An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. An Cigire Ospideal Meabhair-Ghalar agus Cigiri Cunta Ospideal Meabhair-Ghalar.) Ar Aghaidh (CUID IV. Dualgas Generalta Udarais Ospideil Mheabhair-Ghalar chun Coireail, Cothabhail, Comhairle agus Seirbhisi a Sholathar.)

19 1945

AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945

CUID III.

Ceantair Ospideil Mheabhair-Ghalar agus Udarais Ospideil Mheabhair-Ghalar.

Ceantair óspidéil mheabhairghalar.

14. —(1) Chun críocha an Achta so roinnfear an Stát sna ceantair a sonnraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht so, agus bhéarfar mar ainm ar na ceantair sin agus gairmtear díobh san Acht so ceantair óspidéil mheabhair-ghalar.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, líomatáiste aon cheantar óspidéil mheabhair-ghalar d'athrú, faoi réir na teorann go mbeidh in aon líomatáiste arna athrú amhlaidh contae riaracháin, dhá chontae riaracháin nó níos mó, contae-bhuirg, contae-bhuirg agus contae riaracháin, nó contae-bhuirg agus dhá chontae riaracháin nó níos mó.

(3) Féadfaidh an tAire pé forála iarmartacha agus comhghabhálacha a mheasfaidh is ceart a chur in ordú faoi fho-alt (2) den alt so, lena n-áirítear, go sonnrach, forála maidir leis na nithe seo leanas:—

(a) maoin nó fiachais d'aistriú nó do chomhad,

(b) airgead d'íoc, mar gheall ar aon aistriú nó comhad den tsórt san, d'aon-tsuim nó ina thráthchoda,

(c) oifigigh nó seirbhísigh d'aistriú,

(d) othair d'aistriú.

Údaráis óspidéil mheabhairghalar.

15. —Beidh údarás riaracháin áitiúil ann do gach ceantar óspidéil mheabhair-ghalar agus is é údarás é sin ná—

(a) i gcás inar contae. riaracháin an ceantar óspidéil mheabhair-ghalar—comhairle na contae, agus

(b) i gcás inar contae-bhuirg an ceantar óspidéil mheabhairghalar—bárdas na contae-bhuirge, agus

(c) in aon chás eile—bord arna gceapadh i gcomhar do réir ailt 16 den Acht so.

Comhbhord a cheapadh, etc.

16. —Déanfar comhbhord a cheapadh do réir na bhforál chuige sin atá sna Rialacha sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht so agus beidh éifeacht freisin maidir le comhbhord ag forála eile na Rialacha san.

Forála generálta maidir le comhbhord.

17. —Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le comhbhord—

(a) beidh an bord ina gcomhlucht corpraithe go síor-chomharbas faoin ainm a bhéarfar dóibh le hordú ón Aire,

(b) beidh an dlí iontsaothraithe ag an mbord agus orthu faoina n-ainm corpraithe,

(c) féadfaidh an bord talamh a shealbhú agus a chur de láimh,

(d) soláthróidh agus sealbhóidh an bord comhshéala agus déanfar an séala san a dhílse-dheimhniú le síniú an chathaoirligh nó chomhalta éigin eile ag á mbeidh údarás gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigigh don Bhord ag á mbeidh údarás gníomhú chuige sin,

(e) bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais áird i gcúrsaí breithiúnais ar shéala an bhuird agus déanfar gach doiciméid a airbheartós gur ordú nó ionstraim eile í do rinne an bord agus gur séalaíodh í lena séala (agus an séala san dá airbheartú é bheith dílse-dheimhnithe do réir na míre sin roimhe seo) a ghlacadh i bhfianaise agus, mura gcruthaítear a mhalairt, is tuigthe, gan a thuilleadh cruthúnais, gurb í an t-ordú nó an ionstraim sin í,

(f) beidh an bord ina gcomhlucht toghaí do réir bhrí agus chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942,

