21 1945


Uimhir 21 de 1945.


ACHT AN AIRE SHOLÁTHAIRTÍ (FEADHMA D'AISTRIÚ), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT D'AISTRIÚ FEADHM AN AIRE SHOLÁTHAIRTÍ CHUN AN AIRE THIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA, DO DHÍCHUR OIFIG AN AIRE SHOLÁTHAIRTÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE LE hAGHAIDH NITHE ÁIRITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [11ú Iúl, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

ciallaíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar faoi alt 2 den Acht so chun bheith ina lá cheaptha chun críocha an Achta so;

ciallaíonn an abairt “ionstraim reachtúil” aon ionstraim is—

(a) ordú nó rialachán arna dhéanamh i bhfeidhmiú cumhacht do bheirtear le haon reacht, nó

(b) ordú, rialachán, riail, nó ordachán i scríbhinn arna dhéanamh nó arna thabhairt i bhfeidhmiú cumhacht do bheirtear le haon ordú nó rialachán arna dhéanamh i bhfeidhmiú cumhacht do bheirtear le haon reacht.

An lá ceaptha.

2. —Féadfaidh an Rialtas lá do cheapadh le hordú chun bheith ina lá cheaptha chun críocha an Achta so.

Feadhma an Aire Sholáthairtí d'aistriú agus a oifig a dhíchur.

3. —Ar an lá ceaptha—

(a) na cumhachta, na dualgais agus na feadhma a bheas, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe, faoi aon reacht nó ionstraim reachtúil, san Aire Soláthairtí beid, de bhuaidh an ailt seo, arna n-aistriú chun an Aire Thionnscail agus Tráchtála agus arna ndílsiú ann, agus

(b) beidh oifig an Aire Sholáthairtí, de bhuaidh an ailt seo, arna díchur.

Riaradh agus gnó na Roinne Soláthairtí d'aistriú chun na Roinne Tionnscail agus Tráchtála.

4. —Ar an lá ceaptha beidh riaradh agus gnó na seirbhísí poiblí a bheas, díreach roimh an lá ceaptha, dáilithe don Roinn Soláthairtí, arna n-aistriú chun na Roinne Tionnscail agus Tráchtála agus arna ndáiliú dhi de bhuaidh an ailt seo.

Airgead poiblí arna dheonadh chun seirbhíse na bliana airgeadais 1945-46 chun tuarastal agus costas Oifig an Aire Sholáthairtí d'úsáid.

5. —D'ainneoin forál aon Achta den Oireachtas do leithreasú suimeanna arna ndeonadh chun seirbhíse na bliana airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1946, féadfar, an lá ceaptha agus dá éis, aon airgead arna dheonadh chun seirbhíse na bliana airgeadais sin chun tuarastal agus costas (ar a n-áirítear cúnta airgid agus deontais-i-gcabhair) oifig an Aire Sholáthairtí a chaitheamh go dleathach agus cuntas a thabhairt ann, ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála nó faoina ordachán, chun na gcríoch chun a bhféadfaí an t-airgead san a chaitheamh go dleathach an lá ceaptha nó dá éis, dá mba ná hachtófaí an tAcht so.

Tagairtí atá i reachta agus in ionstraimí reachtúla don Aire Soláthairtí agus don Roinn Soláthairtí d'oiriúnú.

6. —Chun aon reacht nó ionstraim reachtúil a bheas i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha do léiriú déanfar, an lá ceaptha agus dá éis, tagairtí atá sa chéanna don Aire Soláthairtí agus don Roinn Soláthairtí do léiriú fé is dá mba thagairtí don Aire Tionnscail agus Tráchtála agus don Roinn Tionnscail agus Tráchtála fá seach iad.

Achtacháin áirithe do léiriú.

7. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis beidh éifeacht ag mír (vii) d'alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 ( Uimh. 16 de 1924 ), agus ag an Acht Móna (Usáid agus Forbairt), 1936 (Uimh. 23 de 1936) , fé is ná déanfaí an tOrdú um Riaradh agus Feadhma d'Aistriú (Móin), 1941 (R. & O. R., Uimh. 285 de 1941), agus an tOrdú um Riaradh agus Feadhma d'Aistriú (Móin), 1943 (R. & O. R., Uimh. 54 de 1943).

