An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Reamhiocanna don Bhord as an bPríomh-chiste.)

12 1945

AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1945

CUID VII

Ilghneitheach.

Airgead do sholáthar chun tuath-líomatáistí do leictriú.

41. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, airgead ná raghaidh a shuim thar cúig mhilleon punt do réamhíoc leis an mBord, fé mar iarrfas agus nuair iarrfas an Bord é, chun tuath-líomatáistí do leictriú.

(2) An t-airgead go léir a réamhíocfar leis an mBord fán bhfó-alt san roimhe seo den alt so is amach as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis do bhéarfar agus a híocfar é.

(3) Déanfar leath amháin de mhéid iomlán an airgid a réamhíocfaidh an tAire Airgeadais leis an mBord fán alt so d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé tráth nó trátha ordóidh an tAire Airgeadais agus aisíocfaidh an Bord leath eile den mhéid iomlán san.

(4) An t-airgead go léir a réamhíocfaidh an tAire Airgeadais leis an mBord fán alt so caithfidh an Bord é ar leathnú an tsoláthair leictreachais chun tuath-líomatáistí.

Toirmeasc ar abhar creimtheach do scaoileadh.

42. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith, ach amháin le cead i scríbhinn ón mBord agus do réir na gcoinníoll i dtaobh ama, áite, agus modha luafar sa chead san, aon tsubstaint cheimiciúil ná substaint eile (soladach nó leachtach) do chur, do scaoileadh, ná do ligean, go díreach ná go neamhdhíreach, as aon talamh nó áitreabh nó áit ná as aon árthach isteach in aon abhainn a mbeidh stáisiún giniúna á dhéanamh nó á oibriú ag an mBord uirthi nó ar a bruacha ná isteach in aon abhainn nó sruth a chothaíos an abha san ná isteach in aon loch nó linn ná aon chanáil nó uiscebhealach saordha eile ná aon uisce-chúrsa saordha bheas i gceangal leis an abhainn sin, is substaint de shaghas do chreimfeadh, d'ídeodh, do chuirfeadh in aimhréidh, do stopfadh, do bhrisfeadh, nó do dhíobhálfadh ar shlí eile an stáisiún giniúna san nó aon chuid de nó aon oibreacha ghabhas nó bhaineas leis.

(2) Gach duine chuirfeas nó scaoilfeas nó ligfeas, go díreach nó go neamhdhíreach, aon tsubstaint isteach in aon abhainn, sruth, loch, linn, canáil, uisce-bhealach saordha, nó uisce-chúrsa saordha contrártha don fhó-alt san roimhe seo den alt so, agus únaer an tailimh nó an áitribh nó na háite nó máistir agus fós únaer an árthaigh as a gcuirfear, a scaoilfear, nó ligfear an tsubstaint sin amhlaidh, beid ciontach i gcionta fán alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlifear fíneáil nach mó ná caoga punt do chur orthu agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil nach mó ná fiche punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(3) Is cosaint mhaith ar chúiseamh go ndearnadh cionta fán alt so a chruthú gur ag pointe san abhainn laistíos de stáisiún giniúna an Bhuird nó isteach in uisce ná fuil i gceangal leis an abhainn sin ach ag pointe laistíos den stáisiún san do tharla an cur nó an scaoileadh nó an ligean a ndeirtear gurb é an cionta é agus nár bhféidir, mar gheall ar threo gabhála an uisce agus ar na cúrsaí eile, an tsubstaint adeirtear a cuireadh nó scaoileadh nó ligeadh do dhul isteach ná do thabhairt isteach sa stáisiún san ná in aon chuid de.

(4) Is gan dochar d'fhorála na nAcht Iascaigh, 1842 go 1944, agus forála an Achta um Ile in Uiscí Intseolta, 1926 (Uimh. 5 de 1926) , agus ina dteannta, agus ní in ionad na bhforál san, a bheas éifeacht ag na forála san roimhe seo den alt so.

Cumhacht ghenerálta chun an Bord do dhul isteach ar thalamh.

43. —(1) Beidh an Bord agus a n-oifigigh agus a seirbhísigh agus daoine eile bheas údaraithe ag an mBord chuige sin i dteideal dul isteach ar aon talamh chun gach ní nó éinní do dhéanamh air nó ar aon talamh eile a húdaraítear don Bhord a dhéanamh leis an Acht so nó chun aon fhiosrú, iniúchadh, nó scrúdú do dhéanamh roimh éinní den tsórt san do dhéanamh.

(2) Duine ar bith a dhéanfas cosc nó toirmeasc nó cur isteach ar fheidhmiú aon chumhachta ag an mBord nó ag aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord nó ag duine ar bith bheas údaraithe ag an mBord is cumhacht do bheirtear dóibh nó dhó leis an bhfó-alt san roimhe seo den alt so, beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint do chur air.

Seirbhísí poist agus telegrafa do chaomhaint.

