An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. An Binse Iarnróid do Dhíochur agus Dlínsí áirithe leo d'Aistriú chun na hárd-Chúirte.) Ar Aghaidh (CUID VII. An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933, do Leasú.)

21 1944

AN tACHT IOMPAIR, 1944

CUID VI.

Línte Iarnróid do Thréigean.

Líne iarnróid do thréigean.

110. —(1) I gcás ordú do bheith déanta ag an Aire fá alt 9 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 ( Uimh. 9 de 1933 ), á údarú do chuideachtain iarnróid deireadh ar fad do chur le seirbhís de thraenacha arna rith ar aon líne iarnróid áirithe leis an gcuideachtain sin nó arna hoibriú acu, féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú tréigin san alt so) a déanfar ar iarratas na cuideachtan san a údarú don chuideachtain sin an líne iarnróid sin do thréigean.

(2) Luafar i ngach ordú tréigin an dáta ar a dtiocfaidh sé i bhfeidhm agus ní cead an dáta a luafar amhlaidh do bheith níos luaithe ná ocht lá fichead taréis dáta déanta an orduithe.

(3) I gcás ordú tréigin do bheith déanta i dtaobh aon líne iarnróid áirithe, déanfaidh an chuideachta iarnróid ar leo an líne iarnróid sin nó bhí á hoibriú cóip den ordú d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus i pé nuachtáin eile ordóidh an tAire agus cóip den ordú do sheirbheáil ar gach údarás áitiúil a mbeidh an líne iarnróid laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin.

(4) I gcás ordú tréigin do bheith déanta i dtaobh aon líne iarnróid áirithe is le cuideachtain iarnróid nó bhí á hoibriú acu, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás an líne iarnróid do thabhairt thar bóthar poiblí le droichead a raibh de dhliteanas ar an gcuideachtain iarnróid díreach roimh an dáta (dá ngairmtear an feidhm-dháta sa bhfó-alt so) ar a dtiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm é chothabháil—

(i) ceapfaidh an tAire dáta (dá ngairmtear an dáta ceaptha sa mhír seo) chun críoch na míre seo,

(ii) féadfaidh an chuideachta iarnróid agus an t-údarás áitiúil ar a mbeidh de chúram, fá alt 24 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , an bóthar poiblí do chothabháil comhaontú do dhéanamh roimh an dáta ceaptha chun an droichead do dhíochur nó chun deighleáil leis ar shlí eile (lena n-áirítear, más gá, an bóthar poiblí do chur sa riocht, nó i riocht a bheas comh-áisiúil leis an riocht, ina raibh sé sarar bhain déantóirí na líne iarnróid leis nó d'eile an bóthar poiblí do chlaonadh) ar pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis na páirtithe sa chomhaontú, agus, sa chás san, scuirfidh dliteanas na cuideachtan iarnróid (ach amháin pé dliteanas (más ann) a forchuirfear leis an gcomhaontú), chun an droichead do chothabháil), ar an gcomhaontú do chomhlánú,

(iii) mura ndéantar aon chomhaontú den tsórt san do chomhlánú amhlaidh ach go ndíochuirfidh an chuideachta iarnróid barr-dhéanmhas an droichid roimh an dáta ceaptha, ansan—

(I) scuirfidh dliteanas na cuideachtan iarnróid, chun an droichead do chothabháil, amhail ar dháta an díochuir agus dá éis, agus

(II) dlífidh an t-údarás áitiúil, amhail ar dháta an díochuir agus dá éis, pé méid den droichead do chothabháil a fhanfas taréis an barrdhéanmhas do dhíochur, agus

(III) íocfaidh an chuideachta iarnróid leis an údarás áitiúil cúiteamh in aon chaiteachas a bheas ar an údarás áitiúil de bhíthin an dliteanais a forchuirfear orthu amhlaidh,

(iv) mura ndéantar aon chomhaontú den tsórt san do chomhlánú amhlaidh nó barr-dhéanmhas an droichid do dhíochur amhlaidh, ansan—

(I) scuirfidh dliteanas na cuideachtan iarnróid, chun an droichead do chothabháil, ar an dáta ceaptha, agus

(II) dlífidh an t-údarás áitiúil, amhail ar an dáta ceaptha agus dá éis, an droichead do chothabáil, agus

