|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Cuiteamh.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Reamhiocanna don Bhord as an bPríomh-chiste.) |
AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1945
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. Cumhachta agus Dualgais Áirithe de chuid an Bhuird. | |
[EN] |
An Bord do dhéanamh, etc., oibreacha iompair. |
30. —(1) (a) Féadfaidh an tAire, ar an mBord dá irraidh sin, ordú (dá ngairmtear ordú oibreacha iompair san alt so) do dhéanamh fán bhfó-alt so á údarú don Bhord na hoibreacha iompair a luafar ann do dhéanamh, do chothabháil agus d'oibriú chun an Bord do chomhlíonadh aon choda dá fheadhmanna fá na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1942, nó fán Acht so, agus san i pé slí agus fá réir pé srianta agus forál agus ar pé téarmaí mheasfaidh an tAire is ceart agus a luafaidh san ordú; |
[EN] | (b) beidh ag gabháil le gach iarratas ar ordú oibreacha iompair dréacht den ordú bheartaithe, plean de na hoibreacha iompair beartaithe agus leabhar eolais don phlean san, agus beidh an dréacht, an plean agus an leabhar eolais sin i pé foirm ordóidh an tAire; | |
[EN] | (c) má déantar iarratas ar ordú oibreacha iompair déanfaidh an Bord, má cheanglann an tAire orthu é,— | |
[EN] | (i) cóip den phlean agus den leabhar eolais do bhí ag gabháil leis an iarratas do lóisteáil, agus do chur ar fáil chun a n-iniúchta, do réir ordachán an Aire, | |
[EN] | (ii) pé fógraí shonnróidh an tAire chuige sin d'fhoillsiú do réir ordachán an Aire. | |
[EN] | (2) Chun na cumhachta do bhéarfar don Bhord le hordú oibreacha iompair d'fheidhmiú, is dleathach don Bhord gach ní nó éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) aon talamh nó aon éasáid, cead slí, nó ceart eile ar aon talamh nó maidir le haon talamh, do thógaint (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta); | |
[EN] | (b) foirceannadh, srianadh nó cur isteach eile do dhéanamh (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta) ar aon éasáid, cead slí, nó ceart eile ar aon talamh nó maidir le haon talamh; | |
[EN] | (c) claonadh, dúnadh, díochur, nó cur isteach eile do dhéanamh (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta) ar aon bhóthar, slí, nó droichead príobháideach; | |
[EN] | (d) fá réir forál an Achta so, dúnadh, claonadh, díochur, nó cur isteach eile do dhéanamh ar aon bhóthar nó droichead poiblí. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le gach ordú oibreacha iompair— | |
[EN] | (a) bheidh san ordú pé forála mheasfaidh an tAire is gá nó is oiriúnach chun críocha an orduithe; | |
[EN] | (b) gan dochar do gheneráltacht míre (a) den fhó-alt so— | |
[EN] | (i) sonnróidh an t-ordú an modh ar a mbeidh na hoibreacha iompair lena mbainfidh an t-ordú le déanamh, | |
[EN] | (ii) féadfaidh forála bheith san ordú i dtaobh an mhodha ar a mbeidh na hoibreacha iompair sin le hoibriú agus le cothabháil, | |
[EN] | (iii) beidh san ordú forála ag téorannú úsáide na n-oibreacha iompair sin chun críocha bhainfeas le comhlíonadh a fheadhmanna fá na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1942, nó fán Acht so, ag an mBord, agus chun pé críocha eile (más ann) a sonnrófar san ordú, | |
[EN] | (iv) bheidh san ordú na forála uile mheasfaidh an Aire is ceart chun an phoibhlíocht i gcoitinne agus aon daoine lena mbainfidh an t-ordú do chosaint, | |
[EN] | (v) féadfaidh aon fhorála (lena n-áirítear forála pionósacha) dá mbeidh in aon achtachán a bhaineas le hiarnróid bheith san ordú, fá réir pé athruithe agus modhnuithe mheasfaidh an tAire is ceart, | |
