|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV. Éilithe ar Sheirbhísí Trambhealaigh a bheas á nOibriú ag an gCuideachtain.) | Ar Aghaidh (Caibidil VI. Éilithe Canálach.) |
AN tACHT IOMPAIR, 1944
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil V. Éilithe ar Mharsantas d'Iompar de Bhóthar, a bhainfeas leis an gCuideachtain agus le hIompróirí Reachtúla áirithe eile. | |
[EN] |
Éilithe uasta ar mharsantas d'iompar de bhóthar. |
92. —(1) Féadfaidh aon iompróir reachtúil agus, má cheanglann an tAire air é, déanfaidh, fá cheann pé tréimhse a cheapfaidh an tAire, sceideal a cuirfear le chéile i pé slí ordóidh an tAire do chur fá bhráid an Aire de na héilithe uasta a bheas beartaithe ag an iompróir sin d'éileamh ar earraí d'iompar de bhóthar i bhfeithiclí inneall-ghluaiste nó i bhfeithielí arna dtarraing ag feithiclí inneall-ghluaiste. |
[EN] | (2) I gcás iompróir reachtúil do chur sceidil d'éilithe uasta ar mharsantas d'iompar de bhóthar fá bhráid an Aire, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá— | |
[EN] | (a) foillseoidh an t-iompróir an sceideal san i pé slí ordóidh an tAire; | |
[EN] | (b) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an sceideal san do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh chun a dtuarascáil agus a gcomhairle d'fháil ina thaobh; | |
[EN] | (c) taréis don Aire breithniú do dhéanamh ar an sceideal san, ar aon chúis a phléifidh daoine go leas acu sa scéal leis, agus ar thuarascáil agus comhairle an Choiste Chomhairlithigh i gcás an sceideal san do chur fá bhráid an Choiste sin, socróidh sé an sceideal san agus ceapfaidh an dáta ar a dtiocfaidh sé i ngníomh. | |
[EN] | (3) Sa Chuid seo, déanfar tagairtí don sceideal d'éilithe bóthair uasta iompróra reachtúil do léiriú mar thagairtí do sceideal de na héilithe bóthair don iompróir sin arna shocrú ag an Aire fán alt so. | |
[EN] | (4) I gcás sceideal d'éilithe bóthair uasta iompróra reachtúil do bheith i bhfeidhm is iad na héilithe bheas sa sceideal san na héilithe uasta a bheas an t-iompróir sin i dteideal d'éileamh ar na seirbhísí uile ar ina dtaobh a bheas na héilithe sin ceaptha, ach san fá réir aon athruithe dhéanfaidh an tAire orthu fán gCaibidil seo. | |
[EN] |
Éilithe bóthair uasta iompróra reachtúil d'athrú. |
93. —I gcás sceideal d'éilithe bóthair uasta iompróra reachtúil do bheith i bhfeidhm agus an t-iompróir sin nó éinne go leas aige sa scéal do dhéanamh iarratais chun an Aire, sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe ann, ag lorg orduithe ag athrú na n-éilithe sin nó aon choda acu nó aon choinníollacha bhainfeas leo, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fá réir forál an tSeachtú Sceidil a ghabhas leis an Acht so, pé athruithe is oiriúnach leis do dhéanamh, le hordú, ar na héilithe sin nó ar na coinníollacha bhainfeas leo agus an dáta do cheapadh ar a dtiocfaidh na héilithe nó na coinníollacha athraithe i ngníomh. |