(III) íocfaidh an chuideachta iarnróid leis an údarás áitiúil cúiteamh in aon chaiteachas a bheas ar an údarás áitiúil de bhíthin an dliteanais a forchuirfear orthu amhlaidh;

(b) i gcás bóthar poiblí do thabhairt thar an líne iarnróid le droichead a mbeidh de dhliteanas ar an gcuideach tain iarnróid díreach roimh an bhfeidhm-dháta é chothabháil—

(i) ceapfaidh an tAire dáta (dá ngairmtear an dáta ceaptha sa mhír seo) chun críoch na míre seo,

(ii) féadfaidh an chuideachta iarnróid agus an t-údarás áitiúil ar a mbeidh de chúram, fán alt san 24 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925, adúradh, an bóthar poiblí do chothabháil comhaontú do dhéanamh roimh an dáta ceaptha chun an droichead do dhíochur nó chun deighleáil leis ar shlí eile (lena n-áirítear, más gá, an bóthar poiblí do chur sa riocht, nó i riocht a bheas comháisiúil leis an riocht, ina raibh sé sarar bhain déantóirí na líne iarnróid leis nó d'eile an bóthar poiblí do chlaonadh) ar pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis na páirtithe sa chomhaontú, agus, sa chás san, scuirfidh dliteanas na cuideachtan iarnróid (ach amháin pé dliteanas (más ann) a forchuirfear leis an gcomhaontú), chun an droichead do chothabháil, ar an gcomhaontú do chomhlánú,

(iii) mura ndéantar aon chomhaontú den tsórt san do chomhlánú amhlaidh, ansan—

(I) scuirfidh dliteanas na cuideachtan iarnróid, chun an droichead do chothabháil, ar an dáta ceaptha, agus

(II) dlífidh an t-údarás áitiúil, amhail ar an dáta ceaptha agus dá éis, an droichead do chothabháil, agus

(III) íocfaidh an chuideachta iarnróid leis an údarás áitiúil cúiteamh in aon chaiteachas a bheas ar an údarás áitiúil de bhíthin an dliteanais a forchuirfear orthu amhlaidh;

(c) má thrasnaíonn an líne iarnróid aon bhóthar poiblí ar an gcomhréidh, déanfaidh an chuideachta iarnróid, tráth nach déanaí ná pé dáta cheapfaidh an tAire, na ráillí do thógaint chun siúil agus gach ní eile is gá do dhéanamh chun an chuid sin den bhóthar phoiblí sin a dtrasnaíodh an líne iarnróid í do dhéanamh oiriúnach agus sábhálta chun an phoiblíocht dá húsáid, agus air sin scuirfidh dliteanas na cuideachtan iarnróid chun an chuid sin do choimeád i dtreo;

(d) an dliteanas a forchuirtear ar an gcuideachtain iarnróid le halt 68 den Railways Clauses Act, 1845, chun aon oibreacha do chothabháil (seachas droichid thar an líne iarnróid nó fúithi) den chineál a luaitear san alt san 68 do rinneadh, de bhun an ailt sin, chun áise únaerí agus sealbhairí tailimh atá ag síneadh leis an líne iarnróid, scuirfidh sé amhail ón bhfeidhmdháta, ach íocfaidh an chuideachta iarnróid le haon únaer nó sealbhaire tailimh atá ag síneadh leis an líne iarnróid ar chun áise dhó do rinneadh aon oibreacha den tsórt san de bhun an ailt sin 68 agus a dhlífidh an chuideachta iarnróid díreach roimh an bhfeidhm-dháta a chothabháil cúiteamh i ngach díobháil nó damáiste (más ann) a bhainfeas dó de bhíthin dliteanas na cuideachtan iarnróid, chun na hoibreacha san do chothabháil, do scur;

(e) i gcás aon droichead (is droichead a dhlífidh an chuideachta iarnróid díreach roimh an bhfeidhm-dháta a chothabháil) do dhéanamh, de bhun ailt 68 den Railways Clauses Act, 1845, adúradh, thar an líne iarnróid nó fúithi chun áise únaerí agus sealbhairí tailimh atá ag síneadh leis an líne iarnróid—