[EN] | (vi) féadfaidh foráil do bheith san ordú i dtaobh aon cheisteanna sonnraithe éireos fé do chinneadh trí eadrán, | |
[EN] | (vii) maidir le feidhmiú na gcumhacht do bheirtear don Bhord le fó-alt (2) den alt so, féadfaidh forála sa chéill chéanna leis na forála atá in alt 8 den Acht so bheith san ordú, | |
[EN] | (viii) féadfaidh pé forála ghabhas nó bhaineas le héinní de na nithe adúradh, agus a mheasfaidh an tAire is gá agus is ceart, bheith san ordú. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire, le hordú fán bhfó-alt so, ordú oibreacha iompair do leasú. | |
[EN] | (5) Beidh éifeacht reachtúil ag gach ordú déanfar fán alt so. | |
[EN] | (6) Má dhéanann an tAire ordú oibreacha iompair, féadfaidh rialacháin (ná beidh ar neamh-réir leis an ordú) do dhéanamh maidir leis an modh ar a mbeidh na hoibreacha iompair lena mbainfidh an t-ordú le cothabháil agus le hoibriú, agus comhlíonfaidh an Bord aon rialachán den tsórt san. | |
[EN] | (7) San alt so ciallaíonn an abairt “oibreacha iompair” aon oibreacha is— | |
[EN] | (a) iarnród, nó | |
[EN] | (b) trambhealach. | |
[EN] |
An Bord do dhéanamh fearais leictriúil, etc. |
31. —(1) Aon uair is dóigh leis an Aire ná fuil agus nach dócha go mbeidh riar leordhóthanach éifeachtúil ar na riachtanais a bheas le linn na huaire sin nó is dócha bheas ina dhiaidh sin sa Stát le haon tsaghais áirithe fearais nó inneallra nó gléasra chun leictreachas do ghiniúin, do thiomarnú, d'iomdháil, nó d'úsáid, á déanamh ag gnóluchta bheas bunaithe go dleathach an uair sin sa Stát, féadfaidh an tAire má mheasann sé gur ceart é, a údarú, fá réir forál an ailt seo, don Bhord an saghas áirithe sin fearais nó inneallra nó gléasra den tsórt san do dhéanamh nó socrú do cheapadh chun é dhéanamh do réir an ailt seo. |
[EN] | (2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir leis an Aire do thabhairt aon údaráis den tsórt a luaitear sa bhfó-alt san roimhe seo den alt so don Bhord, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) sara dtuga an tAire aon údarás den tsórt san cuirfidh sé fá ndear fógra i dtaobh é bheith ar intinn an t-údarás san do thabhairt d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus i pé slí eile chífear don Aire a bhéarfas le fios do dhaoine lena mbainfidh an scéal go bhfuil sé ar an intinn sin; | |
[EN] | (b) déarfar i ngach fógra den tsórt san cad é an saghas fearais, inneallra, nó gléasra a mbeidh an t-údaras san le baint leis agus go bhféadfaidh duine ar bith, laistigh d'am áirithe (nach giorra ná tríocha lá tar éis dáta an fhógra san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil), agóid (agus na forais atá léi) do chur chun an Aire, i slí sonnrófar, i gcoinne an t-údarás san do thabhairt; | |
[EN] | (c) breithneoidh an tAire gach agóid den tsórt san a cuirfear chuige amhlaidh laistigh den am áirithe sin; | |
[EN] | (d) ar an am áirithe sin do bheith caite, féadfaidh an tAire, má mheasann sé gur ceart é ag féachaint do na hagóidí sin (más ann), an t-údarás san do thabhairt do réir na hintinne sin aige nó i pé foirm mhodhnaithe mheasfaidh is ceart ag féachaint do na hagóidí sin (más ann); | |
[EN] | (e) féadfaidh an tAire pé coinníollacha agus srianta (más ann) a mheasfaidh is ceart do chur ag gabháil le haon údarás den tsórt san. | |
