An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach arus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Iascaigh do Thogaint agus do Bhainisti.)

12 1945

AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1945

CUID II.

Sceimeanna Udro-Leictreacha.

Scéimeanna udroleictreacha d'ullmhú agus do cheadú.

4. —(1) Is dleathach don Bhord, aon uair a mheasfaid is ceart, scéim d'ullmhú agus do chur fá bhráid an Aire chun leictreachas do ghiniúin le cumhacht udrálach ó uiscí aon abhann áirithe a himiafar agus a cuirfear ar fáil chuige sin trí dhamba agus oibreacha innealtóireachta eile dhéanfaidh an Bord fán Acht so.

(2) Aon uair a dhéanfas an Bord scéim do chur fá bhráid an Aire fán alt so, breithneoidh an tAire an scéim sin agus, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta i dtaobh na mbeart a bheas le déanamh ag an mBord chun iascaigh do chaomhaint, déanfaidh pé ní acu so leanas a mheasfaidh is ceart, sé sin le rá:—

(a) an scéim sin do cheadú le hordú, nó

(b) an scéim sin do chur thar n-ais go dtí an Bord chun í d'athbhreithniú agus í d'athchur fána bhráid fán alt so, nó

(c) diúltú don scéim sin do cheadú.

(3) San Acht so—

ciallaíonn an abairt “ordú ceadúcháin” ordú arna dhéanamh ag an Aire ag ceadú scéime bheas curtha fána bhráid ag an mBord fán alt so, agus

ciallaíonn an abairt “scéim cheadaithe” scéim arna ceadú ag an Aire le hordú ceadúcháin agus, i gcás aon scéim den tsórt san bheas ceadaithe amhlaidh arna hathrú, ciallaíonn sí an scéim sin arna ceadú amhlaidh,

Scéim cheadaithe do leasú.

5. —(1) Aon uair, le linn scéim cheadaithe do chur i ngníomh, a chífear don Bhord gur gá an scéim sin do leasú in aon tslí, is dleathach don Bhord pé leasú ar an scéim cheadaithe sin d'ullmhú a mheasfaid is ceart agus an leasú san do chur fá bhráid an Aire.

(2) Aon uair a dhéanfas an Bord leasú ar scéim cheadaithe do chur fá bhráid an Aire fán alt so breithneoidh an tAire an leasú san agus, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, déanfaidh pé ní acu so leanas a mheasfaidh is ceart, sé sin le rá:—

(a) an leasú san do cheadú le hordú, nó

(b) an leasú san do chur thar n-ais go dtí an Bord chun í d'athbhreithniú agus í d'athchur fána bhráid fán alt so, nó

(c) diúltú don leasú san do cheadú.

(3) Aon uair a dhéanfas an tAire leasú ar scéim cheadaithe do cheadú fan alt so, beidh éifeacht ag an scéim cheadaithe sin agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aici gus an leasú san agus fána réir, agus dá réir sin na tagairtí atá san Acht so do scéim cheadaithe déanfar, maidir leis an scéim cheadaithe sin, iad do léiriú agus beidh éifeacht acu (má cheadaíonn an comhthéacs é) mar thagairtí don scéim cheadaithe sin arna leasú amhlaidh.

Scéimeanna ceadaithe d'fheidhmiú.

6. —(1) A luaithe is caothúil tar éis an tAire do cheadú scéime ceadaithe, déanfaidh an Bord an scéim sin d'fheidhmiú agus do chur i ngníomh.