(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis beidh éifeacht ag an Acht chun Praghsanna do Rialú, 1937 (Uimh. 26 de 1937) , fé is ná déanfaí an tOrdú um an Aire Soláthairtí (Feadhma faoin Acht um Praghsanna do Rialú, 1937, d'Aistriú), 1940 (R. & O. R., Uimh. 142 de 1940).

(3) Ar an lá ceaptha agus dá éis beidh éifeacht ag an Acht um Shean-Iarann (Easportáil do Stiúradh), 1938 (Uimh. 6 de 1938) , fé is ná déanfaí an tOrdú um an Aire Soláthairtí (Feadhma faoin Acht um Shean-Iarann (Easportáil do Stiúradh), 1938 , d'Aistriú), 1941 (R. & O. R., Uimh. 369 de 1941).

Tagairtí atá i Meamraim agus Airteagail Chomhlachais Cuideachtana áirithe don Aire Soláthairtí d'oiriúnú.

8. —(1) Chun Meamran agus Airteagail Chomhlachais aon chuideachtan lena mbaineann an t-alt so do léiriú déanfar, an lá ceaptha agus dá éis, na tagairtí atá ann don Aire Soláthairtí do léiriú fé is dá mba thagairtí don Aire Tionnscail agus Tráchtála iad.

(2) Ar an lá ceaptha nó aon tráth dá éis, féadfaidh aon chuideachta lena mbainfidh an t-alt so, trí rún neamhghnáthach do réir bhrí ailt 69 den Companies (Consolidation) Act, 1908, pé athruithe do dhéanamh ina Meamram agus Airteagail Chomhlachais is iomchuibhe ag féachaint d'fho-alt (1) den alt so.

(3) Baineann an t-alt so le haon chuideachtain a bhfuil tagairtí don Aire Soláthairtí ina Meamram agus Airteagail Chomhlachais.

Cosaint d'ionstraimí reachtúla arna ndéanamh nó arna dtabhairt, agus do ghníomha arna ndéanamh, ag an Aire Soláthairtí.

9. —(1) Ní dhéanfaidh éinní san Acht so difir do bhailíocht aon ionstraime reachtúla a bheas déanta nó tugtha go cuibhe roimh an lá ceaptha ag an Aire Soláthairtí nó thar a cheann, agus beidh ag gach ionstraim reachtúil den tsórt san, má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, éifeacht, an lá ceaptha agus dá éis, fé is dá mbeadh sé déanta nó tugtha go cuibhe ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála nó thar a cheann.

(2) Ní dhéanfaidh éinní san Acht so difir do bhailíocht aon ghníomha a bheas, díreach roimh an lá ceaptha, déanta go cuibhe ag an Aire Soláthairtí nó thar a cheann, ach beidh ag gach gníomh den tsórt san, má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, éifeacht, an lá ceaptha agus dá éis, fé is dá mbeadh sé déanta nó tugtha go cuibhe ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála nó thar a cheann.

Ceadúnais, etc., arna ndeonadh ag an Aire Soláthairtí do bhuanú.

10. —Gach ceadúnas, deimhniú nó scríbhinn eile dá shamhail arna dheonadh nó arna dhéanamh ag an Aire Soláthairtí nó thar a cheann faoi aon reacht nó ionstruim reachtúil, beidh aige, má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, éifeacht, an lá ceaptha agus dá éis, fé is dá mbeadh sé deonta nó tugtha ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

Maoin an Aire Sholáthairtí d'aistriú.

11. —(1) Ar an lá ceaptha tiocfaidh an talamh uile a bheas, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe san Aire Soláthairtí chun bheith agus beidh, gan aon leithliú do dhéanamh air, dílsithe, de bhuaidh an ailt seo, san Aire Tionnscail agus Tráchtála chun an eastáit, an téarma agus an leasa uile chun a mbeidh an talamh san dílsithe san Aire Soláthairtí díreach roimh an lá ceaptha.