[EN] | (3) Nuair a bheas an tAire tar éis údarás fán alt so do thabhairt don Bhord, féadfaidh an Bord, do réir téarmaí an údaráis sin, an fearas, an t-inneallra, nó an gléasra a luafar san údarás san do dhéanamh agus do dhíol iad féin nó féadfaid socrú do cheapadh chun a dhéanta agus a dhíolta ag daoine eile. | |
[EN] | (4) Má dhéanann an Bord socrú fán alt so chun daoine eile do dhéanamh agus do dhíol fearais, inneallra, nó gléasra, féadfaidh an Bord, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, gach ní nó éinní acu so leanas do dhéanamh, le toiliú an Aire agus fá réir pé coinníollacha (más ann) fhorchuirfidh sé, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) cuideachta theoranta (a chomhlíonfas na forála ina dhiaidh seo den alt so) do bhunú, uathu féin nó i dteannta daoine eile, le haghaidh na déantóireachta agus an díolta san, nó | |
[EN] | (b) aon ghnóthas bheas ag gabháil don déantóireacht agus don díol san do thógaint, go hiomlán nó i bpáirt, nó | |
[EN] | (c) cabhair i bhfoirm súncála, iasachta, réamhíoca, nó ráthaíochta do thabhairt do dhuine ar bith bheas ag gabháil don déantóireacht agus don díol san. | |
[EN] | (5) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir le gach cuideachta theoranta bhunóidh an Bord (uathu féin nó i dteannta daoine eile) fán alt so, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) ní foláir aontú an Aire, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, d'fháil le meamram agus airteagail chomhlachais na cuideachtan san; | |
[EN] | (b) forálfaidh na hairteagail chomhlachais sin go mbeidh an Bord i dteideal stiúrthóir amháin ar a laghad ar an gcuideachtain sin do cheapadh as comhaltaí agus oifigigh an Bhuird; | |
[EN] | (c) déanfar cuntais na cuideachtan san do chur fá bhráid an Aire gach bliain agus iad d'iniúchadh (ar chostas na cuideachtan san) ag iniúchóir lena n-aontóidh an tAire; | |
[EN] | (d) bhéarfaidh an chuideachta sin don Aire pé eolas i dtaobh a gnótha iarrfaidh an tAire ó am go ham. | |
[EN] | (6) Beidh an Bord i dteideal, chun críoch a bhfeadhmanna fán alt so, paitinní agus marcanna trádála d'fháil agus do shealbhú agus airgead do chaitheamh ar réamhthaighdeadh. | |
[EN] | (7) Má dhéanann agus má dhíolann an Bord féin fearas, inneallra, nó gléasra fán alt so, coimeádfaidh an Bhord cuntais ar leith i dtaobh na déantóireachta agus an díola san agus cuirfidh na cuntais sin (arna n-iniúchadh) fá bhráid an Aire maraon le pé eolas eile i dtaobh na déantóireachta agus an díola san iarrfaidh an tAire. | |
[EN] |
Leictreachas do cheannach agus do dhíol lasmuigh den Stát. |
32. —(1) Na cumhachta reachtúla atá ag an mBord chun leictreachas do cheannach ina uirmhéid agus é d'athdhíol le húsáidirí aonair bainfid leis an mBord do cheannach leictreachais ina uirmhéid ó dhaoine lasmuigh den Stát agus le hathdhíol an leictreachais sin le húsáidirí sa Stát, agus údaróid an céanna. |
[EN] | (2) Na cumhachta reachtúla atá ag an mBord chun leictreachas do dhíol ina uirmhéid bainfid le leictreachas do dhíol ina uirmhéid le príomh-údaráis nó le húdaráis áitiúla nó le daoine eile lasmuigh den Stát, agus údaróid an céanna, agus na cumhachta reachtúla atá ag an mBord chun leictreachas do dhíol le húsáidirí aonair bainfid le leictreachas do dhíol trína iomdháil ar úsáidirí aonair lasmuigh den Stát, agus údaróid an céanna. | |
[EN] | (3) Chun gach cumhacht nó aon chumhacht d'fheidhmiú de na cumhachta leathnaithe dílsítear sa Bhord de bhuaidh na bhforál san roimhe seo den alt so, is dleathach don Bhord gach ní nó éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) socruithe do dhéanamh le príomh-údaráis nó le húdaráis áitiúla agus le daoine eile lasmuigh den Stát; | |