(2) Chun scéim cheadaithe do chur i ngníomh, is dleathach don Bhord pé méid acu so leanas a mbeidh socrú déanta ina gcóir, go follas nó go folaithe, leis an scéim sin do dhéanamh do réir na scéime sin (fá réir pé breisithe, neamhdhéanta, athruithe, agus claonta do gheobhfar a bheith riachtanach i gcúrsa na hoibre), sé sin le rá:—

(a) uiscí na habhann lena mbainfidh an scéim cheadaithe sin agus uiscí aon abhann nó srutha chothaíos an abha san, agus uiscí aon locha, linne, nó canála uirthi nó i gceangal léi d'imiadh, do stopadh, do chlaonadh, do thógaint, agus d'úsáid;

(b) an abha lena mbainfidh an scéim cheadaithe sin nó aon abha nó sruth a chothaíos an abha san do chladhphortadh, do dhambáil, do dhreidireacht, do dhoimhniú, do leathnú, do dhíriú, do chlaonadh, agus d'athrú ar aon tslí eile;

(c) aon loch, linn, nó uisce eile ar an abhainn lena mbainfidh an scéim cheadaithe sin nó i gceangal léi (go díreach nó go neamh-dhíreach) do chladhphortadh, do dhambáil, do dhreidireacht, agus a leibhéal d'athrú agus baint leis ar aon tslí eile;

(d) aon uisce-chomhla, cora, damba, cladhphort, cé, cuan, áit chalaíochta, tigh bád, nó obair eile dá samhail ar an abhainn lena mbainfidh an scéim cheadaithe sin nó ar aon abhainn nó sruth a chothaíos an abha san nó ar aon loch i gceangal léi do dhíochur, d'athrú, do dheisiú, nó d'athdhéanamh;

(e) uisce-chomhlaí, coraí, dambaí, cladhphoirt agus oibreacha eile dá samhail (lena n-áirítear pasáistí chun iasc do ghabháil suas agus síos tríothu) do dhéanamh agus do chothabháil;

(f) stáisiúin ghiniúna, stáisiúin athracháin, agus stáisiúin agus áiteanna eile do dhéanamh agus do chothabháil chun leictreachas a ginfear de bhun na scéime ceadaithe sin do ghiniúin, d'athrú, do stóráil, nó deighleáil leis ar shlí eile;

(g) inneallra, gléasra, agus fearas do gach stáisiún giniúna, stáisiún athracháin, agus gach stáisiún agus áit eile déanfar fán mír dheiridh sin roimhe seo den fhó-alt so do cheannach, do thógaint ar cíos, nó do sholáthar ar shlí eile agus do chothabháil;

(h) fá réir forál an Achta so, dúnadh, claonadh, díochur, báthadh, nó cur isteach ar shlí eile do dhéanamh ar aon bhóthar nó droichead poiblí;

(i) aon ghníomh nó ní do dhéanamh is gá chun nó i dtaobh aon rud do dhéanamh a n-údaraítear don Bhord leis an bhfó-alt so é dhéanamh.

An Bord do thógaint tailimh, etc.

7. —(1) Chun scéim cheadaithe do chur i ngníomh nó chun éinní do dhéanamh a húdaraítear don Bhord leis an alt deiridh sin roimhe seo a dhéanamh chun na críche sin, féadfaidh an Bord gach ní nó éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) aon talamh do thógaint go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta;

(b) aon éasáid, cead slí, iascach, ceart iascaireachta, ceart uisce, nó ceart ar bith eile ar aon talamh nó uisce nó maidir leis, do thógaint (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta);

(c) foirceannadh, srianadh, nó cur isteach eile do dhéanamh (go buan nó go sealadach agus trí comhaontú nó go héigeanta) ar aon éasáid, cead slí, iascach, ceart iascaireachta, ceart uisce, nó ceart ar bith eile ar aon talamh nó uisce nó maidir leis;

(d) claonadh, dúnadh, díochur, báthadh nó cur isteach eile do dhéanamh (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta) ar aon bhóthar, slí, nó droichead príobháideach nó ar aon chanáil nó uisce-bhealach saordha eile nó ar aon uisce-chúrsa saordha;

(e) cur isteach ar aon talamh go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta.

(2) Aon uair, ar scéim cheadaithe do bheith curtha i ngníomh, a chífear don Bhord ná beidh aon talamh, éasáid cead slí, nó maoin eile bheas tógtha ag an mBord fán Acht so chun críocha na scéime ceadaithe sin ag teastáil chun na gcríoch san, is dleathach don Bhord an mhaoin sin do dhíol, do chur ar léas, nó do chur de láimh ar shlí eile.

