An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT EITINNE (SANATORIA DO BHUNÚ), 1945) Ar Aghaidh (CUID II. Sanatoria do Bhunu.)

4 1945

AN tACHT EITINNE (SANATORIA DO BHUNÚ), 1945

CUID I.

Reamhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus comhluadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Eitinne (Sanatoria do Bhunú), 1945 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchta Eitinne, 1908 go 1945, do ghairm de na Tuberculosis Prevention (Ireland) Acts, 1908 and 1913, agus den Acht so le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht so—

fó-ordú.

ciallaíonn an abairt “fó-ordú” ordú fá fhó-alt (4) d'alt 10 den Acht so;

suim bhliantúil.

ní fholaíonn an abairt “suim bhliantúil” cíos fá chonnradh tionóntachta;

Coimisinéirí.

ciallaíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

údarás contae.

ciallaíonn an abairt “údarás contae” comhairle chontae nó bárdas contae-bhuirge;

éasáid.

folaíonn an focal “éasáid” aon cheart (seachas ceart poiblí) i dtalamh nó trí thalamh;

bunú, cur ar bun.

folaíonn an focal “bunú”, nuair a húsáitear é maidir le sanatorium, an sanatorium san do chur ar fáil, do thógáil agus do ghléasadh agus fós gach ní réamhghabhas nó bhaineas leis an sanatorium san do bhunú, agus léireofar an abairt “cur ar bun” dá réir sin nuair a húsáitear amhlaidh í;

leas.

nuair a húsáitear an focal “leas” maidir le talamh, folaíonn sé eire;

Coimisiún na Talún.

ciallaíonn an abairt “Coimisiún na Talún” Coimisiún Talún na hÉireann;

Aire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí;

réamh-ordú.

ciallaíonn an focal “réamh-ordú” ordú fá fhó-alt (1) d'alt 9 den Acht so;

sanatorium.

ciallaíonn an focal “sanatorium” ospidéal, chun daoine ar a bhfuil an eitinn do chóireáil, lena n-áirítear na tailte agus na soighnis eile ghabhas leis, áiteanna comhnaithe don fhoirinn, agus aon fhó-ranna nó fó-fhorais;

dáta dílsiúcháin.

ciallaíonn an abairt “an dáta dílsiúcháin”, maidir le talamh is abhar d'ordú dílsiúcháin, an dáta a ndéarfar san ordú gurb é an dáta é ar a ndílseoidh an talamh san Aire;

ordú dílsiúcháin.

ciallaíonn an abairt “ordú dílsiúcháin” ordú fá fhó-alt (1) d'alt 10 den Acht so.

Saoirse ó dhiúité stampa.

3. —Ní bheidh diúité stampa fán Stamp Act, 1891, iníoctha ar aon ordú ná aistriú déanfar fán Acht so.