(i) má dhéanann an chuideachta iarnróid, roimh pé dáta cheapfaidh an tAire chuige, na hoibreacha so leanas, eadhon, crosaire ar an gcomhréidh thar láithreán an iarnróid tréigthe do chur in ionad an droichid sin agus an crosaire sin do dhéanamh oiriúnach agus sábhálta chun é d'úsáid, ansan, amhail ó am na n-oibreacha san do chríochnú, scuirfidh dliteanas na cuideachtan iarnróid agus ní bheidh aon oblagáid orthu chun an crosaire sin do choimeád i dtreo,

(ii) mura ndéana an chuideachta iarnróid na hoibreacha san roimh an dáta san—

(I) scuirfidh an chuideachta iarnróid, amhail ar an dáta san agus dá éis, de bheith fá dhliteanas chun an droichead san do chothabháil,

(II) íocfaidh an chuideachta iarnróid le haon únaer nó sealbhaire tailimh atá ag síneadh leis an líne iarnróid ar chun áise dhó do rinneadh an droichead san cúiteamh i ngach diobháil nó damáiste (más ann) a bhainfeas dó de bhíthin dliteanas na cuideachtan iarnróid, chun an droichead san do chothabháil, do scur,

(iii) má bhíonn ceart slí infheidhmithe, díreach roimh an bhfeidhm-dháta, thar an droichead san—

(I) i gcás an chuideachta iarnróid do dhéanamh na n-oibreacha so leanas roimh an dáta dá dtagartar i bhfó-mhír (i) den mhír seo, eadhon, crosaire ar an gcomhréidh do chur thar láithreán an iarnróid tréigthe in ionad an droichid sin agus an crosaire sin do dhéanamh oiriúnach agus sábhálta chun é d'úsáid, beidh ceart slí den tsamhail dob infheidhmithe thar an droichead san infheidhmithe, de bhuaidh na fó-mhíre seo, thar an gcrosaire sin, agus féadfaidh duine ar bith ag á mbeidh teideal chuige sin de thuras na huaire gach ní do dhéanamh is gá do réir réasúin chun an crosaire sin do choimeád oiriúnach agus sábhálta chun é d'úsáid,

(II) in aon chás eile, leanfaidh an ceart slí thar an droichead san de bheith infheidhmithe, agus féadfaidh duine ar bith ag á mbeidh teideal chuige sin de thuras na huaire gach ní do dhéanamh is gá do réir réasúin chun an droichead san do choimeád oiriúnach agus sábhálta chun é d'úsáid.

(5) I gcás cúiteamh do bheith iníoctha ag cuideachtain iarnróid le duine ar bith fán alt so—

(a) cheal comhaontuithe, is eadránaí cheapfaidh an tAire a chinnfeas méid an chúitimh sin,

(b) ceapfaidh an tAire luach saothair an eadránaí sin agus íocfaidh an chuideachta iarnróid an luach saothair sin

(6) An t-eadránaí a ceapfar chun an cúiteamh do chinneadh is iníoctha ag cuideachtain iarnróid le duine ar bith fán alt so féadfaidh, lena mholadh agus as a chomhairle féin—

(a) a ordú go n-íocfaidh an chuideachta iarnróid suim (a thomhaisfidh an t-eadránaí) mar chabhair chun íoctha costas agus caiteachais an duine sin, nó

(b) a ordú go n-íocfaidh an duine sin suim (a thomhaisfidh an t-eadránaí) mar chabhair chun íoctha costas agus caiteachais na cuideachtan iarnróid, no

(c) a ordú go n-íocfaidh an chuideachta iarnróid agus an duine sin fá seach a gcostais agus a gcaiteachas féin.

(7) Ní bhainfidh an Abandonment of Railways Act, 1850, le haon líne iarnróid a mbeidh ordú tréigin déanta ina taobh.

(8) I gcás ordú tréigin do dhéanamh maidir le haon líne iarnróid, féadfaidh an chuideachta iarnróid ar leo an líne sin an talamh is leo agus atá fán líne sin agus ag síneadh léi do dhíol trí chonnradh phríobháideach le húnaer an tailimh ar dhá thaobh na líne sin nó le duine ar bith, agus an t-únaer san d'áireamh, tré cheaint phoiblí.

(9) San alt so—

folaíonn an abairt “líne iarnróid” cuid de líne iarnróid;

ciallaíonn an abairt “bóthar poiblí” aon bhóthar a bhfuil údarás áitiúil fá oblagáid reachtúil chun é chothabháil.