Dul isteach ar thalamh, etc., roimh é do leithliú.

8. —(1) Aon uair, tar éis ordú ceadúcháin do bheith déanta agus roimh an leithliú nó fionnadh an phraghais nó an chúitimh do bheith déanta, féadfaidh an Bord (fá réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt so) éinní de na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) dul isteach agus seilbh do ghlacadh ar aon talamh nó aon cheart d'fheidhmiú a húdaraítear leis an Acht so don Bhord a thógaint chun an scéim cheadaithe lena mbainfidh an t-ordú ceadúcháin sin do chur i ngníomh;

(b) foirceannadh, srianadh, nó cur isteach eile do dhéanamh ar aon éasáid nó maoin nó ceart eile a n-údaraítear don Bhord leis an Acht so foirceannadh, srianadh, nó cur isteach eile do dhéanamh air chun an scéim cheadaithe sin do chur i ngníomh;

(c) claonadh, dúnadh, díochur, báthadh, nó cur isteach eile do dhéanamh ar aon bhóthar, slí, nó droichead príobháideach, nó ar aon chanáil nó uisce-bhealach saordha eile, nó ar aon uisce-chúrsa saordha, a n-údaraítear don Bhord leis an Acht so claonadh, dúnadh, díochur, báthadh, nó cur isteach eile do dhéanamh air chun an scéim cheadaithe sin do chur i ngníomh.

(2) Aon uair a fheidhmeos an Bord aon chumhacht dá dtugtar don Bhord leis an bhfó-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, dlífidh an Bord ús d'íoc, le sealbhaire an tailimh nó únaer na héasáide, an chirt, nó na maoine eile a raghfar isteach air, a feidhmeofar, nó a gcuirfear isteach air de bhíthin an chumhacht san d'fheidhmiú, ar mhéid an phraghais nó an chúitimh is iníoctha fán Acht so leis an sealbhaire nó leis an únaer sin, do réir trí fán gcéad sa bhliain ó dháta an dulta isteach, an fheidhmithe, nó an churtha isteach san go dtí dáta íoctha an phraghais nó an chúitimh sin.

(3) Ní dhéanfaidh an Bord—

(a) dul isteach ná seilbh do ghlacadh ar aon talamh fán alt so gan fógra mí ar a laghad nó, i gcás tighe chomhnaithe ina bhfuil comhnaí, fógra trí mhí ar a laghad do thabhairt i scríbhinn roimh ré do shealbhaire an tailimh sin go bhfuilid ar intinn san do dhéanamh, ná

(b) aon éasáid ná ceart eile d'fheidhmiú ná cur isteach ar aon cheart ná maoin fán alt so gan fógra mí ar a laghad do thabhairt i scríbhinn roimh ré d'únaer na héasáide, an chirt, nó na maoine sin go bhfuilid ar intinn san do dhéanamh.

(4) Féadfar fógra fán bhfó-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do sheirbheáil ar dhuine ar bith tríd an bhfógra san do chur leis an bpost réamhíoctha i gclúdach arna dhíriú chun an duine sin ag á ghnáth-sheoladh nó ag an seoladh is déanaí is eol do bheith aige agus is tuigthe gur seirbheáladh é ar an duine sin an uair a déanfaí an clúdach san do sheachadadh i ngnáth-chúrsa an phoist.

(5) Muran féidir, ar aon chúis áirithe, an clúdach a luaitear sa bhfó-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do dhíriú mar a foráltar leis an bhfó-alt san, féadfar an clúdach san do dhíriú chun an duine dá mbeidh sé beartaithe i gceachtar slí nó sa dá shlí acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) fán tuairisc “an t-únaer” nó “an sealbhaire” (pé acu é) gan a ainm do luadh,

(b) ag an talamh nó ag suíomh na maoine lena mbainfidh an fógra bheas sa chlúdach san.

Léarscála, pleananna, etc., do lóisteáil.

