An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CEATHRU SCEIDEAL. Forála i dtaobh na Stiúrthóirí Stoc-Shealbhóirí.) Ar Aghaidh (AN SEU SCEIDEAL. Achtacháin ná Bainfidh leis an gCuideachtain.)

21 1944

AN tACHT IOMPAIR, 1944

AN CUIGIU SCEIDEAL.

Cúiteamh d'Oifigigh agus Seirbhísigh Áirithe don Chuideachtain.

Léiriú.

1. (1) Sa Sceideal so—

ciallaíonn an abairt “sean-chuideachta iompair” aon chuideachta acu so leanas, eadhon—

(a) cuideachta chomhghafa nó cuideachta chomhnasctha do réir bhrí Achta na mBóthar Iarainn, 1924 ( Uimh. 29 de 1924 ), nó

(b) aon chuideachta scurtha;

ciallaíonn an abairt “sean-cheadúnaí bóthar-iompair” duine ba shealbhóir ar cheadúnas paisnéara do réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1932 ( Uimh. 2 de 1932 ), nó ar cheadúnas marsantais (iompróir láithreach) do réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 8 de 1933 ), agus ar haistríodh an ceadúnas san aige chun cuideachtan scurtha;

ciallaíonn an abairt “sean-ghnóthaire iompair” duine ar bith is—

(a) sean-chuideachta iompair, nó

(b) sean-cheadúnaí bóthar-iompair;

ciallaíonn an abairt “na Fórsaí Cosanta”—

(a) an fórsa do bunaíodh fá Chuid I den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Ilghnéitheacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) , agus

(b) an fórsa cúltaca do bunaíodh fá Chuid III den Acht san;

ciallaíonn an abairt “an dáta cinnteach” an 1ú lá d'Iúl, 1944;

léireofar an abairt “luach saothair” mar abairt a fholaíos aon bhónas costais mhaireachtana nó bónas eile.

(2) Chun seirbhís inphinsin dhuine d'áireamh fán Sceideal so—

(a) folóidh an tseirbhís inphinsin—

(i) seirbhís le haon tsean-chuideachtain iompair,

(ii) má bhí an duine sin i seirbhís sean-chuideachtan iompair, seirbhís i dTigh Imréitigh Iarnróid na hÉireann,

(iii) seirbhís leis an gCuideachtain,

(iv) seirbhís (is seirbhís a hadmhaítear chun críoch scéime aoisliúntais do réir bhrí ailt 44 den Acht so, nó chun críoch ciste aoisliúntais láithrigh do réir bhrí ailt 45 den Acht so) le haon tsean-cheadúnaí bóthar-iompair;

(b) i gcás an duine sin do bheith as láthair go sealadach óna fhostaíocht le sean-ghnóthaire iompair agus é bheith, le linn na haimsire go léir a bhí sé as láthair amhlaidh, ar seirbhís in aon cheann de na fórsaí míleata bhí ag fónamh fá údarás an Chéad Dáil Éireann nó an Dara Dáil Éireann nó Rialtais Shealadaigh na hÉireann nó i gceachtar de na fórsaí bhí i gcoinne a chéile le linn an imreasáin chathartha sna blianta 1922, 1923 nó 1924 nó i gcoinneáil nó i bpríosún de dheascaibh na seirbhíse sin, nó ar seirbhís, roimh an 6ú lá de Nollaig, 1922, san Arm nó sa Chabhlach nó san Aer-Fhórsa Breatanach, déanfar an fhaid a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh mar chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin;

(c) i gcás an duine sin d'fhionnraí nó do bhriseadh as seirbhís sean-ghnóthaire iompair an 1ú lá d'Abrán, 1916, nó dá éis, agus roimh an 6ú lá de Nollaig, 1921, ach é d'athshuíomh ina dhiaidh sin, agus an tAire dá dheimhniú gurb iad a thuairimí i gcúrsaí náisiúntachta fá ndear é d'fhionnraí nó do bhriseadh, déanfar pé tréimhse (nach sia ná an tréimhse idir a fhionnraí nó a bhriseadh agus a athshuíomh) ordóidh an tAire d'áireamh mar chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin;

(d) i gcás an duine sin do bheith, toisc an cur isteach ar sheirbhísí iarnróid do thárla go díreach de dheascaibh imreasáin chathartha sna blianta 1922 nó 1923 nó 1924, as láthair go sealadach óna fhostaíocht le seanghnóthaire iompair, déanfar an fhaid a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh mar chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin;

(e) i gcás an duine sin do bheith, i rith an chogaidh atá ann fá láthair, as láthair go sealadach óna fhostaíocht le sean-ghnóthaire iompair nó leis an gCuideachtain agus é bheith, ar feadh iomlán an ama bhí sé as láthair amhlaidh, ag fónamh sna Fórsaí Cosanta, déanfar an t-am a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh mar chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin;

(f) i gcás an duine sin do bheith, ar feadh tréimhse is giorra ná bliain, as láthair go sealadach óna fhostaíocht le sean-ghnóthaire iompair nó leis an gCuideachtain toisc—