[EN] | (b) córais tiomarnaíochta agus oibreacha eile do dhéanamh, nó socrú do cheapadh chun a ndéanta, i bpáirt nó go hiomlán lasmuigh den Stát; | |
[EN] | (c) gach ní do dhéanamh a bhainfeas nó gheobhas le feidhmiú na gcumhacht leathnaithe sin; | |
[EN] | (d) na costais agus an caiteachas, fána raghfar ag feidhmiú na gcumhacht leathnaithe sin nó ag déanamh éinní dá n-údaraítear leis an bhfó-alt so, d'íoc i bpáirt nó go hiomlán. | |
[EN] |
Dualgais an Bhuird maidir le bóithre agus droichid phoiblí. |
33. —(1) I gcás ina gcumhachtaítear don Bhord leis an Acht so dúnadh, claonadh, báthadh, díochur, nó cur isteach eile do dhéanamh ar bhóthar nó droichead poiblí chun aon oibreacha do dhéanamh (pé acu de bhun scéime ceadaithe nó ar shlí eile fán Acht so é), beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) más gá, chun na hoibreacha san do dhéanamh, an bóthar nó an droichead san do dhúnadh i gcoinne tráchta, ansan, do réir mar a mheasfaid is ceart, déanfaidh an Bord (mura saortar iad uaidh sin fán gcéad fhó-alt ina dhiaidh seo den alt so) agus (faid a bheas an bóthar nó an droichead san dúnta amhlaidh i gcoinne tráchta) cothabhálfaid bóthar nó droichead sealadach is leor chun an méid agus an saghas tráchta d'iompar a bhíos ar an mbóthar nó ar an droichead dúnta san de ghnáth, nó d'eile, sonnróid, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, cúrsa eile chun a úsáite faid a bheas an bóthar nó an droichead san dúnta amhlaidh i gcoinne tráchta; | |
[EN] | (b) déanfaidh an Bord (mura saortar iad uaidh sin fán gcéad fhó-alt ina dhiaidh seo den alt so), ar dhéanamh na n-oibreacha san do chríochnú nó roimhe sin, pé ní de na nithe seo leanas a mheasfaid is ceart, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) déanfaid an bóthar nó an droichead dúnta san d'athchóiriú, nó | |
[EN] | (ii) tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, déanfaid buan-bhóthar nó buan-droichead nua is leor chun an cothrom céanna tráchta (maidir le méid agus saghas) d'iompar d'fhéad an bóthar nó an droichead dúnta san d'iompar sarar dúnadh é, agus gan é mórán níos neamh-chaothúla maidir le fána agus cuar ná an bóthar nó an droichead dúnta san, nó | |
[EN] | (iii) le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, déanfaid bóthar ionaid nó droichead ionaid láithreach d'fheabhsú (trína athdhéanamh, a neartú, a leathnú, nó eile) i slí gur leor é chun an trácht is dócha bheas air d'iompar agus ná beidh sé morán níos neamh-chaothúla ná an bóthar nó an droichead dúnta san; | |
[EN] | (c) má dhéanann an Bord buan-bhóthar agus gur dóigh leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí gur feabhas mór ar bhóthar do bhí ann cheana an bóthar san, beidh muirear pé coda de chostas déanta an bhóthair sin ordóidh an tAire sin agus a híoc leis an mBord ar pé údarás áitiúil nó údaráis áitiúla ordóidh an tAire sin agus san (i gcás dhá údarás nó níos mó den tsórt san) i pé cionúireachta ordóidh an tAire sin; | |
[EN] | (d) más gá, chun an Bord do dhéanamh bóthair nua, cladhphort nó obair dá shamhail nó droichead do dhéanamh agus gur dóigh leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí go mba cheart cuid de chostas chothabhála na hoibre nó an droichid sin (seachas foraghaidh an bhóthair) do bheith ina muirear ar an mBord, beidh muirear agus íoc pé coda den chostas chothabhála san a ordóidh an tAire sin ar an mBord; | |