9. —(1) A luaithe is féidir tar éis ordú ceadúcháin do dhéanamh agus ar dháta nach déanaí ná mí roimh thosnú ar aon chuid áirithe do dhéanamh de na hoibreacha is gá chun an scéim cheadaithe lena mbainfidh an t-ordú san d'fheidhmiú nó roimh thosnú, chun na críche sin, ar éinní áirithe do dhéanamh a húdaraítear leis an Acht so don Bhord a dhéanamh nó roimh dhul isteach ar aon talamh nó áitreabh nó feidhmiú do dhéanamh ar aon cheart nó cur isteach ar aon mhaoin (corpartha nó neamhchorpartha) chun na críche sin fán Acht so, cuirfidh an Bord fá ndear léarscála, pleananna, agus leabhair eolais maidir leis an gcuid áirithe sin de na hoibreacha san nó leis an ní áirithe sin nó leis an talamh, an t-áitreabh, an ceart, nó an mhaoin sin (do réir mar bheas) do lóisteáil do réir an ailt seo.

(2) Na léarscála agus na pleananna ceangaltar leis an alt so ar an mBord do lóisteáil maidir le scéim cheadaithe beid líonmhar a ndóthain agus de shaghas is leor chun go dtaspánfaidh ar leorscálaí méid na n-oibreacha ar maidir leo a lóisteálfar iad agus fós an mhaoin go léir, corpartha nó neamhchorpartha, a bheas beartaithe a thógaint chun críocha na n-oibreacha san agus fós gach cur isteach (sa mhéid gur féidir san do thaspáint ar tharraingeoireacht) a bheas beartaithe a dhéanamh chun na críche sin ar aon mhaoin (corpartha nó neamhchorpartha) nó ar aon bhóthar nó droichead poiblí.

(3) Beidh sna leabhair eolais a ceangaltar ar an mBord leis an alt so do lóisteáil maidir le scéim cheadaithe ainmneacha na ndaoine is únaeraí nó únaeraí toimhdean, léasaithe nó léasaithe toimhdean, agus sealbhairí ar an talamh go léir a mbeidh beartaithe é do thógaint nó baint leis ar shlí eile fán Acht so chun críche na n-oibreacha ar maidir leo a lóisteálfar iad agus ar an maoin go léir, corpartha nó neamhchorpartha, (ar a n-áirítear bóithre agus droichid phoiblí) a mbeidh beartaithe cur isteach uirthi in aon tslí fán Acht so chun na críche sin.

(4) Is i bpríomh-oifig an Bhuird i gCathair Bhaile Atha Cliath agus i pé áiteanna eile ordóidh an tAire san ordú ceadúcháin a bhainfeas le scéim cheadaithe a lóisteálfar na léarscála, na pleananna, agus na leabhair eolais a ceangaltar leis an alt so ar an mBord do lóisteáil maidir leis an scéim cheadaithe sin agus coimeádfar ar lóisteáil amhlaidh iad go gcríochnófar an scéim cheadaithe sin agus, faid a bheid ar lóisteáil amhlaidh, beid ar fáil chun a n-iniúchta ag duine ar bith, in aisce, idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog trathnóna gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach, agus laethanta saoire bainc.

(5) A luaithe is féidir tar éis aon léarscála, pleananna, nó leabhair eolais do lóisteáil de bhun an ailt seo, bhéarfaidh an Bord fógra poiblí i dtaobh na lóisteála san trí fhógrán d'fhoillsiú fá dhó i ngach ceann de dhá nuachtán laethúla nó níos mó léitear i gCathair Bhaile Atha Cliath agus i pé nuachtáin eile (más ann) ordóidh an tAire san ordú ceadúcháin iomchuibhe.

(6) Déarfar i ngach fógra poiblí do bhéarfaidh an Bord de bhun an fhó-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so go bhfuil na léarscála, na pleananna, agus na leabhair eolais lena mbainfidh an fógra san ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpoiblíocht do réir an ailt seo agus luafar ann na trátha agus na háiteanna ina mbeid ar fáil amhlaidh chun a n-iniúchta.

Leictreachas do ghiniúin agus d'iomdháil.