(2) An mhaoin agus na sócmhainní uile (agus rudaí-ar-fionnraí d'áireamh ach gan talamh d'áireamh) a bheas, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe san Aire Soláthairtí beid, an lá ceaptha, arna ndílsiú san Aire Tionnscail agus Tráchtála chun an leasa uile chun a mbeidh an mhaoin agus na sócmhainní sin dílsithe san Aire Soláthairtí díreach roimh an lá ceaptha.

(3) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis uile a haistrítear leis an alt so chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus a bheas, an lá ceaptha, ar seasamh i leabhar aon chorparáide nó cuideachtan in ainm an Aire Sholáthairtí, déanfar, ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála dá iarraidh, iad d'aistriú chun a ainme sin.

(4) Gach banna, oblagáid, urrús, nó rud-ar-fionnraí eile arna dhéanamh leis an Aire Soláthairtí agus a n-aistrítear a shochar leis an alt so, féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, an lá ceaptha agus dá éis, dul chun dlí mar gheall air ina ainm féin, agus ní gá don Aire Tionnscail agus Tráchtála fógra i dtaobh an aistrithe déantar leis an alt so do thabhairt don té a mbeidh an banna, an oblagáid, an t-urrús, nó an rud-ar-fionnraí sin ina cheangal air.

Talamh arna shealbhú thar ceann an Aire Sholáthairtí faoi Airteagal 38 den Ordú Cumhachta Práinne, 1939.

12. —Aon talamh ar ar tógadh seilbh faoi Airteagal 38 den Ordú Cumhachta Práinne, 1939 (R. & O. R., Uimh. 224 de 1939), agus a bheas, díreach roimh an lá ceaptha, ar seilbh ag duine ar bith thar ceann an Aire Sholáthairtí is tuigthe, an lá ceaptha agus dá éis, é do bheith ar seilbh ag an duine sin thar ceann an Aire Thionnscail agus Tráchtála.

Dliteanais an Aire Sholáthairtí d'aistriú.

13. —Na fiacha agus na dliteanais eile go léir a bheas, díreach roimh an lá ceaptha, dlite ar an Aire Soláthairtí agus gan íoc aige nó curtha suas agus gan glanadh aige, tiocfaid chun bheith agus beid, an lá ceaptha, ina ndliteanas ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála, agus íocfaidh nó glanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála iad agus féadfar iad a bhaint de nó d'fhorfheidhmiú ina choinne dá réir sin.

Connartha leanúnacha de chuid an Aire Sholáthairtí do bhuan-choimeád.

14. —Gach banna, ráthaíocht, nó urrús eile de shaghas leanúnach a bheas déanta nó tugtha ag an Aire Soláthairtí do dhuine ar bith, nó ag duine ar bith don Aire Soláthairtí, agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, agus gach connradh nó comhaontú i scríbhinn a bheas déanta idir an tAire Soláthairtí agus duine eile agus ná beidh feidhmithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh an lá ceaptha leanfaidh de bheith i bhfeidhm an lá ceaptha agus dá éis agus léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí ainm an Aire Thionnscail agus Tráchtála ann in ionad ainm an Aire Sholáthairtí, agus beidh an t-urrús, an connradh, nó an comhaontú san infhorfheidhmithe ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála nó ina choinne.

Leanúint d'imeachta dlí bheas ar feitheamh.

15. —Tiocfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála chun bheith agus beidh, an lá ceaptha, ina pháirtí in ionad an Aire Sholáthairtí i ngach aicsean, agra, cúiseamh nó imeacht eile a bheas ar feitheamh an lá ceaptha in aon chúirt nó binse agus ina mbeidh an tAire Soláthairtí ina pháirtí, agus leanfar den imeacht san dá réir sin agus ní thuitfidh aon imeacht den tsórt san ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leis ná ní déanfar dochar dó de dhruim Oifig an Aire Sholáthairtí do dhíchur.

Ailt 2 agus 3 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939 , d'athghairm.

16. —Beidh ailt 2 agus 3 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939 (Uimh. 36 de 1939) , arna n-athghairm an lá ceaptha.

Gearr-theideal.

17. —Féadfar Acht an Aire Sholáthairtí (Feadhma d'Aistriú), 1945 , do ghairm den Acht so.