[EN] | (e) má dhéanann an Bord buan-droichead nua agus gur mó de chuid mhaith na buntáistí bheireann an droichead san do phoiblíocht aon chontae nó bailecheanntair ná mar do thug an sean-droichead, pé acu trí shlí chonbharsáide níos fearr do thabhairt dóibh nó trí éinní eile é, deimhneoidh an Bord costas an droichid nua san agus deimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí cad é an chuid den chostas san is dóigh leis ba chóir do réir réasúin do bheith ina muirear ar chomhairle na contae nó an bhailecheanntair sin, agus air sin déanfaidh an chomhairle sin suim is ionann agus an chuid a bheas deimhnithe amhlaidh den chostas san do chruinniú mar chuid de na costais a bhainfeas le bóithre do chothabháil agus íocfaidh an chomhairle sin leis an mBord í; | |
[EN] | (f) má éiríonn aon amhras, díospóid, nó ceist i dtaobh cé acu chomhlíon nó nár chomhlíon an Bord na forála iomchuibhe den alt so maidir le haon bhóthar nó droichead sealadach do dhéanamh nó do chothabháil nó aon bhuan-bhóthar nó buan-droichead do dhéanamh nó bóthar nó droichead láithreach d'athchóiriú nó bóthar ionaid nó droichead ionaid láithreach d'fheabhsú (pé acu san é) de bhun an ailt so, nó i dtaobh cé acu bheireann nó ná tugann buan-droichead nua do rinne an Bord do phoiblíocht aon chontae nó bailecheanntair buntáistí is mó de chuid mhaith ná mar do thug an sean-droichead, is é an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí do bhéarfas breith ar an amhras, ar an díospóid, nó ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith sin. | |
[EN] | (2) I gcás ina gcumhachtaítear don Bhord leis an Acht so bóthar nó droichead poiblí do dhúnadh, do bháthadh, nó do dhíochur go buan chun aon oibreacha do dhéanamh (pé acu de bhun scéime ceadaithe nó ar shlí eile fán Acht so é) agus gur deimhin leis an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, ná fuil gá, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, le bóthar nó droichead nua (pé acu é) in ionad an bhóthair nó an droichid do dúnadh, do báthadh, nó do díochuireadh amhlaidh, féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú ná beidh feidhm ná éifeacht ag an bhfó-alt san roimhe seo den alt so maidir leis an mbóthar nó an droichead san (pé acu é) agus ar an ordú san do dhéanamh ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an bhfó-alt san roimhe seo maidir leis an mbóthar nó an droichead san (pé acu é) agus beidh an Bord saor ó gach oblagáid maidir leis an mbóthar nó an droichead san (pé acu é) a cuirfí orthu, mura mbeadh an t-ordú san, leis an bhfó-alt san roimhe seo. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord comhaontú leis an údarás áitiúil iomchuibhe chun an t-údarás áitiúil sin do dhéanamh éinní a ceangaltar ar an mBord nó a húdaraítear dóibh le fó-alt (1) den alt so do dhéanamh agus féadfaid freisin comhaontú chun airgead d'íoc leis an údarás áitiúil sin chun nó mar chabhair chun costais dhéanta an ní sin ag an údarás áitiúil sin. | |
[EN] | (4) Nuair a bheas athchóiriú bóthair nó droichid dhúnta nó déanamh buan-bhóthair nó buan-droichid nua nó feabhsú bóthair ionaid nó droichid ionaid láithrigh críochnaithe de bhun an ailt seo ag an mBord, bhéarfaidh an Bord i seilbh an údaráis áitiúil iomchuibhe, agus glacfaidh an t-údarás áitiúil sin, an bóthar nó an droichead do hathchóiríodh, do rinneadh, nó do feabhsaíodh amhlaidh (pé acu é), agus air sin beidh an Bord saor go buan (lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt go follas leis an alt so) ó gach dliteanas nó freagarthacht maidir leis an mbóthar nó an droichead san (pé acu é) do chothabháil. | |
