthacha do ghlacadh chun iad d'iompar d'iarnród, ná ní dhéanfaidh dochar do chumhachta aon Aire Stáit fán Explosives Act, 1875, ná ní bhainfidh uathu, ná ní dhéanfaidh difir do bhailíocht ná d'oibriú aon orduithe, rialach nó fó-dhlí arna dhéanamh fá na cumhachta atá san Acht san.

(2) Má dhéanann an Chuideachta earraí contúrthacha do ghlacadh chun iad d'iompar d'iarnród, iomprófar na hearraí fá réir pé fó-dhlithe, rialachán agus coinníollacha is oiriúnach leis an gCuideachtain i dtaobh iad d'iompar nó do stóráil, agus déanfaidh únaer nó consíneoir na n-earraí sin an Chuideachta do shlánú in aghaidh agus i gcoinne gach cailliúna nó damáiste a bhainfeas don Chuideachtain nó ina mbeidh an Chuideachta nó ina dtiocfaid chun bheith freagarthach toisc gan na fó-dhlithe, na rialacháin, agus na coinníollacha san do chomhlíonadh maidir leis na hearraí sin agus íocfaidh sé lán-chúiteamh i ngach díobháil do sheirbhísigh na Cuideachtan agus i ngach damáiste do mhaoin na Cuideachtan a thiocfas de sin mura gcruthaítear gurbh é mí-iompar toiliúil seirbhíseach na Cuideachtan fá ndear an díobháil nó an damáiste, ach, fá réir mar adúradh, beidh feidhm ag na forála den Chaibidil seo bhaineas le gnáth-rátaí agus le rátaí fionntair an únaera.

(3) Aon cheist éireos fán alt so i dtaobh aon earraí áirithe do bheith ina n-earraí contúrthacha, féadfar í chur fá bhráid an Aire.

(4) I gcás an chuideachta iarnróid scurtha nó an Chuideachta dá dhearbhú aon earra áirithe do bheith contúrthach is ar an duine a bheas á iarraidh go n-iomprófaí an earra bheas a chruthú ná fuil sé contúrthach.

(5) Aon fhó-dhlithe do rinne an chuideachta iarnróid scurtha chun críoch fó-ailt (2) d'alt 47 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 ( Uimh. 29 de 1924 ), leanfaid i bhfeidhm agus beidh éifeacht acu fé is dá mb'í an Chuideachta a dhéanfadh fá fhó-alt (2) den alt so iad.

Forála ilghnéitheacha i dtaobh rátaí.

83. —Beidh feidhm ag na forála atá san Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht so maidir leis an gCuideachtain.

Conspóidí agus easaontais do chinneadh a éireos idir an Chuideachta agus trádálaithe fán Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht so.

84. —(1) I gcás conspóid nó easaontas d'éirí idir an Chuideachta agus trádálaí agus é bheith ina chonspóid nó ina easaontas a bheas le cur nó is féidir a chur fá bhráid an Aire nó bheas le cinneadh ag an Aire fán Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht so, féadfaidh an Chuideachta nó an trádála a iarraidh ar an Aire an ní do chinneadh, agus air sin beidh éifeacht ag na forála so leanas—

(a) bhéarfaidh an t-iarratasóir don pháirtí eile pé fógra a hordófar i dtaobh an iarratais;

(b) déanfaidh an tAire, taréis dó an t-iarratas agus aon chúis a phléifidh an Chuideachta agus an trádálaí leis do bhreithniú, an chonspóid nó an t-easaontas do chinneadh, agus ní bheidh dul thar an gcinneadh sin.

(2) Ní foláir gach iarratas fán alt so do bheith sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe do bheith ann.

Feadhma breise ag an Aire.

85. —(1) Féadfaidh an Chuideachta nó éinne go leas aige sa scéal a iarraidh ar an Aire tráth ar bith éinní de na nithe seo leanas do chinneadh, sé sin le rá:—

(a) éinní a bhfuil cumhacht ag an Aire chun é chinneadh fá alt 80 (a bhaineas le héilithe íosta) den Acht so;

(b) aon cheist éireos fá alt 82 (a bhaineas le hearraí contúrthacha) den Acht so i dtaobh aon earraí áirithe do bheith ina n-earraí contúrthacha;

(c) aon cheist i dtaobh na haicme ina a n-aicmeofar aon earra áirithe san aicmíocht iarnróid marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain;

(d) an méid a lomhálfar alos aon tseirbhísí cinn scríbe ná déanfar i stáisiún, nó alos áise agus seirbhísí a bhainfeas le taobhlach príobháideach agus ná déanfar ná ná soláthrófar ag an taobhlach san;