10. —(1) Nuair a bheas scéim cheadaithe curtha i ngníomh agus na hoibreacha udro-leictreacha dá bhforálfar leis an scéim sin críochnaithe (fá réir pé breisithe, neamhdhéanta, athruithe, agus claonta do gheobhfar bheith riachtanach i gcúrsa na hoibre), déanfaidh an Bord leictreachas do ghiniúin leis na hoibreacha san agus déanfaidh an leictreachas san do thiomarnú agus d'iomdháil go dtí pé áiteanna agus ar pé slí is dóigh leis an mBord is gá chun an leictreachas san do chur ar fáil chun na gcríoch a luaitear sa chéad fhó-alt ina dhiaidh seo den alt so.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir le leictreachas (dá ngairmtear an leictreachas san sa bhfó-alt so) arna ghiniúin ag an mBord de bhun an fhó-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an Bord úsáid agus feidhm do bhaint as an leictreachas san chun gach críche nó chun pé ceann nó cinn (a mheasfas an Bord is ceart) de na críocha chun a bhféadfaidh an Bord úsáid nó feidhm do bhaint go dleathach as leictreachas (dá ngairmtear an leictreachas eile sin sa bhfó-alt so) arna ghiniúin ag an mBord ar aon tslí eile;

(b) féadfar úsáid agus feidhm do bhaint as an leictreachas san amhlaidh i gcuibhreann, nó i dteannta, nó d'éagmais an leictreachais eile sin go léir nó aon choda dhe;

(c) beidh ag an mBord agus beidh infheidhmithe acu maidir leis an leictreachas san gach cumhacht nó aon chumhacht dá mbeidh dílsithe sa Bhord de thuras na huaire maidir leis an leictreachas eile sin go léir nó aon chuid de do thiomarnú, d'iomdháil, do sholáthar, agus do dhíol;

(d) aon chuid nó coda d'aon chóras tiomarnaíochta nó d'aon chóras iomdhála is leis an mBord de thuras na huaire chun an leictreachas eile sin go léir nó aon chuid de do thiomarnú nó d'iomdháil (pé acu é), féadfar í nó iad d'úsáid chun an leictreachas san do thiomarnú nó d'iomdháil;

(e) aon chuid nó coda d'aon chóras tiomarnaíochta nó d'aon chóras iomdhála dhéanfaidh an Bord chun an leictreachas san do thiomarnú nó d'iomdháil (pé acu é), féadfar í nó iad d'úsáid chun an leictreachas eile sin do thiomarnú nó d'iomdháil.

(3) Chun leictreachas do thiomarnú agus d'iomdháil de bhun fó-ailt (1) den alt so beidh ag an mBord agus beidh infheidhmithe acu gach cumhacht nó aon chumhacht dá ndílsítear iontu leis na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1942, maidir le leictreachas arna ghiniúin ar shlí seachas de bhun an fhó-ailt sin (1) do thiomarnú agus d'iomdháil.

Iascaigh do chaomhaint.

11. —Nuair a bheas scéim cheadaithe á cur i ngníomh ní bheidh d'oblagáid ar an mBord ná ar aon chonnarthóir a bheas ar fostú ag an mBord na Achta Iascaigh, 1842 go 1944, do chomhlíonadh, ach déanfaidh an Bord nó, i gcás oibreacha bheas á ndéanamh ag connarthóir, cuirfid fá ndear go ndéanfaidh an connarthóir, pé forchúraim do ghlacadh agus pé socruithe do cheapadh a mheasfaidh an Aire Talmhaíochta is leor chun iascaigh do chaomhaint agus díobháil dóibh do sheachaint le linn nó de dhroim an scéim cheadaithe sin do chur i ngníomh, ach déanfaidh an tAire sin, i gcomhairle leis an mBord, deimhin de ná bainfidh dochar mór do na hoibreacha dá bhforálfar leis an scéim cheadaithe sin ná ná cuirfear bac mór orthu ná ná tabharfar méadú mór ar a gcostas de dhroim na forchúraim sin do ghlacadh agus na socruithe sin do cheapadh.