[EN] |
Cumhacht an Bhuird chun leibhéil lochanna d'athrú, etc. |
34. —O dháta agus tar éis dáta na n-oibreacha dá bhforálfar le scéim cheadaithe do chríochnú, is dleathach don Bhord rialú agus, ó am go ham, athrú nó eile do dhéanamh, i pé slí mheasfaidh an Bord do bheith riachtanach chun na hoibreacha san d'oibriú nó do bheith ag gabháil lena n-oibriú, ar leibhéal aon locha, linne, nó uisce eile ar an abhainn nó i gceangal (go díreach nó go neamhdhíreach) leis an abhainn ar a mbeidh na hoibreacha san. |
[EN] |
Cumhachta agus dualgais i gcás talamh tógtha do bheith fá bhlianacht talamhcheannaigh, etc. |
35. —Aon uair a thógfas an Bord go buan fán Acht so aon talamh a bheas, as féin nó i dteannta tailimh eile, fá bhlianacht talamhcheannaigh, íocaíocht in ionad cíosa, nó suim bhliantúil eile (nach é amháin atá inti cíos fá chonnradh tionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, ansan, amhail ón dáta ar a raghaidh an Bord isteach agus a ghlacfaid seilbh ar an talamh a bheas tógtha amhlaidh— |
[EN] | (a) tiocfaidh chun bheith agus beidh de dhliteanas ar an mBord an tsuim bhliantúil sin, nó pé cuid di chionroinnfidh Coimisiún Talún na hÉireann nó na Coimisinéirí sin (pé acu é) ar an talamh san, d'íoc le Coimisiún Talún na hÉireann nó leis na Coimisinéirí sin (pé acu é) fé is dá n-aistríodh únaer an tailimh sin an talamh san chun an Bhuird ar an dáta san, agus | |
[EN] | (b) beidh an Bord i dteideal, más oiriúnach leis an mBord é, an tsuim bhliantúil sin nó an chuid di adúradh d'fhuascailt, agus | |
[EN] | (c) beidh d'oblagáid ar an mBord, má cheanglann Coimisiún Talún na hÉireann nó na Coimisinéirí sin (pé acu é) orthu é, an tsuim bhliantúil sin nó an chuid sin di adúradh d'fhuascailt. | |
[EN] |
Talamh do thógaint in ionad cúiteamh d'íoc. |
36. —Aon uair is dóigh leis an mBord go mbeadh sé neamheacnamúil nó go mbeadh sé neamh-oiriúnach ar aon chúis eile cúiteamh d'íoc as tuiliú nó cur isteach eile do dhéanamh ar aon talamh fán Acht so, féadfaidh an Bord an talamh san do thógaint go buan fán Acht so trí chomhaontú nó go héigeanta. |
[EN] |
Cumhacht an Bhuird chun connarthóirí d'fhostú. |
37. —(1) Aon uair a húdaraítear don Bhord leis an Acht so aon obair innealtóireachta nó tógála nó aon obair eile ar bith do dhéanamh, féadfaidh an Bord, in ionad an obair sin do dhéanamh iad féin trína n-oifigigh agus a seirbhísigh féin, connradh do dhéanamh le duine ar bith (dá ngairmtear connarthóir san Acht so) chun an duine sin do dhéanamh iomlán na hoibre sin nó aon chuid di agus féadfaidh chun na críche sin pé connartha agus comhaontuithe is gá do dhéanamh. |
[EN] | (2) Aon uair a dhéanfas an Bord connradh fán alt so le duine ar bith chun an duine sin do dhéanamh aon oibre, féadfaidh an Bord, trí aon chonnradh nó comhaontú leis an duine sin, an ceart chun an obair sin do dhéanamh fán Acht so do thairmligean chuige, agus air sin beidh ag an duine sin, i gcomhréim leis an mBord, an ceart chun an obair sin do dhéanamh agus chun pé cumhachta dá dtugtar don Bhord leis an Acht so d'fheidhmiú is gá chun an obair sin do dhéanamh agus a sonnrófar chuige sin sa chonnradh nó sa chomhaontú san. | |
[EN] | (3) Na tagairtí atá san Acht so don Bhord do dhéanamh aon oibre nó ruda léireofar iad agus beidh éifeacht acu mar thagairtí fholaíos an obair nó an rud sin do dhéanamh ag connarthóir bheas fostaithe agus údaraithe chuige sin ag an mBord fán alt so. |