(i) na seirbhísí ar líne iarnróid do stopadh nó do laghdú go sealadach de dheascaibh cúinsí arb é an cogadh atá ann fá láthair fá ndear iad, nó

(ii) aon tseirbhísí iompair eile do stad nó do laghdú de dheascaibh na gcúinsí sin, nó

(iii) breoiteacht nó tionóisc, nó

(iv) aon aighneas trádála na raibh sé páirteach ann,

déanfar an fhaid a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh mar chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin;

(g) i gcás an duine sin do ghlacadh i bhfostaíocht aon tsean-ghnóthaire iompair mar dhuine go gcáilíocht speisialta agus é níos sine ná mar ba ghnáth do dhaoine bheith ag tosnú dhóibh i bhfostaíocht seirbhíse iompair, féadfar a sheirbhís inphinsin do mhéadú trí pé méid bliain do chur léi a dheallrós a bheith cóir;

(h) i gcás an duine sin d'fhónamh mar phríntíseach céirde le haon tsean-ghnóthaire iompair nó leis an gCuideachtain ar feadh aon tréimhse, ní háireofar an tréimhse sin mar sheirbhís inphinsin.

(3) Chun críoch an Sceidil seo is tuigthe gurb é is uimhir do bhlianta seirbhíse inphinsin duine ná an toradh gheobhfar tríd an uimhir de laethe a sheirbhíse inphinsin do roinnt ar an uimhir trí chéad agus cúig seascad, agus déanfar aon leath nó codán is mó ná leath d'áireamh mar aon agus aon chodán is lú ná leath d'fhágaint gan áireamh.

(4) Chun luach saothair agus sochar oifige bliantúil duine ba stiúrthóir bainistí ar an gcuideachtain iompair scurtha do dhéanamh amach fán Sceideal so, ní háireofar ach an luach saothair agus an sochar oifige a bhí á fáil aige i gcáil stiúrthóra bhainistí dhó.

Cúiteamh do dhaoine ar giorra ná cúig bliana a seirbhís inphinsin.

2. Is é cúiteamh a bheas iníoctha le duine a mbeidh tréimhse is giorra ná cúig bliana de sheirbhís inphinsin curtha isteach aige ar an dáta cinnteach ná aisce a háireofar do réir na séú coda de mhéid a luach saothair agus a shochair oifige bhliantúil ar dháta a oifige nó a phoist do dhíochur in aghaidh gach bliana dá sheirbhís inphinsin.

Cúiteamh do dhaoine nach giorra ná cúig bliana a seirbhís inphinsin.

3. Fá réir forál míre 4 den Sceideal so, is é cúiteamh a bheas iníoctha le duine a mbeidh tréimhse nach giorra ná cúig bliana de sheirbhís inphinsin curtha isteach aige ar an dáta cinnteach ná suim bhliantúil a híocfar leis lena shaol agus nach mó i gcás ar bith ná dhá dtrian méid a luach saothar agus a shochair oifige bhliantúil ar dháta a oifige nó phoist do dhíochur agus a háireofar, fá réir na teorann san, do réir na seascadú coda de mhéid an luach saothair agus an tsochair oifige bhliantúil sin in aghaidh gach bliana dá sheirbhís inphinsin, maraon le breis a bheas do réir líon na mblian dá sheirbhís inphinsin agus a háireofar do réir an scála so leanas—

(a) i gcás seirbhís inphinsin fiche blian nó níos mó do bheith tugtha aige, breis de dheich seascadú den luach saothair agus den tsochar oifige sin aige;

(b) i gcás seirbhís inphinsin cúig mblian déag nó níos mó ach gan seirbhís inphinsin fiche blian do bheith tugtha aige, breis de sheacht seascadú den luach saothair agus den tsochar oifige sin aige;

(c) i gcás seirbhís inphinsin deich mblian nó níos mó ach gan seirbhís inphinsin chúig mblian déag do bheith tugtha aige, breis de chúig sheascadú den luach saothair agus den tsochar oifige sin aige;

(d) i gcás seirbhís inphinsin is giorra ná deich mbliana do bheith tugtha aige, breis de thrí sheascadú den luach saothair agus den tsochar oifige sin aige.

Suimeanna bliantúla do laghdú i gcáis áirithe.

4. I gcás aon oifigeach nó seirbhíseach a bheas i dteideal suim bhliantúil d'fháil fá mhír 3 den Sceideal so do bheith i dteideal freisin aoisliúntas nó sochar d'fháil as aon Chiste lena ndéanadh cuideachta scurtha rann-íoc, ansan—

(a) laghdófar méid na suime bliantúla san méid is comhionann le luach bliantúil an aoisliúntais nó an tsochair sin, agus

(b) íocfaidh an Chuideachta leis an oifigeach nó leis an seirbhíseach san cnapshuim is comhionann le méid na ranníoc a bheas déanta ag an oifigeach nó ag an seirbhíseach san leis an gCiste sin.