17 1945


Uimhir 17 de 1945.


AN tACHT GÁRDA SÍOCHÁNA, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHTA CHOMHNASCTHA NA bhFÓRSAÍ PÓILÍNEACHTA, 1925. [15ú Bealtaine, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht 1925.

1. —San Acht so—

ciallaíonn an abairt “Acht 1925” Acht Comhnasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925) .

An Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1925 do leasú.

2. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1925—

(a) tríd an tagairt do Chigirí do scrios agus an méid seo leanas do chur ina hionad—“Cigirí, ná beidh thar nócha acu ann”,

(b) tríd an tagairt do Sháirsintí Stáisiúin do scrios agus an méid seo leanas do chur ina hionad—“Sáirsintí Stáisiúin, ná beidh thar seachtó acu ann”.

Gearr-theideal agus comhluadh.

3. —(1) Féadfar an tAcht Gárda Síochána, 1945 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchta Gárda Síochána, 1923 go 1945, do ghairm de na hAchta Gárda Síochána, 1923 go 1937, agus den Acht so le chéile.