Cumhacht an Bhuird chun loingseoireacht do chosc

12. —(1) Féadfaidh an Bord le hordú, aon uair a mheasfaid is gá san chun scéim cheadaithe do chur i ngníomh go cuibhe nó chun oibreacha arna ndéanamh de bhun scéime ceadaithe d'oibriú, loingseoireacht ar an abhainn, nó ar aon chuid áirithe den abhainn, lena mbainfidh nó lenar bhain an scéim cheadaithe sin do thoirmeasc ar feadh pé tréimhse mheasfaid is gá chun an scéim cheadaithe sin do chur i ngníomh nó na hoibreacha san d'oibriú (pé acu é).

(2) Féadfaidh an Bord ordú do dhéanamh fán bhfó-alt san roimhe seo den alt so d'ainneoin aon achtacháin á dhearbhú gur abha intseolta phoiblí an abha lena mbainfidh an t-ordú san.

(3) Gach ordú dhéanfaidh an Bord fán alt so déarfaidh sé a bheith agus beidh sé ina ordú á thoirmeasc ar dhume ar bith gabháil le haon bhád, báirse, lictéir, nó árthach eile ar an abhainn nó an chuid áirithe den abhainn lena mbainfidh an t-ordú san ar feadh na tréimhse luafar chuige sin san ordú san.

(4) Gach duine shárós aon fhoráil d'ordú arna dhéanamh ag an mBord fán alt so beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlifear fíneáil nach mó ná caoga punt do chur air.

Ceart ag an mBord chun eolais as leabhair rátaí.

13. —(1) Aon uair a theastós eolas as leabhar rátaí nó scríbhinn eile dá shamhail ón mBord chun nó i dtaobh scéim d'ullmhú lena cur fá bhráid an Aire fán Acht so nó chun nó i dtaobh scéim cheadaithe do chur i ngníomh nó chun nó i dtaobh aon chumhacht d'fheidhmiú nó aon dualgas do chomhlíonadh dá mbronntar nó dá gcuirtear ar an mBord leis an gCuid seo den Acht so, déanfaidh an t-údarás áitiúil nó an comhlucht áitiúil eile a mbeidh an leabhar nó an scríbhinn sin ina gcoimeád, ar an mBord dá iarraidh sin orthu,—

(a) cead do thabhairt d'aon oifigeach don Bhord go n-údarás chuige sin ón mBord an leabhar nó an scríbhinn sin d'iniúchadh in aisce agus cóip d'iomlán an leabhair nó na scríbhinne sin nó d'aon chuid den chéanna do dhéanamh in aisce, agus

(b) cóip den leabhar nó den scríbhinn sin no d'aon chuid áirithe den chéanna shonnróidh an Bord chuige sin do thabhairt don Bhord, ar an mBord d'íoc pé táille ar a gcomhaontóidh an Bord agus an t-údarás áitiúil nó an comhlucht áitiúil sin nó, mura gcomhaontaítear amhlaidh, a cheapfaidh an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí.

Oibreacha do shaoradh ó rátaí.

14. —(1) Faid a bheas na hoibreacha go léir a dhéanfaidh an Bord, ag cur scéime ceadaithe i ngníomh dóibh nó chun leictreachas arna ghiniúin leis na hoibreacha san do thiomarnú nó d'iomdháil, in aon-tseilbh agus fá aon-urlámhas an Bhuird, beid saor ó mheisiúnacht i gcóir ráta dhealúis agus fós ó mheisiúnacht i gcóir aon ráta eile ghearrfaidh údarás áitiúil.

(2) San alt so tá leis an abairt “údarás áitiúil” an bhrí do bheirtear di leis an Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) , arna leathnú le fó-alt (2) d'alt 10 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú) (Uimh. 2), 1934 ( Uimh. 38 de 1934 ).

(3) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag éinní dá bhfuil san alt so maidir le haon iascach nó ceart iascaireachta thógfaidh an Bord fán Acht so nó dá bhuaidh.