Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.—Cuid I.)

22 1944


Uimhir 22 de 1944.


AN tACHT UM DHLÍTHE ATÁ AG DUL IN ÉAG, 1944.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH BUANUITHE AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE ATÁ AG DUL IN ÉAG. [13ú Nollaig, 1944.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Na hAchta sa Sceideal do choimeád beo.

1. —Na hAchta luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht so, coimeátar beo iad a mhéid adeirtear sa tríú colún den Sceideal san go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1945, agus raghaid in éag ansan mura gcoimeátar beo níos sia iad.

(2) Aon achtacháin neamh-athghairmthe leasaíos na hachtacháin, nó dhéanas difir do na hachtacháin, a coimeátar beo leis an alt so, coimeátar beo ar an gcuma céanna iad, a mhéid ar díomuan a ré, pé acu luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht so iad nó ná luaitear.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht um Dhlithe atá ag dul in Éag, 1944 , do ghairm den Acht so.