35 1945


Uimhir 35 de 1945.


AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1945.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEATHNÚ RÉIME SUNCÁLANNA AIRGID DE CHUID BHANC TAISCE AN PHOIST AGUS DÁ ÚDARÚ IASACHTA DO THABHAIRT AS CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA CHUN CRÍOCHA ÁIRITHE. [20ú Nollaig, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Údarás áitiúil.

1. —San Acht so, ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” aon chomhlucht is—

(a) comhairle chontae, nó

(b) bárdas contae-bhuirge nó buirge eile, nó

(c) comhairle bhailecheantair.

Airgead de chuid Bhanc Taisce an Phoist a shuncáil.

2. —(1) I dteannta aon chumhacht reachtúla eile chun airgead de chuid an Bhainc a shuncáil, féadfar an t-airgead san a shuncáil in aon cheann nó cinn de na stoic lena mbaineann an t-alt so.

(2) San alt so—

ciallaíonn an abairt “an Banc” Banc Taisce an Phoist:

ciallaíonn an abairt “stoic lena mbaineann an t-alt so” stoic nó urrúis (is stoic nó urrúis a n-údaraítear d'iontaobhaí leis an dlí a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire cistí iontaobhais a shuncáil iontu) de chuid údaráis áitiúil.

Cumhachta chun iasachtaí do thabhairt d'údaráis áitiúla as ciste na n-iasacht áitiúla chun iasachtaí d'aisíoc a fuarthas trí stoc d'eisiúin.

3. —(1) Má thoilíonn an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí le húdarás áitiúil d'fháil airgid ar iasacht chun aon stoic de chuid an údaráis áitiúil sin d'fhuascailt ar an gcéad dáta fuascailte nó dá éis, féadfar, mar is rogha leis an Aire Airgeadais, iasacht a thabhairt as ciste na n-iasacht áitiúla chun an fhuascailt sin a dhéanamh.

(2) Féadfar Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1945, do ghairm d'Achta Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1940, agus den alt so le cheíle.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1945 , do ghairm den Acht so.