(g) beidh an bord ina gcomharbaí chun gach críche don chomhchoiste bhainistí a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ag oibriú faoi alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir leis an gceantar iomchuibhe agus, dá réir sin, is tuigthe, nuair a oireas san, gach tagairt atá in aon reacht nó achtachán eile a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so do chomhchoiste bhainistí óspidéil mheabhair-ghalar cheantair d'folú tagairte don bhord agus is tuigthe, nuair a oireas san, gach tagairt atá san Acht so do chomhbhord d'fholú tagairte don chomhchoiste dar chomharbaí an bord,

(h) féadfaidh an tAire, le hordú, pé socrú a dhéanamh a mheasfaidh is ceart maidir le haon nithe a éireos de dhruim céad-bhunaithe an bhuird agus ná déantar socrú ina gcóir leis an Acht so.

etc.

18. —Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le comhbhord agus leis na húdaráis áitiúla a cheapfas comhaltaí an chomhbhuird:—

(a) an mhaoin agus na sócmhainní uile (lena n-áirítear rudaí-ar-fionnraí) a bheas dílsithe sna húdaráis nó dá gcuid féin acu díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so chun críocha óspidéil nó forais eile is ionchothabhálta ag an mbord, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an tosach feidhme sin, ina maoin agus ina sócmhainní ag an mbord de bhuaidh an ailt seo gan aon leithliú, sannadh, ná gníomh seachas iad d'aistriú (más cuibhe) i leabhair bhainc, chuideachtan, nó chomhluchta eile;

(b) na fiacha agus na fiachais uile (láithreach nó todhchaí) faoina raghaidh na húdaráis maidir leis an óspidéal nó an foras eile sin agus a bheas orthu díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so (pé acu i láthar na huaire sin a bheid dlite nó ina dhiaidh sin a thiocfaid, go cinnte nó go teagmhasach, chun bheith dlite), tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an tosach feidhme sin, ina bhfiacha agus ina bhfiachais ar an mbord agus glanfaidh an bord iad i dtráth cuibhe;

(c) banna, ráthaíocht, nó urrús eile de shaghas leanúnach a bheas déanta nó tugtha maidir leis an óspidéal nó an foras eile sin ag na húdaráis do dhuine eile nó ag duine ar bith do na húdaráis agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, agus gach connradh nó comhaontú i scríbhinn a bheas déanta maidir leis an óspidéal nó an foras eile sin idir na húdaráis agus duine eile agus ná beidh feidhmithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh thosach feidhme an Achta so, leanfaid i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin ach léireofar iad agus beidh éifeacht acu fé is dá gcuirtí an bord iontu in ionad na n-údarás, agus beidh an t-urrús, an connradh nó an comhaontú san ionfhorfheidhmithe ag an mbord nó ina gcoinne dá réir sin;

(d) gach aicsean, agra, cúiseamh nó imeacht eile maidir leis an óspidéal nó an foras eile sin a bheas ar feitheamh i dtosach feidhme na Coda so den Acht so agus a mbeidh na húdaráis ina bpáirtithe ann, tiocfaidh an bord chun bheith agus beid, ar thosach feidhme na Coda so den Acht so, ina bpáirtí ann in ionad na n-údarás agus leanfar den aicsean, den agra, den chúiseamh nó den imeacht eile sin idir an bord agus na páirtithe eile ann dá réir sin

(e) gach duine a bheas, díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach san óspidéal nó sa bhforas eile sin, tiocfaidh chun bheith agus beidh, ar an tosach feidhme sin, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach (do réir mar is gá sa chás) don bhord, faoi réir forál an Achta so, ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar a raibh sé i seilbh oifige nó fostaíochta díreach roimh an tosach feidhme sin;

(f) an t-airgead uile a dhéanfaidh aon cheann de na húdaráis a chruinniú maidir leis an óspidéal nó an foras eile sin roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, féadfar é a thobhach tar éis an tosach feidhme sin fé is ná beadh an tAcht so arna rith agus íocfar leis an mbord é chun críocha a bhfeadhm faoin Acht so.