44. —Ní dhéanfaidh an Bord ná aon chonnarthóir a bheas ag déanamh aon oibreacha fán Acht so aon tailte, áitreabhacha, foirgintí, oibreacha, gléasra, abhair ná maoin eile leis an Aire Poist agus Telegrafa do thógaint chucu ná dul isteach orthu ná d'aistriú ná cur isteach orthu ar shlí eile de bhuaidh an Achta so ná ní thógfaidh aon oibreacha ná ní dhéanfaidh aon ní ná rud eile, de bhuaidh an Achta so, is dóigh leis an Aire Poist agus Telegrafa do choiscfeadh, do mhoilleodh, do bhacfadh, nó do dhocharódh ar shlí eile feidhmiú cuibhe seirbhísí poiblí na Roinne Poist agus Telegrafa.

E bheith d'oblagáid ar an mBord tuarascála agus staidreamh do thabhairt.

45. —An tuarascáil a ceangaltar le halt 32 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 ( Uimh. 27 de 1927 ), ar an mBord do dhéanamh gach bliain sroichfidh agus folóidh imeachta an Bhuird fán Acht so ar feadh na bliana lena mbainfidh an tuarascáil sin, agus an oblagáid a forchuirtear ar an mBord leis an alt san 32 chun staidreamh agus tuairisceáin do thabhairt sroichfidh agus folóidh staidreamh agus tuairisceáin maidir le himeachta an Bhuird fán Acht so.

Línte leictreachais agus a gcur.

46. —(1) San alt so ciallaíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) .

(2) Léireofar an abairt “líne leictreachais” i ngach áit ina bhfuil sí in Acht 1927 agus beidh éifeacht aici agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aici mar abairt a chiallaíos sreang nó sreanga, seolaí, nó meán eile a húsáitear chun leictreachas d'iompar, do thiomarnú, nó d'iomdháil, agus a fholaíos aon fhearas athracháin nó fearas eile bheas i gceangal le haon tsreang nó sreanga, seolaí, nó meán eile den tsórt san, agus a fholaíos freisin aon chásáil, cótáil, clúdach, feadán, píopa, nó díonachán a bheas timpeall aon tsreinge nó sreanganna, seolaí, nó meáin eile den tsórt san nó aon fhearais den tsórt san agus a fholaíos fós aon phosta, cuaille, taca, tógáil, nó déanmhas a bheas ag fulang aon cheann nó cinn de na nithe a luaitear anso roimhe seo.

(3) Léireofar an focal “línte” i ngach áit ina bhfuil sé i bhfó-alt (1) d'alt 51 d'Acht 1927 agus beidh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige mar fhocal a chiallaíos línte leictreachais mar a mínítear san sa bhfó-alt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir leis an bhfógra ceangaltar le fó-alt (3) d'alt 53 d'Acht 1927 do sheirbheáil ar únaer agus ar shealbhaire tailimh nó foirginte, sé sin le rá:—

(a) in ionad aon fhógra den tsórt san do sheirbheáil go pearsanta ar an únaer nó ar an sealbhaire sin (pé acu é), féadfar é do sheirbheáil air tríd an fógra san do chur leis an bpost réamhíoctha i gclúdach arna dhíriú chun an únaera nó an tsealbhaire sin (pé acu é) ag á ghnáth-sheoladh nó ag an seoladh is déanaí is eol do bheith aige, agus nuair a cuirfear an fógra san amhlaidh is tuigthe gur seirbheáladh é an uair a déanfaí an clúdach san do sheachadadh i ngnáthchúrsa an phoist;

(b) muran féidir, ar aon chúis áirithe, an clúdach a luaitear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fhó-alt so do dhíriú mar a foráltar leis an mír sin, féadfar an clúdach san do dhíriú chun an duine dá mbeidh sé beartaithe i gceachtar slí nó sa dá shlí acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) fán tuairisc “an t-únaer” nó “an sealbhaire” (pé acu é) gan a ainm do luadh,

(ii) ag an talamh nó ag an bhfoirgint lena mbainfidh an fógra bheas sa chlúdach san.

(5) Déantar leis seo an tréimhse de cheithre lá déag a luaitear i bhfó-ailt (4) agus (5) d'alt 53 d'Acht 1927 do ghiorrú go dtí seacht lá agus chun na críche sin déantar leis seo na focail “seacht lá” do chur in ionad na bhfocal “ceithre lá déag” i ngach áit a bhfuil na focail deiridh sin i gceachtar de na fó-ailt sin.

Alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931 , do leasú.

47. —Athghairmtear leis seo an méid d'fhó-alt (1) d'alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931 ( Uimh. 32 de 1931 ), a cheanglas gur ar dheimhniú an Aire Thionnscail agus Tráchtála amháin a déanfar suimeanna a réamhíocfar fán alt san do réamhíoc agus ina ionad san achtaítear leis seo gur ar mholadh an Aire Thionnscail agus Tráchtála a déanfar suimeanna a réamhíocfar fán alt sin do réamhíoc.

Srian le talamh i seilbh an Bhuird do thógaint go héigeanta.

48. —D'ainneoin éinní dá bhfuil in aon achtachán, ní dhéanfaidh duine ar bith, gan an tAire do thoiliú roimh ré chuige, aon talamh nó áitreabh i seilbh an Bhuird do thógaint go héigeanta ná aon éasáid, cead slí, nó ceart eile ar bith, ar aon talamh den tsórt san nó maidir leis, do thógaint, d'fhoirceannadh, do shrianadh ná cur isteach air ar shlí eile go héigeanta.