(e) réasúnacht nó neamh-réasúnacht aon éilimh a éileoidh an Chuideachta alos aon tseirbhísí nó áise ná bainfidh aon éileamh údaraithe leo;

(f) réasúnacht nó neamh-réasúnacht aon choinníollacha cheapfaidh an Chuideachta i dtaobh pacáil earraí is rífhuiriste a dhamáistiú le linn a n-iompair nó ar baol go ndéanfaidís marsantas eile do dhamáistiú;

(g) na hearraí agus na rudaí is ceadaithe d'iompar d'iarnród mar bhagáiste paisnéirí;

(h) aon cheist a bheas, fá mhír 9 den Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht so, le cinneadh ag an Aire.

(2) I gcás iarratas do dhéanamh chun an Aire chun éinní dá luaitear i bhfó-alt (1) den alt so do chinneadh, beidh éifeacht ag na forála so leanas—

(a) déanfaidh an t-iarratasóir, má cheanglann an tAire air é, fógra i dtaobh an iarratais d'fhoillsiú i pé slí ordóidh an tAire;

(b) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-iarratas do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh chun a dtuarascáil agus a gcomhairle d'fháil ina thaobh;

(c) taréis don Aire breithniú do dhéanamh ar an iarratas, ar aon chúis a phléifidh daoine go leas acu sa scéal leis, agus ar thuarascáil agus comhairle an Choiste Chomhairlithigh i gcás an t-iarratas do chur fá bhráid an Choiste sin, bhéarfaidh sé breith ar an scéal agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

(3) Ní foláir gach iarratas fán alt so do bheith sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe do bheith ann.

Forála maidir le ceisteanna nó conspóidí nó easaontais áirithe cuirfear fá bhráid an Aire.

86. —(1) Féadfaidh an tAire, d'fhonn aon cheist nó conspóid nó easaontas lena mbaineann an t-alt so do chinneadh, duine do cheapadh chun an cheist nó an chonspóid nó an t-easaontas san d'éisteacht ach ní chun é chinneadh.

(2) An duine ceapfar fán alt so chun aon cheist nó conspóid nó easaontas d'éisteacht féadfaidh, trí fhógra i scríbhinn, fínnithe do ghairm agus a cheangal go ndéanfaí leabhair agus scríbhní do thabhairt ar áird, agus éinne a gairmfear amhlaidh agus a mhainneos teacht i láthair nó dhiúltós d'fhianaise do thabhairt os comhair an duine nó na ndaoine ceapfar amhlaidh, agus éinne a mhainneos nó a dhiúltós aon leabhar nó scríbhinn eile do thabhairt ar áird a ceanglófar amhlaidh air a thabhairt ar áird, beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur air.

(3) An duine ceapfar fán alt so chun aon cheist nó conspóid nó easaontas d'éisteacht beidh de chumhacht aige fianaise do ghlacadh fá mhionn agus chuige sin féadfaidh an duine sin daoine thiocfas i láthair mar fhínnithe ag an éisteacht san do chur fá mhionn.

(4) Baineann an t-alt so—

(a) le haon cheist éireos fá alt 82 den Acht so i dtaobh aon earraí áirithe do bheith ina n-earraí contúrthacha nó gan a bheith,

(b) le haon chonspóid idir an Chuideachta agus trádálaí éireos fá mhíreanna 3 nó 6 den Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht so,

(c) le haon easaontas idir an Chuideachta agus trádálaí éireos fá mhíreanna 4, 5, nó 10 den Ochtú Sceideal san.

Achta áirithe do leasú sa mhéid go mbainid leis an gCuideachtain.

87. —(1) Na hAchta luaitear sa Naoú Sceideal a ghabhas leis an Acht so, beidh éifeacht acu, maidir leis an gCuideachtain agus sa mhéid go mbainfid lena ngnóthas iarnróid, fá réir na leasuithe a luaitear sa tríú colún den Sceideal san.

(2) I gcás aon Achta speisialta atá ann fá láthair agus a bhaineas leis an gcuideachtain iarnróid scurtha is Acht ná corpraíonn alt d'aon cheann d'Achta na gClás Iarnród a leasaítear nó a hathghairmtear leis an Naoú Sceideal a ghabhas leis an Acht so ach go bhfuil ann forála atá ar comhréir leis an alt san, déanfar a leithéid chéanna de leasú nó d'athghairm ar an bhforáil chomhréire sin a déantar leis an Naoú Sceideal san ar an alt d'Acht na gClás Iarnród.